ECO/606
CBL sa Ré Dhigiteach
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach
[COM(2022) 701 final – 2022/0407 (CNS)]
Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach
[COM(2022) 703 final – 2022/0409 (CNS)]
Rapóirtéir: Philip VON BROCKDORFF
Comhrapóirtéir: Krister ANDERSSON
|
Comhairliúchán
|
An Chomhairle, 10/02/2023 agus 13/02/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
18/04/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
67/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Achoimre agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige na rialacha CBL atá 30 bliain d’aois a thabhairt cothrom le dáta chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair níos fearr, an ilroinnt atá ann a laghdú, agus é a chur in oiriúint don ré dhigiteach.
1.2Tá CESE den tuairim gur cheart an méid seo a leanas a bheith ina phríomhchuspóir den togra, is é sin, córas CBL atá curtha in oiriúint níos fearr d’fhorbairtí reatha an gheilleagair dhigitigh, chun go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, ba cheart an bailiú cánach a bheith éifeachtúil agus tráthúil, rud a laghdóidh an caolais CBL agus, dá réir sin, an bhearna CBL.
1.3Chun go mbainfidh gnólachtaí leas iomlán as an margadh aonair, ní mór na rialacha CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ní bhainfear é seo amach ach amháin má dhéanfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, gníomhaíocht a chuirfidh cosc ar an rómhaorlathas, ar neamhréireachtaí agus ar lúba ar lár sna rialacha CBL is infheidhme. Molann CESE don Choimisiún leanúint den obair chun an cur chun feidhme a bhaint amach agus tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá nótaí míniúcháin nó a macasamhail de threoir chun an aonfhoirmeacht a áirithiú.
1.4Na rialacha atá beartaithe maidir leis na hardáin dhigiteacha agus an ról a chuimsíonn siad ó thaobh bailiú CBL de, is díol sásaimh do CESE go bhfuil siad comhsheasmhach leis na tionscnaimh ón gCoimisiún maidir leis an ngeilleagar digiteach a tugadh isteach roimhe seo.
1.5Is mór ag CESE go mbeidh an sásra aistrithe táillí intíre infheidhme a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí agus seirbhísí. Tá CESE á thabhairt le fios gur éagsúil an bealach a chaitear le hearraí agus le seirbhísí sa trádáil laistigh den Aontas sa chóras atá ann faoi láthair. Is oth le CESE nach dtapaítear an deis cóireáil CBL idir earraí agus seirbhísí a chur in oiriúint le chéile sa togra cuimsitheach ón gCoimisiún. Dá dtabharfaí a leithéid isteach, thiocfadh laghdú ar an ualach riaracháin atá ar ghnólachtaí, go háirithe ar FBManna.
1.6Dar le CESE tá an dá lá a moladh maidir le tuairisciú a dhéanamh ar sholáthair earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas i bhfad ró-ghearr. Is díol imní do CESE gur baol an teorainn ama dhá lá maidir le sonraisc leictreonacha agus tuairisciú a bheith ina bacainn a mhéid a bhaineann le trádáil laistigh den Aontas, go háirithe de bharr gurb iomaí FBM atá ag streachailt leis an teorainn ama i bhfad níos faide atá laistigh den chreat rialála atá ann faoi láthair.
1.7Molann an Coimisiún go gcuirfí deireadh leis an bhféidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint faoin togra. Measann CESE nár cheart deireadh a chur le sonraisc achoimre mar gheall go gcruthófaí fadhbanna ina lán earnálacha dá ndéanfaí amhlaidh. Ba cheart úsáid sonrasc achoimre a cheadú i gcónaí a mhéid a bhaineann le hidirbhearta intíre. I gcás idirbhearta laistigh den Aontas, tá CESE á thabhairt dá aire féidearthacht eile, is é sin, teorainn a chur le húsáid sonrasc achomair, e.g. teorainn seacht lá a chur leo.
1.8Molann CESE don Choimisiún leanúint de bheith ag obair chun go mbeidh asbhaintí CBL curtha san áireamh san Ionad Ilfhreastail (OSS) a luaithe is féidir, mar aon le haisíocaíochtaí CBL tráthúla a sholáthar.
1.9Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí teacht chun cinn de thoradh na gcostas suntasach cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta a leagtar amach sa phacáiste cuimsitheach maidir le CBL.
1.10Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhfuil gá le hidirghabháil ón Aontas i ndáil le calaois CBL laistigh den Aontas, i gcomhréir le cur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta.
