|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Tuarascáil ar an mBeartas Iomaíochta
|
|
_____________
|
|
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Tuarascáil ar an mBeartas Iomaíochta 2021
[COM(2022) 337 final]
|
|
|
|
INT/995
|
|
|
|
Rapóirtéir: Philip VON BROCKDORFF
|
|
|
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 27/10/2022
|
|
Bunús Dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
10/11/2022
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
51/0/3
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
14/12/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
574
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
205/0/2
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go leanfaí den idirphlé leis an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht bhreise is gá a dhéanamh chun oibriú an Mhargaidh Aonair a neartú.
1.2Tá CESE ag tathant ar Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta faireachán leanúnach a dhéanamh ar na scéimeanna arna bhformheas ag an gCoimisiún féin agus arna lainseáil ag na Ballstáit mar fhreagairt ar COVID-19 agus ar an gcogadh san Úcráin, ionas nach ndéanfar cistí a atreorú chuig cuideachtaí nach bhfuil inmharthana ó thaobh an gheilleagair de.
1.3Bíodh sin mar atá, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint, oiread is féidir, as an tsolúbthacht a cheadaítear faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun a chur ar chumas na mBallstát scéimeanna a chur i ngníomh lena gcuirtear cabhair éifeachtach ar fáil do ghnólachtaí atá buailte ag an gcogadh san Úcráin.
1.4Is díol sásaimh do CESE na treoirlínte nua ón gCoimisiún maidir le rialacha Státchabhrach i réimsí na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh agus measann sé gur céim sa treo ceart iad.
1.5Tacaíonn CESE le himscrúduithe ar chleachtais neamhiomaíocha arna ndéanamh ag ollchuideachtaí teicniúla; tá an méid sin i gcomhréir leis an seasamh a ghlac CESE maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha.
1.6Tá CESE ag iarraidh go mbeadh comhar níos láidre ann idir na húdaráis náisiúnta laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta chun tuilleadh forfheidhmithe a dhéanamh ar dhlí iomaíochta an Aontais i gcoinne cuideachtaí a bhíonn i mbun cleachtais gnó trasteorann lena gcuirtear srian ar an iomaíocht agus lena ndéantar dochar do chustaiméirí.
1.7Tá CESE ag iarraidh go mbeadh cothrom iomaíochta ann ar fud earnáil na heitlíochta. Thabharfadh sé rabhadh, áfach, i gcoinne margadh eitlíochta a fhorbairt a bhféadfadh líon beag cuideachtaí aerlíne a bheith i gceannas air le himeacht ama.
1.8Tacaíonn CESE leis an rialachán atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh arna ndeonú do ghnólachtaí nach bhfuil lonnaithe san Aontas ach atá ag feidhmiú ann; os a choinne sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún aird a dhíriú freisin ar fhóirdheontais a shaobhann an margadh agus ar chleachtais fhrithiomaíocha eile i gcás cuideachtaí arna reáchtáil ag an Stát agus i gcás cuideachtaí príobháideacha lasmuigh den Aontas araon.
1.9Tá CESE ag tabhairt rabhadh i gcoinne comhaontuithe frithiomaíocha féideartha nó i gcoinne mí-úsáid staideanna ceannasacha féideartha i dtionscal na hipirmhargaí agus na siopaí grósaera, rud a chuireann isteach ar thomhaltóirí trí bhíthin praghsanna is airde, agus ar tháirgeoirí trí bhíthin praghsanna soláthair is ísle.
1.10Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim nua Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, lena gcomhlánaítear bearta reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le bainistiú géarchéime.
1.11Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh beart chun an iomaíocht agus an Margadh Aonair a neartú tráth atá dúshláin le sárú go seasta síoraí ag geilleagair, dúshláin a eascraíonn as praghsanna arda fuinnimh, as srianta ar thaobh an tsoláthair de agus as an éiginnteacht eacnamaíoch.
