INT/1046
Comhlachais trasteorann Eorpacha
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
a)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Pointe Rochtana Aonair Digitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516)
[COM(2023) 515 final – 2023/0314 (COD)]
b)Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha
[COM(2023) 516 final – 2023/0315 (COD)]
Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 02/10/2023
|
|
|
An Chomhairle, 20/09/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 50 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
20/12/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
54/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na gníomhaíochtaí a chuireann comhlachais neamhbhrabúsacha an Aontais i gcrích ar bhonn trasteorann a éascú trí fhoirm dhlíthiúil nua den ‘comhlachas trasteorann Eorpach’ a chruthú. Molann sé do na comhreachtóirí an tionscnamh sin a ghlacadh gan mhoill.
1.2Aithníonn CESE na deacrachtaí a bhíonn ag comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha páirt a ghlacadh sa mhargadh inmheánach agus molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní dlíthiúla agus riaracháin atá orthu agus, ar an gcaoi sin, cur leis an ról atá ag na comhlachais sin san Aontas maidir le luach eacnamaíoch agus sóisialta a ghiniúint.
1.3Cuireann an tionscnamh le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta agus tá nasc aige le roinnt de ghníomhaíochtaí an phlean sin, e.g. an togra le haghaidh Moladh maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt sna Ballstáit agus an dá dhoiciméad inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin maidir le cánachas.
1.4Aithníonn CESE acmhainneacht na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a fhad a bhaineann sé leis an margadh aonair agus meabhraíonn sé gur gá tacú le héiceachóras Eorpach a chruthú le haghaidh na n-eagraíochtaí sin le go mbeidh an margadh aonair níos ‘sóisialta’.
1.5Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún foirm dhlíthiúil bhreise den chomhlachas trasteorann Eorpach (ECBA) a thabhairt isteach i gcórais dlí náisiúnta na mBallstát d’fhonn an t-ualach dlíthiúil agus riaracháin a laghdú a mhéid a bhaineann le comhlachais neamhbhrabúsacha a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích i mBallstát eile a aithint agus a bhunú.
1.6Molann CESE gur cheart go mbeadh gach eagraíocht a bhfuil na riachtanais comhlíonta acu, agus oifig chláraithe acu san Aontas Eorpach, i dteideal stádas ECBA a fháil, fiú má tá daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtíortha lasmuigh den Aontas, go háirithe i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, i measc chomhaltaí an chomhlachta feidhmiúcháin.
1.7I gcomhréir le prionsabal an daonlathais agus prionsabal na saoirse comhlachais, molann CESE gur cheart an cinneadh i dtaobh na gcineálacha éagsúla ballraíochta sna comhlachais agus i dtaobh fheidhmiú an chirt vótála a fhágáil faoi reachtanna na gcomhlachas féin agus reachtanna na gcomhaltaí.
1.8Cuidíonn an tionscnamh seo le haitheantas a thabhairt don ról atá ag na comhlachais neamhbhrabúsacha maidir le feidhmeanna leasa ghinearálta a chomhlíonadh san Eoraip de réir reachta agus sainordú reachtach. Is pointe tagartha é maidir le bearta a dhéanfaí amach anseo a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí trasteorann a éascú d’eintitis eile a chomhlíonann feidhmeanna leasa ghinearálta, ar nós cumainn fhrithpháirteacha agus fondúireachtaí.
1.9Is díol sásaimh do CESE an ‘deimhniú ECBA’ a chruthófar, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann an fhoirm dhlíthiúil nua sin a aithint ar fud an Aontais a luaithe a chlárófar ECBA i mBallstát. Mar sin féin, molann CESE go ndéanfaí na córais aicmiúcháin agus chlárúcháin a fheabhsú trí bhunachair sonraí inchomparáide a chruthú.
1.10Tuigeann CESE cé chomh casta agus atá seasaimh éagsúla na mBallstát i réimse na bhfondúireachtaí agus tá sé den bharúil go bhféadfadh an tionscamh maidir le ECBAnna a bheith ina phointe tagartha luachmhar chun tús a chur arís leis an bplé idir na hinstitiúidí Eorpacha ar Reacht na bhFondúireachtaí Eorpacha.
