IARSCRÍBHINN I – KPInna gnóthas neamhairgeadais
1.ÁBHAR KPInna LE NOCHTADH AG GNÓTHAIS NEAMHAIRGEADAIS
1.1.Sonraíocht ar eochairtháscairí feidhmíochta (KPI)
1.1.1.KPI a bhaineann le láimhdeachas (KPI láimhdeachais)
Ríomhfar cion an láimhdeachais dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/852 mar chuid den ghlanláimhdeachas a dhíorthaítear ó tháirgí nó seirbhísí, lena n‑áirítear nithe intadhaill, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht (uimhreoir) roinnte ar ghlanláimhdeachas (ainmneoir) mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2013/34/AE. Cumhdóidh an láimhdeachas an t‑ioncam aitheanta de bhun Chaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (IAS) 1, mír 82(a) mar a glacadh le Rialachán (CE) 1126/2008 ón gCoimisiún.
Eiseoidh KPI dá dtagraítear sa chéad fhomhír óna uimhreoir an chuid den ghlanláimhdeachas a dhíorthaítear ó tháirgí agus seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabahnn le Rialachán Tarmligthe (AE) (‘Gníomh Tarmligthe Aeráide’) ón gCoimisiún murab amhlaidh an méid a leanas sna gníomhaíochtaí sin:
(a)go gcáilíonn siad amhail gníomhaíochtaí cumasúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán 2020/852; nó
(b)go bhfuil siad ailínithe le Tacsanomaíocht iad féin.
1.1.2.KPI a bhaineann le caiteachas caipitiúil (CapEx) (KPI CapEx)
Ríomhfar cion CapEx dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 mar an t‑uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear i bpointí 1.1.2.1. agus 1.1.2.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1.2.1.Ainmneoir
Cumhdóidh an t‑ainmneoir breiseanna le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe i rith na bliana airgeadais arna mbreithniú roimh dhímheas, amúchadh agus aon atomhais, lena n‑áirítear iad siúd atá mar thoradh ar athluachálacha agus laguithe, don bhliain airgeadais ábhartha agus seachas athruithe ar luach cóir. Cumhdóidh an t‑ainmneoir freisin breiseanna le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe mar thoradh ar chomhcheangail idir gnólachtaí.
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais ag cur na gcaighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta (IFRS) chun feidhme ar glacadh leo le Rialachán (CE) 1126/2008, cumhdóidh CapEx na costais a ndéantar cuntasaíocht orthu bunaithe ar:
(a)IAS 16 Maoin, Gléasra agus Trealamh, míreanna 73, (e), pointí (i) agus (iii);
(b)IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, mír 118, (e), pointe (i);
(c)IAS 40 Maoin Infheistíochta, mír 76, pointí (a) agus (b) (don tsamhail chóirluacha);
(d)IAS 40 Maoin Infheistíochta, mír 79(d), pointí (i) agus (ii) (don tsamhail chostais);
(e)IAS 41 Talmhaíocht, mír 50, pointí (b) agus (e);
(f)IFRS 16 Léasanna, mír 53, pointe (h).
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais a chuireann na prionsabail chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta (GAAP) chun feidhme, cumhdóidh CapEx na costais a ndéantar cuntasaíocht orthu faoi GAAP is infheidhme a chomhfhreagraíonn do na costais a áirítear sa chaiteachas caipitiúil ag gnóthais neamhairgeadais a chuireann IFRS chun feidhme.
Na léasanna nach bhfuil aithint cirt úsáide ar an tsócmhainn mar thoradh orthu, ní chomhairfear mar CapEx iad.
1.1.2.2.Uimhreoir
Tá an t‑uimhreoir cothrom leis an gcuid den chaiteachas caipitiúil a áirítear san ainmneoir, ar ceann é den mhéid seo a leanas:
(a)tá baint aige le sócmhainní nó próisis a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht;
(b)tá sé ina chuid de phlean chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú nó le ceadú do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht (‘plean CapEx’) faoi na coinníollacha a sonraítear sa dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2.;
(c)bainteach le ceannach nó aschur ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht agus bearta aonair a chuireann ar chumas na ngníomhaíochtaí a bheith íseal ó thaobh carbóin de nó go mbeidh laghdú ann i ngáis cheaptha teasa mar gheall orthu, go háirithe gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí 7.3 go 7.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an [nGníomh Tarmligthe Aeráide], chomh maith le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a liostaítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2), 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar choinníoll go gcuirtear na bearta sin chun feidhme agus go mbeidh siad oibríochtúil laistigh de 18 mí.
