This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32017R1004
Regulation (EU) 2017/1004 of the European Parliament and of the Council of 17 May 2017 on the establishment of a Union framework for the collection, management and use of data in the fisheries sector and support for scientific advice regarding the common fisheries policy and repealing Council Regulation (EC) No 199/2008 (recast)
Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (athmhúnlú)
Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (athmhúnlú)
IO L 157, 20.6.2017, pp. 1–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
14/07/2021
|
20.6.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2017/1004 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2017
maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle
(athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (4). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú. |
|
(2) |
Rinneadh athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus na ceanglais i dtaca le bailiú sonraí in earnáil an iascaigh leagtha amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 25 den Rialachán sin. Thairis sin, rinneadh athchoiriú ar struchtúr na tacaíochta airgeadais a thugtar do ghníomhaíochtaí bailithe sonraí iascaigh na mBallstát le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(3) |
I gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh maidir le caomhnú, bainistiú agus saothrú beo-acmhainní uisceacha in uiscí nach uiscí an Aontais iad, ní mór don Aontas a bheith rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar chun acmhainní iascaigh a chaomhnú, go háirithe i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh le comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh. |
|
(4) |
Is é is aidhm don Rialachán seo rialacha a bhunú maidir le sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha a bhaineann le hearnáil an iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid. |
|
(5) |
Ba cheart go rannchuideodh an creat um bailiú sonraí le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach, lena n-áirítear cosaint na muirthimpeallachta, bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe dea-stádas comhshaoil sa mhuirthimpeallacht a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(6) |
Na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, ba cheart dóibh feidhm a bheith acu freisin maidir le sonraí a bhaineann le hearnáil an iascaigh, a bhfuil gá lena mbailiú faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear, Rialacháin (CE) Uimh. 1921/2006 (8), (CE) Uimh. 295/2008 (9),(CE), Uimh. 762/2008 (10), (CE) Uimh. 216/2009 (11),(CE), Uimh. 217/2009 (12), Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 (13), (AE) Uimh. 1236/2010 (14), (AE) Uimh. 1343/2011 (15) agus (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Treoracha 2000/60/CE (17), 2008/56/CE agus 2009/147/CE (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (19), (CE) Uimh. 812/2004 (20), (CE) Uimh. 1967/2006 (21), (CE) Uimh. 1100/2007 (22), agus (CE) Uimh. 1006/2008 (23), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (24), Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle (25) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 (26). |
|
(7) |
Chun dúbláil a sheachaint, áfach, i gcás ina mbailítear agus ina mbainistítear na sonraí a bhaineann leis an iascach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (27) agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), ba cheart don Rialachán seo na rialacha maidir le húsáid agus le tarchur sonraí den sórt sin, agus na rialacha sin amháin, a leagan síos. |
|
(8) |
Ba cheart go mbeadh na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar shonraí a chumhdaítear sa Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), mar aon le faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). |
|
(9) |
Ba cheart a áirithiú i gcónaí agus ar gach leibhéal, a mhéid a bhaineann le stóráil, próiseáil agus malartú sonraí, go ndéantar na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) a urramú. |
|
(10) |
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le tacar sainmhínithe. |
|
(11) |
Ba cheart an sainmhíniú ar “réigiúin mhuirí” a bheith bunaithe ar chúinsí eolaíocha. |
|
(12) |
Ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo ar chumas an Aontais agus a Bhallstát na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghnóthú. Chuige sin, tá clár ilbhliantúil de chuid an Aontais de dhíth chun iarrachtaí na mBallstát uile maidir le bailiú sonraí a chomhordú. Is iomchuí na príomhcheanglais agus na príomhchritéir a leagan amach chun clár ilbhliantúil den sórt sin de chuid an Aontais a bhunú, mar aon leis na comhairliúcháin atá le reáchtáil sula nglacfar é. |
|
(13) |
Ba cheart riachtanais sonraí úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha a shainaithint agus ba cheart go sonrófaí cad iad na sonraí atá le bailiú faoin Rialachán seo. Ar na sonraí sin ba cheart go n-áireofaí sonraí éiceachórais a bhaineann le tionchar an iascaigh agus sonraí ar inbhuanaitheacht an dobharshaothraithe, mar aon le sonraí socheacnamaíocha faoin iascach agus faoi dhobharshaothrú. |
|
(14) |
Ar mhaithe le simpliú agus le cuíchóiriú, ba cheart na sonraí atá le bailiú a roghnú ar bhonn riachtanas a bhfuil bunús soiléir tugtha ag úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha dóibh, ag cur ábharthacht eolaíoch agus úsáideacht na sonraí sin san áireamh. |
|
(15) |
Ba cheart go bhfágfadh na sonraí a bhailítear gur féidir na spriocanna a bhfuil gá leo i gcomhair cur chun feidhme na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, amhail rátaí básmhaireachta san iascaireacht agus bhithmhais stoic sceite, a chinntiú. Ba cheart freisin go bhfágfaidís gur féidir na bearnaí i gcumhdach na sonraí a bhaineann le cabhlach iascaireachta a dhúnadh agus le líon na stoc atá easpach i sonraí i réigiúin áirithe a laghdú. |
|
(16) |
Tá sé tábhachtach sonraí bitheolaíocha maidir le hiascaigh áineasa a bhailiú, i gcás ina bhfuil tionchar suntasach féideartha ar staid an stoic ann chun bainistiú atá bunaithe ar an éiceachóras agus caomhnú a chumasú de réir mar is gá chun an Comhbheartas Iascaigh a fheidhmiú, mar aon le feabhas a chur ar stocmheasúnú. |
|
(17) |
Chun bearta éigeandála agus bearta eile atá bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim a choinneáil, a choigeartú nó a tharraingt siar, bíonn gá le faisnéis bhreise de ghnáth. I gcás inar féidir é, ba cheart dá bhrí sin tosaíocht a thabhairt do bhailiú sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a fhorchuirtear ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim. |
|
(18) |
I bhfianaise na forbartha atá tagtha ar stádas acmhainní an iascaigh thar thréimhse ama, ní mór amshraitheanna sonraí a thógáil agus a chothabháil chun go bhféadfar faireachán eolaíoch fadtéarmach agus éifeachtach ar na hacmhainní sin a dhéanamh. |
|
(19) |
Is modh tábhachtach iad suirbhéanna taighde ar muir chun sonraí bitheolaíocha a bhailiú. I bhfianaise a dtábhachta i réigiúin mhuirí ina roinntear stoic, is iomchuí go ndéanfaí líon dóthanach de shuirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir ar leibhéal an Aontais. |
