Escolha as funcionalidades experimentais que pretende experimentar

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Documento EESC-2021-03947-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill(ESR)

EESC-2021-03947-AC

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR)

_____________

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
[COM(2021) 555 final - 2021/0200(COD)]

NAT/835

Rapóirtéir:Veselin MITOV

Comhrapóirtéir: Udo HEMMERLING

GA

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13/09/2021

An Chomhairle, 17/09/2021

Bunús dlí

Airteagal 304 agus Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

25/11/2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

08/12/2021

Seisiún iomlánach Uimh.

565

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

220/4/8

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR) – Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit – d’fhonn an rannchuidiú faoin rialachán sin a oiriúnú chun an uaillmhian mhéadaithe do 2030 atá mar sprioc ag an gComhaontú Glas don Eoraip agus a chuirtear chun feidhme leis an gcuid eile den phacáiste Fit for 55 a bhaint amach.

1.2Cé gur suntasach í uaillmhian mhéadaithe an Aontais i dtaca le cuspóirí laghdaithe astaíochtaí i gcomparáid leis na leibhéil idirnáisiúnta, d’fhéadfadh sé nach gcuirfeadh na hiarrachtaí feabhsaithe sin ó gheilleagar rathúil, geilleagar arbh astaíre mór é go stairiúil, rómhór le cás inar téamh uasta de 1.5 C a bheadh ann faoi dheireadh an chéid, go háirithe i bhfianaise na réamhaisnéise drámatúla a leagadh amach sa séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2021) a foilsíodh le déanaí 1 . Ar an gcúis sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an cuspóir maidir le laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí ar fud an Aontais faoi 2030 chun feidhme, agus beidh iarrachtaí na mBallstát ríthábhachtach ina leith sin. Aithníonn CESE, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le spriocanna uaillmhianacha agus ceangailteacha a bheith ag na Ballstáit faoin Rialachán ESR.

1.3Dá bhrí sin, níl aon amhras ann maidir leis an ardleibhéal uaillmhéine i leith na haeráide don phacáiste iomlán Fit for 55. San am céanna, is féidir éifeachtaí suntasacha dáileacháin a bheith ag an ngníomhú riachtanach sin ar son na haeráide (idir na Ballstáit agus laistigh díobh araon) agus, dá bhrí sin, ní mór aghaidh a thabhairt orthu mar is ceart.

1.4Ar an ábhar sin, aontaíonn CESE leis an tuairim nach mór difríochtaí idir na Ballstáit a chur san áireamh chun an chothroime agus an chostéifeachtúlacht is mó is féidir a áirithiú. Chun fíor-éifeachtúlacht costais a bhaint amach ar bhealach cothrom, ba cheart go hidéalach do na ríomhanna comhroinnte díchill aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin ag an am céanna agus na spriocanna a shocrú ar bhealach inarb ionann i ngach tír na costais laghdaithe astaíochtaí agus an olltáirgeacht intíre (OTI). D’fhonn na heasnaimh maidir le comhroinnt díchill a chúiteamh, tá CESE den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag sásraí solúbthachta, agus nach mór aird ar leith a thabhairt orthu sin.

1.5Ba cheart an comhtháthú a dhéanamh ar bhealach lena ndéanfar dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta fadtéarmaí agus, dá bhrí sin, ní mór an laghdú ar astaíochtaí agus an ceapadh carbóin a chur san áireamh, mar aon leis na dúshláin a bhaineann le hoiriúnú agus le slándáil bia.

1.6D’fhonn córas nua trádála astaíochtaí a bhunú d’iompar de bhóthar agus d’fhoirgnimh, tacaíonn CESE leis an togra reatha ón gCoimisiún chun na hearnálacha sin a choinneáil faoi raon feidhme ESR fiú tar éis córas nua trádála astaíochtaí d’iompar de bhóthar agus d’fhoirgnimh a chur ar bun agus tugann sé dá aire go ndéanfar na laghduithe astaíochtaí a eascraíonn as trádáil astaíochtaí sna hearnálacha sin a áireamh maidir le hiarrachtaí na mBallstát oibleagáidí ESR a chomhlíonadh. Cuireann CESE in iúl gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an dá chóras ar bhealach rianúil agus trédhearcach.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Mar chuid den phacáiste Fit for 55 a sheol an Coimisiún Eorpach an 14 Iúil 2021, tá sé d’aidhm ag an togra seo an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR) a leasú d’fhonn a rannchuidiú a oiriúnú chun an cuspóir maidir le laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí a bhaint amach faoi 2030 i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Bheadh méadú thart ar 11 phointe céatadáin ag teastáil ar na laghduithe foriomlána anuas ar an gcuspóir laghdaithe 29 % sa Rialachán ESR do 2030, cuspóir a socraíodh in 2018. Sa tuairim seo, cuireann CESE a bharúlacha in iúl i dtaca leis an rialachán atá beartaithe maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030.

