EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1672

Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

PE/49/2018/REV/1

OJ L 284, 12.11.2018, p. 6–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 12/11/2018

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1672/oj

12.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2018/1672 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceann de thosaíochtaí an Aontais é forbairt chomhchuí, inbhuanaithe agus chuimsitheach an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn mar limistéar inar féidir le hearraí, daoine, seirbhísí agus caipiteal a bheith ag cúrsaíocht go saor agus go sábháilte.

(2)

Fáltais aindleathacha agus atreorú airgid chun gníomhaíochtaí aindleathacha a mhaoiniú a bheith á dtabhairt isteach sa gheilleagar athuair, cruthaíonn sé saobhadh agus míbhuntáistí míchuí san iomaíocht do shaoránaigh agus do chuideachtaí atá géilliúil don dlí, agus, dá bhrí sin, is bagairt d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh iad. Ina theannta sin, cothaíonn na cleachtais sin gníomhaíochtaí coiriúla agus sceimhlitheoireachta a chuireann slándáil shaoránaigh an Aontais i mbaol. Dá réir sin, tá beart déanta ag an Aontas chun é féin a chosaint.

(3)

Ceann de phríomhcholúin na gníomhaíochta a rinne an tAontas ba ea Treoir 91/308/CEE ón gComhairle (3), ar leagadh síos inti sraith de bhearta agus oibleagáidí faoi institiúidí airgeadais, daoine dlítheanacha agus gairmeacha áirithe maidir leis an méid seo, inter alia, trédhearcacht, coinneáil taifead agus forálacha “bíodh aithne agat ar do chustaiméir”, agus leagadh síos inti oibleagáid idirbhearta amhrasacha a thuairisciú do na hAonaid náisiúnta um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna). Bunaíodh AFAnna mar mhoil chun measúnú a dhéanamh ar na hidirbhearta sin, idirghníomhú lena leithéidí féin i dtíortha eile agus, i gcás inar gá, teagmháil a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha. Tá Treoir 91/308/CEE leasaithe ó shin agus tá bearta comhleanúnacha tagtha ina hionad. Tá forálacha le haghaidh sciúradh airgid a chosc leagtha síos faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

I bhfianaise an riosca go mbeadh méadú ar ghluaiseachtaí airgid thirim chun críocha aindleathacha ag leanúint as cur i bhfeidhm Threoir 91/308/CEE ar gluaiseachtaí iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don chóras airgeadais agus don mhargadh inmheánach, bhí an Treoir sin á chomhlánú ag Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is é is aidhm don Rialachán sin sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath trí chóras rialuithe a leagan síos atá infheidhme maidir le daoine nádúrtha a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as agus suimeanna airgid thirim nó ionstraimí soshannta iompróra cothrom le nó níos mó ná EUR 10 000 nó a choibhéis in airgeadraí eile ar iompar acu. Ba cheart an téarma “ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as” a shainmhíniú trí thagairt do chríoch an Aontais mar a shainítear in Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun a áirithiú go bhfuil an raon feidhme is leithne is féidir ag an Rialachán seo agus nach mbeadh aon limistéar díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin agus nach mbeadh deiseanna ar fáil in aon limistéar chun dul timpeall ar na rialuithe is infheidhme.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 cuireadh chun feidhme laistigh den Chomhphobal na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a d’fhorbair an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).

(6)

Is comhlacht idir-rialtasach é FATF, a bunaíodh ag cruinniú mullaigh G7 i bPáras in 1989, a leagann síos caighdeáin agus a chuireann cur chun feidhme éifeachtach beart dlíthiúil, rialála agus oibríochtúil chun cinn maidir le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus bagairtí gaolmhara eile ar shláine an chórais airgeadais idirnáisiúnta a chomhrac. Is baill de FATF iad roinnt de na Ballstáit nó tá ionadaíocht acu ar FATF trí chomhlachtaí réigiúnacha. Déanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais ar FATF agus tá gealltanas tugtha aige moltaí FAFT a chur chun feidhme go héifeachtach. Sonraítear i Moladh FATF 32 maidir le cúiréirí airgid thirim gur cheart bearta a chur i bhfeidhm maidir le rialuithe leormhaithe ar ghluaiseachtaí trasteorann airgid thirim.

(7)

Sainaithnítear agus tugtar tuairisc i dTreoir (AE) 2015/849 ar roinnt gníomhaíochtaí coiriúla a bhféadfadh na fáltais uathu a bheith á n-úsáid chun airgead a sciúradh nó a bhféadfadh na fáltais sin a bheith á n-úsáid chun an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Go minic, aistrítear na fáltais ó na gníomhaíochtaí coiriúla sin thar theorainneacha seachtracha an Aontais chun iad a sciúradh nó a úsáid chun an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Ba cheart an méid sin a chur san áireamh leis an Rialachán seo agus ba cheart córas rialacha a leagan síos ann a rannchuideodh le cosc a chur ar sciúradh airgid, agus go háirithe cionta preideacáide amhail coireanna cánach mar a shainmhínítear iad sa dlí náisiúnta, agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ann féin, agus a éascóidh brath, cosc agus imscrúdú na ngníomhaíochtaí coiriúla a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849.

(8)

Tá dul chun cinn déanta ó thaobh an léargais atá anois ann ar na sásraí a úsáidtear chun luach a fuarthas ar bhealach aindleathach a aistriú thar theorainneacha. Tá moltaí FATF tugtha suas chun dáta dá thoradh sin, le Treoir (AE) 2015/849 tugadh athruithe ar chreat dlíthiúil an Aontais isteach agus rinneadh dea-chleachtas nua a fhorbairt. I bhfianaise na bhforbairtí sin agus ar bhunús na meastóireachta a rinneadh ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 a leasú. I bhfianaise raon leathan na leasuithe a theastódh, áfach, ba cheart Rialachán (CE) Uimh.1889/2005 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chumas na mBallstát foráil a dhéanamh, faoina ndlí náisiúnta, maidir le rialuithe náisiúnta breise ar ghluaiseachtaí airgid thirim laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil na rialuithe sin i gcomhréir le saoirsí bunúsacha an Aontais, agus go háirithe Airteagal 63 agus Airteagal 65 CFAE.

