TUAIRIM
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
Plean gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas
|
_____________
|
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún –
Action Plan for the development of EU organic production [Plean gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas] [COM(2021) 141 final] (níl leagan Gaeilge ann)
|
|
NAT/818
|
|
Rapóirtéir: Andreas THURNER
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 21/04/2021
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
Rannóg atá freagrach
|
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
09/09/2021
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
22/09/2021
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
563
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
185/3/4
|
1.Conclúidí agus moltaí
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):
1.1ag aithint an róil atá ag an bhfeirmeoireacht orgánach maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus is díol sásaimh dó an Teachtaireacht reatha ón gCoimisiún Eorpach maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt. Measann CESE gur bonn láidir é sin chun an earnáil orgánach a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe;
1.2á mheas gur sprioc an-uaillmhianach sa Chomhaontú Glas don Eoraip é go mbeidh 25 % den talamh talmhaíochta san Aontas faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030;
1.3ag tacú go háirithe le cur chuige margadh-bhunaithe an Choimisiúin Eorpaigh chun éileamh agus muinín na dtomhaltóirí i dtáirgí orgánacha a mhéadú tuilleadh. Tá cothromaíocht idir éileamh agus soláthar ríthábhachtach d’fhorbairt rathúil na hearnála;
1.4á mholadh, i bhfianaise na bpointí tosaigh éagsúla sna Ballstáit, go mbunófaí cineál ‘sásra nasctha’ d’fhonn an malartú taithí idir na Ballstáit a neartú. Ba cheart malartuithe idir feirmeoirí a spreagadh freisin. Tá CESE ar fáil mar chomhpháirtí d’aon ghníomhaíocht chun feasacht a mhúscailt faoi tháirgeadh orgánach (e.g. faoi chuimsiú lá orgánach bliantúil AE);
1.5á iarraidh ar na Ballstáit, agus le rannpháirt na ngeallsealbhóirí ábhartha, pleananna gníomhaíochta náisiúnta/réigiúnacha a tharraingt suas maidir leis an táirgeadh orgánach agus leas a bhaint as na deiseanna atá ar fáil faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) chun tacú leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar chéim dhúshlánach an tiontaithe go feirmeoireacht orgánach;
1.6den tuairim gur den tábhacht iad na bearta atá molta chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh agus ar na sonraí atá ar fáil san earnáil orgánach. Sa chomhthéacs sin, mholfadh CESE gur cheart na forbairtí san earnáil orgánach a léiriú ag comhdháil bhliantúil DG AGRI, Agricultural Outlook;
1.7á mheabhrú go bhfuil tomhaltóirí ag tabhairt aird níos mó agus níos mó ar tháirgí bia réigiúnacha. Dar le CESE, is féidir le slabhraí táirgthe agus margaíochta níos giorra agus áitiúla don bhia orgánach, lena gcuirtear gné na séasúrachta san áireamh freisin, a bheith ina mbealach éifeachtach chun tuilleadh breisluacha a ghiniúint feadh an bhiashlabhra. Feictear do CESE freisin go bhféadfadh deiseanna breise fostaíochta a bheith ann i gceantair thuaithe;
1.8á thabhairt le fios go gcosnaíonn táirgí orgánacha níos mó ná táirgí traidisiúnta de ghnáth. Is bac é sin do ghrúpaí sóisialta áirithe ar ioncam íseal. Dá bhrí sin, molann CESE go gcuirfí bearta tionlacain iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha ar tháirgí orgánacha freisin;
1.9den tuairim gurb iad na húdaráis phoiblí (údaráis bhardasacha, chathrach, réigiúnacha agus chónaidhme), go háirithe, atá freagrach as an úsáid a bhaintear as bia orgánach réigiúnach a mhéadú sa soláthar poiblí (e.g. ceaintíní). Ba cheart gné na séasúrachta a chur san áireamh freisin;
1.10ag leagan béim ar an ngá atá le hacmhainní airgeadais leordhóthanacha le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun tacú leis an earnáil orgánach.
2.Cúlra
2.1Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sprioc uaillmhianach leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach tríd an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus an Straitéis Bhithéagsúlachta a fhad a bhaineann leis an táirgeadh orgánach san Aontas Eorpach: ar a laghad 25 % den talamh talmhaíochta a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030. An 25 Márta 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta don Bhia Orgánach
chun tacú leis na Ballstáit an sprioc a chur chun feidhme.