2.Barúlacha maidir leis an tionscnamh ón gCoimisiún
2.1Comhlánaíonn an tionscnamh a ndearnadh anailís air sa tuairim seo na bearta atá leagtha amach i gclár oibre reachtach 2023 an Choimisiúin Eorpaigh a fhad a bhaineann sé le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta. Treoir agus rialachán atá i gceist sa tionscnamh agus is tionscnamh fiúntach é toisc go líonann sé bearna reachtach atá ann. Tá an méid sin mínithe go han-mhaith sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis. Níl aon rialacha ar leith ann ar leibhéal an Aontais lena gceadaítear do na comhlachais neamhbhrabúsacha feidhmiú ar bhonn trasteorann sa mhargadh inmheánach.
2.2Tugadh le fios sa mheasúnú tionchair go bhfuil ceithre bhacainn ar rannpháirtíocht na gcomhlachas agus na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha sa mhargadh inmheánach, rud a fhágann gur deacair dóibh, nó gur dodhéanta dóibh i gcásanna áirithe, an méid a leanas: (i) ceart a fháil comhlachais neamhbhrabúsacha a bhunú nuair is ar bhonn trasteorann a fheidhmíonn siad; (ii) seirbhísí agus earraí a sholáthar; (iii) páirt a ghlacadh i margadh aonair an chaipitil nó rannchuidiú leis an margadh sin; (iv) páirt a ghlacadh i gcomhlachtaí rialachais na gcomhlachas neamhbhrabúsach nuair is ar bhonn trasteorann a fheidhmíonn siad. Is é a thoradh sin gur beag deis a bhíonn ag na comhlachais neamhbhrabúsacha gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar bhonn trasteorann. Fágann sin gur lú an deis atá ann margadh infheistíochta tionchair shóisialta a fhorbairt san Eoraip, rud a d’fhéadfaí a thuiscint ar bhealach ón úsáid theoranta atá á baint as Rialachán EuSEF, reachtaíocht a ullmhaíodh go sonrach chun infheistíocht san fhiontraíocht shóisialta a chur chun cinn.
2.3Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach, lena dtugtar le chéile agus lena gcuirtear chun feidhme roinnt pointí ar tarraingíodh aird orthu i dtuairimí éagsúla le blianta beaga anuas, ós rud é go dtugtar le fios ann go bhfuil gá lena leithéid sin de bheart, mar atá, gníomhaíochtaí trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsach san Aontas a éascú trí fhoirm dhlíthiúil nua den ‘comhlachas trasteorann Eorpach’ a chruthú. Is éard atá i gceist le comhlachais trasteorann eagraíochtaí a oibríonn thar na teorainneacha náisiúnta. Is minic d’aidhm acu an comhar, an malartú faisnéise agus an chomhroinnt acmhainní a chur chun cinn idir tíortha nó réigiúin chomharsanacha. Ar cheann de na cuspóirí atá leis an tionscnamh tá feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí dheireadh a chur leis na bacainní dlíthiúla agus riaracháin a bhíonn ar na comhlachais neamhbhrabúsacha a bhíonn ag feidhmiú, nó a dteastaíonn uathu feidhmiú, i níos mó ná Ballstát amháin, agus, ar an gcaoi sin, cur leis an ról atá ag na comhlachais sin san Aontas maidir le luach eacnamaíoch agus sóisialta a ghiniúint. Fágfaidh sin freisin go mbeidh cothromaíocht ann idir na comhlachais.
2.4Chomh maith leis na comhlachais neamhbhrabúsacha, is ceart a aithint go bhfuil ról tábhachtach ‘leasa phoiblí’ ag eagraíochtaí daonchairdiúla nach iad agus fondúireachtaí a mbíonn an bac céanna orthu uaireanta agus a bhíonn ar na comhlachais réamhráite agus iad ag iarraidh aitheantas dá bpearsantacht dhlítheanach i mBallstát eile nó a n-oifig chláraithe a aistriú go Ballstát eile nó cumasc a dhéanamh thar theorainneacha. Tá CESE den tuairim, áfach, nach mór teacht ar réiteach le haghaidh na n-eagraíochtaí sin freisin, rud a iarradh den chéad uair i dtuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa.
