This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Consolidated version of the Treaty establishing the European Atomic Energy Community#TITLE II - PROVISIONS FOR THE ENCOURAGEMENT OF PROGRESS IN THE FIELD OF NUCLEAR ENERGY#CHAPTER 6 - Supplies#Article 52
Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
TEIDEAL II - FORÁLACHA CHUN ASCNAMH A SPREAGADH I RÉIM AN FHUINNIMH NÚICLÉACH
CAIBIDIL 6 - Soláthairtí
Airteagal 52
Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
TEIDEAL II - FORÁLACHA CHUN ASCNAMH A SPREAGADH I RÉIM AN FHUINNIMH NÚICLÉACH
CAIBIDIL 6 - Soláthairtí
Airteagal 52
OJ C 203, 7.6.2016, p. 24–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/euratom_2016/art_52/oj
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/24 |
Airteagal 52
1. Déanfar soláthar mianta, bunábhar agus ábhar inscoilte speisialta a áirithiú, de réir fhorálacha na Caibidle seo, trí bhíthin beartais chomhsholáthair ar phrionsabal na comhrochtana ar na foinsí soláthair.
2. Chun na críche sin agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo:
(a) |
toirmiscfear gach cleachtas a bheidh ceaptha chun ionad pribhléide a áirithiú d'úsáidirí áirithe, |
(b) |
bunaítear leis seo Gníomhaireacht a mbeidh ceart aici chun rogha ar mhianta, bunábhair agus ábhair inscoilte speisialta a tháirgtear i gcríocha Ballstát agus ceart eisiatach chun conarthaí a dhéanamh maidir le soláthar mianta, bunábhar agus ábhar inscoilte speisialta ó laistigh den Chomhphobal nó ó lasmuigh de. |
Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht idirdhealú ar bith a dhéanamh idir úsáidirí mar gheall ar an úsáid atá siad chun a bhaint as soláthairtí a d'iarr siad mura úsáid mhídhleathach í nó go bhfaighfear go bhfuil sí contrártha do na coinníollacha a d'fhorchuir soláthróirí lasmuigh den Chomhphobal ar an gcoinsíneacht a bheidh i gceist.