2.2De réir an Choimisiúin Eorpaigh, cuireann an plean gníomhaíochta sin maidir leis an táirgeadh orgánach leis an méid a baineadh amach le Plean Gníomhaíochta 2014-2020 agus cuirtear san áireamh ann torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar an bhfeirmeoireacht orgánach a rinneadh idir Meán Fómhair agus Samhain 2020
. Tá sé roinnte i dtrí réimse tosaíochta idirnasctha:
·Tosaíocht a haon: an t-éileamh a spreagadh agus muinín na dtomhaltóirí a neartú
·Tosaíocht a dó: an t-aistriú chuig táirgeadh orgánach a spreagadh agus an slabhra luacha iomlán a neartú
·Tosaíocht a trí: cur leis an gcaoi a rannchuidíonn an fheirmeoireacht orgánach leis an inbhuaine comhshaoil
2.3Tá na trí thosaíocht bunaithe ar 23 ghníomhaíocht. Chuige sin, bainfear leas as foinsí éagsúla cistiúcháin. Leanfar den tacaíocht airgeadais don fheirmeoireacht orgánach a sholáthar faoi na gealltanais forbartha tuaithe (Colún 2), agus beidh cistiú breise ar fáil faoi éiciscéimeanna (Colún 1). Ina theannta sin, cuireann beartas cur chun cinn an Aontais maoiniú suntasach ar fáil chun borradh a chur faoi thomhaltas táirgí orgánacha.
2.4Forbrófar seirbhísí comhairleacha talmhaíochta chun comhroinnt eolais faoin bhfeirmeoireacht orgánach a chur chun cinn. Chun tacú le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach 30 % ar a laghad den chistiúchán le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe a leithdháileadh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an earnáil orgánach nó atá ábhartha di, amhail táirgeacht barr níos airde, éagsúlacht ghéiniteach agus roghanna malartacha ar tháirgí conspóideacha.
2.5Go sonrach, tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi na trí thosaíocht éagsúla dírithe ar an méid seo a leanas:
Tosaíocht a haon: an t-éileamh a spreagadh agus muinín na dtomhaltóirí a neartú
a)an fheirmeoireacht orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn;
b)soláthar táirgí orgánacha a chur chun cinn i gceaintíní agus cur leis an úsáid a bhaintear as soláthar poiblí glas;
c)scéimeanna scoile le haghaidh táirgí orgánacha a neartú;
d)calaois bhia a chosc agus muinín na dtomhaltóirí a neartú;
e)inrianaitheacht a fheabhsú;
f)ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a éascú.
Tosaíocht a dó: an t-aistriú chuig táirgeadh orgánach a spreagadh agus an slabhra luacha iomlán a neartú
a)an t-aistriú, infheistíocht agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;
b)anailís earnála a fhorbairt chun trédhearcacht an mhargaidh a mhéadú;
c)tacaíocht d’eagrú an bhiashlabhra;
d)gléasraí próiseála áitiúla beaga agus bealaí gearrthrádála a chur chun cinn;
e)cothú ainmhithe a fheabhsú i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach;
f)dobharshaothrú orgánach a neartú.
Tosaíocht a trí: cur leis an gcaoi a rannchuidíonn an fheirmeoireacht orgánach leis an inbhuaine comhshaoil
a)an lorg éiceolaíoch a laghdú agus an tionchar ar an athrú aeráide a mhaolú;
b)éagsúlacht ghéiniteach a fheabhsú agus táirgeacht a mhéadú;
c)malairtí ar ionchuir chonspóideacha agus ar tháirgí cosanta plandaí eile a fhorbairt;
d)leas ainmhithe a fheabhsú;
e)úsáid acmhainní a dhéanamh níos éifeachtúla.
2.6Maidir le cur chun feidhme, molann an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta leordhóthanacha a tharraingt suas maidir leis an táirgeadh orgánach ina mbeidh spriocanna soiléire, agus imthosca réigiúnacha á gcur san áireamh, agus iad a chur san áireamh go cuí sa phlean straitéiseach náisiúnta faoi CBT.
2.7Ní mór an tuairim seo a léamh i gcomhthéacs tuairimí ó CESE roimhe seo a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe bia (ina measc tuairimí maidir le comhoiriúnacht beartas trádála AE don Chomhaontú Glas don Eoraip
, maidir leis an straitéis um bia inbhuanaithe ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’
, maidir le slabhraí soláthair gearra agus ról na hagrai-éiceolaíochta
, agus maidir le haistí bia folláine agus inbhuanaithe san Aontas
).