An plean CapEx dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo 1.1.2.2., comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:
(a)Is é is aidhm don phlean gníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais atá ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú amach nó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a uasghrádú ionas go mbeidh siad ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de thréimhse cúig bliana;
(b) nochtfar an plean ar leibhéal na gníomhaíochta comhiomlána agus is é comhlacht bainistíochta na ngnóthas neamhairgeadais a dhéanfar é a fhormheas go díreach nó trí tharmligean.
I gcás ina ndéantar na critéir scagtha theicniúla a leasú sula gcríochnaítear plean CapEx, tabharfaidh gnóthais neamhairgeadais an plean cothrom le dáta laistigh de dhá bhliain chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe ar chríochnú an phlean nó ainmneoir KPI AcpEx a athrá. Le tabhairt cothrom le dáta an phlean, cuirfear tús arís leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a). An tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2. , ní fhéadfaidh sí cúig bliana a shárú ach amháin i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil le tréimhse níos faide mar gheall ar ghnéithe sonracha den ghníomhaíocht eacnamaíoch agus an t‑uasghrádú lena mbaineann, gan uastréimhse 10 mbliana a shárú. Beidh an t‑údar sin le feiceáil sa phlean CapEx féin agus san fhaisnéis chomhthéacsúil a leagtar amach faoi phointe 1.2.3. den Iarscríbhinn seo.
I gcás nach gcomhlíonann plean CapEx na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2., déanfar KPI a bhaineann le caiteachas caipitiúil a foilsíodh roimhe a athrá.
Beidh san uimhreoir freisin an chuid sin de CapEx le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide seo. Déanfar foráil san uimhreoir maidir le miondealú don chuid de CapEx a leithdháiltear do rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide.
1.1.3.KPI a bhaineann le caiteachas oibríochtúil (OpEx) (KPI OpEx)
Ríomhfar cion OpEx dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 mar an t‑uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear bpointí 1.1.3.1. agus 1.1.3.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1.3.1.Ainmneoir
Cumhdóidh an t‑ainmneoir costais neamhchaipitlithe dhíreacha a bhaineann le taighde agus forbairt, bearta athchóirithe foirgneamh, léas gearrthéarmach, cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachais dhíreacha eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil sócmhainní maoine, gléasra agus trealamh de chuid an ghnóthais nó an tríú páirtí ar chucu a dhéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú, gníomhaíochtaí is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na sócmhainní sin go leanúnach agus go héifeachtach.
Áireoidh gnóthais neamhairgeadais a chuireann GAAP náisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil ag caipitliú sócmhainní ceart úsáide costais léasa in OpEx chomh maith leis na costais a liostaítear sa chéad fhomhír de phointe 1.1.3.1. den Iarscríbhinn seo.
1.1.3.2.Uimhreoir
Tá an t‑uimhreoir cothrom leis an gcuid den chaiteachas oibríochtúil a áirítear san ainmneoir, ar ceann é den mhéid seo a leanas:
(a)bainteach le sócmhainní nó próisis a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n‑áirítear oiliúint agus riachtanais oiriúnaithe acmhainní daonna eile, agus costais neamhchaipitlithe dhíreacha a sheasann don taighde agus don fhorbairt;
(b)mar chuid den phlean CapEx chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú nó le ceadú do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de thráthchlár a leagtar amach sa dara fomhír den phointe seo 1.1.3.2;
(c)tá baint aige le bearta aonair a chuireann ar chumas na spriocghníomhaíochtaí a bheith íseal ó thaobh carbóin de nó go mbeidh laghdú ann i ngáis cheaptha teasa mar gheall orthu chomh maith le bearta athchóirithe foirgneamh aonair mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar choinníoll go gcuirtear na bearta sin chun feidhme agus go mbeidh siad oibríochtúil laistigh de 18 mí.
An plean CapEx dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo 1.1.3.2., comhlíonfaidh sé na coinníollacha a sonraítear i bpointe 1.1.2.2. den Iarscríbhinn seo.
Ní chomhairfear costais taighde agus forbartha a dtugtar cuntas orthu cheana in KPI CapEx mar OpEx.
Áireofar san uimhreoir freisin an chuid de OpEx chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide. Déanfar foráil san uimhreoir maidir le miondealú don chuid de OpEx a leithdháiltear do rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide.
