EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2021-02647-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Digiteáil don uile dhuine

EESC-2021-02647-AC

GA

INT/943

Digiteáil don uile dhuine

DRÉACHT-TUAIRIM

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

An Digiteáil Chuimsitheach, Shlán agus Iontaofa don Uile Dhuine a nuashonrú

[
tústuairim]

Rapóirtéir: Philip VON BROCKDORFF

Comhrapóirtéir: Violeta JELIĆ

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Slóivéine, 19/03/2021

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

15/06/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

07/07/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

562

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

221/0/3



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Molann CESE beartas rialtais digiteach cuimsitheach AE a ghlacadh gan mhoill, forbairt ar Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 2016/2020, Dearbhú Thaillinn ar Ríomhsheirbhísí Rialtais, Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus rialtas digiteach luachbhunaithe. 1  Aithnítear i gconclúidí na Comhairle go bhfuil freagracht bhreise ar na riaracháin phoiblí a áirithiú go gcuirfear cóir chothrom ar shaoránaigh agus go mbeidh siad i dteideal na gceart rochtana céanna ar rialtas digiteach.

1.2I saothrú na cuimsitheachta, molann CESE go gcuirfeadh na rialtais straitéisí cuimsitheacha ar bun ag tacú le bearta agus reachtaíocht atá imleor agus comhréireach, chun idir-inoibritheacht, cáilíocht, duinelárnacht, trédhearcacht, slándáil, sábháilteacht agus inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus táirgí digiteacha a áirithiú mar aon le rochtain bharrfheabhais ar shláinte agus oideachas agus deiseanna eacnamaíocha agus cultúrtha. Ní mór do rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla digitiú a luaithe is féidir agus cur chun feidhme na mbonneagar nua digiteach a bhrostú, 5G san áireamh.

1.3Aithníonn CESE go mbeidh gá le hinfheistíocht ollmhór ó na rialtais chun an chuimsitheacht a bhaint amach. Glactar leis thairis sin maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát go mbeidh áit lárnach ag an gcuimsitheacht sa chlaochlú digiteach atá pleanáilte, ag baint sochair as Ciste AE um Aistriú Cóir, ciste teoranta, mar chuid d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an gclár don Eoraip Dhigiteach agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)).

1.4Aithníonn CESE go bhféadfadh an digiteáil idir dheiseanna agus bhagairtí a chur ar fáil le haghaidh gnólachtaí. Chuige sin caithfidh na rialtais tacaíocht airgeadais leordhóthanach a sholáthar, lena n-áirítear trí chistí Aontais, do ghnólachtaí den uile mhéid, FBManna go háirithe. Cuideoidh sé sin leo iad féin a chur in oiriúint go rathúil don aistriú.

1.5Molann CESE freisin go ndéanfar cleachtais oibre amhail teilea-oibriú a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar an gcothromaíocht oibre is saoil. Chun aistriú réidh a áirithiú beidh an-tábhacht le hidirphlé sóisialta, tacaíocht do FBManna agus d’fhiontair, agus cearta oibrithe a urramú, cómhargáil san áireamh.

1.6Molann CESE go n-oibreodh na Ballstáit níos dlúithe le chéile ar réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus a bhailíochtú, as a dtiocfadh gréasán comhroinnte dea-chleachtas.

1.7Molann CESE athbhreithniú uile-Aontais ar bheartais agus bearta rialtais freisin chun na geallsealbhóirí ábhartha a rannpháirtiú i mbearta a mholadh a bheadh bunaithe ar an gceartas sóisialta. Ba cheart beartais a bheith san áireamh, mar aon le hacmhainní airgeadais, chun an claochlú digiteach a éascú. Tugann CESE chun suntais freisin go gcaithfear na rátaí rollaithe i réimsí oideachais ETIM a mhéadú go suntasach sna blianta romhainn.

1.8Molann CESE an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) a neartú mar réamhchoinníoll le haghaidh claochlú digiteach iontaofa áit a bhféadfadh tomhaltóirí roghanna a dhéanamh i margadh oscailte agus iomaíoch iarbhír. Maidir le DSA ba cheart freagrachtaí na n-ardán agus a gcuid dliteanas a shoiléiriú tuilleadh agus iad a bheith níos infhorfheidhmithe ná mar a mholtar faoi láthair. Maidir le DMA ba cheart cosc iomlán a chur ar úsáid na “bpatrún dorcha” agus ailtireacht eile a bhaineann le rogha “neamhneodrach”, a théann i bhfeidhm go caolchúiseach ar iompar tomhaltóirí.