1.12Creideann CESE go láidir nár cheart athrú a dhéanamh ar chlár oibre an Aontais maidir le geilleagar glas agus digiteach atá bunaithe ar bhunchlocha an gheilleagair margaidh shóisialta de thoradh an chogaidh san Úcráin.
1.13Ar an ásc deiridh, molann CESE Státchabhair a chur i bhfeidhm faoi mar a cheadaítear sin faoi reachtaíocht an Aontais d’fhonn cur in éadan iarmhairtí socheacnamaíocha an chogaidh san Úcráin, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcomhionannas inscne agus ar ghné na hinscne i gcoitinne, go háirithe i gcás dídeanaithe sna Ballstáit sin atá buailte leis an Úcráin.
2.Cúlra
2.1I dTuarascáil 2021 ar an mBeartas Iomaíochta cuirtear i láthair na príomhfhorbairtí beartais agus na príomhthionscnaimh reachtacha a rinneadh anuraidh, chomh maith le rogha gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. In 2021, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na príomhrialacháin iomaíochta, na príomh‑threoirlínte agus na príomhfhógraí, mar a leagtar amach ina Theachtaireacht maidir le beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua
, ina leagtar amach ról an bheartais iomaíochta do bhealach an téarnaimh san Eoraip, don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus do Mhargadh Aonair athléimneach.
2.2Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialachán nua chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh arna ndeonú ag tríú tíortha do chuideachtaí atá gníomhach sa Mhargadh Aonair
, tar éis thograí 2020 maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, agus é mar aidhm acu araon aghaidh a thabhairt ar réimse leathan dúshlán digiteach
. Go háirithe, le DMA cuireadh oibleagáidí i bhfeidhm a fheidhmíonn mar bheadh geatóirí ann do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí sa Mhargadh Aonair.
2.3Tugadh rialacha agus treoraíocht maidir le cumaisc agus in aghaidh trustaí cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar a bhfuil de dhúshláin ann. Áiríodh leis sin athbhreithniú ar na rialacha maidir le soláthar ingearach agus comhar cothrománach, agus é mar aidhm ag an gcomhar cothrománach, go háirithe, éascaíocht a dhéanamh do ghnólachtaí comhoibriú ar bhealaí lena bhfeabhsaítear an éifeachtúlacht eacnamaíoch. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún torthaí a mheastóireachta ar an bhFógra um Shainmhíniú ar an Margadh, ina dtugtar treoir maidir leis an gcaoi a bhforfheidhmítear an reachtaíocht maidir le hiomaíocht i margaí táirgí agus i margaí geografacha.
2.4Ina theannta sin, thug an Coimisiún na rialacha agus an treoraíocht maidir le Státchabhair cothrom le dáta chun gurbh fhusa aghaidh a thabhairt ar chúinsí atá ag athrú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngá atá le hathléimneacht an Mhargaidh Aonair a fheabhsú i bhfianaise na héiginnteachta eacnamaíche. Tá sé sin á dhéanamh ag an gCoimisiún trí mhonatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh. Bhí an Creat Sealadach maidir le Bearta Státchabhrach thar a bheith tráthúil agus ábhartha chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí ar fud an Aontais. Is gá don Choimisiún tuilleadh coigeartaithe a dhéanamh ar a bheartas sa réimse seo de dheasca ar tharla mar gheall ar fhogha na Rúise faoin Úcráin. Idir an dá linn, thug an Coimisiún tacaíocht infheistíochta isteach go dtí deireadh 2022 agus tacaíocht sócmhainneachta suas go dtí an 31 Nollaig 2023, rud a chuir ar chumas na mBallstát cistí príobháideacha a ghiaráil agus iad a chur ar fáil do FBManna.