|
(20) |
Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit clár ilbhliantúil an Aontais chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trína bpríomhghníomhaíochtaí bailithe sonraí a leagan amach ina roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (p) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh 508/2014, arna fhorlíonadh le plean oibre um bailiú sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin. Ba cheart ceanglais maidir le hinneachar phleananna oibre den sórt sin a leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(21) |
Is iomchuí cur síos a thabhairt ar na bearta ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh agus ar na gnéithe ba cheart dóibh a chur san áireamh agus na modheolaíochtaí do bhailiú sonraí á mbunú acu ina gcuid pleananna oibre náisiúnta. D’fhonn a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach agus go haonchineálach, is gá freisin príomhcheanglais a leagan amach i ndáil le socruithe comhordúcháin náisiúnta, cearta na mbailitheoirí sonraí agus oibleagáidí atá ar mháistrí soithí iascaireachta. |
|
(22) |
De bhun Airteagal 19(1) agus Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ceanglaítear ar an gCoimisiún cláir oibríochtúla agus pleananna oibre náisiúnta na mBallstát agus aon leasuithe orthu a fhormheas. I gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáid agus tráthchláir a bhformheas. |
|
(23) |
Is iomchuí don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na pleananna oibre tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), chun a áirithiú go bhfuil na pleananna sin ag teacht leis na híoscheanglais arna leagan amach sa Rialachán seo. |
|
(24) |
Ar mhaithe le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí bailithe sonraí arna ndéanamh ag na mBallstáit a fhíorú, ní mór do na Ballstáit an tuairisciú don Choimisiún a dhéanamh i bhformáid chaighdeánaithe atá sainithe go soiléir agus a laghdaíonn an t-ualach riaracháin. |
|
(25) |
Is den riachtanas é go gcomhoibreoidh na Ballstáit le chéile, agus freisin le tríú tíortha, agus go gcomhordóidh siad a bpleananna oibre i ndáil le bailiú sonraí a bhaineann leis an réigiún muirí céanna agus i ndáil le réigiúin a chumhdaíonn uiscí ábhartha intíre. |
|
(26) |
I bhfianaise chuspóir an Chomhbheartais Iascaigh tuilleadh freagrachta a thabhairt do na Ballstáit agus rannpháirtíocht úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha sa bhailiú sonraí a mhéadú, ba cheart an comhordú réigiúnach a neartú agus a mhéadú ó aon chruinniú amháin go próiseas leanúnach arna chomhardú ag grúpaí um chomhordú réigiúnach do gach réigiún muirí. Sa chreat seo, ba cheart do Bhallstáit go mbeadh sé mar aidhm acu comhoibriú leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear tríú tíortha. |
|
(27) |
Ba cheart an cúram a chur ar na grúpaí um chomhordú réigiúnach sin nósanna imeachta, modhanna, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta do bhailiú agus do phróiseáil sonraí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, d’fhonn tuilleadh feabhais ar iontaofacht na comhairle eolaíche a chumasú. |
|
(28) |
Ba cheart freisin go mbeadh sé mar aidhm ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach bunachair sonraí réigiúnacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus ba cheart dóibh tús a chur leis na céimeanna ullmhúcháin a bhfuil gá leo chun an sprioc sin a ghnóthú. |
|
(29) |
Tá sé tábhachtach go mbainfí leas iomlán as sonraí do bhainistiú inbhuanaithe iascaigh agus do mheasúnú agus faireachán stoc agus éiceachóras, lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. |
|
(30) |
Ba cheart do na Ballstáit an chaoi a mbaileoidh siad sonraí a chinneadh, ach chun a bheith in ann sonraí ar leibhéal réigiúnach a chur le chéile ar bhealach ciallmhar, ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais maidir le cáilíocht, cumhdach agus comhoiriúnacht sonraí a chomhaontú ar an leibhéal réigiúnach, á chur san áireamh dóibh go mbainistítear imchuacha go comhpháirteach le tríú tíortha i roinnt réigiún. Nuair a bheidh comhaontú ginearálta ann maidir leis na modhanna ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart do na grúpaí um chomhordú réigiúnach, ar bhonn an chomhaontaithe sin, dréachtphlean oibre réigiúnach a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas. |
|
(31) |
Níor cheart go mbeadh mionsonraí na modheolaíochtaí atá le cur i bhfeidhm i mbailiú sonraí á chinneadh a thuilleadh le reachtaíocht Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart tuairisc ar an bpróiseas lena gcinntear modhanna ar leith bailithe sonraí a chur in ionad forálacha maidir leis na modhanna ar leith sin. Ba cheart, go bunúsach, go mbeadh comhar idir na Ballstáit agus úsáideoirí sonraí sna grúpaí um chomhordú réigiúnach ina chuid den phróiseas sin, agus ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún bailíochtú mar chuid den phróiseas freisin, trí fhormheas na bpleananna oibre a chuireann na Ballstáit isteach. |
|
(32) |
Ba cheart na sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur isteach i mbunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe sa chaoi go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún orthu agus go bhféadfar iad a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile. Ba cheart sonraí nach féidir daoine aonair a aithint leo, a bheith ar fáil gan srianta d’aon pháirtí a bhfuil leas acu in anailís a dhéanamh orthu, lena n-áirítear gnéithe comhshaoil den bhainistiú iascaigh. Chun na críocha sin, ba cheart a mheas go n-áirítear ar pháirtithe leasmhara seachas úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha aon duine aonair nó comhlacht a léiríonn go bhfuil leas den sórt sin acu. |
|
(33) |
Chun comhairle eolaíoch a thabhairt do lucht bainistíochta acmhainní iascaigh is gá próiseáil a dhéanamh ar shonraí mionsonraithe, chun dul i ngleic le riachtanais na mbainisteoirí iascaigh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí a chur ar fáil, ar sonraí iad atá de dhíth chun anailís eolaíoch a dhéanamh agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh an cumas teicniúil acu chun é sin a dhéanamh. |
|
(34) |
I gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is gá a áirithiú go mbeidh fáil thráthúil ar na sonraí ábhartha agus ar na modheolaíochtaí faoi seach ag na comhlachtaí a bhfuil leas taighde nó bainistithe acu san anailís eolaíoch a dhéantar ar shonraí san earnáil iascaigh agus ag aon pháirtithe leasmhara, seachas in imthosca ina n-éilítear cosaint agus rúndacht faoi dhlí infheidhme an Aontais. |
|
(35) |