1.9Agus ar deireadh, aithníonn CESE go bhfuil digiteáil agus glasú gheilleagair an Aontais agus spriocanna neodracht charbóin an Aontais, go háirithe, fite fuaite le chéile. Tá ríthábhacht leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, ach cuireann CESE i bhfáth arís gur cheart cothromas agus idirphlé sóisialta a bheith ina dtreoirphrionsabail agus teicneolaíochtaí digiteacha agus glasa á gcur chun feidhme.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Tá sochaithe na hEorpa ag dul ar líne de réir a chéile. Chuir paindéim COVID-19 dlús lena riachtanaí atá an digiteáil don tsochaí, ós rud é gur mhinic gur chainéil dhigiteacha amháin a bhíodh ann do shaoránaigh agus gnólachtaí le linn dianghlasálacha.

2.2Aithníonn neart úinéirí gnólachtaí freisin go gcaithfear bogadh i dtreo an tsaoil dhigitigh chun go mbeidh rath ar a ngnólachtaí san fhadtéarma. Is den riachtanas é go dtuigfeadh oibrithe agus an pobal freisin a bhfuil i gceist leis an digiteáil, a tionchar ar a gcuid oibre agus ar a saol laethúil mar bhaill d’eagraíocht ghnó nó d’eintiteas earnála poiblí nó de phobal fiú. Faoi mar a ordaítear sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí, ba cheart tomhaltóirí na hEorpa a bheith i gcroílár na n-aistrithe digiteacha, agus cosaint agus cumhachtú leordhóthanach a chur ar fáil dóibh sa phróiseas athraithe.

2.3Maidir le rialtais ar fud an Aontais, níl éalú acu ó dhigiteáil an-tapa agus is trí chaiteachas poiblí ar bhonneagar digiteach amháin a thabharfar i gcrích í. Tá sé riachtanach d’údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Aontais go ndéanfar eagraíochtaí solúbtha, athléimneacha agus nuálacha díobh, go mbéarfaidh siad ar bhuntáistí an chlaochlaithe dhigitigh agus na dteicneolaíochtaí agus na n-ardchumas atá ag teacht chun cinn chun seirbhísí digiteacha cuimsitheacha, rianúla, áisiúla, trédhearcacha, slána agus iontaofa a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

2.4Tá sé riachtanach go rachaidh riaracháin phoiblí, gnólachtaí oibrithe agus an pobal i gcoitinne in oiriúint don saol teicneolaíocht-lárnach ina mairimid (agus go mbeidh tacaíocht agus réitigh analógacha á gcur ar fáil mar rogha, a mhéid is gá), agus is den riachtanas é aithint idir digitiú, digiteáil agus claochlú digiteach.

2.5Baineann digitiú le leagan digiteach d’ítimí fisiceacha nó analógacha agus bíonn ról tábhachtach aige i gcomhthéacs gnólachtaí agus rialtas, agus leis an líon uaireanta an chloig a oibrítear. Tionscnaíonn próiseas an digitithe sraith imeachtaí a d’fhéadfadh sreabhadh na hoibre in aon ghnólacht nó rialtas a bharrfheabhsú, agus is próisis uathoibrithe ghnó agus rialtais a bhíonn mar thoradh air. Is dúshláin iad d’oibrithe agus do státseirbhísigh i gcoitinne.

2.6Cé go mbíonn modhanna bunúsacha digitithe in úsáid ag formhór na ngnólachtaí agus na rialtas ina gcuid próiseas ó lá go lá, tá i bhfad níos mó ná sin a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an digitiú a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is é an dúshlán leis sin muinín a chothú i measc oibrithe, státseirbhíseach agus an phobail i gcoitinne má tá siad chun dul in oiriúint go rathúil do shreabha oibre agus próisis dhigiteacha nua. San áit oibre, bíonn idirphlé sóisialta agus urramú na cómhargála riachtanach don aistriú. D’fhéadfadh an t-aistriú difear an-suntasach a dhéanamh do shaol oibrithe agus sin an fáth a gcaithfear faisnéis a chur ar fáil agus comhairliúcháin a thionól ag céim luath sa phróiseas. Ar an taobh eile, caithfear an pobal i gcoitinne a choinneáil ar an eolas faoi iarmhairtí an chlaochlaithe nach raibh coinne leo.