3.Barúlacha ginearálta
3.1Measann CESE gur sprioc an-uaillmhianach sa Chomhaontú Glas don Eoraip é go mbeidh 25 % den talamh talmhaíochta san Aontas faoi fheirmeoireacht orgánach faoi 2030. Faoi láthair, ar an meán, déantar feirmeoireacht orgánach ar thart ar 8.5 % den talamh talmhaíochta san Aontas. Ciallaíonn sé sin gur cheart an limistéar talmhaíochta faoi fheirmeoireacht orgánach a mhéadú faoi thrí a bheag nó a mhór faoi 2030. I gcomparáid leis sin: idir 2009 agus 2019, mhéadaigh an limistéar a bhí faoi fheirmeoireacht orgánach ó thart ar 8.3 go tuairim is 13.8 milliún heicteár (+ 70 %), agus tá treocht fhorásach ann. Ciallaíonn an sprioc 25 % go ndéanfar an limistéar faoi fheirmeoireacht orgánach a leathnú go tuairim is 40 milliún heicteár, i bhfad os cionn na treochta atá ann faoi láthair.
3.2Is díol sásaimh do CESE cur chuige margadh-bhunaithe an Choimisiúin Eorpaigh chun éileamh agus muinín na dtomhaltóirí i dtáirgí orgánacha a mhéadú tuilleadh. Tá cothromaíocht idir éileamh agus soláthar ríthábhachtach d’fhorbairt rathúil na hearnála.
3.3Ní mór leathnú an táirgthe orgánaigh a bheith dírithe ar éileamh. Ba cheart aire a thabhairt chun méadú ar an soláthar a réamh-mheas freisin trí fhorbairt chomhfhreagrach ó thaobh an éilimh de. Má bhíonn an táirgeadh bia orgánaigh á thiomáint níos mó ná an t-éileamh, beidh iomaíochas diúltach ar an margadh mar thoradh air sin agus, dá bhrí sin, titfidh na praghsanna do na táirgeoirí.
3.4De ghnáth, ciallaíonn feirmeoireacht orgánach costais táirgthe níos airde in aghaidh an aonaid táirge (mar gheall ar chostais bhreise agus laghdú ar an táirgeacht) i gcomparáid leis an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta. Má tá forbairt na hearnála orgánaí chun bheith inbhuanaithe, ní mór na costais bhreise sin a chumhdach freisin le hioncam leordhóthanach margaidh. Mar sin féin, de réir mar a théann an gairmiú chun cinn feadh an tslabhra bia orgánaigh ina iomláine, ba cheart go dtiocfadh forbairt dhearfach ar an gcóimheas praghais/feidhmíochta.
3.5Tá na túsphointí sna Ballstáit an-éagsúil le chéile. Ar thaobh amháin, tá Ballstáit ann ina bhfuil an fheirmeoireacht orgánach agus margaíocht na feirmeoireachta orgánaí seanbhunaithe cheana féin. Ar an taobh eile, tá Ballstáit ann nach bhfuil sciar an limistéir faoi fheirmeoireacht orgánach ach ag céatadán an-íseal faoi bhun deich faoin gcéad. Ní mór na túsphointí réigiúnacha éagsúla sin a chur san áireamh agus na bearta á bpleanáil. Molann CESE go mbunófaí sásra nasctha de chineál éigin chun dlús a chur leis an gcomhroinnt taithí idir na Ballstáit. Is minic a ghlacann Ballstáit a bhfuil earnáil orgánach seanbhunaithe acu cur chuige ‘brú agus tarraingthe’ agus tá bearta déanta acu chun an táirgeadh a chur chun cinn agus chun an t-éileamh ar tháirgí orgánacha a mhéadú chomh maith. Tá ról lárnach ag earnáil na miondíola bia freisin maidir leis an earnáil orgánach a fhorbairt tuilleadh.
3.6Agus forálacha Rialachán Orgánach AE á gcur chun feidhme, tagann cásanna casta agus saincheisteanna casta chun cinn i ngeall ar an raon leathan struchtúr agus na difríochtaí móra réigiúnacha ar fud na hEorpa. Chun an earnáil a fhorbairt mar is ceart, is gá cothromaíocht a bhaint amach sa phróiseas cur chun feidhme idir an gá atá le cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha ar fud an Aontais, ionchais na dtomhaltóirí, agus an tsolúbthacht is gá chun aird chuí a thabhairt ar dhifríochtaí agus imthosca áitiúla, nuair is féidir faoin Rialachán.
3.7Leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an táirgeadh orgánach atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair, lena ndírítear ar thrí réimse tosaíochta (an tomhaltas a chur chun cinn, an táirgeacht a mhéadú agus an inbhuanaitheacht a neartú tuilleadh), cuirtear bonn láidir ar fáil d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála orgánaí. Ba cheart próiseas leanúnach faireacháin agus meastóireachta a bheith ag gabháil leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit.