Chun éifeacht iomlán a thabhairt do phointe (e) d’Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart do na Ballstáit próisis agus teicneolaíochtaí leictreonacha leordhóthanacha a bhunú chun a áirithiú go mbeidh sonraí ar fáil agus ba cheart dóibh comhoibriú le Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus le húsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha chun córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí a fhorbairt, agus Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) á gcur san áireamh. Ba cheart scaipeadh breise faisnéise a áirithiú freisin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Aontais araon. I ngach cás, ba cheart coimircí oiriúnacha amhail leibhéal níos airde comhiomlánaithe nó anaithnidiú sonraí a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil faisnéis sna sonraí a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta, ag cur san áireamh chuspóirí na próiseála, chineál na sonraí agus na rioscaí féideartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. |
|
(36) |
Is gá a áirithiú go ndéanfar na sonraí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh sonraí eolaíocha go tráthúil agus i bhformáid chaighdeánaithe, le córais chódaíochta shoiléire, toisc gur gá dóibh comhairle thráthúil a sholáthair chun iascaigh a bheith inbhuanaithe a chumasú. Ba cheart a áirithiú go bhfaighidh páirtithe leasmhara eile sonraí laistigh de spriocdháta áirithe freisin. |
|
(37) |
Chun feabhas a chur ar iontaofacht na comhairle eolaíche atá de dhíth chun an Comhbheartas Iascaigh a sheoladh, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún dul i mbun comhordú agus comhair le chéile sna comhlachtaí idirnáisiúnta eolaíocha ábhartha. |
|
(38) |
Ba cheart dul i gcomhairle le pobal na heolaíochta agus ba cheart iad siúd atá ag obair i dtionscal na hiascaireachta agus grúpaí leasa eile a choimeád ar an eolas faoi chur chun feidhme na bhforálacha maidir le bailiú sonraí. Is iad na comhlachtaí iomchuí chun na tuairimí atá de dhíth a fháil uathu ná CETEI agus na Comhairlí Comhairleacha arna mbunú de bhun Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(39) |
Chun gnéithe neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le liosta mionsonraithe de cheanglais sonraí a bhunú chun críocha an Rialacháin seo laistigh de chreat chlár ilbhliantúil an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (34). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(40) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le formheas dhréacht-phleananna oibre réigiúnacha arna gcur isteach ag grúpaí um chomhordú réigiúnach, agus i dtaca le nósanna imeachta, socruithe ó thaobh roinnt an chostais le haghaidh na rannpháirtíochta sna suirbhéanna taighde ar muir, limistéar an réigiúin mhuirí chun críche an bhailithe sonraí, agus formáid agus tráthchláir maidir le pleananna oibre réigiúnacha den sórt sin a chur faoina bhráid agus a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35). |
|
(41) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta a bhunú, laistigh de chreat chlár ilbhliantúil an Aontais, de shuirbhéanna taighde sainordaitheacha ar muir agus tairseacha a bhunú nach bhfuil sé sainordaitheach sonraí a bhailiú nó suirbhéanna taighde ar muir a dhéanamh faoi bhun na dtairseach sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(42) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na rialacha maidir le nósanna imeachta, le formáidí agus amchláir maidir le tuarascálacha bliantúla a chur faoina bhráid agus a fhormheas ó Bhallstáit don Choimisiún a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(43) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na rialacha nós imeachta, formáidí, cóid agus amchláir a bheidh le húsáid chun comhoiriúnacht na gcóras stórála agus malartaithe sonraí a áirithiú, agus chun coimircí a bhunú, i gcás inarb iomchuí, sa chás go mbeadh faisnéis san áireamh sna córais stórála a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(44) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat Aontais a bhunú do bhailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(45) |
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 a aisghairm. Ba cheart foráil a dhéanamh, áfach, do bhearta idirthréimhseacha maidir le cláir náisiúnta atá formheasta cheana agus maidir le clár ilbhliantúil an Aontais atá i bhfeidhm i láthair na huaire, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. D’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanann an Rialachán seo rialacha a bhunú maidir le sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnáil an iascaigh a bhailiú agus a bhainistiú, mar a fhoráiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
2. Ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú ach amháin mura bhfuil aon oibleagáid ann iad a bhailiú faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais seachas an Rialachán seo.
3. Maidir le sonraí a bhfuil gá leo do bhainistíocht iascaigh a bhailítear faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, ní dhéanann an Rialachán seo ach rialacha d’úsáid agus tarchur na sonraí sin a shainiú.
Airteagal 2
Cosaint sonraí
I gcás inarb iomchuí, comhlíonfaidh próiseáil, bainistiú agus úsáid na sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo Treoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus beidh siad gan dochar dóibh.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “earnáil an iascaigh” gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh tráchtála, iascaigh áineasa, dobharshaothrú agus tionscail phróiseála táirgí iascaigh; |
|
(2) |
ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear achmhainní bitheolaíocha mara chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt; |
|
(3) |
ciallaíonn “réigiún muirí” limistéar geografach a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, limistéar arna bhunú ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh nó limistéar atá sainmhínithe sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(11); |
|
(4) |
ciallaíonn “sonraí príomhúla” na sonraí a bhaineann le soithí aonair, daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó samplaí aonair; |
|
(5) |
ciallaíonn “meiteashonraí” sonraí lena dtugtar faisnéis cháilíochtúil nó chainníochtúil faoi na sonraí príomhúla a bailíodh; |
|
(6) |
ciallaíonn “sonraí mionsonraithe” sonraí atá bunaithe ar shonraí príomhúla i bhfoirm a fhágann nach féidir daoine nádúrtha ná eintitis dhlítheanacha a aithint go díreach ná go hindíreach astu; |
|
(7) |
ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe” an t-aschur a thagann as achoimre a dhéanamh ar na sonraí príomhúla nó mionsonraithe chun críocha sonracha anailíse; |
|
(8) |
ciallaíonn “breathnóir eolaíoch” duine a ainmnítear chun breathnú ar oibríochtaí iascaireachta i gcomhthéacs sonraí a bhailiú chun críocha eolaíoch agus atá ainmnithe ag comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta do bailiú sonraí; |
|
(9) |
ciallaíonn “sonraí eolaíocha” sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a bhailítear, a bhainistítear nó a úsáidtear faoin Rialachán seo. |
CAIBIDIL II
SONRAÍ A BHAILIÚ AGUS A BHAINISTIÚ FAOI CHUIMSIÚ CHREAT NA gCLÁR ILBHLIANTÚIL AN AONTAIS
ROINN 1
Cláir Ilbhliantúla an Aontais
Airteagal 4
Clár ilbhliantúil de chuid an Aontais a bhunú
1. Déanfaidh an Coimisiún clár ilbhliantúil de chuid an Aontais a bhunú do bhailiú agus bainistiú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i gcomhréir leis an inneachar agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 5.
Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais a chumhdaíonn nithe dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1) a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24.
Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais a chumhdaíonn nithe dá bhforáiltear i bpointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 5(1) a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
2. Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9, leis an CETEI agus aon chomhlacht eolaíoch iomchuí eile dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 5
Inneachar agus critéir do bhunú chlár ilbhliantúil an Aontais
1. Bunófar i gclár ilbhliantúla an Aontais:
|
(a) |
liosta mionsonraithe de na ceanglais sonraí arb é is aidhm leo cuspóirí Airteagal 2 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghnóthú; |
|
(b) |
liosta de na suirbhéanna taighde éigeantacha ar muir; |
|
(c) |
tairseacha ar faoina mbun nach bhfuil sé éigeantach do Bhallstáit sonraí a bhailiú bunaithe ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe nó suirbhéanna taighde ar muir a dhéanamh. |
2. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1:
|
(a) |
sonraí bitheolaíocha i leith gach stoc a ghabhtar nó a fhoghabhtar in iascaigh thráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, iascaigh áineasa an Aontais in uiscí laistigh agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear eascann agus bradán in uiscí intíre ábhartha, chomh maith le speicis eile d’éisc dhédhrómacha a bhfuil leas tráchtála ag gabháil leo, chun cur chuige bunaithe ar éiceachóras a chumasú i dtaca le bainistiú agus caomhnú iascaigh de réir mar is gá le haghaidh oibriú an Chomhbheartais Iascaigh; |
|
(b) |
sonraí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar iascaigh an Aontais ar an éiceachóras muirí in uiscí an Aontais agus in uiscí lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear sonraí faoi fhoghabhálacha speiceas nach spriocspeicis iad, go háirithe speicis atá cosanta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, sonraí maidir leis na tionchair atá ag iascaigh ar ghnáthóga muirí lena n-áirítear limistéir mhuirí leochaileacha agus sonraí maidir leis na tionchair atá ag iascaigh ar ghréasáin bhia; |
|
(c) |
sonraí maidir le gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí laistigh agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear leibhéil iascaireachta agus iarrachta agus acmhainneacht chabhlach an Aontais; |
|
(d) |
sonraí socheacnamaíocha maidir le hiascaigh chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch earnáil iascaigh an Aontais; |
|
(e) |
sonraí socheacnamaíocha agus sonraí inbhuanaitheachta maidir le dobharshaothrú muirí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch agus ar inbhuanaitheacht earnáil dobharshaothraithe an Aontais, lena n-áirítear tionchar na hearnála sin ar an gcomhshaol; |
|
(f) |
sonraí socheacnamaíocha maidir leis an earnáil próiseála éisc chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch na hearnála sin. |
3. Sa bhreis air sin, féadfar a áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 sonraí socheacnamaíocha agus sonraí inbhuanaitheachta maidir le dobharshaothrú fionnuisce ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch agus ar inbhuanaitheacht earnáil dobharshaothraithe an Aontais, lena n-áirítear tionchar na hearnála ar an gcomhshaol.
4. Chun críche clár ilbhliantúil an Aontais a bhunú, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
riachtanais faisnéise le haghaidh bhainistiú agus chur chun feidhme éifeachtach an Chomhbheartais Iascaigh, d’fhonn a chuspóirí, a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a ghnóthú. Beifear in ann na spriocanna is gá chun cur chun feidhme na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin a chinntiú leis an bhfaisnéis sin; |
|
(b) |
an gá atá le sonraí atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun críche cinntí maidir le bainistiú iascach agus cosaint éiceachóras lena n-áirítear speicis agus gnáthóga leochaileacha; |
|
(c) |
an gá atá le sonraí agus ábharthacht na sonraí sin le haghaidh forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe ar leibhéal an Aontais, ag cur san áireamh gur tionchair áitiúla go príomha a bheadh aige sin; |
|
(d) |
an gá atá le tacaíocht a thabhairt do mheasúnuithe tionchair ar bhearta beartais; |
|
(e) |
costais agus sochair, agus aird á tabhairt ar na réitigh is costéifeachtaí chun cuspóir an bhailithe sonraí a bhaint amach; |
|
(f) |
an gá atá le cur isteach ar na hamshraitheanna reatha a sheachaint; |
|
(g) |
an gá atá le simpliú a dhéanamh agus dúbailt a sheachaint sa bhailiú sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 1; |
|
(h) |
i gcás inarb ábhartha, an gá atá le sonraí chun iascaigh a chumhdach, ar iascaigh iad atá easnamhach ó thaobh sonraí de; |
|
(i) |
sainiúlachtaí réigiúnacha agus comhaontuithe réigiúnacha arna dtabhairt i gcrích sna grúpaí um chomhordú réigiúnach; |
|
(j) |
oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta a Bhallstát; |
|
(k) |
cumhdach spáis agus ama na ngníomhaíochtaí bailithe sonraí. |
5. Déanfar liosta na suirbhéanna éigeantacha taighde ar muir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus na ceanglais seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(a) |
riachtanais faisnéise le haghaidh bhainistiú an Chomhbheartais Iascaigh, d’fhonn a chuspóirí, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a ghnóthú; |
|
(b) |
riachtanais faisnéise a eascraíonn as comhordú agus cuíchóiriú arna chomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta; |
|
(c) |
riachtanais faisnéise chun meastóireacht a dhéanamh ar phleananna bainistíochta; |
|
(d) |
riachtanais faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar athróga éiceachóras; |
|
(e) |
riachtanais faisnéise ó thaobh ceantair stoic a chumhdach go leormhaith; |
|
(f) |
an gá atá le dúbailt a sheachaint idir na suirbhéanna taighde ar muir; agus |
|
(g) |
an gá atá le cur isteach ar amshraitheanna a sheachaint. |
6. I gcás stoc atá faoi réir teorainneacha gabhála, beidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht na mBallstát éagsúil sna suirbhéanna taighde ar muir, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, bunaithe ar sciar na mBallstát ábhartha i ngabhálacha iomlána incheadaithe atá ar fáil don Aontas do na stoc lena mbaineann. I gcás stoc nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, beidh na rialacha sin bunaithe ar sciar coibhneasta na mBallstát ábhartha i saothrú iomlán na stoc lena mbaineann.