2.7Cé gur cosúil go gcuireann an digitiú le héifeachtacht ghnólachtaí agus rialtas (bíonn rómheas á dhéanamh ar na buntáistí féideartha i gcónaí), bíonn costas leis freisin, iomarcaíocht mar shampla, i gcás oibrithe nó státseirbhíseach, nó mura n-éiríonn leis an bpobal, seandaoine agus daoine faoi mhíchumas go háirithe, dul in oiriúint don digitiú sách sciobtha nó mura dtéann siad in oiriúint leis in aon chor. Sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach an digiteáil a bheith inrochtana ag cách, gan beann ar a n-aois, a n-inscne, nó a stádas socheacnamaíoch agus a míchumas. D’fhéadfadh sé go mbeadh FBManna faoi mhíbhuntáiste iomaíoch freisin mura mbeidís in ann coinneáil suas le ráta an digitithe ina dtionscal, go háirithe i gcás próiseas ina mbíonn gá le costas ard tosaigh.

2.8Is é an dara téarma nach mór do ghnólachtaí, oibrithe agus an pobal i gcoitinne tuiscint a bheith acu air ná digiteáil. Cuimsíonn sí an-chuid. Cuidíonn an digiteáil leis an tslí a n-oibríonn gnólachtaí trí theicneolaíochtaí digiteacha a fheidhmiú. Déanann an méid sin difear do shamhlacha gnó, do shreabha cumarsáide sna gnólachtaí lena mbaineann agus lasmuigh díobh, agus don slabhra luacha uile, go deimhin.

2.9Tugann an digiteáil deiseanna nua do ghnólachtaí trí shruthanna ioncaim digiteacha a chruthú nárbh ann dóibh cheana. Ó lánpháirtiú na meán sóisialta go cumas seirbhísí sonraí bunaithe ar shíntiúis a thairiscint do chliantaí, d’fhéadfadh feidhmchláir ghnó shaincheaptha a bheith ar an gceist is tábhachtaí maidir le nuáil, fás agus forbairt ghnólachtaí amach anseo. Tugann na teicneolaíochtaí digiteacha nua, go háirithe iad siúd a n-úsáidtear an t-acrainm Béarla SMACIT ina leith (sóisialta, soghluaiste, anailíseach, néalbhunaithe agus bainteach le hidirlíon na rudaí nithiúla) an-deis do FBManna mar gur deiseanna agus bagairtí i gcomhthráth iad na teicneolaíochtaí sin d’eagraíochtaí móra agus do sheaneagraíochtaí.

2.10Léirigh na blianta taighde ar thorthaí na gclaochluithe digiteacha go mbíonn ráta ratha sách íseal ag na hiarrachtaí sin: faoi bhun 30 faoin gcéad de na torthaí a bhí beartaithe. Léirigh torthaí ó McKinsey ar shampla de 263 freagróir le deireanas nach ndúirt ach 16 faoin gcéad de na freagróirí gur méadaíodh ar fheidhmíocht a gcuid eagraíochtaí de bharr claochlú digiteach a n‑eagraíochtaí. Caithfidh na “tionscail chliste”, amhail ardteicneolaíocht, tionscal na meán agus na teileachumarsáide, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin freisin agus ní bhíonn an ráta ratha ina measc siúd níos airde ná 26 faoin gcéad. Ar an taobh eile, in eagraíochtaí a bhfuil níos lú ná 100 fostaí iontu, tá seans 2.7 oiread níos mó ann go mbeidh na freagróirí ag maíomh go raibh claochlú digiteach níos rathúla acu ná i gcás eagraíochtaí móra a bhfuil breis is 50 000 fostaí iontu.