2.5Ar an gcaoi chéanna, ba thábhachtach an t-athbhreithniú ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus do dhícharbónú gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Ba ghá raon feidhme na dtreoirlínte sin a leathnú chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua ar chuma soghluaisteacht ghlan agus dícharbónú tionsclaíochta a chumhdach. Dá bhrí sin, tacaíonn na treoirlínte athbhreithnithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
2.6Ar a mhuin sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán Blocdhíolúine Ingearach agus ar na Treoirlínte Ingearacha. Is é an aidhm atá ann na rialacha a bhí i réim roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta, ar rialacha iad a measadh gan bheith oiriúnach don fheidhm, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh amhail an fás atá faoin díolachán ar líne.
2.7Leathnaíodh raon feidhme na Blocdhíolúine Ginearálta freisin chun cláir arna maoiniú ag an Aontas a éascú. Go bunúsach, cuidíonn sé sin le cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le Státchabhair mar a chuirtear i bhfeidhm iad maidir le maoiniú náisiúnta agus maidir le cláir shonracha de chuid an Aontais.
2.8Ina theannta sin, glacadh Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Cabhair Réigiúnach d’fhonn a chur ar chumas na mBallstát tacú le réigiúin nach bhfuil bail ar fónamh orthu chomh maith le réigiúin a bhfuil dúshláin struchtúracha rompu.
2.9Forbairt thábhachtach ab ea coigeartú an Choimisiúin ar an bhforfheidhmiú atáthar a dhéanamh faoi láthair agus a bheifear a dhéanamh amach anseo i ndáil leis na dúshláin a eascraíonn as an gclaochlú digiteach. Measadh go raibh tábhacht thar na bearta leis an éifeachtúlacht agus an éifeachtacht lenar féidir leis an gCoimisiún freagairt do chleachtais fhrithiomaíocha cuideachtaí cosúil le Apple, Amazon nó Facebook.
2.10Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún atheagrú chun déileáil le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne. Is den ábharthacht freisin gur cruthaíodh an Tascfhórsa chun tacú le cur chun feidhme na hIonstraime um Margaí Digiteacha.
2.11Chun oibriú an Mhargaidh Aonair a neartú, tá buiséad EUR 4.2 billiún curtha ar fáil do Chlár an Mhargaidh Aonair, arb é is aidhm dó beartas iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú.
2.12Tá forfheidhmiú éifeachtach rialacha iomaíochta an Aontais agus athchóirithe rialála ríthábhachtach do chlaochlú digiteach gheilleagar an Aontais agus d’athléimneacht mhéadaithe an Mhargaidh Aonair ar na saolta an-dúshlánach seo.
2.13I ndáil leis sin, tá tábhacht thar na bearta le himscrúduithe in aghaidh trustaí agus le cleachtais drochúsáide arna ndéanamh ag corparáidí móra ilnáisiúnta. Le rialú cumasc arna dhéanamh ag an gCoimisiún, áirithítear freisin go dtarlaíonn an comhdhlúthú ar bhealach lena gceadaítear iomaíocht sna margaí agus lena dtugtar aghaidh ar cheannasacht sa mhargadh. Ba shuntasach an líon cinntí cumaisc a rinneadh in earnálacha éagsúla, mar atá 396 san iomlán.
2.14Forbairt thábhachtach eile ab ea an treoir a cuireadh ar fáil maidir le bonneagar leathanbhanda lena gcomhlíontar na riachtanais le haghaidh luasanna digiteacha an-ard, mar a leagtar amach i Sochaí Ghigighiotáin 2025 an Aontais agus sa Straitéis Dhigiteach, agus sna spriocanna dá dtagraítear i gCompás Digiteach 2030. Le Státchabhair tacaítear le bonneagair leathanbhanda ar fud an Aontais Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach bhfuil aon dreasacht ann d’oibreoirí príobháideacha cumhdach leordhóthanach leathanbhanda a chur ar fáil.