1.11Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh sonraí pearsanta, mar aon le sonraí íogaire gnó, a bheith sna sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear idir na húdaráis chánach. Ní mór sonraí den sórt sin a chosaint agus a láimhseáil go dianchúramach chun go gcaomhnófar sláine na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí.
2.Réamhrá agus cúlra
2.1D’fhoilsigh an Coimisiún pacáiste beart an 8 Nollaig 2022 arb é is aidhm dó an Cháin Bhreisluacha (CBL) san Aontas a nuachóiriú; lena chois sin, tá sé de chuspóir aige an córas CBL a thabhairt cothrom le dáta don ré dhigiteach agus é a dhéanamh níos athléimní ó thaobh calaoise de, rud a laghdóidh an bhearna CBL atá ann faoi láthair (is é EUR 93 bhilliún an luach a mheastar a bheith sa bhearna sin).
2.2Go sonrach, tá trí bheart reachtacha sa phacáiste seo: i) togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL sa ré dhigiteach; ii) togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL; iii) togra le haghaidh Rialachán cur chun feidhme, lena leasaítear Rialachán (AE) 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna áirithe CBL.
2.3Tá trí chinn de phríomhaidhmeanna ag an bpacáiste reachtach: i) oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú, trí cheanglais maidir le tuairisciú digiteach (CTDanna) a thabhairt isteach; ii) aghaidh a thabhairt ar na dúshláin CBL a bhaineann leis an ‘geilleagar ardán’, mar a thugtar air, trí na rialacha is infheidhme a shoiléiriú chun cóir chomhionann idir na hoibreoirí a áirithiú agus trí ról na n-ardán i mbailiú CBL a fheabhsú; iii) an gá atá le clárúcháin CBL iomadúla a sheachaint san Aontas trí Chlárú Aonair CBL a thabhairt isteach.
2.4Bunófar córas éigeantach tuairiscithe idirbheart ar idirbheart a bhainfidh le hidirbhearta laistigh den Aontas d’fhonn faisnéis mhear a chur ar fáil do na Ballstáit. Tabharfar solúbthacht do na Ballstáit más mian leo a leithéid de chóras tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh idirbhearta intíre. Beidh ról ríthábhachtach ag an ríomhshonrascadh laistigh den scéim nua tuairiscithe, agus úsáidfear é mar an gcóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint, agus beidh sé ina bhonn den tuairisciú digiteach chomh maith.
2.5Beidh cead ag na daoine inchánacha uile na sonraí a bhaineann le sonraisc leictreonacha, sonraí a chomhlíonann an caighdeán Eorpach, a thuairisciú. Beidh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le tarchur sonraí óna sonraisc leictreonacha arna n-eisiúint i bhformáid eile, fad is go gceadófar úsáid an chaighdeáin Eorpaigh leo freisin. Na formáidí sonraí a d’údaraigh na Ballstáit, ní mór an idir-inoibritheacht leis an gCaighdeán Eorpach maidir le hidirbhearta laistigh den Aontas a ráthú leo.
2.6Cuirfear tús le córas maidir le ‘soláthróir measta’ (trína dtabharfaidh ardáin cuntas ar an CBL ar an soláthar foluiteach i gcás nach ngearrann an soláthróir aon CBL) sna hearnálacha i ngeilleagar na n-ardán a bhaineann le cóiríocht ghearrthéarmach ar cíos agus iompar paisinéirí.
2.7Cuireadh OSS agus an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) chun feidhme go rathúil, rud a laghdaíonn castacht. Mar sin féin, tá roinnt soláthairtí earraí agus seirbhísí nach bhfuil faoi réir scéim simplithe OSS. Saothrófar leathnú ar raon feidhme OSS atá ann faoi láthair chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú breise ar an ngá le clárúcháin CBL iomadúla san Aontas. Thairis sin, beidh IOSS ina chuid éigeantach d’ardáin chun próiseas allmhairithe na n-earraí ríomhthráchtála a shimpliú tuilleadh agus chun é a dhéanamh níos seasmhaí ar chalaois.
2.8De réir an mheasúnaithe tionchair, baineann na trí thogra a cuireadh ar aghaidh an chothromaíocht is fearr amach idir na roghanna rialála uile atá ar fáil ó thaobh éifeachtachta, comhréireachta agus coimhdeachta de. Meastar san anailís tionchair go nginfidh na bearta a cuireadh chun feidhme idir EUR 172 bhilliún agus EUR 214 bhilliún de ghlanghnóthachain, idir 2023 agus 2032, lena n-áirítear EUR 51 bhilliún i gcoigilteas (EUR 41.4 billiún ó thuairisciú CBL; EUR 0.5 billiún ó shruthlíniú agus soiléiriú i ngeilleagar na n-ardán; agus EUR 8.7 billiún ó dheireadh a chur le hoibleagáidí maidir le clárú CBL).