2.11Gan beann ar a méid, áfach, bíonn gnólachtaí atá fréamhaithe sna próisis thraidisiúnta i mbaol iomaíocht a chailleadh agus ní ceart glacadh leis a priori go n-éireoidh leis na gnólachtaí uile an digiteáil a thabhairt i gcrích. Is fíor sin freisin i gcás oibrithe, go háirithe iad siúd a oibríonn i ngníomhaíochtaí traidisiúnta.

2.12D’fhéadfadh an t-aistriú i dtreo na digiteála cur le héifeachtúlacht ghnó agus deiseanna nua a oscailt do ghnólachtaí chun ioncam a ghiniúint, agus an lorg carbóin a laghdú freisin. D’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt freisin do shoghluaisteacht bhreise sa mhargadh saothair, an táirgeacht agus an tsolúbthacht sa láthair oibre a fheabhsú agus lánpháirtiú oibre is saoil a chumasú nuair a bhíonn oibrithe ag teilea-oibriú ón mbaile, rud a tharla le linn phaindéim COVID-19.

2.13Is é an fhírinne áfach nach mar sin a bhíonn i gcónaí agus caithfear ceisteanna a chur faoinar thug an digiteáil agus an teilea-oibriú, go háirithe, cothroime oibre is saoil níos fearr i ndáiríre. Cé go mbíonn go leor oibrithe ar son teilea-oibriú, is minic gur ar ala na huaire a cuireadh chun feidhme é, agus drochthionchar aige ar dhálaí oibre, go háirithe i gcás máithreacha a bhíonn ag obair agus oibrithe a mbíonn a gcuid scileanna digiteacha neamhleor. Dá réir sin is ceist dhlisteanach í fiafraí ar fhág an digiteáil doiléir iad na teorainneacha idir an saol príobháideach agus an saol gairmiúil. Cé go bhféadfadh an digiteáil borradh a chur faoi fheidhmíocht oibrithe agus ghnólachtaí, d’fhéadfadh sé gur impleachtaí eile ar fad a bheadh inti do shaol an teaghlaigh agus don tsláinte, b’fhéidir. Is cosúil gur cuireadh leis an strus agus le rioscaí sláinte agus sábháilteachta i measc oibrithe de bharr uirlisí na hintleachta saorga a bheith á gcur i bhfeidhm faoi bhrú le linn na paindéime.

2.14Rud eile atá ag éirí coitianta, go bhfuil go leor indibhidí nach ndéanann an “dícheangal” ó phróisis na oibre digití. De réir mar a thiocfaidh an teilea-oibriú chun a bheith ina norm i ngnólachtaí agus sna seirbhísí poiblí, tá sé thar a bheith tábhachtach gur i gcomhthéacs idirphlé shóisialta agus cómhargála a tharlóidh sé. Caithfear an ceart chun dícheangail a aithint freisin le hionstraim uile-Aontais.

2.15Baineann an ghné dheireanach den digiteáil ní hamháin le húinéirí gnólachtaí ach leis an tsochaí i gcoitinne. Le triocha bliain anuas, agus le deich mbliana anuas go háirithe, tá athrú an-suntasach tarlaithe maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a bheith á nglacadh i gcúrsaí sóisialta agus in imeachtaí daonna i gcoitinne. Mar thoradh air tá “custaiméirí digiteacha” ar an bhfód anois, agus líon daoine atá ag dul i méid an t-am ar fad ag brath ar an digiteáil i mbeagnach gach gné dá saol laethúil. Tá an digiteáil ag teacht, fiú más mall féin é, chun a bheith ar an tslí a nascann gach uile cineál eagraíochta le custaiméirí ach ba bhotún é glacadh leis go mbíonn an uile dhuine, gan beann ar ar a n-aois. in ann coinneáil suas le forbairtí digiteacha.

2.16Agus anois, an t-idirdhealú idir digiteáil agus claochlú digiteach. Baineann claochlú digiteach le hoibríochtaí gnó agus sóisialta a bheith á gclaochlú ina ngnéithe den saol digiteach, rud atá feicthe againn go mion minic le linn na paindéime, níos mó den teilea-oibriú, mar shampla.