7. I gcás stoc atá faoi réir teorainneacha gabhála, déanfar an tairseach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a leagan ar bhonn sciar na mBallstát lena mbaineann sna gabhálacha iomlána incheadaithe atá ar fáil don Aontas le haghaidh an stoic lena mbaineann. I gcás stoc nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, déanfar an tairseacha sin a leagan ar bhonn sciar coibhneasta na mBallstát ábhartha i saothrú iomlán na stoc lena mbaineann. Maidir leis an earnáil dobharshaothraithe agus phróiseála beidh na tairseacha sin bunaithe ar mhéid atá coibhéiseach leis na hearnálacha sin sa Bhallstát.
ROINN 2
Cur chun feidhme chlár ilbhliantúil an Aontais ag na Ballstáit
Airteagal 6
Pleananna oibre náisiúnta
1. Gan dochar do na hoibleagáidí maidir le bailiú sonraí faoi dhlí an Aontais atá orthu faoi láthair, baileoidh na Ballstáit sonraí faoi chuimsiú cláir oibríochtúil, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, agus plean oibre arna tharraingt suas i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais agus de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (“plean oibre náisiúnta”).
2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus é ag formheas na bpleananna oibre náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, an mheastóireacht arna seoladh ag CETEI i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo. Má thugann an mheastóireacht sin le fios nach gcomhlíonann an plean oibre náisiúnta an tAirteagal seo nó nach n-áirithíonn sé ábharthacht eolaíoch na sonraí nó cáilíocht leordhóthanach na modhanna agus nósanna imeachta atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas láithreach agus molfaidh sé leasuithe ar an bplean oibre sin ar leasuithe iad a mheasann a Coimisiún go bhfuil gá leo. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean oibre náisiúnta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin.
3. Beidh cur síos mionsonraithe i bpleananna oibre náisiúnta ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na sonraí atá le bailiú i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais; |
|
(b) |
an dáileadh ama agus spáis agus an mhinicíocht lena mbaileofar na sonraí; |
|
(c) |
foinse na sonraí, na nósanna imeachta agus na modhanna arb é is aidhm leo na sonraí a bhailiú agus iad a phróiseáil ina dtacair sonraí a chuirfear ar fáil d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha; |
|
(d) |
an creat dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta arb é is aidhm leis a áirithiú go mbeidh cáilíocht leordhóthanach sna sonraí i gcomhréir le hAirteagal 14; |
|
(e) |
an fhormáid ina gcaithfear na sonraí a chur ar fáil agus cathain a chaithfear na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha, ag cur san áireamh riachtanais sainithe úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha, más eol iad; |
|
(f) |
na socruithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le comhar agus comhordú, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha arna gcur i gcrích chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú; agus |
|
(g) |
an chaoi ar cuireadh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus a mBallstát san áireamh. |
4. Agus a phlean oibre náisiúnta á ullmhú aige, faoi chuimsiú na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9, oibreoidh gach Ballstát i gcomhar leis na Ballstáit eile agus déanfaidh sé a iarrachtaí a chomhordú leo, go háirithe leis na Ballstáit sin sa réigiún muirí céanna, chun a áirithiú go mbeidh cumhdach leordhóthanach éifeachtúil ann agus chun dúbailt a sheachaint sna gníomhaíochtaí bailithe sonraí. Sa phróiseas sin, beidh sé d’aidhm ag Ballstáit tathant ar pháirtithe leasmhara ábhartha páirt a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an comhar agus an comhordú seo tarlú lasmuigh de chreat na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach.
Airteagal 7
Comhfhreagraithe náisiúnta
1. Ainmneoidh gach Ballstát comhfhreagraí náisiúnta agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina thaobh. Feidhmeoidh an comhfhreagraí náisiúnta mar lárphointe don mhalartú faisnéise idir an Coimisiún agus an Ballstát a mhéid a bhaineann le hullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta.
2. Thairis sin, déanfaidh an comhfhreagraí náisiúnta, go háirithe, na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
ullmhú na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11 a chomhordú; |
|
(b) |
tarchur faisnéise a áirithiú laistigh den Bhallstát; agus |
|
(c) |
comhordú a dhéanamh ar fhreastal saineolaithe ábhartha ar chruinnithe sainghrúpa arna n-eagrú ag an gCoimisiún agus ar rannpháirtíocht sna grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9. |
3. Má tá roinnt comhlachtaí i mBallstát rannpháirteach i gcur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta, beidh an comhfhreagraí náisiúnta freagrach as comhordú na hoibre sin.
4. Áiritheoidh gach Ballstáit go mbeidh sainordú leordhóthanach ag a gcomhfhreagraí náisiúnta ionas go mbeidh ar a chumas ionadaíocht a dhéanamh ar a Bhallstát sna grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9.
Airteagal 8
Comhar laistigh den Aontas
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí chun feabhas breise a chur ar cháilíocht, ar thráthúlacht agus ar chumhdach a sonraí agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas breise ar iontaofacht na modhanna bailithe sonraí, d’fhonn feabhas a chur ar a ngníomhaíochtaí bailithe sonraí.
Airteagal 9
Comhar agus comhordú réigiúnach
1. Amhail dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, deanfaidh na Ballstáit a ngníomhaíochtaí bailithe sonraí a chomhordú leis na Ballstáit eile sa réigiún muirí céanna agus déanfaidh siad gach iarracht a ngníomhaíochtaí a chomhordú le tríú tíortha a bhfuil ceannasacht nó dlínse acu ar uiscí sa réigiún muirí céanna.