2.5Cuireann an tionscnamh le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta agus tá nasc aige le roinnt de ghníomhaíochtaí an phlean sin, e.g. an togra le haghaidh Moladh a ghlac Comhairle EPSCO an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt sna Ballstáit agus an dá dhoiciméad inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na creataí cánachais ábhartha le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta agus maidir le cánachas neamh-idirdhealaitheach ar eagraíochtaí carthanachta agus ar a ndeontóirí: prionsabail arna mbaint ó chásdlí an Aontais. Cé go dtagraíonn a lán de na comhlachais neamhbhrabúsacha do phrionsabail bhunúsacha an gheilleagair shóisialta, tá comhlachais neamhbhrabúsacha eile ann a bhfuil aidhmeanna eile acu, e.g. tomhaltóirí, gnólachtaí agus cearta saoránach a chur chun cinn agus a chosaint.
2.6Cruthaíonn na comhlachais neamhbhrabúsacha luach sóisialta agus eacnamaíoch mar sholáthraithe seirbhísí sa réimse sóisialta agus i réimsí na sláinte, an chúraim, an chultúir, na fostaíochta, an oideachais, an spóirt, an chomhshaoil, an chomhair idirnáisiúnta agus na tacaíochta daonnúla. Cruthaíonn siad ionaid rannpháirtíochta agus ghníomhaíochta don tsochaí shibhialta freisin, trí ról gníomhach na saoránach a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, bonneagar sóisialta a chruthú le haghaidh an daonlathais.
2.7Tá feidhm mhórthábhachtach leis an mbonneagar sóisialta sin maidir le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá roimh an Eoraip: idir an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach, idir an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an dúshlán cur le scileanna. Is minic a fheictear go bhfuil an bonneagar sin in ann réitigh thábhachtacha a chur ar fáil don nuálaíocht shóisialta agus chun tacú leis an gclaochlú, rudaí a chabhraíonn le dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair.
2.8Tá CESE den tuairim go gcomhlánaíonn an tionscnamh seo an Moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt, sin agus príomhghníomhaíochtaí eile le haghaidh na gcomhlachas agus na bhfondúireachtaí mar a áirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, agus go dtreisíonn siad a chéile. Tá an tionscnamh reachtach dírithe ar thacaíocht a thabhairt do na comhlachais neamhbhrabúsacha le go bhféadfaidh siad na bacainní atá rompu mar phríomhghníomhaithe sa gheilleagar sóisialta a shárú agus iad ag feidhmiú ar bhonn trasteorann sa mhargadh aonair, trí thimpeallacht dhearfach a chruthú ina n-urramófar an saibhreas a bhaineann leis an éagsúlacht foirmeacha eagraíochta i sochaí shibhialta an Aontais.
2.9Mar a aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta, tá an geilleagar sóisialta ar cheann de na príomhbhealaí chun Eoraip chuimsitheach neamh-idirdhealaitheach a chruthú, toisc go bhfuil fócas láidir ann ar na dúshláin shochaíocha, e.g. cabhrú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste lánpháirtiú i margadh an tsaothair nó cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí áirithe atá i mbaol an eisiaimh shóisialta, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, imircigh agus dídeanaithe, agus daoine atá i bhfad ó mhargadh an tsaothair. Níl barr acmhainneacht na n‑eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ná na n-eintiteas daonchairdiúil bainte amach go fóill i gcomhthéacs an mhargaidh aonair agus is ar an leibhéal áitiúil go príomha a bhaintear an acmhainneacht sin amach. Tá an tionscnamh seo dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil le go bhféadfar éiceachóras Eorpach a chruthú don chineál sin eintitis agus le go mbeidh an margadh aonair níos ‘sóisialta’.
2.10Ba cheart don Choimisiún reatha gealltanas uaillmhianach a thabhairt go gcuirfidh sé an tionscnamh reachtach seo chun cinn agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige margadh aonair a chruthú a mbeidh cothroime iomaíochta ann do na foirmeacha éagsúla eagraíochta a shaothraíonn cuspóirí leasa ghinearálta, rud a chruthóidh leas coiteann sa phobal ina bhfeidhmíonn siad. Bonn ar bhonn leis an bPlean Gníomhaíochta, ní mór don tionscnamh seo cur chuige úrnua a spreagadh le go mbeidh sochaí shibhialta na hEorpa, na heagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus an daonchairdeas Eorpach in ann cur le sochaí a oibríonn ar son daoine agus an phláinéid. Ba cheart a áirithiú freisin go mbeadh an geilleagar sóisialta ina iomláine in ann oibriú chun Aontas cuimsitheach éagsúlaithe a fheidhmíonn ar bhealach éifeachtach agus cuimsitheach a chruthú. I ndáil leis an méid sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí an tionscnamh seo a ghlacadh gan mhoill.