(10)

Dá mba ann do shraith rialacha ar leibhéal an Aontais lena gceadófaí coibhéis i leith thorthaí inchomparáide na rialuithe ar airgead tirim laistigh den Aontas, d’éascófaí go mór na hiarrachtaí atá ar bun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc.

(11)

Ní bhaineann an Rialachán seo le bearta arna ndéanamh ag an Aontas ná ag Ballstáit faoi Airteagal 66 CFAE lena gcuirtear srian ar ghluaiseachtaí caipitil is cúis, nó a bhfuil bagairt ann gur cúis iad, le deacrachtaí tromchúiseacha d’oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais nó faoi Airteagal 143 agus Airteagal 144 CFAE mar thoradh ar ghéarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí.

(12)

Agus iad ag smaoineamh ar a láithreacht ag teorainneacha seachtracha an Aontais, a gcuid saineolais maidir le rialuithe a dhéanamh ar phaisinéirí agus ar lasta a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha agus a dtaithí a fuarthas i bhfeidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005, ba cheart d’údaráis chustaim leanúint de bheith ag gníomhú mar údaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo. Ag an am céanna, ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith in ann údaráis náisiúnta eile a ainmniú atá i láthair ag na teorainneacha seachtracha chun gníomhú mar údaráis inniúla. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’oiliúint leormhaith a sholáthar d’fhoireann na n-údarás custaim agus na n-údarás náisiúnta eile chun na rialuithe sin a dhéanamh, lena n-áirítear ar sciúradh airgid atá bunaithe ar airgead tirim.

(13)

Tá “airgead tirim” ar cheann de phríomhchoincheapa an Rialacháin seo, agus ba cheart a shainiú go bhfuil ceithre chatagóir i gceist leis: airgeadra, ionstraimí soshannta iompróra, tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha agus cineálacha ar leith cártaí réamhíoctha. I bhfianaise a saintréithe, is dócha go mbainfí úsáid as ionstraimí soshannta iompróra áirithe, as tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, agus as cártaí réamhíoctha nach bhfuil nasc acu le cuntas bainc agus is féidir méid airgid a stóráil atá deacair a bhrath a úsáid in ionad airgeadra mar bhealach anaithnid chun luach a aistriú thar na teorainneacha seachtracha ar bhealach nach bhfuil inrianaithe tríd an gcóras clasaiceach maoirseachta arna úsáid ag na húdaráis phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos sa Rialachán seo gnéithe riachtanacha an tsainmhínithe ar “airgead tirim” agus, ag an am céanna, an Coimisiún a chumasú na gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú mar fhreagairt d’iarrachtaí ag coirpigh agus a bpáirtithe teacht timpeall ar bheart a bhfuil cineál amháin stór luacha fíorleachtach á rialú aige trí chineál eile stór luacha fíorleachtach a thabhairt trasna na dteorainneacha seachtracha. Má bhraitear fianaise ar iompraíocht den sórt sin ar scála suntasach, ní mór bearta a dhéanamh go tapa chun an cás a réiteach. In ainneoin an ardleibhéil riosca a bhaineann le hairgeadraí fíorúla, mar a léiríodh i dtuarascáil ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2017 maidir leis an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a dhéanann difear don mhargadh inmheánach agus atá bainteach le gníomhaíochtaí trasteorann, níl an inniúlacht ag údaráis chustaim faireachán a dhéanamh orthu.

(14)

Is ionstraimí airgeadais iad ionstraimí soshannta iompróra a chuireann ar chumas an tsealbhóra fhisiciúil íocaíocht suime airgid a éileamh gan é a bheith cláraithe ná ainmnithe chuige sin. Is éasca iad a úsáid chun méideanna ar luach as cuimse a aistriú agus tá cosúlachtaí suntasacha idir iad agus airgeadra i dtéarmaí leachtachta, anaithnideachta agus na rioscaí go ndéanfaí mí-úsáid a bhaint astu.

(15)

Is tráchtearraí iad a bhfuil cóimheas ard idir luach agus toirt luaite leo a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, a bhfuil margadh trádála idirnáisiúnta inrochtana ann cheana féin dóibh, rud a fhágann gur féidir iad a thiontú ina n-airgeadra gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú. Cuirtear tráchtearraí den sórt sin i láthair ar bhealach caighdeánaithe den chuid is mó, rud a fhágann gur féidir an luach atá leo a fhíorú go tapa.

(16)

Is cártaí réamhíoctha iad cártaí neamh-ainmniúla a stórálann luach airgeadais nó cistí is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, nó a thugann rochtain orthu, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt. Ní bhíonn na cártaí sin nasctha le cuntas bainc. Maidir le cártaí réamhíoctha, cuimsítear leo cártaí réamhíoctha anaithnide amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849. Baintear úsáid fhorleathan astu le haghaidh cuspóirí dlisteanacha éagsúla agus baineann leas sóisialta soiléir le cuid de na hionstraimí sin. Is éasca cártaí réamhíoctha den sórt sin a aistriú agus is féidir iad a úsáid chun méideanna de luach suntasach a aistriú thar na teorainneacha seachtracha. Dá bhrí sin, ní mór cártaí réamhíoctha a áireamh sa sainmhíniú ar airgead tirim, go háirithe más féidir iad a cheannach d’uireasa nósanna imeachta díchill chuí ón gcustaiméir. Fágfaidh sé sin go bhféadfar na rialuithe a leathnú chun cineálacha ar leith cártaí réamhíoctha a chumhdach ag cur san áireamh an teicneolaíocht atá ar fáil, má tá fianaise ann go bhfuil bunús leis sin, ar choinníoll go ndéantar rialuithe den sórt sin a leathnú, ag féachaint don chomhréireacht agus don in-fhorfheidhmitheacht phraiticiúil.