2. Chun comhordú réigiúnach a éascú, bunóidh na Ballstáit ábhartha grúpaí um chomhordú réigiúnach le haghaidh gach réigiúin muirí.
3. Beidh sé d’aidhm ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach nósanna imeachta, modhanna, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme do bhailiú agus do phróiseáil sonraí d’fhonn feabhas breise a chur ar iontaofacht na comhairle eolaíche. Chun na críche sin, beidh sé d’aidhm ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach bunachair sonraí réigiúnacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
4. Beidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach comhdhéanta de shaineolaithe arna n-ainmniú ag Ballstáit, lena n-áirítear comhfhreagraithe náisiúnta, agus an Coimisiún.
5. Déanfaidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach rialacha nós imeachta dá gcuid gníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chomhaontú.
6. Rachaidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach i mbun comhordaithe le chéile agus leis an gCoimisiún i gcásanna ina bhfuil saincheisteanna ann a dhéanann difear do roinnt réigiún muirí.
7. Iarrfar ar ionadaithe úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, eagraíochtaí bainistithe na n-iascach réigiúnach, Comhairlí Comhairleacha, agus tríú tíortha, freastal ar chruinnithe na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach mar bhreathnóirí, i gcás inar gá sin.
8. Féadfaidh grúpaí um chomhordú réigiúnach dréachtphleananna oibre réigiúnacha a ullmhú, a bheidh i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus le clár ilbhliantúil an Aontais. Féadfar a áireamh na dréacht-phleananna oibre réigiúnacha sin nósanna imeachta, modhanna, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 agus i mír 5 d’Airteagal 5, straitéisí samplála arna gcomhordú ar bhonn réigiúnach agus na coinníollacha a ghabhann le soláthar na sonraí sna bunachair sonraí réigiúnacha. Féadfaidh socruithe le haghaidh comhroinnt na gcostas a bhaineann leis an rannpháirtíocht sna suirbhéanna taighde ar muir a bheith i iontu freisin.
9. I gcás ina n-ullmhófar dréachtphlean oibre réigiúnach, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina mbeidh feidhm ag an bplean oibre réigiúnach, ach amháin má tá plean reatha fós i bhfeidhm, agus sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra é sin in iúl don Choimisiún ina leith. Féadfaidh an Coimisiún na dréachtphleananna oibre réigiúnacha a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, meastóireacht CETEI dá dtagraítear in Airteagal 10. Má thugann an mheastóireacht sin le fios nach bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ag dréachtphlean oibre réigiúnach nó nach n-áirithíonn sé ábharthacht eolaíoch na sonraí nó cáilíocht leordhóthanach na modhanna agus nósanna imeachta atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach agus molfaidh sé leasuithe ar an dréachtphlean oibre sin ar leasuithe iad a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach. Ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann dréachtphlean oibre réigiúnach athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin.
10. Measfar plean oibre réigiúnach a bheith ag teacht in ionad nó ag forlíonadh na gcodanna ábhartha de phleananna oibre náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann.
11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, socruithe le haghaidh comhroinnt na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht sna suirbhéanna taighde ar muir, limistéar an réigiúin mhuirí chun críche an bhailithe sonraí, agus formáidí agus tráthchláir maidir leis na pleananna oibre réigiúnacha a chur faoina bhráid agus a fhormheas, amhail dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
Airteagal 10
Meastóireacht ar phleananna oibre ag CETEI
Déanfaidh CETEI meastóireacht ar na pleananna oibre náisiúnta agus ar na dréachtphleananna oibre réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 9. Chun na críche sin cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
go bhfuil na pleananna oibre agus aon leasuithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 9; agus |
|
(b) |
ábharthacht eolaíoch na sonraí atá cumhdaithe ag na pleananna oibre chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) agus cáilíocht na modhanna agus na nósanna imeachta atá beartaithe. |
Airteagal 11
Meastóireacht agus formheas ar thorthaí na bpleananna oibre náisiúnta
1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún gach bliain i ndáil le cur chun feidhme a bpleananna oibre náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí agus tráthchláir maidir le tuarascálacha bliantúla a chur faoina bhráid agus a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
2. I gcomhréir le hAirteagal 10, déanfaidh CETEI meastóireacht orthu seo a leanas:
|
(a) |
forghníomhú na bpleananna oibre náisiúnta; agus |
|
(b) |
cáilíocht na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit. |
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta ar bhonn na nithe seo a leanas:
|
(a) |
meastóireacht CETEI; agus |
|
(b) |
an comhairliúchán leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh iomchuí a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus leis na comhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta ábhartha. |
ROINN 3
Ceanglais i dtaca leis an bpróiseas bailithe sonraí
Airteagal 12
Rochtain ar na láithreacha samplála
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag bailitheoirí sonraí, arna n-ainmniú ag an gcomhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta ar gach gabháil, gach soitheach agus láthair samplála eile, gach clár gnó agus aon sonraí eile is gá chun a gcuid dualgas a dhéanamh.
2. Ligfidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais do bhreathnóirí eolaíocha teacht ar bord agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun go mbeidh siad in ann a gcuid dualgas a dhéanamh agus iad ar bord soithí iascaireachta an Aontais, chomh maith le húsáid modhanna eile bailithe sonraí i gcás inarb iomchuí, a leagtar amach i bpleananna oibre náisiúnta, gan dochar do na hoibleagáidí idirnáisiúnta.
3. Ní fhéadfaidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais gan ligean do na breathnóirí eolaíocha atá ag oibriú faoin scéim um fhaireachán ar muir teacht ar bord ach amháin de dhroim easpa shoiléir slí a bheith ar an soitheach nó ar chúiseanna sábháilteachta atá i gcomhréir le dlí náisiúnta. Sna cásanna sin, baileofar na sonraí trí mhodhanna eile bailithe sonraí a leagtar amach i bpleananna oibre náisiúnta agus déanfaidh an comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta na modhanna sin a cheapadh agus a rialú.
