EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0787R(05)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 130 an 17 Bealtaine 2019) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 17 Bealtaine 2019)

ST/12538/2020/INIT

IO L 178, 20.5.2021, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, ET, EN, FR, GA, HR, LV, MT, PT, RO, SK, SL, SV)
IO L 178, 20.5.2021, p. 4–5 (HU, NL, PL, FI)
IO L 178, 20.5.2021, p. 4–9 (EL)
IO L 178, 20.5.2021, p. 4–10 (DE)
IO L 178, 20.5.2021, p. 4–6 (IT)
IO L 178, 20.5.2021, p. 4–7 (LT)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/787/corrigendum/2021-05-20/oj

20.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 178/4


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 130 an 17 Bealtaine 2019 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 17 Bealtaine 2019)

1.

Ar leathanach 29, Airteagal 50(1)

in ionad:

“1.   Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.”,

léitear:

“1.   Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.”.

2.

Ar leathanach 45, Iarscríbhinn I, catagóir 34, pointe (d):

in ionad:

“(d)

Ní áireofar táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.”,

léitear:

“(d)

Ní áireofar bainne ná táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.”.

3.

Ar leathanach 46, Iarscríbhinn I, catagóir 39, pointe (d):

in ionad:

“(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.”,

léitear:

“(d)

Féadfar bainne agus táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.”,

4.

Ar leathanach 46, Iarscríbhinn I, catagóir 40, pointe (d):

in ionad:

“(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.”,

léitear:

“(d)

Féadfar bainne agus táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.”.


Top