This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2052
Council Decision (CFSP) 2022/2052 of 24 October 2022 amending Decision 2010/638/CFSP concerning restrictive measures against the Republic of Guinea
Cinneadh (CBES) 2022/2052 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
Cinneadh (CBES) 2022/2052 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
ST/13167/2022/INIT
IO L 275, 25.10.2022, p. 74–74
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
25.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 275/74 |
CINNEADH (CBES) 2022/2052 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(3) |
Measann an Chomhairle gur cheart teideal Chinneadh 2010/638/CBES a leasú. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine”; |
|
(2) |
cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(2): “2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2023. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HUBÁČKOVÁ
(1) Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).