ROINN 4
An próiseas bainistithe sonraí
Airteagal 13
Stóráil sonraí
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh siad go ndéanfar na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a stóráil go sábháilte i mbunachair sonraí ríomhairithe agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcaithfear leo mar shonraí rúnda; |
|
(b) |
áiritheoidh siad go ndéanfar meiteashonraí a bhaineann leis na sonraí socheacnamaíocha príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a stóráil go sábháilte i mbunachair sonraí ríomhairithe; |
|
(c) |
déanfaidh siad gach beart teicniúil is gá chun sonraí den sórt sin a chosaint ar aon scriosadh timpisteach nó aindleathach, ar aon chaillteanas timpisteach, ar mheathlú, nó ar iad a cheadú go neamhúdaraithe nó ar dháileadh. |
Airteagal 14
Rialú cáilíochta agus bailíochtú sonraí
1. Beidh freagracht ar na Ballstáit as cáilíocht agus iomláine na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta, agus as na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe arna ndíorthú astu a tharchuirtear chuig úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit:
|
(a) |
go ndéanfar na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a sheiceáil go cuí féachaint an bhfuil earráidí iontu, trí bhíthin nósanna imeachta iomchuí um rialú cáilíochta; |
|
(b) |
go mbailíochtófar na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe arna ndíorthú ó na sonraí príomhúla a bhailítear faoi na pleananna oibre náisiúnta sula ndéanfar iad a tharchur chuig úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha; |
|
(c) |
go ndéanfar na nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a chuirtear i bhfeidhm ar na sonraí príomhúla, mionsonraithe agus comhiomlánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a fhorbairt i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna nglacadh ag na comhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta, ag na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, ag CETEI agus ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach. |
CAIBIDIL III
ÚSÁID SONRAÍ
Airteagal 15
Rochtain ar shonraí príomhúla agus tarchur na sonraí sin
1. Chun críche fíorú a dhéanamh go bhfuil na sonraí príomhúla arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ann, seachas sonraí socheacnamaíocha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar na bunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13.
2. Chun críche fíorú a dhéanamh ar na sonraí socheacnamaíocha arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar na bunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13.
3. Déanfaidh na Ballstáit comhaontuithe leis an gCoimisiún chun rochtain éifeachtach agus gan bhac a áirithiú don Choimisiún ar a mbunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, gan dochar do na hoibleagáidí atá bunaithe faoi rialacha eile an Aontais.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí príomhúla a bhaileofar faoi na suirbhéanna taighde ar muir a tharchur chuig na heagraíochtaí eolaíocha idirnáisiúnta agus chuig comhlachtaí eolaíocha iomchuí laistigh de na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát.
Airteagal 16
Sonraí príomhúla a phróiseáil
1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí príomhúla a phróiseáil agus tacair de sonraí mionsonraithe nó comhiomlánaithe a dhéanamh díobh i gcomhréir le:
|
(a) |
caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, i gcás inarb infheidhme; |
|
(b) |
prótacail arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta nó réigiúnach, i gcás inarb infheidhme. |
2. Tabharfaidh an Ballstát tuairisc d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus don Choimisiún, aon uair is gá, ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí a iarradh a phróiseáil agus ar airíonna staidrimh na modhanna sin.
Airteagal 17
An nós imeachta chun a áirithiú go mbeidh sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ar fáil
1. Bunóidh na Ballstáit próisis agus teicneolaíochtaí leictreonacha leormhaithe chun a áirithiú go gcuirfear Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus an Rialachán seo, i bhfeidhm go héifeachtach. Staonfaidh siad ó aon srianta nach bhfuil gá leo ar shonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe a scaipeadh ar úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus ar pháirtithe leasmhara eile.
2. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh coimircí iomchuí ann, i gcás ina mbeidh faisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha sainaitheanta nó insainaitheanta sna sonraí. Féadfaidh Ballstát a dhiúltú na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ábhartha a tharchur má tá an baol ann go bhféadfaí daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha a shainaithint, agus sa chás sin féadfaidh an Ballstát lena mbaineann modhanna eile a mholadh chun riachtanais úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha a chomhlíonadh a dhéanfaidh anaithnideacht a áirithiú.
3. Sa chás ina ndéanfaidh úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha iarrataí a bheadh le húsáid mar bhonn do chomhairle a chuirfí ar lucht bainistithe iascach, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe cothrom le dáta agus go gcuirfear iad ar fáil d’úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha laistigh de na sprioc-amanna a leagfar síos san iarraidh, agus ní fhéadfaidh an tréimhse sin a bheith níos giorra ná aon mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar na sonraí sin.
4. Sa chás iarrata seachas na hiarratais dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh Ballstáit go dtabharfar na sonraí ábhartha cothrom le dáta agus go gcuirfear iad ar fáil d’úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile laistigh de thréimhse ama réasúnta. Laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh, cuirfidh na Ballstáit an té a d’iarr na sonraí ar an eolas faoin méid ama a thógfaidh sé iad a sholáthar, agus beidh sé sin comhréireach le raon feidhme an iarratais, agus leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí a iarradh.
5. I gcás ina mbeidh gá tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí a bailíodh cheana, ar sonraí iad arna n-iarraidh ag úsáideoirí deiridh eile na sonraí eolaíocha seachas na húsáideoirí dá dtagraítear i mír 3 nó páirtithe leasmhara eile, féadfaidh na Ballstáit na costais iarbhír a bhainfidh le próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí is gá a ghearradh ón bpáirtí iarrthach sula ndéanfaidh an Ballstát na sonraí sin a tharchur.
6. I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a údarú go ndéanfar an sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 a fhadú.
7. I gcás ina n-iarrtar sonraí lena bhfoilsiú i bhfoilseacháin eolaíochta, féadfaidh na Ballstáit, ar mhaithe le leasanna gairmiúla na mbailitheoirí sonraí a chosaint, ar bailitheoirí sonraí iad a d’ainmnigh an comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta, ceangal a leagan síos go gcuirfear moill trí bliana ar fhoilsiú na sonraí ón dáta dá dtagraíonn na sonraí. Cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh den sórt sin agus maidir leis na cúiseanna atá leis.