3.8Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, pleananna gníomhaíochta náisiúnta/réigiúnacha a tharraingt suas maidir leis an táirgeadh orgánach agus leas a bhaint as na deiseanna atá ar fáil faoi CBT (lena n-áirítear le linn dóibh na pleananna straitéiseacha náisiúnta faoi CBT a dhréachtú) chun tacú leis an bhfeirmeoireacht orgánach.
4.Barúlacha sonracha
4.1Is réamhriachtanas é muinín ard na dtomhaltóirí chun go n-éireoidh leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Ní mór do thomhaltóirí a bheith in ann brath ar chomhlíonadh na gcaighdeán táirgthe is infheidhme ar fud an tslabhra bia, ó tháirgeadh go próiseáil agus tomhaltas. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis na bearta atá beartaithe chun calaois a chosc agus inrianaitheacht a fheabhsú. Go háirithe, is iomchuí leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil mar thoradh ar an digitiú.
4.2Beidh na bearta atá beartaithe chun feabhas a chur ar an trédhearcacht sa mhargadh agus ar na sonraí atá ar fáil san earnáil orgánach ina gcuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha teacht ar na conclúidí cearta sa phróiseas sin. Sa staidreamh ar an leibhéal Eorpach go dtí seo, ní dhearnadh idirdhealú den chuid is mó idir na deighleoga de tháirgí traidisiúnta agus de tháirgí orgánacha. Is céim mhaith é an táirgeadh orgánach a áireamh sna hanailísí a dhéanann faireachlanna margaidh DG AGRI. Sa chomhthéacs sin, molann CESE gur cheart forbairtí san earnáil orgánach a léiriú ag an gcomhdháil bhliantúil de chuid DG AGRI, Agricultural Outlook.
4.3Is bearta tionlacain tábhachtacha iad neartú na seirbhísí comhairleacha talmhaíochta atá beartaithe mar aon leis na bearta chun comhroinnt eolais faoin bhfeirmeoireacht orgánach a chur chun cinn. Ba cheart dlús a chur leis na malartuithe idir lucht eolaíochta, seirbhísí comhairleacha, earnáil an oideachais, feirmeoirí agus an tsochaí. Is féidir le cláir mhalartaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta buntáistí suntasacha a chruthú, go háirithe d’fheirmeoirí óga.
4.4Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin maidir leis na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann le táirgí orgánacha trí bhearta iomchuí múscailte feasachta (ag tosú ar scoil sa chás is fearr). Cuireann scéim scoile an Aontais (i gcás torthaí, glasraí agus bainne)
naisc mhaithe ar fáil.
4.5Chun feasacht ar tháirgeadh orgánach a ardú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach, inter alia, Lá Orgánach bliantúil AE a thabhairt isteach agus duaiseanna le haghaidh barr feabhais a eagrú i ngach earnáil den bhiashlabhra orgánach. Bheadh áthas ar CESE a bheith ina chomhpháirtí de.
4.6Tá tomhaltóirí ag tabhairt aird níos mó agus níos mó ar tháirgí bia réigiúnacha. De thoradh phaindéim COVID-19, tá daoine níos íogaire ó thaobh cáilíocht bia de. Dá bhrí sin, is féidir le slabhraí táirgthe agus margaíochta níos giorra agus áitiúla don bhia orgánach a bheith ina mbealach éifeachtach chun breisluach níos mó a ghiniúint. Ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, ba cheart táirgeadh orgánach, réigiúnacht agus séasúracht a mheas le chéile a mhéid is féidir. Ba cheart go bhféadfaí lógó orgánach an Aontais Eorpaigh a neartú tuilleadh i gcomhréir le neartú na lipéad orgánach náisiúnta/réigiúnach atá ann cheana. Ba cheart an fhaisnéis maidir le tionscnamh an bhia (amhábhair) a bheith chomh sonrach agus is féidir, sa bhreis ar an lipéad ‘Talmhaíocht de chuid AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid AE í’ agus, más féidir, an tír nó an réigiún a thabhairt le fios.
4.7D’fhéadfadh sé go mbeadh acmhainneacht mhór do tháirgí orgánacha sa turasóireacht agus sa lónadóireacht. Tá gá le trédhearcacht agus le scéimeanna deimhniúcháin inchreidte chun sin a dhéanamh.
4.8Is minic a ghabhann méadú ar an lucht saothair leis an bhfeirmeoireacht orgánach mar gheall ar phróisis táirgthe níos éagsúla agus, dá bhrí sin, bíonn deiseanna fostaíochta breise ar fáil freisin i limistéir thuaithe. Os a choinne sin, d’fhéadfadh costais arda saothair bac a chur ar fhorbairt na hearnála orgánaí.