I gcás nach bhfuil an caiteachas oibríochtúil ábhartha le haghaidh shamhail gnó na ngnóthas neamhairgeadais, déanfar an méid seo a leanas maidir leis na gnóthais sin:
(a)díolmhófar iad ó ríomh uimhreoir KPI OpEX i gcomhréir le pointe 1.1.3.2 agus nochtfar an t‑uimhreoir a bheith cothrom le nialas;
(b)nochtfar luach iomlán ainmneoir OpEX arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1.3.1;
(c)easpa ábharthachta caiteachais oibríochtúla a mhíniú ina samhail gnó.
1.2.Sonraíochtaí nochtuithe a ghabhann le KPInna gnóthas neamhairgeadais
Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an fhaisnéis a leanas a ghabhann le KPInna ábhartha.
1.2.1.Beartas cuntasaíochta
Míneoidh gnóthais neamhairgeadais:
(a)an chaoi ar cinneadh láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil agus ar leithdháileadh don uimhreoir iad;
(b)an bunús ar ar ríomhadh láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil, lena n‑áirítear aon mheasúnú ar leithdháileadh ioncam nó caiteachas ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla.
Le haghaidh láimhdeachais agus caiteachas caipitiúil, áireodh gnóthais neamhairgeadais tagairtí do na míreanna líne gaolmhara sna ráitis neamhairgeadais;
I gcás inar athraigh cur i bhfeidhm aon ríomha ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin, míneoidh gnóthais neamhairgeadais an chúis a mbeidh faisnéis iontaofa agus ábhartha mar thoradh ar na hathruithe sin agus go soláthróidh siad figiúirí inchomparáide athshonraithe.
Nochtóidh gnóthais neamhairgeadais aon athrú ábhatha a tharla i rith na tréimhse tuairiscithe i ndáil le cur chun feidhme na bpleananna CapEx mar a nochtadh i gcomhréir le pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo. Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
(a)na hathruithe ábhartha a tharla sa phlean CapEx agus na cúiseanna leis na hathruithe sin;
(b)an tionchar a bhíonn ag na hathruithe sin ar an gcumas do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht agus ar an tréimhse ama ina bhfuiltear ag súil go dtarlóidh sé sin;
(c)athráiteas KPI CapEx agus OpEx do gach bliain tuairiscithe roimhe sin a chumhdaíonn an plean pé uair a bhí tionchar ag athruithe ar an bplean ar KPInna mar sin.
1.2.2.Measúnú ar chomhlíontacht le Rialachán (AE) 2020/852
1.2.2.1.Faisnéis maidir le measúnú ar chomhlíontacht le Rialachán (AE) 2020/852:
Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid a leanas:
(a)tabharfaidh siad tuairisc ar a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht agus ailínithe le Tacsanomaíocht, trí thagairt do na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852;
(b)míneoidh siad an chaoi a ndearna siad measúnú ar chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 agus na critéir scagtha theicniúla lena mbaineann a áirítear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)míneoidh siad an chaoi ar sheachain siad aon chomhaireamh dúbailte i leithdháileadh uimhreora KPInna láimhdeachais, CapEx agus OpEx thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha.
1.2.2.2.Ranníocaíocht le cuspóirí iolracha
I gcás ina gcuireann gníomhaíocht eacnamaíoch le roinnt cuspóirí comhshaoil, déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid seo a leanas:
(a)léireoidh siad comhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, go háirithe na critéir scagtha theicniúla i ndáil le roinnt cuspóirí comhshaoil;
(b)nochtfaidh siad an láimhdeachas, CapEx agus OpEx ón ngníomhaíocht sin amhail ag rannchuidiú le roinnt cuspóirí comhshaoil;
(c)ní chomhairfidh siad ach uair amháin an láimhdeachas ón ngníomhaíocht sin in uimhreoir KPInna i bpointe 1.1 den Iarscríbhinn chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
1.2.2.3.Dí‑chomhiomlánú KPInna
I gcás ina bhfuil dí‑chomhiomlánú le déanamh ar KPInna le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch, go háirithe i gcás ina n‑úsáidtear saoráidí táirgthe ar bhealach comhtháite, áiritheoidh gnóthais neamhairgeadais:
(a)go mbíonn aon dí‑chomhiomlánú bunaithe ar chritéir atá iomchuí don phróiseas táirgthe atá á chur i bhfeidhm agus go léiríonn sé sainiúlachtaí teicniúla an phróisis sin;
(b)go soláthraítear faisnéis iomchuí a ghabhann le KPInna maidir le bunús dí‑chomhiomlánaithe den sórt sin.
1.2.3.Faisnéis chomhthéacsúil
Míneoidh gnóthais neamhairgeadais figiúirí gach KPI agus na cúiseanna le haon athruithe sna figiúirí sin sa tréimhse tuairiscithe.