2.2Tá an togra maidir le ESR mar chuid de chur chun feidhme ghealltanas an Aontais laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann in 1990. Mar a mhol an Coimisiún, d’fhonn an sprioc do 2030 a bhaint amach, is gá laghdú 61 % a dhéanamh ar astaíochtaí sna hearnálacha faoi Chóras Trádála Astaíochtaí (ETS) an Aontais atá ann faoi láthair, laghdú 43 % sa chóras ETS ar leith atá beartaithe don iompar agus d’fhoirgnimh agus laghdú 40 % in earnálacha eile (neamh-ETS), iad sin ar fad i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2005.

2.3Baineann an rialachán atá beartaithe le hiompar de bhóthar agus le foirgnimh, a chumhdófaí le córas trádála astaíochtaí ar leithligh, mar a luaitear sa phacáiste Fit for 55, agus tá baint aige freisin leis an loingseoireacht intíre san Aontas agus le hearnálacha agus gníomhaíochtaí neamh‑ETS amhail an talmhaíocht agus an dramhaíl. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún na hearnálacha réamhluaite a choimeád faoi raon feidhme ESR. Má dhéantar sin, is é an breisluach a bhfuiltear ag súil leis, de réir mheasúnú tionchair an Choimisiúin, go n‑áiritheofar go ndéanfaidh na hearnálacha sin na laghduithe astaíochtaí is gá a bhaint amach agus gur cheart féachaint ar (leagan fadaithe den) Chóras Trádála Astaíochtaí mar thacaíocht bhreise d’fhonn uaillmhian mhéadaithe 2030 a bhaint amach. Tá sé tugtha le fios sa mheasúnú tionchair freisin go mbeidh gá féachaint an athuair ar phrionsabail na cothroime agus na costéifeachtúlachta má táthar chun na spriocanna náisiúnta faoin Rialachán ESR a mhéadú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ionstraimí comhlántacha (margaidh agus rialála) a bheith de dhíth ar earnálacha nach bhfuil a margadh solúbtha (easpa rochtana ar réitigh ísealcharbóin inacmhainne) agus a mbíonn tionchar díreach ar an daonra acu (go háirithe grúpaí ar ioncam íseal). Má bhíonn na Ballstáit fós in ann rialáil a dhéanamh ar na hearnálacha sin, agus iad ag gníomhú faoin Rialachán ESR, ráthófar go mbainfear amach na torthaí inmhianaithe agus d’fhéadfaí cosaint agus cothroime níos fearr a chur ar fáil. Sin é an fáth a dtacaíonn CESE le togra reatha an Choimisiúin na hearnálacha sin a choinneáil faoi raon feidhme an Rialacháin fiú tar éis córas trádála astaíochtaí nua le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar bun. Cuireann CESE in iúl gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an dá chóras ar bhealach rianúil agus trédhearcach.

2.4Molann an Coimisiún na cuspóirí difreáilte náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí a chothabháil d’fhonn cloí le prionsabail na cothroime agus na costéifeachtúlachta mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach. Is idir 10 % agus 50 %, i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2005, atá na cuspóirí athbhreithnithe maidir le laghdú gás ceaptha teasa faoi 2030 sna Ballstáit aonair in earnálacha ESR. Tacaíonn CESE go láidir leis an gcoincheap gur cheart do Bhallstáit níos mó a dhéanamh más iontu atá an cumas is fearr ó thaobh an gheilleagair de astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus gur cheart acmhainneacht laghdaithe astaíochtaí atá costéifeachtach a chur san áireamh freisin. Chun na críche sin, ba cheart do shásraí solúbthachta rannchuidiú suntasach a dhéanamh.

2.5Maidir le sásraí solúbthachta, ba cheart solúbthacht idir Ballstáit agus solúbthachtaí thar thréimhse ama trí bhaincéireacht nó trí iasachtaíocht a chur i bhfeidhm freisin, agus cumais agus acmhainneachtaí éagsúla na mBallstát, réitigh chostéifeachtacha agus éifeacht na dtimthriallta eacnamaíocha á gcur san áireamh. 