3.Barúlacha sonracha

3.1Is ag dul i méid agus i bhforleithne a rachaidh digiteáil leanúnach ár sochaí agus ár ngeilleagair, agus cé go ngealltar tuilleadh buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha, tá imní ann freisin faoina hiarmhairt ar an tsochaí agus faoi cibé an bhfuil ag méadú le fírinne ar an líon daoine atá ar a gcompord leis an digiteáil. Dealraíonn sé ar pháipéar go gcuireann na teicneolaíochtaí claochlaitheacha borradh faoin gcuimsiú sóisialta seachas bearnaí a leathnú idir iad siúd atá ar a gcompord leis an digiteáil agus iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste léi, ach arís eile d’fhéadfadh an scéal iarbhír a bheith ábhairín éagsúil. Tá go leor daoine agus níl ann ach nach bhfuil ag éirí leo dul in oiriúint don luas atá faoin gclaochlú digiteach. Baineann sé sin go háirithe le seandaoine, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta.

3.2Cé go bhfuil digiteáil don uile dhuine riachtanach chun an éifeachtúlacht agus táirgeacht a fheabhsú, agus chun dlús a chur leis an bhforbairt shocheacnamaíoch sa domhan tar éis paindéime, caithfear an claochlú digiteach a thabhairt i gcrích mar ba cheart. Is é atá i gceist againn, go gcaithfidh an beartas maidir leis an gclaochlú digiteach, don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach araon, a bheith cuimsitheach, gan grúpaí sa tsochaí amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, daoine faoi mhíchumas agus daoine i limistéir tuaithe, a eisiamh.

3.3Chun an chuimsitheacht a thabhairt i gcrích, caithfidh rialtais straitéisí agus bearta tacaíochta uileghabhálacha a chur ar bun chun idir-inoibritheacht, cáilíocht, duinelárnacht, trédhearcacht, slándáil, sábháilteacht agus inrochtaine seirbhísí poiblí agus táirgí digiteacha a áirithiú agus chun an rochtain ar shláinte, oideachas agus deiseanna eacnamaíocha agus cultúrtha a bharrfheabhsú. Sa chomhthéacs sin d’fhéadfadh riaracháin phoiblí uirlisí digiteacha a úsáid chun saoránaigh a rannpháirtiú i gcruthú seirbhísí poiblí digiteacha, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na seirbhísí sin riachtanais agus roghanna na saoránach sin a bhaineann leas astu.

3.4Thar aon rud eile éilíonn an chuimsitheacht infheistíocht ollmhór ó rialtais agus glactar leis, maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, go mbeidh áit lárnach ag an gcuimsitheacht sa chlaochlú digiteach atá pleanáilte, agus sochar á bhaint as an gCiste AE um Aistriú Cóir, mar chuid de NGEU, chomh maith leis an gclár don Eoraip Dhigiteach agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CFRE agus CSE+ go háirithe). Mar sin féin, i gcás an Chiste don Aistriú cóir, ardaíodh ceisteanna faoina leordhóthanacht chun dúshláin na digiteála agus an athraithe aeráide araon a chomhlíonadh 2 . Beidh sé riachtanach do rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla digiteáil a dhéanamh freisin agus dlús a chur le cur chun feidhme na mbonneagar digiteach nua, lena n-áirítear 5G.

3.5Ní fhacthas leithéid an rabharta claochlaithe dhigitigh seo riamh cheana i dtéarmaí luais, raon feidhme agus scála. Níl sé réadúil a bheith ag súil go ndéanfaidh na gnólachtaí uile, FBManna agus fiontair an gheilleagair shóisialta iad féin a chur in oiriúint go tapa agus go rathúil don rabharta athraithe seo nach bhfacthas a leithéid cheana. D’fhéadfadh oiread íospartach is a bheidh díobh siúd ar éirigh go maith leo a bheith mar thoradh ar an gclaochlú mura dtugtar am do ghnólachtaí iad féin a chur in oiriúint agus tacaíocht á fáil acu le bearta ábhartha.