2.15Chuir gníomhaíochtaí an Choimisiúin freisin le cuspóirí comhshaoil, go háirithe maidir le dícharbónú geilleagar agus an t-aistriú de réir a chéile (más aistriú seasta féin é) in earnáil an iompair ó bhreoslaí iontaise go breoslaí malartacha. Tá sé ríthábhachtach saobhadh iomaíochta a sheachaint chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus i ndáil leis sin freisin, d’fhormheas an Coimisiún roinnt bearta Státchabhrach atá dírithe ar aistriú glas an Aontais a éascú.
2.16Ba den ábharthacht freisin cur i bhfeidhm na rialacha in aghaidh trustaí agus an rialú cumasc i dtionscal na ngluaisteán, rud a chuidíonn leis an aistriú glas. Is é a bhí i gceist leis an ngníomhaíocht sin ón gCoimisiún fíneálacha a ghearradh dar luach na céadta milliún euro.
2.17Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbaineann ról an Choimisiúin maidir leis an mbeartas iomaíochta a chur chun cinn leis an gcaoi a n-oibríonn an iomaíocht do thomhaltóirí ar fud an Aontais. Tugtar le fios sa tuarascáil, rud is ceart, go bhfuil an geilleagar margaidh sóisialta ar cheann de phríomhcholúin an Aontais agus le forfheidhmiú na rialacha iomaíochta agus le cosaint na hiomaíochta i gcónaí, tacú a bheidh ann chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ngeilleagar margaidh sóisialta.
2.18Maidir le réasúnaíocht de, is é an dála céanna é ag na seirbhísí airgeadais, áit a ndeachaigh an Coimisiún i ngleic le cairtéil fhéideartha in earnáil na seirbhísí airgeadais trí fhíneálacha arda a ghearradh ar roinnt institiúidí airgeadais.
2.19Tá an tábhacht chéanna le freagairt an Choimisiúin ar na drochiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a tharla de thoradh COVID‑19 óir bhain sé earraíocht as an tsolúbthacht a cheadaítear sna rialacha maidir le Státchabhair trí bhíthin an Chreata Shealadaigh maidir le Bearta Státchabhrach. Chuir sé sin ar chumas na mBallstát scéimeanna a chur ar fáil do ghnólachtaí amhail ráthaíochtaí iasachta. D’fhormheas an Coimisiún roinnt scéimeanna dar luach na billiúin euro faoin gCreat Sealadach i roinnt earnálacha a raibh tionchar ag srianta COVID-19 orthu, earnáil na heitlíochta san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta agus chaipitil.
2.20Ról tábhachtach a chomhlíon an Coimisiún ba ea an treoir agus an tacaíocht a cuireadh ar fáil chun na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit a éascú. Bhí gá leis sin chun a áirithiú go raibh na pleananna i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair.
2.20.1In 2021, lean an Coimisiún de bheith ag áirithiú go rabhthas ag cur Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chomh maith leis sin, rinne an Coimisiún faireachán ar na Ballstáit agus thug sé cúnamh dóibh ina n-iarrachtaí chun an Treoir ECN+ a thrasuí sa dlí náisiúnta. Leis an treoir seo, tugtar de chumhacht do na húdaráis iomaíochta ar fud an Aontais rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus oibriú cuí an Mhargaidh Aonair a áirithiú.
2.21Ar an ásc deiridh, lean an Coimisiún de bheith gníomhach i gCoiste Iomaíochta ECFE, sa Ghréasán Idirnáisiúnta Iomaíochta agus i gComhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá suntas á thabhairt ag CESE don obair chuiditheach a rinne an Coimisiún chun leanúint de bheith ag neartú an Mhargaidh Aonair trí na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú agus tríd an iomaíocht a chosaint ar fud an Aontais.
3.2Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin a éifeachtúla a bhí freagairt an Choimisiúin chun tionchar shrianta COVID-19 a mhaolú trí chreat sealadach um bearta Státchabhrach a ghlacadh d’fhonn an tacaíocht is gá ó na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí, agus sláine an Mhargaidh Aonair á caomhnú san am céanna.