2.11Is gá feabhas a chur ar na féidearthachtaí a bhíonn ag comhlachas neamhbhrabúsach aitheantas a fháil dá phearsantacht dhlítheanach i mBallstáit eile, rud a áirithíonn go bhfuiltear ag caitheamh go cothrom leis sa mhargadh inmheánach. Tá sé chomh tábhachtach céanna nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcaoi a bhfaightear an stádas mar ECBA, is é sin gur ar bhonn deonach a bhaintear amach é agus nach gcuirtear brú ar aon chomhlachas a stádas dlíthiúil a athrú.
2.12I measc eintitis an gheilleagair shóisialta tá na cumainn fhrithpháirteacha agus is gnóthais iad a sholáthraíonn seirbhísí árachais saoil agus árachais neamhshaoil, chomh maith le scéimeanna slándála sóisialta forlíontacha. Ós rud é nach n-aithnítear foirm dhlíthiúil na gcumann frithpháirteach i ngach Ballstát, fágann an creat dlíthiúil Eorpach atá ann faoi láthair nach féidir leis na cumainn fhrithpháirteacha tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an margadh inmheánach. D’fhágfadh rogha an chomhlachais trasteorann go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh maidir le haitheantas sonrach a thabhairt do na cumainn fhrithpháirteacha.
2.13Tá 3.8 milliún comhlachas neamhbhrabúsach sna Ballstáit agus is iad a chruthaíonn 2.9 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais. A bhuí leis na rialacha nua, meastar go mbeidh laghdú ar na costais riaracháin a bheidh le híoc ag thart ar 310 000 comhlachas neamhbhrabúsach a mbíonn bacainní den sórt sin rompu faoi láthair agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu i dtír eile. D’fhéadfadh an laghdú sin a bheith chomh hard le EUR 770 milliún in aghaidh na bliana, agus d’fhéadfadh an laghdú iomlán a bheith cothrom le EUR 8.5 billiún thar thréimhse 15 bliana. Ina theannta sin, dá gcuirfí deireadh leis na bacainní atá sonraithe sa togra, bheifí ag súil go bhféadfadh thart ar 185 000 comhlachas neamhbhrabúsach eile tús a chur le gníomhaíochtaí trasteorann agus go bhféadfaidís suas le EUR 4.2 billiún de bhreisluach a ghiniúint thar thréimhse 15 bliana.
2.14Tá 24 chóras rialála éagsúla ann atá infheidhme maidir leis na comhlachais neamhbhrabúsacha san Aontas Eorpach agus is minic a bhíonn córais réigiúnacha ann freisin. Ciallaíonn an meascán mearaí sin de chórais rialála éagsúla go mbíonn bac ar rannpháirtíocht shibhialta thar theorainneacha agus nach dtarlaíonn ach go gcuirtear teorainn leis an spás sibhialta. Faoi láthair, nuair a chuireann comhlachais neamhbhrabúsacha gníomhaíochtaí i gcrích i mBallstát seachas Ballstát a mbunaithe, ní fhaigheann siad aitheantas aonfhoirmeach dá bpearsantacht ná dá n‑inniúlacht dhlítheanach agus is minic a bhíonn orthu clárú don dara huair nó fiú eintiteas dlíthiúil nua a bhunú sa Bhallstát eile sin.
2.15Tá roinnt comhlachas ann a thrasnaíonn teorainneacha an Aontais toisc go bhfuil líonraí eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha iontu, agus go mbíonn comhaltaí acu as tríú tíortha Eorpacha agus go bhfeidhmíonn siad sna tíortha sin. Ionas go mbeidh na heagraíochtaí sin in ann deimhniú ECBA a fháil, ba cheart an srian a leagtar síos in Airteagal 7 den togra le haghaidh Treorach a athbhreithniú a mhéid a fhoráiltear leis nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha ar saoránaigh den Aontas Eorpach iad a bheith ina gcomhaltaí de chomhlacht feidhmiúcháin ECBA. Is cosúil go bhfuil an tsrian sin ródhian. Dar le CESE, is gá an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach a chur san áireamh d’fhonn cuspóir na rannpháirtíochta sa mhargadh aonair a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE.