3.6San áireamh sna bearta sin ba cheart an bonneagar atá riachtanach chun tacú leis an gclaochlú digiteach agus an creat reachtaíochta a bheidh ag gabháil leis atá comhréireach agus oiriúnach don fheidhm atá leis, a chur ar fáil do ghnólachtaí. Rud eile atá ábhartha, nach mór do na Ballstáit a bheith ag obair as lámh a chéile ar réitigh dhigiteacha a fhorbairt agus a bhailíochtú as a dtiocfadh gréasán comhroinnte dea-chleachtas. Ar na bearta eile, d’fhéadfadh creidmheasanna cánach a bheith san áireamh a thabharfadh tacaíocht bhreise don infheistíocht a bheidh riachtanach do ghnólachtaí i gclaochlú digiteach a n-oibríochtaí agus a bpróiseas oibre.

3.7Is réamhchoinníoll don digiteáil iontaofa iad margaí ar féidir le tomhaltóirí muinín a chur iontu, iad saor ó ionramháil, chun go bhféadfaidh siad roghanna a dhéanamh i dtimpeallacht a bheidh oscailte agus iomaíoch le fírinne. Is minic nach mar sin atá, má bhreathnaímid ar a chomhdhlúite atá margaí áirithe (na meáin shóisialta, aipeanna cumarsáide, cuardaigh, córais oibriúcháin, etc.) agus a mhinice a dhéantar cearta tomhaltóirí a shárú. Thug CESE chun suntais ina thuairim ar an gClár Oibre Nua do Thomhaltóirí (INT/922-EESC-2020) go bhfuil sé riachtanach rialacha nua maidir le cosaint tomhaltóirí a oiriúnú don saol digiteáilte freisin. Leis na dúshláin nua ann de bharr teicneolaíochtaí digiteacha nua atá ag teacht chun cinn amhail intleacht shaorga (IS), Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) agus an róbataic beidh sé riachtanach an chosaint reatha a neartú.

3.8Is réamhchoinníoll eile chun torthaí inmhianaithe an chlaochlaithe dhigitigh a bhaint amach é gnólachtaí den uile mhéid, fiontair an gheilleagair shóisialta san áireamh, a ullmhú don chlaochlú digiteach. San áireamh ansin, tá tacaíocht ó acmhainní incháilithe airgeadais agus cláir oiliúna chun go bhféadfadh úinéirí gnólachtaí beaga agus a bhfoireann aithne a chur ar na teicneolaíochtaí is déanaí agus na deiseanna a eascróidh astu. Sa dara háit, caithfear gach gné den athrú ollmhór seo a thionscnófar a chur in iúl ar gach leibhéal san áit oibre. Ar an tríú dul síos, beidh sé riachtanach freisin feasacht a mhúscailt faoin ngá le bealaí nua oibre, iompraíochta agus cumarsáide a thionscnamh i gcomhréir leis an athrú ar an gcultúr eagraíochtúil atá gan fasach.

3.9Leis an gclaochlú digiteach tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar scileanna digiteacha ar fud na dtionscal uile nach mór, ó dhéantúsaíocht go seirbhísí airgeadais agus níos faide i gcéin, agus dealraíonn sé gur ag dul i méid a bheidh sé amach anseo chomh fada agus is féidir a thuar. Tá sé ríthábhachtach ar an ábhar sin go leanfadh rialtais agus gnólachtaí de bheith ag infheistiú in oideachas agus oiliúint do chách, gairmoideachas san áireamh, chun a áirithiú go rithfidh an claochlú digiteach go mín réidh agus go mbeidh an tallann chuí ar fáil chun indibhidí agus gnólachtaí a chumasú chun buntáistí an aistrithe seo a bhaint amach. Ba cheart oideachas maidir le bheith rannpháirteach ar ardáin dhigiteacha a bheith san áireamh ansin freisin.

3.10De réir mar a ghéaraíonn ar luas an chlaochlaithe dhigitigh, beidh sé riachtanach freisin go mbeidh méadú suntasach ar na rátaí rollaithe i réimsí oideachais a bhaineann le ETIM sna blianta romhainn. Tá sé riachtanach scileanna ETIM a fhorbairt chun tacú leis an gclaochlú, chun an bhearna inscne a dhúnadh agus an chéad ghlúin eile nuálaithe a chruthú. Cuideoidh oideachas ETIM chun borradh a chur faoin ngeilleagar agus poist a chruthú.

