This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0151
Council Decision (CFSP) 2022/151 of 3 February 2022 on a European Union action to support the evacuation of certain particularly vulnerable persons from Afghanistan
Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin
Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin
ST/5134/2022/INIT
IO L 25, 4.2.2022, p. 11–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 11/12/2023
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 25/11 |
CINNEADH (CBES) 2022/151 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Feabhra 2022
maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 10 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/875/CBES (1) lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (ISAE). Cuireadh síneadh le sainordú ISAE roinnt uaireanta, den uair is déanaí le Cinneadh (CBES) 2017/289 ón gComhairle (2), go dtí an 31 Lúnasa 2017. |
(2) |
An 30 Bealtaine 2007, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/369/CBES (3) lena mbunaítear Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL Afganastáin). Cuireadh síneadh le EUPOL Afganastáin roinnt uaireanta, den uair is déanaí le Cinneadh (CBES) 2016/2040 ón gComhairle (4), go dtí an 15 Meán Fómhair 2017. |
(3) |
An 1 Bealtaine 2021, chuir an Taliban tús le hionsaí agus thosaigh sí ag gabháil smacht ar líon mór dúichí san Afganastáin, líon a chuaigh i méid de réir a chéile. An 15 Lúnasa 2021, ghabh fórsaí Taliban ceannas ar Chabúl agus chuir siad an rialtas bunaithe ar an mbunreacht as cumhacht. |
(4) |
I ráiteas an 31 Lúnasa 2021 maidir leis an staid san Afganastáin, thug an Chomhairle dá haire an méid seo a leanas: “tugadh tús áite agus leanfar de thús áite a thabhairt d’aslonnú ár saoránach agus, a mhéid ab fhéidir, d’aslonnú náisiúnach Afganastánach agus a dteaghlaigh a chomhoibrigh leis an Aontas agus lena Bhallstáit”. |
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 15 Meán Fómhair 2021 maidir leis an Afganastáin, thug an Chomhairle dá haire an méid seo a leanas: “[…] ó mhí Lúnasa 2021 i leith, rinne an comhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas agus a Bhallstáit, comhiarracht, faoi chúinsí fíordheacra, na mílte saoránach de chuid an Aontais agus náisiúnach tríú tír a aslonnú, lena n-áirítear Afganastánaigh a bhí ag obair do mhisin taidhleoireachta agus Afganastánaigh eile a bhí i mbaol, siocair baint a bheith acu, ar bhonn prionsabail, lenár gcomhluachanna. Ba léiriú ceart é sin ar dhlúthpháirtíocht an Aontais.” |
(6) |
Sna cúinsí eisceachtúla sin, ón 1 Meitheamh 2021 ar aghaidh, tá an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tar éis aslonnú Afganastánach a eagrú agus a bhainistiú, go háirithe iad siúd a d’oibrigh do ISAE nó do EUPOL Afganastáin, chomh maith le haslonnú Afganastánach fíorleochaileach eile a chomhoibrigh leis an Aontas, agus a ngarghaolta cleithiúnacha. Ba cheart leanúint den aslonnú sin i rith na bliana 2022. Tá liosta daoine atá incháilithe don aslonnú curtha ar bun ag SEGS amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2021. Féadfaidh SEGS é a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá. |
(7) |
Leis an ngníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, ba cheart tacú leis na haslonnú sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuspóirí agus raon feidhme
1. Tacóidh an tAontas leis an aslonnú ón Afganastáin, idir an 1 Meitheamh 2021 agus an 31 Nollaig 2022, i gcás:
(a) |
iar-bhaill fhoireann Ionadaí Speisialta an Aontaigh Eorpaigh san Afganastáin (ISAE); |
(b) |
iar-bhaill fhoireann EUPOL Afganastáin; |
(c) |
na daoine fíorleochaileacha eile seo a leanas:
|
(d) |
céilí cleithiúnacha, leanaí, tuismitheoirí agus deirfiúracha neamhphósta na ndaoine a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c). |
2. Déanfaidh SEGS, faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí), an t-aslonnú dá dtagraítear i mír 1 a eagrú agus a bhainistiú.
3. Beidh an tArdionadaí freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 1 990 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht reatha a chur chun feidhme.
2. Bainisteofar an caiteachas go léir i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le SEGS.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus ré
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/875/CBES ón gComhairle an 10 Nollaig 2001 a bhaineann le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh a cheapadh (IO L 326, 11.12.2001, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2017/289 ón gComhairle an 17 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/2005 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (IO L 42, 18.2.2017, lch. 13).
(3) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/369/CBES ón gComhairle an 30 Bealtaine 2007 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL AFGANISTAN) a bhunú (IO L 139, 31.5.2007, lch. 33).
(4) Cinneadh (CBES) 2016/2040 ón gComhairle an 21 Samhain 2016 lena leasaítear Cinneadh 2010/279/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL AFGHANISTAN), lena bhforáiltear dá leachtú (IO L 314, 22.11.2016, lch. 20).