3.3Cuireadh an leibhéal céanna éifeachtúlachta i bhfeidhm mar fhreagairt ar an ngéarchéim atá tagtha chun cinn tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá CESE den tuairim go raibh glacadh mear an Chreata Géarchéime Shealadaigh um Státchabhair chomh ríthábhachtach céanna leis an ngníomhaíocht a rinneadh i ndáil le srianta COVID-19. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún earraíocht a bhaint as an tsolúbthacht uile a cheadaítear faoi na rialacha maidir le Státchabhair nuair a chaitheann na Ballstáit suaitheadh eacnamaíoch a chur díobh.
3.4Tá suntas á thabhairt ag CESE freisin don obair a rinne an Coimisiún in athbhreithniú dá chuid ar na príomhrialacháin, na príomh‑threoirlínte agus na príomhfhógraí chun a áirithiú go leanann siad de bheith oiriúnach don fheidhm, go háirithe san athbhreithniú ar an Rialachán Blocdhíolúine Ingearach agus ar na Treoirlínte Ingearacha.
3.5Measann CESE gur céimeanna tábhachtacha chun tacú le príomhchuspóirí beartais an Aontais é rialachán a ghlacadh lena leathnaítear raon feidhme Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine agus foilsiú na dTreoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh. Meastar gur den ábharthacht freisin Teachtaireacht athbhreithnithe maidir le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a ghlacadh.
3.6Tá suntas á thabhairt ag CESE do na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an Ionstraim um Margaí Digiteach a ghlacadh. Measann CESE gur céim ollmhór chun cinn é an píosa reachtaíochta sin i dtreo iomaíocht a fhorfheidhmiú agus custaiméirí a chosaint nuair a bhíonn seirbhísí digiteacha in úsáid acu.
3.7Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin go bhfuil an togra le haghaidh rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach á ghlacadh faoi láthair. I roinnt tuairimí uaidh, d’áitigh CESE nár cheart fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh a thabhairt do ghnólachtaí atá gníomhach san Aontas; leis an rialachán atá beartaithe, thabharfaí cumhachtaí nua don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha den sórt sin agus bearta sásaimh a dhéanamh nuair ba ghá. Creideann CESE go bhfuil sé sin i gcomhréir le prionsabal na hiomaíochta córa ar bhonn cothrom.
3.8Tá suntas á thabhairt ag CESE don ghníomhaíocht in aghaidh trustaí chomh maith leis an ngníomhaíocht a rinneadh maidir le rialú cumasc. Tá gá leis na gníomhaíochtaí sin chun sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú agus chun saoránaigh an Aontais a chosaint, go háirithe ar chinntí arna ndéanamh ag ollchuideachtaí teicneolaíochta.
3.9Le formheas an Choimisiúin maidir le roinnt bearta Státchabhrach chun tacú le haistriú glas an Aontais, lena n-áirítear bearta chun tacú leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus leis an tsoghluaisteacht ghlan, réitítear an bealach do ghníomhaíocht dhearfach bhreise amach anseo.
4.Moltaí sonracha
4.1Tá CESE ag iarraidh go leanfaí den idirphlé leis an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht bhreise is gá chun oibriú an Mhargaidh Aonair a neartú. I ndáil leis sin, cuid suntais ag CESE an tuairim a d’eisigh sé le déanaí inar sainaithníodh easnaimh atá ar Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.