(17)

Chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, ba cheart oibleagáid airgead tirim a dhearbhú a fhorchur ar dhaoine nádúrtha atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as. Chun srian míchuí ar shaorghluaiseacht nó ró-ualach maidir le foirmiúlachtaí riaracháin ar shaoránaigh agus ar údaráis a sheachaint, ba cheart an oibleagáid a bheith faoi réir thairseach EUR 10 000. Ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le hiompróirí a bhfuil suimeanna den sórt sin á n-iompar acu ar a seilbh, ina mbagáiste nó sa chóirr iompair a dtrasnaíonn siad na teorainneacha seachtracha ann. Ba cheart go gceanglófaí orthu an t-airgead tirim a chur ar fáil do na húdaráis inniúla lena rialú, agus más gá, é a thabhairt ar aird do na húdaráis sin. Maidir leis an sainmhíniú ar “iompróir”, ba cheart a thuiscint nach n-áirítear leis an sainmhíniú sin iompróirí a iompraíonn earraí nó daoine go gairmiúil.

(18)

Maidir le gluaiseachtaí airgid thirim neamhthionlactha, mar shampla airgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as i bpacáistí poist, lastais chúiréara, bagáiste neamhthionlactha nó lasta i gcoimeádán, ba cheart go mbeadh an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar an seoltóir nó ar an bhfaighteoir, nó ionadaí de chuid an fhaighteora, dearbhú nochta a dhéanamh, bíodh sé sin go córasach nó ar bhonn cás ar chás, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta. Ba cheart go gcumhdódh nochtadh den sórt sin roinnt eilimintí, nach bhfuil á gcumhdach ag an ngnáthdhoiciméadacht a chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim, amhail doiciméid loingseoireachta agus dearbhuithe custaim. Is eilimintí den sórt sin tionscnamh, ceann scríbe, foinse eacnamaíoch agus úsáid bheartaithe an airgid thirim. Ba cheart go mbeadh an oibleagáid maidir le hairgead tirim neamhthionlactha a nochtadh faoi réir tairseach atá comhionann leis an tairseach a bhaineann le hairgead tirim atá ar iompar ag iompróirí.

(19)

Ba cheart roinnt eilimintí caighdeánaithe sonraí maidir le gluaiseacht an airgid thirim amhail sonraí pearsanta an dearbhóra, an úinéara, nó an fhaighteora, an fhoinse eacnamaíoch agus an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim a thaifeadadh, chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú. Go háirithe, maidir leis an dearbhóir, úinéir, nó faighteoir, tá sé riachtanach go ndéanfaidís a gcuid sonraí pearsanta mar atá siad ina gcuid doiciméad aitheantais a thabhairt, chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí earráidí maidir lena gcéannacht agus ar na moilleanna a thiocfadh as an ngá a d’fhéadfadh a bheith le fíorú ina dhiaidh sin.

(20)

Maidir leis an oibleagáid airgead tirim neamhthionlactha a dhearbhú agus an oibleagáid maidir le hairgead tirim neamhthionlactha a nochtadh, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do na húdaráis inniúla gach rialú riachtanach a dhéanamh ar dhaoine, ar a mbagáiste, ar an gcóir iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar aon choinsíneacht nó gabhdán neamhthionlactha a thrasnaíonn an teorainn sin agus a bhféadfadh airgead tirim a bheith iontu, nó ar chóir iompair a bhfuil siad á n-iompar inti. I gcás ina mainnítear na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis inniúla dearbhú ex officio a chumadh do tharchur na faisnéise ábhartha d’údaráis eile ina dhiaidh sin.

(21)

Chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad, ba cheart na rialuithe a bheith bunaithe go príomha ar anailís riosca, a bhfuil sé mar chuspóir léi na rioscaí a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus na frithbhearta is gá a fhorbairt.

(22)

Maidir le creat comhchoiteann bainistithe riosca a bhunú, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar na húdaráis inniúla seiceálacha randamacha nó rialuithe gan choinne a dhéanamh cibé uair a measann siad gur gá sin.

(23)

I gcás ina mbraitear méideanna airgid thirim atá faoi bhun na tairsí agus ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh baint a bheith ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil faoi mar a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh ar chumas na n-údarás inniúil, i gcás airgead tirim tionlactha, faisnéis a thaifeadadh faoin iompróir, faoin úinéir agus i gcás ina mbeadh sé ar fáil, faoi fhaighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, mionsonraí teagmhála, mionsonraí i dtaca le nádúr agus méid nó luach an airgid thirim, a fhoinse eacnamaíoch agus a úsáid bheartaithe.

(24)

I gcás airgead tirim neamhthionlactha, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann faisnéis a thaifeadadh maidir le dearbhóir, le húinéir, le seoltóir, agus le faighteoir nó faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, mionsonraí teagmhála, mionsonraí i dtaca le nádúr agus méid nó luach an airgid thirim, lena fhoinse eacnamaíoch agus a úsáid bheartaithe.

(25)

Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig AFA (Aonad um Fhaisnéis Airgeadais) an Bhallstáit i dtrácht, ar cheart dó a áirithiú go ndéanfaidh an AFA aon fhaisnéis ábhartha a tharchur go spontáineach nó arna iarraidh sin chuig na AFAnna sna Ballstáit eile. Tá na haonaid sin ainmnithe mar eilimintí moil sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a fhaigheann agus a phróiseálann faisnéis ó fhoinsí éagsúla amhail institiúidí airgeadais agus déanann siad anailís ar an bhfaisnéis sin chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil forais ann chun tuilleadh fiosraithe a dhéanamh, ar forais iad a d’fhéadfadh gan a bheith follasach do na húdaráis inniúla a bhailíonn na dearbhuithe agus a dhéanann rialuithe faoin Rialachán seo. Chun sreabh éifeachtach faisnéise a ráthú, ba cheart go mbeadh na AFAnna go léir nasctha leis an gCóras Faisnéise Custaim (an “CFC”) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (6) agus ba cheart go mbeadh na sonraí a tháirgeann nó a mhalartaíonn na húdaráis inniúla agus na AFAnna comhoiriúnach agus inchomparáide.

(26)

Ag aithint a thábhachtaí d’obair iardain rathúil ar an Rialachán seo atá sé go mbeadh malartú éifeachtach faisnéise ann idir na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear AFAnna laistigh den chreat dlíthiúil a chumhdaíonn na heintitis sin, agus an gá atá ann le comhar idir na AFAnna laistigh den Aontas a neartú, ba cheart don Choimisiún, faoin 1 Meitheamh 2019, measúnú a dhéanamh féachaint an féidir sásra comhchoiteann a bhunú chun sciúradh airgid agus maoiniú seimhlitheoireachta a chomhrac.