Féadfaidh gnóthais neamhairgadais KPInna breise a nochtadh bunaithe ar láimhdeachas, Capex, Opex) lena n‑áirítear infheistíochtaí i gcothromas a bhfuil cuntas déanta orthu i gcomhfhiontair, de bhun IFRS 11 nó IAS28, ar bhonn pro rata a gcomhfhreagraíonn dá sciar siúd i gcothromas an chomhfhiontair.
1.2.3.1.Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI láimhdeachais
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
(a)miondealú cainníochtúil ar an uimhreoir d’fhonn príomhspreagaithe an athraithe in KPI láimhdeachais i rith na tréimhse tuairiscithe a léiriú, amhail ioncam ó chonarthaí le custaiméirí, ioncam ó léasanna, nó foinsí eile ioncaim;
(b)faisnéis faoi na méideanna a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht arna saothrú le haghaidh úsáid inmheánach na ngnóthas neamhairgeadais féin;
(c)míniúchán cáilíochtúil ar phríomhghnéithe athraithe in KPI láimhdeachais i rith na tréimhse tuairiscithe.
Na gnóthais neamhairgeadais a bhfuil bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó urrúis fiachais eisithe acu, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha a mhaoiniú atá ailínithe le tacsanomaíocht agus arna sainaithint, nochtfaidh siad freisin KPI an láimhdeachais arna choigeartú chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
1.2.3.2.Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI CapEx
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais miondealú cainníochtúil ar leibhéal comhiomlánaithe na gníomhaíochta eacnamaíche ar na méideanna a áirítear in uimhreoir agus míniúchán cáilíochtúil na bpríomhghnéithe athraithe in KPI CapEx i rith na tréimhse tuairiscithe. Nochtfar na nithe a leanas ar fad sa mhiondealú sin:
(a)comhiomlánú de bhreiseanna le réadmhaoin, gléasra agus trealamh, le sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, lena n‑áirítear i gcumasc gnó nó a gabhadh, le réadmhaoin infheistíochta nó arna n‑aithint sa tsuim ghlanluacha agus, i gcás inarb infheidhme le sócmhainní ceart úsáide caipitlithe;
(b)comhlánú de bhreiseanna a bhaineann le héadálacha trí chomhcheangail ghnó;
(c)comhiomlánú de chostais a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht agus costais a tabhaíodh mar chuid de phlean CapEx dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. Den Iarscríbhinn seo.
Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an phríomhfhaisnéis maidir le gach ceann dá bpleananna CapEx dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. Den Iarscríbhinn seo, lena n‑áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
(a)na cuspóirí comhshaoil á saothrú;
(b)na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann;
(c)gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha;
(d)an tréimhse ama faoina bhfuiltear ag súil go leathnófar gach gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le Tacsanomaíocht nó faoina bhfuiltear ag súil go mbeidh gach gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n‑áirítear, maidir leis an tréimhse ina bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch chun a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht, sa chás go sáróidh sí tréimhse ama cúig bliana, ní mór réasúnú oibiachtúil den tréimhse níos faide sin, bunaithe ar ghnéithe sonracha na gníomhaíochta eacnamaíche agus an uasghrádaithe lena mbaineann;
(e)an costas caipitiúil iomlán a bhfuiltear ag súil lena thabhú i rith na tréimhse tuairiscithe agus i rith thréimhse ama na bpleananna CapEx.
Na gnóthais neamhairgeadais a bhfuil bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó urrúis fiachais eisithe acu, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha a mhaoiniú atá ailínithe le tacsanomaíocht agus arna sainaithint, nochtfaidh siad freisin KPI CapEx arna choigeartú le haghaidh an chaiteachais chaipitiúil atá ailínithe don tacsanomaíocht arna mhaoiniú ag bannaí den sórt sin nó ag urrúis fiachais.
1.2.3.3.Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI OpEx
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
(a)miondealú cainníochtúil ar an uimhreoir (caiteachas oibríochtúil arna chinneadh i gcomhréir le pointe 1.1.3.2. Den Iarscríbhinn seo) chun príomhghnéithe an athraithe in KPI OpEx i rith na tréimhse tuairiscithe a léiriú;
(b)míniúchán cáilíochtúil ar na príomhghnéithe athraithe in KPI OpEx i rith na tréimhse tuairiscithe;
(c)míniúchán ar na caiteachais eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealamh a áirítear i ríomh OpEx don uimhreoir agus don ainmneoir araon.