4.2Cé gur mhol CESE a thapúla a d’fhreagair an Coimisiún do shrianta COVID-19 agus, le déanaí, do na héifeachtaí eacnamaíocha a d’eascair as an gcogadh san Úcráin, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí faireachán leanúnach ar na scéimeanna a d’fhormheas an Coimisiún féin agus a sheol na Ballstáit mar fhreagairt ar COVID-19 agus ar an gcogadh san Úcráin, chun nach ndéanfar cistí a atreorú chuig cuideachtaí nach bhfuil inmharthana ó thaobh an gheilleagair de. Is áibhéil an leibhéal tacaíochta atá ag teastáil faoi mar is áibhéil an méid brú atá ar rialtais ar fud an Aontais chun Státchabhair a chur ar fáil agus d’fhéadfadh cásanna den sórt sin teacht chun cinn as a los sin.
4.3Bíodh sin mar atá, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint, oiread is féidir, as an tsolúbthacht a cheadaítear faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun a chur ar chumas na mBallstát scéimeanna a chur i ngníomh lena gcuirtear cabhair éifeachtach ar fáil do ghnólachtaí agus do phobail atá buailte ag an gcogadh san Úcráin. Ag an am céanna, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur cheart cabhair den sórt sin a cheadú ar chaoi a fhágfaidh a laghad saobhadh is féidir ar an iomaíocht.
4.4Tá béim á leagan ag CESE ar na hiarrachtaí a rinneadh chun tacú le clár oibre glas an Aontais trí bheartas iomaíochta. Tá sé sin ríthábhachtach, agus is céim sa treo ceart iad treoirlínte nua an Choimisiúin maidir le rialacha Státchabhrach i réimsí na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh. Ós rud é go bhfuil na trí earnáil sin idirghaolmhar, creideann CESE go gcuirtear bonn daingean ar fáil leis na treoirlínte nua chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt don Chomhaontú Glas don Eoraip.
4.5Tá suntas á thabhairt ag CESE do na himscrúduithe a rinne an Coimisiún ar roinnt ollchuideachtaí teicneolaíochta i ndáil le cleachtais neamhiomaíocha agus tacaíonn sé go hiomlán leis na himscrúduithe sin, ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir leis an seasamh a ghlac CESE maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, go háirithe a ábhartha atá sí ó thaobh iomaíocht a cheadú i seirbhísí digiteacha de agus chun saoránaigh an Aontais a chosaint ar chleachtais mhí-úsáideacha arna ndéanamh ag ollchuideachtaí teicneolaíochta. Cruthúnas é sin go bhfuil tuilleadh scóipe ag an gCoimisiún anois maidir leis an aidhm atá aige bogadh i dtreo margadh digiteach níos rialáilte.
4.6Tá CESE ag iarraidh go mbeadh comhar ní ba láidre ann idir na húdaráis náisiúnta laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta chun tuilleadh forfheidhmithe a dhéanamh ar dhlí iomaíochta an Aontais i gcoinne cuideachtaí a bhíonn i mbun cleachtais gnó trasteorann lena gcuirtear srian ar an iomaíocht agus lena ndéantar dochar do chustaiméirí. Measann CESE go bhfuil comhordú na n‑imscrúduithe sin ríthábhachtach.
4.7Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE a thábhachtaí atá cinntí ón gCoimisiún maidir le hearnáil na heitlíochta, go háirithe le linn na paindéime, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh cothrom iomaíochta ann ar fud na hearnála. Thabharfadh sé rabhadh, áfach, i gcoinne earnáil agus margadh eitlíochta a fhorbairt a bhféadfadh líon beag cuideachtaí aerlíne a bheith i gceannas orthu le himeacht ama.
4.8Tacaíonn CESE go hiomlán leis an rialachán atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh a dheonú do ghnólachtaí neamh-AE atá ag feidhmiú san Aontas. Is léir go mbíonn éifeachtaí aige sin a dhéanann saobhadh ar an iomaíocht, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gnólachtaí eachtracha ag baint tairbhe as buntáistí cánach freisin, rud a chruthaíonn tuilleadh saobhadh iomaíochta. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le fóirdheontais a shaobhann an margadh agus le cleachtais fhrithiomaíocha eile atá ar bun i gcuideachtaí (cibé acu cuideachtaí arna reáchtáil ag an Stát iad nó cuideachtaí príobháideacha) lasmuigh den Aontas. Chuideodh sé sin freisin le cuspóirí na straitéise tionsclaíche Eorpaí a bhaint amach.