2.16Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go mbeidh solúbthacht ann a fhad a bhaineann sé le sannadh na gceart vótála, i gcomhréir le prionsabal an daonlathais, d’fhonn cineálacha éagsúla ballraíochta na gcomhlachas atá ag feidhmiú ar an leibhéal Eorpach a urramú, ós rud é gur cosúil go bhfuil foclaíocht Airteagal 8 mar atá, lena bhforáiltear go mbeidh vóta amháin ag gach comhalta de ECBA, róshriantach.
3.Ról na ECBAnna
3.1Is é a thugtar isteach leis an tionscnamh ón gCoimisiún foirm dhlíthiúil bhreise den chomhlachas trasteorann Eorpach (ECBA) i gcórais dlí náisiúnta na mBallstát, a bhfuil na difríochtaí móra eatarthu curtha san áireamh sna doiciméid a ghabhann leis an tionscnamh agus i dtéacs an togra le haghaidh Treorach. Is chun críoch trasteorann go sonrach a cruthaíodh an stádas ECBA, sin agus d’fhonn an t-ualach dlíthiúil agus riaracháin a laghdú a mhéid a bhaineann le comhlachais neamhbhrabúsacha a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích i mBallstát eile a aithint agus a bhunú.
3.2Chomh maith le foirm dhlíthiúil bhreise a chruthú le haghaidh na gcomhlachas trasteorann, ba cheart ionstraim iomchuí a chur san áireamh maidir leis na fondúireachtaí. Rinneadh iarracht cheana féin in 2012 reacht Eorpach a ghlacadh le haghaidh na bhfondúireachtaí ach theip ar an iarracht sin. Anois, a bhuí leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta agus an Moladh le haghaidh an gheilleagair shóisialta, d’fhéadfadh sé gur mhithid an deis a thapú tionscnamh nua a sheoladh lena gcuirfí tús arís leis an iarracht sin nár éirigh léi deich mbliana ó shin.
3.3Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le haon srian gan údar a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta, saorghluaiseacht seirbhísí, saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht caipitil ag a bhfuil feidhm fós i ndlíthe roinnt Ballstát. I ndáil leis sin, measann sé gur foráil thar a bheith fiúntach í an fhoráil in Airteagal 12 den togra le haghaidh Treorach, is é sin go n‑áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ar ECBA clárú ach an t-aon uair amháin.
3.4Faoi láthair bíonn ar chomhlachais neamhbhrabúsacha ar mian leo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh i mBallstát eile comhlachas neamhbhrabúsach úrnua a fhoirmiú agus a chlárú sa Bhallstát sin, agus bíonn costais agus foirmiúlachtaí riaracháin breise i gceist leis sin.
3.5Bíonn iarmhairt aige sin freisin maidir le treorú caipitil idir comhlachais neamhbhrabúsacha, rud a chuireann bac ar shreabhadh éasca caipitil agus a bhaineann an bonn de chumas comhlachas neamhbhrabúsach a ngníomhaíochtaí a dhéanamh i mBallstát eile. Bíonn na rialacha éagsúil freisin maidir le rochtain ar chaipiteal agus bíonn deacrachtaí ann maidir le rochtain ar iasachtaí airgeadais, creidmheasanna agus ráthaíochtaí laistigh d’institiúidí creidmheasa.
3.6Trí fhoirm dhlíthiúil nua den chomhlachas neamhbhrabúsach a chruthú, foirm a mbeadh aitheantas aici sna Ballstáit uile, creideann CESE gur féidir leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tacú leis an méid a chuireann siad leis an tsochaí, bídís ina n‑eagraíochtaí beaga nó móra. Is féidir leis an bhfoirm nua sin a bheith ina huirlis ríthábhachtach chun rannpháirtíocht choiteann na saoránach a shlógadh, go háirithe trí chomhlachais agus fondúireachtaí, trína bhféadfar an oiread gníomhaíochtaí agus is féidir a dhéanamh ar mhaithe leis an leas poiblí agus an comhar a chur chun cinn i ngach réimse den tsochaí. Ina theannta sin, beidh comhlachais na réigiún trasteorann in ann cur leis an gcomhar atá eatarthu, rud as a dtiocfaidh meon agus saoránacht Eorpach níos láidre agus níos doimhne sna réigiúin uathúla sin. Cuideoidh an tionscnamh seo le haitheantas a thabhairt don ról atá ag na comhlachais neamhbhrabúsacha maidir le feidhmeanna leasa ghinearálta a chomhlíonadh san Eoraip agus féadfaidh sé feidhmiú mar phointe tagartha le haghaidh tionscnaimh a bheidh ann amach anseo ina mbeadh páirt ag cineálacha eile eintitis, e.g. fondúireachtaí.