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige na rialacha CBL atá 30 bliain d’aois a thabhairt cothrom le dáta chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair níos fearr, an ilroinnt atá ann a laghdú, agus é a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Is céim í a bhfuil coinne léi le fada laistigh den phlean gníomhaíochta maidir le CBL a chuir an Coimisiún chun feidhme le blianta beaga anuas. Measann CESE freisin gur céim thábhachtach é an togra seo chun tacú leis an margadh aonair trí chomhar feabhsaithe agus aonfhoirmeacht a bhaint amach ar fud na n-údarás cánach.
3.2Tá CESE den tuairim gur cheart an méid seo a leanas a bheith ina phríomhchuspóir den togra, is é sin, córas CBL atá curtha in oiriúint níos fearr d’fhorbairtí reatha an gheilleagair dhigitigh, chun go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, ba cheart an bailiú cánach a bheith éifeachtach agus tráthúil, rud a laghdóidh an caolais CBL agus a áiritheoidh cothrom iomaíochta.
3.3Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhfuil gá le hidirghabháil ón Aontas i ndáil le calaois CBL laistigh den Aontas, i gcomhréir le cur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta. Léirítear leis an mbearna CBL atá ann faoi láthair nach leor ionstraimí náisiúnta chun dul i ngleic le calaois trasteorann.
3.4Cabhróidh rialacha comhchuibhithe maidir le tuairisciú CBL le feidhmiú níos fearr agus comhdhlúthú méadaithe an mhargaidh aonair. Tagann ualaí riaracháin ar ghnólachtaí chun cinn de dheasca na hilroinnte agus na gcóras tuairiscithe éagsúla sna Ballstáit éagsúla, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina mbacainn ar an díolachán trasteorann sa mhargadh aonair. Tuigeann CESE go raibh na Ballstáit gníomhach maidir lena gcórais tuairiscithe féin a bhunú agus nach bhfuil an margadh aonair ag feidhmiú chomh héifeachtach céanna de bharr na gcineálacha éagsúla córas. Chun an ilroinnt sin a laghdú, b’inmhianaithe cur chuige coiteann a ghlacadh. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí deireadh leis na ráitis achoimreacha de thoradh na hoibleagáide nua tuairiscithe.
3.5Chun go mbainfidh gnólachtaí leas iomlán as an margadh aonair, ní mór na rialacha CBL a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, seachas iallach a bheith orthu cur chun feidhme éagsúil i ndáil leis na rialacha comhchoiteanna a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta. Gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais is ea an t-aon bhealach leis seo a áirithiú, gníomhaíocht a chuireann cosc ar an rómhaorlathas, ar neamhréireachtaí agus ar lúba ar lár sna rialacha CBL is infheidhme. Molann CESE don Choimisiún leanúint den obair chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a bhaint amach agus tá béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá nótaí míniúcháin nó a macasamhail de threoir chun an aonfhoirmeacht a áirithiú.
4.Barúlacha sonracha
4.1Meabhraíonn CESE go mbeidh costais shuntasacha ar ghnólachtaí, agus ar FBManna go háirithe, mar gheall ar an ualach breise riaracháin a eascróidh as tabhairt isteach CTDanna. Cé go bhfuil na costais sin riachtanach chun an córas reatha a nuachóiriú go héifeachtach, ba cheart na costais chomhlíonta do ghnólachtaí a bheith chomh híseal agus is féidir, agus faireachán leanúnach a dhéanamh orthu le linn an phróisis cur chun feidhme chun ualach an chomhlíonta a mheasúnú.
4.2Tá CESE á thabhairt dá aire freisin go mbeidh costais mheasta an chur chun feidhme an-suntasach do ghnólachtaí ar fud an Aontais. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh sé go n-íocfadh tomhaltóirí praghsanna níos airde de thoradh na gcostas breise, ar costais iad a bhaineann go háirithe le gnólachtaí, mar is léir ó staidéar a chruthaíonn go bhfuil comhghaol dlúth idir an (ró)rialáil agus praghsanna i roinnt mhaith gnólachtaí.
4.3Tá sé á thabhairt le fios ag CESE, cé nach dtagraíonn na hoibleagáidí tuairiscithe d’idirbhearta laistigh den Aontas ach d’idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B), go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh sna sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear idir na húdaráis chánach, agus go stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Is é is dóichí ná a mhalairt go n-áireofar sna sonraí a bhaileofar sonraí íogaire gnó nach mór a chosaint chomh maith. I ndáil leis sin, tá béim á leagan ag CESE ar an bprionsabal maidir le híoslaghdú sonraí agus ar an ngá atá leis na sonraí sin a chosaint go hiomlán. Ba cheart é sin a áirithiú agus faireachán a dhéanamh air le himeacht ama.