2.6Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de chóras solúbthachta a úsáid lena bhféadfar leithdháileacháin astaíochtaí a aistriú idir na Ballstáit thar thréimhse ama. Molann an Coimisiún solúbthachtaí nua freisin lenar féidir leis an earnáil comhroinnte díchill dul i mbun comhbhabhtálacha áirithe leis na hearnálacha ETS agus LULUCF.

2.7Sa phacáiste Fit for 55 atá beartaithe, tugtar aghaidh freisin ar thuairisciú gás ceaptha teasa agus ar fhaireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta maidir le húsáid talún agus foraoiseacht.

3.Barúlacha sonracha

3.1Cuireann an Coimisiún prionsabail na cothroime agus na costéifeachtúlachta san áireamh ina thogra mar is ceart. Aontaíonn CESE nach mór difríochtaí idir na Ballstáit a chur san áireamh chun an chothroime agus an chostéifeachtúlacht araon a áirithiú. Déantar amhlaidh chun na difríochtaí idir gnéithe sonracha agus túsphointí na mBallstát a léiriú, chomh maith lena n‑acmhainneacht eacnamaíoch a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí a laghdú.

3.2Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart, agus na cuspóirí náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí agus an chaoi leis na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach cóir costéifeachtach á gcur san áireamh, deireadh a chur de réir a chéile go tomhaiste le fóirdheontais stáit atá ann cheana maidir le giniúint agus tomhaltas fuinnimh iontaise.

3.3Tugann CESE rabhadh, áfach, go ndéanann an cur chuige atá beartaithe cothroime agus costéifeachtúlacht a mheas ar leithligh óna chéile. Chun an toradh is éifeachtaí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus fíor-chostéifeachtúlacht á háirithiú ar bhealach cóir, ba cheart go hidéalach do na ríomhanna an dá ghné a chumhdach ar bhealach cuimsitheach ar fud na mBallstát uile.

3.4Maidir le húsáid talún agus foraoiseacht – ábhar do thogra ar leith, ach atá ábhartha d’earnálacha eile chomh maith – molann an Coimisiún nach mór astaíochtaí agus aistrithe, arna ríomh de réir na rialacha cuntasaíochta, a bheith cothrom i ngach Ballstát. Ó cuireadh linnte carbóin san áireamh i sprioc an Aontais do 2030 maidir le laghdú gás ceaptha teasa, d’fhéadfaí glan-aistrithe gás ceaptha teasa a ardú in earnáil LULUCF go 310 milliún tona. Cé go measann CESE go bhfuil gá leis an uaillmhian mhéadaithe, cuireann sé i bhfios nár cheart glacadh le haistrithe carbóin mar shásra chun laghduithe astaíochtaí earnálacha eile a fhritháireamh.

3.5Tá CESE den tuairim nach mór córas éifeachtúil, trédhearcach a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar thoradh na solúbthachtaí. Dá bhrí sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcreat faireacháin reatha a fheidhmíonn tríd an gclárlann arna bunú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh iomlán na sonraí idirbhirt, lena n‑áirítear úsáid solúbthachtaí, ar fáil don phobal 2 .

3.6Maidir le cuspóirí náisiúnta chun astaíochtaí a laghdú, spreagann CESE an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar shaintréithe na mBallstát (seachas OTI per capita amháin) ar cheart iad a chur san áireamh agus cuspóirí náisiúnta á socrú (e.g. déine carbóin, réigiúin leochaileacha) nó tacaíocht á cur ar fáil ag Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais.

An Bhruiséil, 8 Nollaig 2021

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)       IPCC (2021): Summary for Policymakers . In: Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [MassonDelmotte, V., P. Zhai, A. Pirani, S.L. Connors, C. Péan, S. Berger, N. Caud, Y. Chen, L. Goldfarb, M.I. Gomis, M. Huang, K. Leitzell, E. Lonnoy, J.B.R. Matthews, T.K. Maycock, T. Waterfield, O. Yelekçi, R. Yu, agus B. Zhou (eagarthóirí)]. Cambridge University Press.
(2)    Faoi láthair, tá sonraí idirbhirt, lena n-áirítear úsáid solúbthachtaí, ar fáil don phobal (trí Chlárlann an Aontais ). Thairis sin, tugann an Coimisiún tuairisc go bliantúil ar chomhlíonadh reachtaíocht aeráide uile an Aontais sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide .
Início