(27)

Tá sé an-ábhartha méideanna airgid thirim atá faoi bhun na tairsí a bhrath i gcásanna ina bhfuil tásca de ghníomhaíocht choiriúil ann sa chomhthéacs sin. Dá thoradh sin, ba cheart go bhféadfaí freisin faisnéis maidir le suimeanna atá faoi bhun na tairsí a roinnt leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile má tá tásca de ghníomhaíocht choiriúil ann.

(28)

I bhfianaise go dtarlaíonn na gluaiseachtaí airgid thirim atá faoi réir rialuithe faoin Rialachán seo trasna na dteorann seachtrach agus ós rud é gur doiligh gníomhú a luaithe atá an t-airgead tirim imithe ón bpointe teacht isteach nó imeachta agus i bhfianaise an riosca a bhaineann leis sin fiú má úsáidtear suimeanna beaga go haindleathach, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann airgead tirim a choimeád faoi choinneáil ar bhonn sealadach in imthosca áirithe, faoi réir srianta agus ceartúcháin: ar an gcéad dul síos, i gcás nach bhfuil an oibleagáid maidir le hairgead tirim a dhearbhú nó a nochtadh comhlíonta agus, ar an dara dul síos, i gcás inarb ann do thásca de ghníomhaíocht choiriúil, gan beann mhéid an airgid thirim nó cibé an bhfuil sé tionlactha nó neamhthionlactha. I bhfianaise chineál an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh sin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shaorghluaiseacht agus ar an gceart chun maoine, ba cheart an tréimhse coimeádta faoi choinneáil a theorannú don mhéid is lú ama a theastaíonn ó na húdaráis inniúla eile chun a chinneadh an bhfuil forais ann le tuilleadh idirghabhála a dhéanamh, amhail fiosrúcháin nó urghabháil an airgid thirim bunaithe ar ionstraimí dlí eile. Maidir le cinneadh i dtaca le hairgead tirim a choimeád faoi choinneáil ar bhonn sealadach faoin Rialachán seo, ba cheart ráiteas ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a bheith ag gabháil leis agus ba cheart tuairisc leormhaith a bheith san áireamh ann ar na tosca sonracha ba shiocair leis an ngníomh. Ba cheart é a bheith indéanta tréimhse choimeádta faoi choinneáil shealadach an airgid thirim a fhadú i gcásanna ar leith atá measúnaithe go cuí, mar shampla nuair a bhíonn deacrachtaí ag údaráis inniúla faisnéis a fháil faoi ghníomhaíocht fhéideartha choiriúil, inter alia nuair a bhíonn cumarsáid le tríú tír ag teastáil, nuair a chaitear doiciméid a aistriú nó nuair a bhíonn sé deacair an seoltóir nó an faighteoir a shainaithint, nó teagmháil a dhéanamh leo, i gcás airgead tirim neamhthionlactha. Más rud é, ag deireadh na tréimhse ama coimeádta faoi choinneáil nach bhfuil cinneadh déanta maidir le tuilleadh idirghabhála nó má chinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil aon fhorais ann leis an airgead tirim a choimeád faoi choinneáil níos mó, ba cheart é a chur ar fáil láithreach, de réir an cháis, don duine ónar coimeádadh an t-airgead tirim faoi choinneáil go sealadach, don iompróir nó don úinéir.

(29)

Chun feasacht faoin Rialachán seo a mhúscailt, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, ábhair iomchuí a fhorbairt a bhaineann leis an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú nó a nochtadh.

(30)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh na húdaráis inniúla a bhailíonn faisnéis de bhun an Rialacháin seo é a tharchur go tráthúil chuig an AFA náisiúnta, ionas gur féidir léi tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus í a chur i gcomparáid le sonraí eile dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/849.

(31)

Chun críche an Rialacháin seo, i gcás ina gcláraíonn na húdaráis inniúla mainneachtain airgead tirim a dhearbhú nó a nochtadh nó i gcás inarb ann do thásca de ghníomhaíocht choiriúil, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a roinnt go pras le húdaráis inniúla na mBallstát eile trí chainéil iomchuí. Bheadh malartú sonraí den sórt sin comhréireach mar is dócha go ndéanfadh daoine a sháraigh an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú nó a nochtadh, agus a gabhadh i mBallstát amháin, Ballstát teachta isteach nó imeachta eile a roghnú, áit nach mbeadh aon eolas ag na húdaráis inniúla ar na sáruithe a rinne siad roimhe sin. Ba cheart go mbeadh malartú faisnéise den sórt sin sainordaitheach, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud na mBallstát. I gcás inarb ann do thásca go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin don Choimisiún, ba cheart do na Ballstáít atá rannpháírteach sa chomhar feabhsaithe de bhun an Rialachán sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh faoi mar a bunaíodh í le Rialachán (AE) 2017/1939 (7) agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil freisin do Europol faoi mar a bunaíodh é le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach maidir le teacht timpeall ar an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú nó a nochtadh a chosc agus a dhíspreagadh, ba cheart faisnéis anaithnid faoi rioscaí agus torthaí anailíse riosca a mhalartú go sainordaitheach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le caighdeáin a bheidh le leagan amach i ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo.

(32)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta faisnéis a mhalartú idir údarás inniúil Ballstáit nó an Coimisiún agus údaráis tríú tír ar choinníoll gurb ann do choimircí iomchuí. Níor cheart go mbeadh malartú den sórt sin incheadaithe ach amháin nuair a chomhlíontar na forálacha ábhartha náisiúnta agus Aontais maidir le cearta bunúsacha agus aistriú sonraí pearsanta, i ndiaidh údarú ó na húdaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon tarlú de mhalartú faisnéise le tríú tíortha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dó tuairisciú ar an méid sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(33)

I bhfianaise chineál na faisnéise arna bailiú agus an ionchais dhlisteanaigh atá ag iompróirí agus dearbhóirí go gcaithfear go rúnda lena gcuid sonraí pearsanta agus faisnéise maidir le luach an airgid thirim atá tugtha isteach san Aontas acu nó tógtha amach as, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta coimirce leordhóthanacha a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh rúndacht ghairmiúil á hurramú ag na gníomhairí a dteastaíonn rochtain uathu ar an bhfaisnéis, agus go ndéanfaidh siad an fhaisnéis a chosaint go leormhaith ó rochtain, úsáid nó cumarsáid neamhúdaraithe. Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo nó sa dlí náisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs imeachtaí dlí, níor cheart an fhaisnéis sin a nochtadh gan cead ón údarás a fuair í.