4.4Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na rialacha atá beartaithe maidir le hardáin dhigiteacha agus an ról atá acu chun cabhrú le CBL a bhailiú comhsheasmhach le tionscnaimh ón gCoimisiún roimhe seo maidir leis an ngeilleagar digiteach, lena n-áirítear an togra le haghaidh treoir chun dálaí daoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha a fheabhsú. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire go rachaidh sé chun tairbhe do thomhaltóirí dá mbeadh IOSS éigeantach toisc go mbeadh sé níos éasca earraí a cheannach ó na hardáin, agus ag an am céanna, go bhfeabhsófaí bailiú CBL ar na ceannacháin sin.
4.5Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil cur chuige difriúil sa chóras atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le hearraí agus seirbhísí sa trádáil laistigh den Aontas, is é sin, is iad seirbhísí an t‑aon rud atá faoi réir an tsásra aistrithe táillí. Is oth le CESE nach dtapaítear an deis cóireáil CBL idir earraí agus seirbhísí a chur in oiriúint le chéile sa togra cuimsitheach ón gCoimisiún. Dá ndéanfaí na rialacha a thabhairt cothrom le dáta ar an gcaoi sin, dhéanfaí na rialacha a ailíniú leis an réaltacht eacnamaíoch atá ann faoi láthair, ina gceannaíonn custaiméirí pacáistí réitigh de ghnáth seachas earraí nó seirbhísí. Laghdódh athrú den sórt sin an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, agus ar FBManna go háirithe, gnólachtaí nach mór dóibh idirdhealú a dhéanamh feasta idir comhpháirteanna ar leith de sholáthairtí ilchodacha de bharr na rialacha CBL.
4.6Tacaíonn CESE le cuspóir ginearálta an Choimisiúin, is é sin, ról níos mó a bheith ag ardáin laistigh de chreat rialála CBL. Is féidir breathnú ar na tograí mar chur chuige éifeachtach chun dul i ngleic le saobhadh iomaíochta. Dá bhrí sin, tugadh aghaidh go hiomchuí agus go leordhóthanach ar na hábhair imní is bun leis na tograí maidir le Cáin ar Sheirbhísí Digiteacha.
4.7Is díol sásaimh do CESE an méadú atá tagtha ar an úsáid a bhaintear as OSS. Is é an toradh a bheidh air sin go dtiocfaidh laghdú ar líon na gclárúchán eachtrach CBL atá ann do chuideachtaí, rud a fhágfaidh go laghdófar an t-ualach agus an costas a bhaineann le comhlíonadh, go háirithe do FBManna.
4.8Tá an tuairisciú fíor-ama atá beartaithe bunaithe ar ríomhshonrascadh. Cé gur díol sásaimh do CESE an úsáid a bhaintear as digitiú i réimse an chánachais, ba mhaith leis a chur in iúl go bhfuil éagsúlachtaí móra ó thaobh leibhéal an ríomhshonrasctha idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha go dtabharfadh an Coimisiún dá aire an gá a d'fhéadfadh a bheith ann le tacaíocht theicniúil sna Ballstáit éagsúla, agus féachaint an bhféadfadh sé agus na Ballstáit tacaíocht den sórt sin a sholáthar do ghnólachtaí. Thairis sin, measann CESE gur cheart don Choimisiún a bheith níos soiléire maidir leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus i ndáil leis an athrú a thiocfaidh air le himeacht ama. Molann CESE don Choimisiún an caighdeán Eorpach a fhoilsiú gan mhoill ionas gur féidir le cuideachtaí tosú ag ullmhú do na hathruithe.
4.9Tá sé á chur in iúl ag CESE go leathnaítear na ceanglais faisnéise le haghaidh sonrasc a bhuí leis an togra, ós rud é gur gá tuairisciú a dhéanamh ar an IBAN nó ar a choibhéis agus ar dháta na híocaíochta. Dá méadófaí na ceanglais maidir le sonraisc, d’fhéadfadh éiginnteachtaí agus costais riaracháin níos airde a bheith ann do ghnólachtaí. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire gur coitianta an nós é roinnt uimhreacha IBAN a bheith ar shonraisc na ngnólachtaí agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le soiléiriú breise maidir leis an méid is gá a thuairisciú. Molann CESE don Choimisiún féachaint an féidir na riaracháin chánach an fhaisnéis sin a úsáid chun bailiú CBL a áirithiú. Mura féidir an fhaisnéis a úsáid i mbailiú agus i rialú CBL, ní bheidh ann ach ualach breise do ghnólachtaí.