3.11Mar thoradh ar an gclaochlú digiteach tá méadú tagtha ar dhéine na hoibre agus ar an easpa cinnteachta maidir le poist, rud a chruthaíonn dúshláin shuntasacha maidir le cosaint oibrithe, ionadaíocht orthu agus cóireáil chóir. I nDearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre, ar glacadh leis in 2019, moladh cur chuige duinelárnach maidir leis an nuatheicneolaíocht i saol na hoibre. Is é an dúshlán atá ann, áfach, é sin a thiontú ina bheartais éifeachtúla, ina reachtaíocht agus ina bhearta a chosnaíonn oibrithe agus a thugann deis d’ionadaíocht leordhóthanach. Sin an fáth a meastar go bhfuil ga le hathbhreithniú uile-Aontais ar bheartais (agus reachtaíocht freisin, b’fhéidir, a bheidh comhréireach agus in oiriúint dá fheidhm) agus ar bhearta, ní hamháin chun críoch comhtháthú beartas ach freisin chun na geallsealbhóirí ábhartha a rannpháirtiú i múnlú beartais a bheidh bunaithe ar an mbunchuspóir, an ceartas sóisialta a thabhairt i gcrích.

3.12Agus ar deireadh, in aon phlé ar an digiteáil don uile dhuine, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an gceangal idir í agus glasú gheilleagair an Aontais agus spriocanna neodrachta carbóin an Aontais, de bhreis ar an mbéim sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta ar thionscnaimh a thacaíonn leis na spriocanna sin.

3.13Ní hamháin gur cheart “Digiteach agus Glas” a bheith fite fuaite le chéile, ach tá siad fíor-riachtanach chun an nuáil a chur chun cinn ar fud an Aontais. Sampla is ea teicneolaíochtaí blocshlabhra chun an slabhra soláthair a bharrfheabhsú agus a éifeachtúlacht a fheabhsú, rud a chuideodh chun tomhailt acmhainní a laghdú agus cuntas a choinneáil ar chomhpháirteanna, táirgí agus ábhair, agus rannchuidiú ar an gcaoi sin leis an ngeilleagar ciorclach. De bhreis air sin, d’fhéadfadh na teicneolaíochtaí digiteacha cuidiú chun astaíochtaí, a bhfuil dúshlán teicniúil nó costas ag baint leo, a neodrú nó a fhritháireamh. Tá ríthábhacht leis an aistriú “digiteach agus glas”, ach faoi mar a cuireadh i bhfáth sa tuairim seo, ba cheart gurb í an chothroime sa tsochaí an treoirphrionsabal i gcónaí agus é a chur chun feidhme. Nó lena chur ar bhealach eile, ba cheart buntáistí an chlaochlaithe dhigitigh i bhfeidhmiú na dteicneolaíochtaí is nua a úsáidtear chun seirbhísí cliste, rianúla agus gann a sheachadadh i réimsí an fhuinnimh, na slándála, na soghluaisteachta, an dea-bhail agus an phobail agus a chuidíonn chun an neodracht charbóin a bhaint amach, ba cheart rochtain orthu a bheith ag an uile dhuine.

3.14Aithnímid nach bhfuil an méid sin indéanta go héasca ach gurb shin díreach an fáth ar cheart próiseas comhairliúcháin agus anailíse il-gheallsealbhóra, bunaithe ar idirphlé sóisialta agus cómhargáil, ina mbíonn fócas ar spriocanna meántéarmacha nó fadtéarmacha a dhéanann difríocht éifeachtúil do shaol na nEorpach, a bheith ina chuid de phleananna digiteála a bhaineann le glasú gheilleagair an Aontais.

An Bhruiséil, 7 Iúil 2021.

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)    Tá an méid sin i gcomhréir le Conclúidí ón gComhairle maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (9 Meitheamh 2020), inar iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún beartas rialtais AE digiteach treisithe a mholadh agus ríomhchuimsiú na saoránach agus na ngníomhaithe príobháideacha uile á chur san áireamh, chun comhordú agus claochlú digiteach na riarachán poiblí i mBallstáit uile an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht agus caighdeáin choiteanna maidir le sreabha sonraí agus seirbhísí earnála poiblí slána agus gan teorainn.
(2)     https://www.epsu.org/article/proposed-transition-fund-really-just  
Top