D’fhéadfadh próiseáil shonraí faoin Rialachán seo próiseáil sonraí pearsanta a chuimsiú agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit ná don Choimisiún próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta ach amháin ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Aon bhailiú, nochtadh, tarchur, cur in iúl agus próiseáil eile ar shonraí pearsanta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go mbeidís faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (9) agus Rialachán (AE) 2016/679 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Maidir le próiseáil shonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go n-urramófaí léi freisin an ceart bunúsach go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a aithnítear in Airteagal 8 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, mar aon leis an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta a aithnítear, faoi seach, in Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”).

(34)

Chun críocha na hanailíse arna déanamh ag na AFAnna agus ionas gur féidir le húdaráis i mBallstáit eile an oibleagáid maidir le airgead tirim a dhearbhú a dhéanamh a rialú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le daoine a bhfuil sáruithe déanta acu i gcoinne na hoibleagáide sin roimhe seo, is gá na sonraí atá i ndearbhuithe arna ndéanamh faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse sách fada. Chun go bhféadfaidh na AFAnna a gcuid anailíse a dhéanamh go héifeachtúil agus chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid maidir le hairgead tirim a dhearbhú agus a nochtadh a rialú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach, níor cheart do thréimhse coinneála na sonraí a bheidh i ndearbhuithe arna ndéanamh faoin Rialachán seo dul thar 5 bliana, ach go bhféadfaí an tréimhse sin a fhadú arís, tar éis measúnú críochnúil ar an ngá atá leis agus ar a chomhréire atá an choinneáil bhreise sin, agus nach rachadh an tréimhse fhadaithe thar 3 bliana breise.

(35)

Chun comhlíonadh a spreagadh agus seachaint a dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit pionóis a ghearradh nuair nach gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le dearbhú nó nochtadh a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh feidhm ag na pionóis ach amháin maidir le mainneachtain dearbhú maidir le hairgead tirim nó nochtadh maidir le hairgead tirim a dhéanamh faoin Rialachán seo agus níor cheart go gcuirfí san áireamh an ghníomhaíocht choiriúil ionchasach a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an airgead tirim, a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le fiosrúchán breise agus bearta eile nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus nach rachaidís thar a bhfuil riachtanach chun comhlíonadh a spreagadh. Maidir le pionóis a thugann na Ballstáit isteach, ba cheart go mbeadh éifeacht díspreagtha acu atá coibhéiseach ar fud an Aontais ar shárú a dhéantar ar an Rialachán seo.

(36)

Cé go n-úsáideann formhór na mBallstát cheana féin foirm dearbhaithe atá comhchuibhithe, Foirm Dearbhaithe Airgid Thirim AE (FDA-AE), ar bhonn deonach, agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialuithe na n-údarás inniúil a áirithiú agus chun próiseáil, aistriú agus anailísiú éifeachtach na ndearbhuithe ag na húdaráis sin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na teimpléid don fhoirm dearbhaithe agus don fhoirm nochta a ghlacadh, na critéir chun creat comhchoiteann bainistíochta riosca a chinneadh, chun na rialacha teicniúla don mhalartú faisnéise a bhunú, agus chun an teimpléad atá le húsáid chun faisnéis a tharchur chuig an gCoimisiún a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(37)

Chun feabhas a chur ar an staid reatha mar a bhfuil rochtain theoranta ar fhaisnéis staidrimh agus nach bhfuil ach táscairí áirithe ar fáil i dtaobh a mhéid atá airgead tirim á smuigleáil trasna teorainneacha seachtracha an Aontais ag coirpigh, ba cheart comhar níos éifeachtaí, trí bhíthin malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla agus leis an gCoimisiún, a tabhairt isteach. Chun a ráthú go mbeidh an malartú faisnéise sin éifeachtach agus éifeachtúil, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an córas atá bunaithe ag comhlíonadh a chuspóra nó an bhfuil bacainní ann a chuireann isteach ar mhalartú tráthúil agus díreach na faisnéise. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis staidrimh a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(38)

Chun gur féidir modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar chaighdeáin idirnáisiúnta amhail iad siúd atá leagtha síos ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chur san áireamh go tapa nó chun aghaidh a thabhairt ar theacht timpeall an Rialacháin seo trí spleáchas ar thráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíor-leachtacha nó trí spleáchas ar chártaí réamhíoctha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonnrochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(39)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr scála trasnáisiúnta an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus de bharr shainiúlachtaí an mhargaidh inmheánaigh agus a shaoirsí bunúsacha, nach féidir a chur chun feidhme go hiomlán ach trína áirithiú nach bhforchuirtear aon chóireáil an-difriúil atá bunaithe ar reachtaíocht náisiúnta ar airgead tirim a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(40)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 6 CAE agus a léirítear sa Chairt, go háirithe Teideal II di.