3.7Is díol mór sásaimh do CESE go bhforáiltear leis an togra le haghaidh Treorach go dtabharfar pearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlítheanach do ECBA tráth a chláraithe i mBallstát. A luaithe a bheidh ECBA bunaithe i mBallstát, aithneofar é go huathoibríoch agus beidh sé in ann gníomhaíochtaí a chur i gcrích sna Ballstáit uile, lena n-áireofar gníomhaíochtaí eacnamaíocha, rud a fhágfaidh go mbeidh ECBAnna in ann leas a bhaint as a lánacmhainneacht shóisialta agus eacnamaíoch san Aontas.
3.8Ní ghlacfaidh na ECBAnna áit na gcomhlachas náisiúnta eile ar leibhéal na mBallstát ós amhlaidh a mhairfidh siad taobh le taobh. Maidir le hábhair nach gcumhdaítear leis an togra le haghaidh Treorach, amhail an chóireáil cánach, caithfidh an Ballstát le ECBA ar an gcuma chéanna agus a chaitear le comhlachais neamhbhrabúsacha náisiúnta eile den chineál céanna, agus rialacha an Bhallstáit san earnáil i gceist á n-urramú aige agus gan difear a dhéanamh do na comhlachais atá ann cheana.
3.9A bhuí leis an deimhniú ‘ECBA’, fágfaidh na rialacha nua go bhféadfar, a luaithe a chlárófar ECBA i mBallstát, an fhoirm dhlíthiúil nua sin a aithint gan mhoill fud fad an Aontais. Thairis sin, déanfar foráil maidir le rialacha comhchuibhithe i gcás aistriú na hoifige cláraithe, le go mbeidh na ECBAnna in ann lántairbhe a bhaint as an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí, earraí agus caipiteal a sholáthar san Aontas.
3.10Beidh ECBA in ann lántairbhe a bhaint as na buntáistí a ghabhann leis an margadh inmheánach, gan beann ar Bhallstát an chláraithe, agus rochtain shaor agus neamh-idirdhealaitheach a bheith aige ar na cistí poiblí i ngach Ballstát ina bhfeidhmíonn sé.
3.11Tá CESE den tuairim gur gá cur le hinfhaighteacht na sonraí maidir le heintitis atá i dteideal stádas ECBA d’fhonn feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus an t-eolas faoi na cineálacha éagsúla comhlachas neamhbhrabúsach atá ann; molann sé go gcruthófaí cláir agus córais staidrimh atá iomchuí agus inchomparáide. Ní mór cláir agus córais aicmithe na gcomhlachas brabúsach a bheith dírithe ar mhí-úsáid na sochar a dheonaítear do ECBAnna a sheachaint, ach níor cheart iad a úsáid chun srianta a fhorchur, mar a fhoráiltear go soiléir in Airteagal 15 den togra le haghaidh Treorach.
3.12Chomh maith leis an togra le haghaidh Treorach, ghlac an Coimisiún Rialachán de chineál teicniúil lena leasaítear na rialacháin a bhaineann le córas faisnéise an mhargaidh inmheánaigh (IMI) agus leis an bpointe rochtana aonair digiteach, sin le go bhféadfar an comhar agus an malartú faisnéise a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla trí chóras IMI agus chun oibríochtaí digiteacha a chur i gcrích tríd an bpointe rochtana aonair digiteach le go mbeidh an pobal in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis ar líne a bhaineann le ECBAnna.
3.13Is díol sásaimh do CESE go mbunófar agus go mbainisteofar pointe aonair digiteach trína bhféadfaidh na saoránaigh, na gnólachtaí agus na daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i ndáil le rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha.
An Bhruiséil, 20 Nollaig 2023
Sandra PARTHIE
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________