Airteagal 18
Córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí
1. D’fhonn costais a laghdú agus rochtain ar shonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe a éascú d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile, oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún, comhlachtaí comhairleacha eolaíocha agus aon úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha i gcomhar le chéile chun córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí a fhorbairt, agus forálacha Threoir 2007/2/CE á gcur san áireamh acu. Éascóidh na córais sin scaipeadh faisnéise chuig páirtithe leasmhara eile freisin. Féadfaidh na córais sin a bheith ina mbunachair sonraí réigiúnacha. Féadfar na pleananna oibre réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 9(8) den Rialachán seo a úsáid mar bhonn chun teacht ar chomhaontú faoi chórais den sórt sin.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí, cóid agus amchláir a bheidh le húsáid chun comhoiriúnacht na gcóras stórála agus malartaithe sonraí a áirithiú, agus chun coimircí a bhunú, i gcás inarb iomchuí, sa chás go mbeadh faisnéis san áireamh sna córais stórála agus malartaithe sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar sonraí iad a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
Airteagal 19
Athbhreithniú ar dhiúltú sonraí a sholáthar
Má dhiúltaíonn Ballstát sonraí a sholáthar faoi Airteagal 17(7), féadfaidh úsáideoir deiridh na sonraí eolaíocha a iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an diúltú. Má fhionnann an Coimisiún nach diúltú cuí-réasúnaithe an diúltú, féadfaidh sé ceangal a chur ar an mBallstát na sonraí a sholáthar d’úsáideoir deiridh na sonraí eolaíocha laistigh d’aon mhí amháin.
Airteagal 20
Oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus ar pháirtithe leasmhara eile
1. Úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus páirtithe leasmhara:
|
(a) |
ní úsáidfidh siad na sonraí ach chun na críche a bheidh sonraithe san iarraidh ar fhaisnéis uathu i gcomhréir le hAirteagal 17; |
|
(b) |
déanfaidh siad foinsí na sonraí a admháil mar is cuí; |
|
(c) |
beidh siad freagrach as úsáid chuí oiriúnach a bhaint as na sonraí ó thaobh na heitice eolaíochta de; |
|
(d) |
cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon fhadhbanna a mheastar a bheith ag roinnt leis na sonraí; |
|
(e) |
soláthróidh siad tagairtí do na torthaí ar úsáid na sonraí do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún; |
|
(f) |
ní sheolfaidh siad na sonraí a iarradh ar aghaidh chuig tríú páirtithe gan toiliú an Bhallstáit lena mbaineann; |
|
(g) |
ní dhíolfaidh siad na sonraí le haon tríú páirtí. |
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon neamhchomhlíonadh a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha nó páirtithe leasmhara eile.
3. I gcás nach gcomhlíonann úsáideoirí deiridh ná sonraí eolaíocha aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann rochtain na n-úsáideoirí sonraí ar na sonraí a theorannú nó a dhiúltú.
CAIBIDIL IV
TACAÍOCHT A THABHAIRT DO CHOMHAIRLE EOLAÍOCH
Airteagal 21
Rannpháirtíocht i gcruinnithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta
Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcuid saineolaithe náisiúnta páirt i gcruinnithe ábhartha d’eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus de chomhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta.
Airteagal 22
Comhordú agus comhar idirnáisiúnta
1. Comhordóidh na Ballstáit agus an Coimisiún a gcuid iarrachtaí agus rachaidh siad i gcomhar le chéile chun feabhas breise a chur ar cháilíocht, ar thráthúlacht agus ar chumhdach na sonraí ionas gur féidir feabhas breise a chur ar iontaofacht na comhairle eolaíche agus ar cháilíocht phleananna oibre agus mhodhanna oibre na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus de chomhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta.
2. Déanfar an comhordú agus an comhar sin gan dochar do dhíospóireacht oscailte eolaíoch agus beidh sé mar aidhm aige comhairle eolaíoch neamhchlaonta a chur chun cinn.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 23
Faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le CETEI, faireachán ar dhul chun cinn na bpleananna oibre sa Choiste um iascach agus dobharshaothrú dá dtagraítear in Airteagal 25.
2. Faoin 11 Iúil 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 24
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón 10 Iúil 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 25
Nós imeachta coiste
1. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh an Coiste um iascach agus dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 26
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
1. Déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 a aisghairm le héifeacht ón 10 Iúil 2017.
2. D’ainneoin mhír 1:
|
(a) |
beidh feidhm fós ag na forálacha aisghairthe i leith cláir náisiúnta arna bhformheas roimh an 10 Iúil 2017. |
|
(b) |
clár ilbhliantúil an Aontais a bheidh i bhfeidhm an 10 Iúil 2017, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, fanfaidh sé i bhfeidhm don tréimhse a mhairfidh sé nó go dtí go mbeidh glactha le clár ilbhliantúil nua don Aontas faoin Rialachán seo, cibé acu is túisce. |
3. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.
Airteagal 27
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Bealtaine 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. ABELA
(1) IO C 13, 15.1.2016, lch. 201.
(2) IO C 120, 5.4.2016, lch. 40.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Márta 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2017.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíocha a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle. (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(7) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochta Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le tíolacadh sonraí staidrimh i ndáil le táirgí iascaigh a chuirtear i dtír i mBallstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1382/91 (IO L 403, 30.12.2006, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 97, 9.4.2008 lch. 13)
(10) Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le tíolacadh staidrimh i ndáil le dobharshaothrú ag Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 788/96 ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 1).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (IO L 87, 31.3.2009, lch. 42).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(16) Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO L 354, 23.12.2016, lch. 1).
(17) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(18) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic domhainfharraige a iascach (IO L 351, 28.12.2002, lch. 6).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena leagtar síos bearta maidir le gabhálacha céiticeach de thaisme in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d’uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 33).
(24) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(25) Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2010 maidir le formheas, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Leasaithe ar an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 321, 7.12.2010, p.1).
(26) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 an 6 Feabhra 2017 maidir leis an clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(28) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(29) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(30) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(31) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(32) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(33) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(34) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(35) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh 199/2008 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(1) |
|
— |
Airteagal 1(2) |
|
— |
Airteagal 1(3) |
|
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 2(a), (c) go (h) |
Airteagal 3(1) go (7) |
|
Airteagal 2(b), (i), (j), (k), |
— |
|
— |
Airteagal 3(8) agus (9)) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal s 4 agus 5 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal s 8 agus 9 |
|
— |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 8 |
— |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 12(2) agus (3) |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 5(1)(b) agus (5) |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 15 |
— |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 16 |
|
Airteagail 18, 19 agus 20 |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 20 |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 22 |
|
Airteagail 25 agus 27 |
Airteagail 24 agus 25 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 23(1) |
|
— |
Airteagal 23(2) |
|
Airteagal 28 |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 27 |
|
Iarscríbhinn |
Iarscríbhinn |