(41)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo déantar foráil maidir le córas rialuithe i ndáil le hairgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as chun comhlánú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “airgead tirim”:

(i)

airgeadra;

(ii)

ionstraimí soshannta iompróra;

(iii)

tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha;

(iv)

cártaí réamhíoctha;

(b)

ciallaíonn “teacht isteach san Aontas nó dul amach as” teacht ó chríoch atá lasmuigh den chríoch a chumhdaítear le hAirteagal 355 CFAE isteach sa chríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin, nó dul amach as an gcríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin;

(c)

ciallaíonn “airgeadra” nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe, nó a bhí i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe agus is féidir a mhalartú fós trí institiúidí airgeadais nó bainc cheannais le haghaidh nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe;

(d)

ciallaíonn “ionstraimí soshannta iompróra” ionstraimí seachas airgeadra agus a thugann teideal dá sealbhóirí suim airgeadais a éileamh ar na ionstraimí a thíolacadh, gan a bheith de dhualgas ar an sealbhóir a aitheantas ná a haitheantas ná teideal chun na suime sin a chruthú. Is iad na hionstraimí sin:

(i)

seiceanna taistil; agus

(ii)

seiceanna, nótaí gealltanais nó orduithe airgid atá i bhfoirm iompróra, atá sínithe ach le hainm an íocaí fágtha ar lár, atá formhuinithe gan srian, atá déanta amach d’íocaí samhailteach, nó i bhfoirm eile a fhágann go n-aistrítear an teideal nuair a sheachadtar an t-airgead;

(e)

ciallaíonn “tráchtearra a úsáidtear mar stór luacha fíorleachtach” earra, mar a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil cóimheas ard luacha le toirt luaite leis agus is féidir a thiontú go héasca ina airgeadra trí mhargaí trádála inrochtana gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú;

(f)

ciallaíonn “cárta réamhíoctha” cárta neamh-ainmniúil, mar a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, a stórálann luach airgeadais nó cistí, nó a thugann rochtain orthu, agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt agus nuair is cárta é nach bhfuil nasctha le cuntas bainc;

(g)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis chustaim na mBallstát agus aon údaráis eile a bhfuil cumhacht tugtha dóibh ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm;

(h)

ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as agus a bhfuil airgead tirim ar iompar ar a sheilbh aige, ina bhagáiste nó ina chóir iompair;

(i)

ciallaíonn “airgead tirim neamhthionlactha” airgead tirim ar cuid de choinsíneacht gan iompróir é;

(j)

ciallaíonn “gníomhaíocht choiriúil” aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849;

(k)

ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA)” an t-eintiteas arna bhunú i mBallstát chun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849 a chur chun feidhme.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun aird a thabhairt ar threochtaí nua maidir le sciúradh airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) den Treoir sin, nó chun dea-chleachtais nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc a thabhairt san áireamh, nó chun cosc a chur ar choirpigh úsáid a bhaint as tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, agus as cártaí réamhíoctha chun teacht timpeall ar na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú

1.   Iompróirí a bhfuil airgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó ar iompar acu, déanfaidh siad an t-airgead tirim sin a dhearbhú d’údaráis inniúla an Bhallstáit trína bhfuil siad ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus cuirfidh siad an t-airgead tirim ar fáil dóibh lena rialú. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú comhlíonta má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.

2.   Sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar sonraí maidir leo seo a leanas:

(a)

an t-iompróir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;

(b)

úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais Cánach Breisluacha (CBL) i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(c)

i gcás ina mbeidh fáil air, faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir atá beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL, i gcás i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir atá beartaithe;

(d)

cineál agus méid nó luach an airgid thirim;

(e)

foinse eacnamaíoch an airgid thirim;

(f)

an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim;

(g)

an bealach iompair; agus

(h)

an chóir iompair.

3.   Soláthrófar na sonraí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an bhfoirm dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1). Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú nochta chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.

Airteagal 4

Oibleagáid maidir le nochtadh i gcás airgead tirim neamhthionlactha

1.   I gcás ina bhfuil airgead tirim neamhthionlactha dar luach EUR 10 000 nó níos mó ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit trína bhfuil an t-airgead tirim ag teacht isteach nó ag dul amach a chur de cheangal ar sheoltóir nó ar fhaighteoir an airgid thirim, nó a ionadaí, de réir mar a bheidh, dearbhú nochta a dhéanamh laistigh de sprioc-am socraithe 30 lá. Féadfaidh na húdaráis inniúla an t-airgead tirim a choimeád faoi choinneáil go dtí go ndéanfaidh an seoltóir, an faighteoir nó a ionadaí, de réir mar a bheidh, an dearbhú nochta. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead neamhthionlactha a dhearbhú comhlíonta nuair nach ndéantar an dearbhú sula dtéann an sprioc-am in éag, má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.

2.   Sa dearbhú nochta soláthrófar sonraí maidir leis an méid a leanas:

(a)

an dearbhóir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;

(b)

úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(c)

seoltóir an airgid thirim, lena n-áirítear an t-ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(d)

faighteoir nó faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear an t-ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir nó an faighteoir beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir nó an faighteoir beartaithe;

(e)

cineál agus méid nó luach an airgid thirim;

(f)

foinse eacnamaíoch an airgid thirim; agus

(g)

an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim.

3.   Soláthrófar na sonraí atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an bhfoirm nochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1). Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú nochta chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.

Airteagal 5

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Chun a fhíorú go bhfuil an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú a leagtar síos in Airteagal 3 á comhlíonadh, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla rialuithe a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha, a mbagáiste agus a gcóir iompair, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.

2.   Chun an oibleagáid maidir le airgead tirim neamhthionlactha a nochtadh a leagtar síos in Airteagal 4 a chur chun feidhme, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla rialuithe a dhéanamh ar aon choinsíneachtaí, gabhdáin nó cóir iompair a bhféadfadh airgead tirim neamhthionlactha a bheith iontu, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.

3.   Mura bhfuil an oibleagáid airgead tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 3 nó an oibleagáid maidir le hairgead neamhthionlactha a nochtadh faoi Airteagal 4 á comhlíonadh, déanfaidh na húdaráis inniúla dearbhú ex officio a chumadh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach ina mbeidh a mhéid is féidir na sonraí a liostaítear in Airteagal 3(2) nó Airteagal 4(2), de réir mar a bheidh.

4.   Beidh na rialuithe bunaithe go príomha ar anailís riosca, chun na rioscaí a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus na frithbhearta riachtanacha a bhunú, agus déanfar iad laistigh de chreat comhchoiteann bainistithe riosca i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(1), ar creat é ina gcuirfear san áireamh freisin na measúnaithe riosca arna mbunú ag an gCoimisiún agus na AFAnna faoi Threoir (AE) 2015/849.