4.9De ghnáth, cosnaíonn táirgí orgánacha níos mó ná táirgí traidisiúnta, ach tá an bhearna idir praghsanna ag dúnadh (ar thaobh amháin, toisc go bhfuil táirgiúlacht san fheirmeoireacht orgánach ag méadú agus, ar an taobh eile, toisc go bhfuil na ceanglais chomhshaoil do chineálacha eile talmhaíochta ag éirí níos déine de réir mar a fhorbraíonn CBT). Is bac é seo do ghrúpaí sóisialta áirithe ar ioncam íseal, amhail pinsinéirí, daoine óga nó teaghlaigh ó ghrúpaí ar ioncam íseal. Dá bhrí sin, molann CESE go gcuirfí bearta iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha ar tháirgí orgánacha freisin.
4.9.1Mar shampla, cuireann cosantóirí tomhaltóirí in iúl go bhfuil na corrlaigh trádála i bhfoirm chéatadáin i bhfad níos airde i gcásanna áirithe do tháirgí orgánacha ná mar a bhíonn do tháirgí neamhorgánacha, rud ar dócha go mbeidh tionchar aige ar phraghsáil táirgí orgánacha i gcomparáid le gnáth-tháirgí bia. Ba cheart corrlaigh trádála a bheith réasúnach.
4.9.2I roinnt Ballstát, is constaic mhór roimh fhás mhargadh na dtomhaltóirí i dtáirgí orgánacha í an bhearna shuntasach praghsanna a bhíonn ann in amanna idir táirgí orgánacha agus táirgí traidisiúnta. Áirítear freisin ar phraghsanna bia orgánaigh caighdeáin níos airde le haghaidh earraí poiblí, amhail bithéagsúlacht ar thalamh arúil nó leas ainmhithe. I bhfianaise an méid sin, d’fhéadfadh comhtháthú seachtrachtaí (trédhearcacht praghsanna) i gcás gach táirge a bheith ina bhealach chun tacú le hearnáil na feirmeoireachta orgánaí.
4.9.3Tá CESE den tuairim, go háirithe, gur cheart do na húdaráis phoiblí (údaráis áitiúla, chathrach, réigiúnacha agus chónaidhme) dea-shampla a thabhairt sa soláthar poiblí (e.g. ceaintíní) maidir le bia orgánach séasúrach agus réigiúnach. Tá go leor cathracha Eorpacha
(lena n‑áirítear Cóbanhávan, Vín, Nürnberg) tar éis cur chuige an-rathúil a chur chun feidhme cheana féin.
4.9.4Tugann slabhraí bia níos giorra, chomh maith le deiseanna margaíochta dírí, deiseanna chun praghsanna cothroma a shocrú do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon.
4.10Le sciar méadaitheach de thalamh talmhaíochta faoi fheirmeoireacht orgánach, tiocfaidh dúshláin nua chun cinn. Ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bhforbairt a thagann ar bhrú lotnaidí agus ar ghalair plandaí, i gcomhar le dul chun cinn an athraithe aeráide. Tá gá le cistiú leordhóthanach le haghaidh taighde feidhmeach chun cineálacha atá oiriúnach don fheirmeoireacht orgánach a tháirgeadh, agus chun bearta éifeachtacha cosanta plandaí agus réitigh nuálacha a fhorbairt. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór rochtain shaor ar chineálacha agus ar shíolta a ráthú.
4.11I gcothú ainmhithe, bhí deacrachtaí ann ar feadh roinnt blianta dóthain beatha próitéine agus aimínaigéid riachtanacha (vitimín B) a táirgeadh go horgánach a fháil. Tá géarghá leis an ngéarú ar thaighde atá geallta ar roghanna eile sa réimse seo agus tá fáilte mhór roimhe.
4.12Is dúshlán ar leith í an tréimhse tiontaithe d’fheirmeoirí ós rud é go dtagann méadú ar chaiteachas (e.g. costais rialaithe, ionchuir orgánacha, etc.) atá ard cheana féin le linn na tréimhse sin, agus nach féidir leo na táirgí a mhargú fós mar tháirgí orgánacha. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta leordhóthanacha tacaíochta i ndáil leis sin. Ba cheart féachaint an bhféadfaí margadh le haghaidh ‘táirgí atá á dtiontú’ (idir táirgí orgánacha agus gnáth-tháirgí) a bhunú freisin.
An Bhruiséil, 22 Meán Fómhair 2021
Christa SCHWENG
Uachtarán na Rannóige do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________