4.9Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta ag déanamh faireachán ar staid na slabhraí soláthair bia san Eoraip. Tá CESE ag tabhairt rabhadh i gcoinne comhaontuithe frithiomaíocha féideartha nó mí-úsáid staideanna ceannasacha féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltóirí trí bhíthin praghsanna is airde. Tá CESE ag tabhairt rabhadh freisin i gcoinne thionscal na hipirmhargaí agus na siopaí grósaera a bheith ag glacadh ról ceannasach i margadh an bhia chucu féin chun aimhleasa tomhaltóirí ó thaobh praghsanna is airde de agus chun aimhleasa na dtáirgeoirí ó thaobh praghsanna soláthair is ísle de. Is eol do CESE go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit cur chun feidhme na treorach maidir le cleachtais éagóracha trádála a áirithiú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil míchothromaíochtaí le sonrú i gcaidreamh gnó faoi leith. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht na hanailíse margaidh agus na gníomhaíochta atá á ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta.
4.10Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim nua Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, lena gcomhlánaítear bearta reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le bainistiú géarchéime amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, chomh maith le rialacha an Aontais maidir le hearnálacha sonracha, slabhraí soláthair agus táirgí amhail sláinte, leathsheoltóirí agus slándáil bia, lena ndéantar foráil cheana maidir le bearta spriocdhírithe freagartha ar ghéarchéimeanna. Tá CESE den tuairim go soláthraítear leis sin creat bainistithe géarchéime dea-chothromaithe chun bagairtí éagsúla ar an Margadh Aonair a shainaithint agus oibriú rianúil an Mhargaidh Aonair a áirithiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: struchtúr rialachais géarchéime a chruthú; bearta nua a mholadh chun cur in éadan tionchair dhiúltacha ar an Margadh Aonair; agus bearta na rogha deiridh a cheadú i gcás éigeandála.
4.11Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh beart chun an iomaíocht agus an Margadh Aonair a neartú tráth atá dúshláin le sárú go seasta síoraí ag geilleagair, dúshláin a eascraíonn as praghsanna arda fuinnimh, as srianta ó thaobh an tsoláthair de agus as an éiginnteacht eacnamaíoch.
4.12Creideann CESE go láidir nár cheart athrú a dhéanamh ar chlár oibre an Aontais maidir le geilleagar glas agus digiteach atá bunaithe ar bhunchlocha an gheilleagair margaidh shóisialta de thoradh na géarchéime atá ag titim amach san Úcráin. Ba cheart é a bheith de chuspóir ag an Aontas i gcónaí margaí a sholáthraíonn praghsanna iomaíocha cothroma do shaoránaigh an Aontais a chothú, agus é sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíocht ón gCoimisiún agus ó údaráis náisiúnta ar fud an Aontais. I ndáil leis sin, is den ábharthacht trácht ar an togra ón gCoimisiún a eisíodh le déanaí maidir le soláthar comhpháirteach gáis nádúrtha mar réiteach éifeachtach, más réiteach sealadach féin é, chun praghsanna fuinnimh a chobhsú.
4.13Tagraíonn an pointe deiridh sin do chur i bhfeidhm na Státchabhrach, mar a cheadaítear faoi rialacha an Aontais, ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do bhearta chun cur in éadan iarmhairtí socheacnamaíocha an chogaidh san Úcráin, lena n-áirítear géarchéim na ndídeanaithe atá ag goilleadh ar na Ballstáit sin atá buailte leis an Úcráin, agus an gá atá ann aird ar leith a thabhairt ar an gcomhionannas inscne agus ar ghné na hinscne i gcoitinne.
An Bhruiséil, 14 Nollaig 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________