5.   Chun críocha Airteagal 6, déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Airteagal seo a fheidhmiú freisin.

Airteagal 6

Suimeanna atá faoi bhun na tairsí agus a bhfuil amhras ina dtaobh go bhfuil siad bainteach le gníomhaíocht choiriúil

1.   I gcás ina mbraitheann na húdaráis inniúla iompróir agus suim airgid thirim aige atá faoi bhun na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus go bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead le gníomhaíocht choiriúil, déanfaidh siad an fhaisnéis sin agus na mionsonraí a liostaítear in Airteagal 3(2) a thaifeadadh.

2.   I gcás ina bhfaigheann na húdaráis inniúla go bhfuil airgead tirim neamhthionlactha atá faoi bhun na tairsí agus dá dtagraítear in Airteagal 4 ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht as, agus go bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil, déanfaidh siad an fhaisnéis sin agus na mionsonraí a liostaítear in Airteagal 4(2) a thaifeadadh.

Airteagal 7

Coimeád faoi choinneáil sealadach airgid thirim ag údaráis inniúla

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla airgead tirim a choimeád faoi choinneáil ar bhonn sealadach trí chinneadh riaracháin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl an oibleagáid airgead tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 3 nó an oibleagáíd airgead neamhthionlactha a nochtú faoi Airteagal 4 á comhlíonadh; nó

(b)

tá tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim, gan beann ar an méid, le gníomhaíocht choiriúil.

2.   Beidh an cinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 1 faoi réir leigheas éifeachtach i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Maidir leis an ráiteas ar chúiseanna leis an gcinneadh riaracháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra ina leith:

(a)

don duine ar a gceanglaítear an dearbhú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3 nó an dearbhú nochta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4; nó

(b)

don duine ar a gceanglaítear an fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6(1) nó (2).

3.   Ní rachaidh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh thar a bhfuil de dhíth ar na húdaráis inniúla, faoin dlí náisiúnta, chun a chinneadh an éilíonn imthosca an cháis go gcoimeádfaí faoi choinneáil an t-airgead tuilleadh. Is 30 lá ar a mhéad a bheidh i dtréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh. Tar éis dóibh measúnú críochnúil a dhéanamh ar a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh tuilleadh coimeádta faoi choinneáil shealadaigh, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh a fhadú suas le huastréimhse 90 lá.

I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den tréimhse sin maidir leis an airgead tirim a choimeád faoi choinneáil tuilleadh nó má chinntear nach n-éilíonn imthosca an cháis go gcomeádfaí faoi choinneáil é ar feadh tréimhse níos faide, scaoilfear an t-airgead láithreach chuig an duine:

(a)

a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4; nó

(b)

a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó (2).

Airteagal 8

Feachtas faisnéise

Maidir le daoine a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as nó daoine a sheolann airgead tirim neamhthionlactha ón Aontas nó a fhaigheann airgead tirim neamhthionlactha san Aontas, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil siad ar an eolas faoina gcuid ceart agus oibleagáidí faoin Rialachán seo agus forbróidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún, ábhair iomchuí a dhíreofar ar na daoine sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil d’fheachtais faisnéise den sórt sin.

Airteagal 9

Faisnéis a sholáthar don AFA

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis arna fáil faoi Airteagal 3 nó Airteagal 4, Airteagal 5(3) nó Airteagal 6 a thaifeadadh agus a tharchur chuig AFA an Bhallstáit a fuarthas an fhaisnéis ann, de réir na rialacha teicniúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(1).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an AFA sa Bhallstát i dtrácht an fhaisnéis sin a mhalartú leis na AFAnna ábhartha sna Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 53(1) de Threoir (AE) 2015/849.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an dáta a fuarthas an fhaisnéis sin.

Airteagal 10

Faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus leis an gCoimisiún

1.   Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a tharchur, trí mheán leictreonach, d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir:

(a)

dearbhuithe ex officio arna gcumadh faoi Airteagal 5(3);

(b)

faisnéis a fuarthas faoi Airteagal 6;

(c)

dearbhuithe arna bhfáil faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, i gcás ina bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil;

(d)

faisnéis anaithnid faoi rioscaí agus torthaí na hanailíse riosca.

2.   I gcás inarb ann do thásca go mbaineann an t-airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur freisin chuig an gCoimisiún, chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh — ó na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun an Rialachán (AE) 2017/1939 agus i gcás ina bhfuil sí inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 22 den Rialachán sin, agus chuig Europol i gcás ina bhfuil sé inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a tharchur i gcomhréir leis na rialacha teicniúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) agus an fhoirm dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) á húsáid aige.

4.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 agus de mhír 2 a tharchur a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an dáta a fuarthas an fhaisnéis sin.

5.   Déanfar an fhaisnéis agus na torthaí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, a tharchur gach 6 mhí.

Airteagal 11

Faisnéis a mhalartú le tríú tíortha

1.   Chun críche an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún laistigh den chreat um chúnamh riaracháin frithpháirteach, an fhaisnéis seo a leanas a tharchur chuig tríú tír, faoi réir údarú i scríbhinn ón údarás inniúil a fuair an fhaisnéis i dtosach, ar choinníoll go bhfuil an tarchur sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus dlí ábhartha an Aontais maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha:

(a)

dearbhuithe ex officio arna gcumadh faoi Airteagal 5(3);

(b)

faisnéis arna fáil faoi Airteagal 6;

(c)

dearbhuithe arna bhfáil faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, i gcás ina bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

2.   Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon tarchur faisnéise de bhun mhír 1.

Airteagal 12

Sicréideacht agus rúndacht ghairmiúil agus slándáil sonraí

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla slándáil na sonraí a fhaigheann siad i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6.

2.   Beidh an fhaisnéis ar fad a fhaigheann na húdaráis inniúla cumhdaithe le dualgas na sicréideachta gairmiúla.

Airteagal 13

Sonraí pearsanta a chosaint agus tréimhsí coinneála

1.   Gníomhóidh na húdaráis inniúla mar rialaitheoirí ar na sonraí pearsanta arna bhfáil acu trí Airteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú.

2.   Is chun gníomhaíochtaí coiriúla a chosc agus a chomhrac, agus chuige sin amháin, a dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo.