4.10Dar le CESE tá an dá lá a moladh maidir le tuairisciú a dhéanamh ar sholáthair earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas i bhfad ró-ghearr. Is baol le CESE go mbeadh an teorainn ama dhá lá ina bacainn ar an teacht isteach sa mhargadh aonair, go háirithe de bharr gurb iomaí FBM atá ag streachailt leis an teorainn ama i bhfad níos faide atá laistigh den chreat rialála atá ann faoi láthair.
4.11Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh sé go mbeadh an teorainn ama dhá lá ina hualach rómhór don cheannaitheoir. Ba cheart, dá bhrí sin, cur leis an teorainn ama go suntasach, agus méid na ngnólachtaí lena mbaineann a chur san áireamh, agus machnamh a dhéanamh ar dhíolúintí a bheith ann do na fiontair is lú. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire gur minic a bhíonn níos mó botún agus ceartuithe cúlghabhálacha mar thoradh ar dhátaí dlite níos doichte, a ngearrtar pionóis orthu ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún comhairle a chur ar na Ballstáit maidir le teorannú na smachtbhannaí agus na rátaí úis, go háirithe sna luathbhlianta ina nglacfar iad.
4.12Molann an Coimisiún go gcuirfí deireadh leis an bhféidearthacht sonraisc achoimre a eisiúint leis an togra. Measann CESE go bhféadfadh sé sin a bheith an-deacair d’fheidhmiú earnálacha áirithe, agus molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle breathnú níos géire ar na tairbhí a bhaineann leis an bhféidearthacht sin a dhíothú, agus í a chur i gcomparáid leis na costais agus na fadhbanna a thagann chun cinn d’earnálacha éagsúla agus an díothú sin á dhéanamh. Ba cheart úsáid sonrasc achoimre a cheadú i gcónaí a mhéid a bhaineann le hidirbhearta intíre. I gcás idirbhearta laistigh den Aontas, tá CESE á thabhairt dá aire féidearthacht eile, is é sin, teorainn a chur le húsáid sonrasc achomair, e.g. teorainn seacht lá a chur leo.
4.13Tá asbhaintí CBL ar ionchur ina bpríomhghné de chóras CBL dea-fheidhmiúil agus a bhuí leo, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir CBL agus cáin ar sheirbhísí agus ar earraí (GST) nó cánacha indíreacha eile. Cé go dtuigeann CESE gur cuireadh bac ar an gCoimisiún, i ngeall ar an staid reatha sna Ballstáit, moladh a dhéanamh maidir le hasbhaintí CBL ar ionchur a chur san áireamh in OSS, molann sé don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar an ábhar sin. Fiú mura bhféadfaí asbhaintí CBL a ionchorprú in OSS láithreach bonn, molann CESE don Choimisiún féachaint an bhféadfaí aisíocaíochtaí CBL a thabhairt ar bhonn níos tapúla do chuideachtaí a chomhlíonann na rialacha a bhaineann le córas OSS. Dá ndéanfaí aisíocaíochtaí CBL ar bhonn níos tapúla, bheadh feidhmiú an mhargaidh aonair níos fearr. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún leanúint de bheith ag obair chun asbhaintí CBL a bhaint amach in OSS amach anseo agus é seo a bheith mar sprioc fhadtéarmach aige.
4.14Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí teacht chun cinn de thoradh na gcostas ard cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta a leagtar amach sa phacáiste cuimsitheach maidir le CBL. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach an chastacht agus na costais riaracháin do ghnólachtaí a laghdú a mhéid is féidir trí chóras aonfhoirmeach tuairiscithe agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha a áirithiú sna Ballstáit uile.
4.15Is údar imní do CESE na hamlínte a mhol an Coimisiún freisin. Moltar na mórathruithe a chur i bhfeidhm in 2028. Mar sin féin, moltar go gcuirfí réimsí áirithe eile den togra i bhfeidhm in 2024 cheana féin. Tá CESE á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil gá le dóthain ama chun an cur chun feidhme cuí a áirithiú. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún an amlíne a leasú agus níos mó ama a chur léi ionas go mbeidh bliain amháin ar a laghad ann don chur chun feidhme, tar éis don Chomhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an togra.
An Bhruiséil, 18 Aibreán 2023
Stefano PALMIERI
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________