3.   Ní bheidh rochtain ar an bhfaisnéis arna fáil trí Airteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú ach ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil agus déanfar an fhaisnéis a chosaint go cuí ar rochtain nó tarchur neamhúdaraithe. Mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, ní dhéanfar an fhaisnéis a nochtadh ná a tharchur gan údarú sainráite an údaráis inniúil a fuair na sonraí i dtosach. Ní bheidh an t-údarú sin riachtanach, áfach, i gcás ina gceanglaítear ar na húdaráis inniúla na sonraí sin a nochtadh nó a tharchur de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht, go háirithe i dtaca le himeachtaí dlí.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an AFA sonraí pearsanta a fhaightear trí Airteagail 3, 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú a stóráil go ceann tréimhse 5 bliana ón dáta a fuarthas na sonraí. Léirscriosfar na sonraí pearsanta sin ar dhul in éag don tréimhse sin.

5.   Féadfar an tréimhse choinneála a fhadú uair amháin le tréimhse eile nach faide ná 3 bliana breise, más rud é:

(a)

tar éis dó measúnú críochnúil a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcoinneáil bhreise sin, agus ar a chomhréire atá sí, agus go measann sé go bhfuil bonn cirt leis chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, go gcinneann an AFA gur gá an choinneáil bhreise; nó

(b)

tar éis dóibh measúnú críochnúil a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcoinneáil bhreise sin, agus ar a chomhréire atá sí, agus go measann siad go bhfuil bonn cirt leis chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil le rialuithe éifeachtacha a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid airgead tirim tionlactha nó an oibleagáid airgead tirim neamhthionlactha a dhearbhú faoi mar a leagtar síos faoin Rialachán seo, go gcinneann na húdaráis inniúla go bhfuil gá leis an gcoinneáil bhreise.

Airteagal 14

Pionóis

1. Tabharfaidh gach Ballstát pionóis isteach a mbeidh feidhm acu i gcás nach gcomhlíontar an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 3 nó an oibleagáid airgead tirim tionlactha a nochtadh, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón an 2 Nollaig 2018.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta seo a leanas chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla rialuithe i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach:

(a)

na teimpléid don fhoirm dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus don fhoirm nochta dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(b)

critéir don chreat comhchoiteann bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus, go háirithe, na critéir riosca, caighdeáin, agus réimsí rialaithe tosaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis arna malartú de bhun phointe (d) d’Airteagal 10(1), agus beartais agus dea-chleachtas de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta;

(c)

na rialacha teicniúla maidir le faisnéis a mhalartú go héifeachtach faoi Airteagal 9(1) agus (3) agus Airteagal 10 den Rialachán seo trí CFS, arna bhunú le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97;

(d)

an teimpléad don fhoirm chun faisnéis a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 10(3); agus

(e)

na rialacha agus an fhormáid atá le húsáid ag Ballstáit chun faisnéis staidrimh anaithnidithe maidir le dearbhuithe, rialuithe agus sáruithe de bhun Airteagal 18 a sholáthar don Choimisiún.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um Rialuithe ar Airgead Tirim cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharchur

1.   Faoin 4 Nollaig 2021, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún:

(a)

liosta na n-údarás inniúil;

(b)

na mionsonraí maidir leis na pionóis a thugtar isteach de bhun Airteagal 14;

(c)

faisnéis staidrimh anaithnidithe maidir le dearbhuithe, rialuithe agus sáruithe, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 16(1).

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na n-athruithe sin.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 ar fáil don Choimisiún gach 6 mhí ar a laghad.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) agus aon athruithe a dhéantar ar an bhfaisnéis ina dhiaidh sin de bhun mhír 2 ar fáil do na Ballstáit eile ar fad.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (c) de mhír 1 agus aon athruithe a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin ina dhiaidh sin de bhun mhír 2 a fhoilsiú gach bliain ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé úsáideoirí ar an eolas, ar bhealach soiléir, faoi na rialuithe i ndáil le hairgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.   Faoin 3 Nollaig 2021 agus gach 5 bliana as sin amach, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna fáil go rialta ó na Ballstáit, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír go háirithe, déanfar meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a)

ar cheart sócmhainní eile a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

an bhfuil an nós imeachta um nochtadh i gcás airgead tirim neamhthionlactha éifeachtúil;

(c)

ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach le haghaidh airgead tirim neamhthionlactha;

(d)

an bhfuil an sreabhadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 agus an bhfuil úsáid CFC, go háirithe, éifeachtúil, nó an ann do bhacainní ar mhalartú tráthúil agus díreach faisnéise comhoiriúnaí agus inchomparáide idir na húdaráis inniúla agus le hAFAnna; agus

(e)

an bhfuil pionóis arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus cibé an bhfuil na pionóis sin ina ndíspreagadh coibhéiseach ar fud an Aontais i dtaobh sárú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuil sé ar fáil:

(a)

faisnéis thiomsaithe arna fáil ó na Ballstáit maidir le hairgead tirim a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais; agus

(b)

faisnéis faoi mhalartú faisnéise le tríú tíortha.

Airteagal 20

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2009 a aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1889/98 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 3 Meitheamh 2021. Beidh feidhm ag Airteagal l6 ón 2 Nollaig 2018, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 246, 28.7.2017, lch. 22.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2018.

(3)  Treoir 91/308/CEE ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 maidir le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid a chosc (IO L 166, 28.6.1991, lch. 77).

(4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach sa Chomhphobal nó ag dul amach as (IO L 309, 25.11.2005, lch. 9).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch 53).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha agus cártaí réamhíoctha a mheastar a bheith coibhéiseach le hairgead tirim i gcomhréir le pointe (a) (iii) agus (iv) d’Airteagal 2(1)

1.

Tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha:

(a)

monaí le cion óir 90 % ar a laghad; agus

(b)

buillean amhail barraí, cnapanna nó meallta le cion óir 99,5 % ar a laghad.

2.

Cártaí réamhíoctha: P.M.

IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5

Airteagal 5(2)

Airteagal 6

Airteagal 4(2)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 5(1)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 10

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 11

Airteagal 21

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top