I gcás ina bhfuil OpEx mar chuid de phlean CapEx dá dtagraítear i pointí 1.1.2.2. agus 1.1.3.2. Den Iarscríbhinn seo, nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an phríomhfhaisnéis maidir le gach ceann dá bpleananna CapEx i gcomhréir le ceanglais phointe 1.2.3.2. den Iarscríbhinn seo.
2.MODHEOLAÍOCHT CHUN KPInna LE NOCHTADH AG GNÓTHAIS NEAMHAIRGEADAIS A THUAIRISCIÚ
Beidh feidhm ag na ceanglais a leanas le haghaidh na nochtuithe faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/852:
(a)sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais gach gníomhaíocht eacnamaíoch, lena n‑áirítear fothacar gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin;
(b)nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais KPInna le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche agus KPInna iomlána le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíceh ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa ábhartha;
(c)nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais KPInna a leagtar amach i bpointí 1.1.1., 1.1.2. agus 1.1.3. den Iarscríbhinn seo le haghaidh gach cuspóra comhshaoil agus KPInna iomlána le haghaidh gach cuspóra comhshaoil ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa thar na cuspóirí comhshaoil ar fad agus an comhaireamh dúbailte a sheachaint san am céanna;
(d)sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais an cion ghníomhaíochtaí airgeadais ailínithe le Tacsanomaíocht agus an cion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla. Laistigh de ghníomhaíocht eacnamaíoch incháilithe don Tacsanomaíocht, sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais an cion den ghníomhaíocht sin atá ailínithe le Tacsanomaíocht.
(e)sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht agus nochtfaidh siad an cion d’ainmneoir KPI láimhdeachais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa;
(f)soláthrófar KPInna ag leibhéal an ghnóthais aonair i gcás nach n‑ullmhaíonn an gnóthas sin ach ráitis airgeadais neamhairgeadais nó ag leibhéal an ghrúpa i gcás ina n‑ullmhaíonn an gnóthas ráitis neamhairgeadais chomhdhlúite.
IARSCRÍBHINN II – Teimpléid le haghaidh KPInna gnóthas neamhairgeadais
Teimpléad: Cion an láimhdeachais ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
|
|
|
|
Critéir ranníocaíochta substaintiúla
|
Critéir DNSH
(‘Ní dhéantar dochar suntasach’)
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha (1)
|
Có(i)d (2)
|
Láimhdeachas absalóideach (3)
|
Cion den láimhdeachas (4)
|
Maolú an athraithe aeráide (5)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (6)
|
Uisce agus acmhainní muirí (7)
|
Geilleagar Ciorclach (8)
|
Truailliú (9)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (10)
|
Maolú an athraithe aeráide (11)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (12)
|
Uisce agus acmhainní muirí (13)
|
Geilleagar Ciorclach (14)
|
Truailliú (15)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (16)
|
Coimircí íosta (17)
|
Cion den láimhdeachas ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N (18)
|
Cion den láimhdeachas ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N‑1 (19)
|
Catagóir (gníomhaíocht chumasúcháin nó) (20)
|
Catagóir
‘(gníomhaíocht idirthréimhseach)’
(21)
|
|
|
Airgeadra
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
Céatadán
|
Céatadán
|
E
|
T
|
A. GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
A.1. Gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
E
|
|
Gníomhaíocht 2
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
TÁ
|
TÁ
|
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
|
|
Láimhdeachas gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.1)
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
|
|
A.2 Gníomhaíochtaí incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
T
|
|
Gníomhaíocht 3
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
|
|
Láimhdeachas gníomhaíochtaí incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.2)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A.1 + A.2)
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
%
|
|
B. GNÍOMHAÍOCHTAÍ NACH bhFUIL INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Láimhdeachas Gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht (B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A + B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ba cheart Colún 21 a chomhlánú le haghaidh na ngníomhaíochtaí idirthréimhseacha a chuireann le maolú an athraithe aeráide.
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
Teimpléad: Cion CapEx ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
|
|
|
|
Critéir ranníocaíochta substaintiúla
|
Critéir DNSH
(Ní dhéantar dochar suntasach)
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha (1)
|
Có(i)d (2)
|
CapEx absalóideach (3)
|
Cion de CapEx (4)
|
Maolú an athraithe aeráide (5)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (6)
|
Uisce agus acmhainní muirí (7)
|
Geilleagar Ciorclach (8)
|
Truailliú (9)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (10)
|
Maolú an athraithe aeráide (11)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (12)
|
Uisce agus acmhainní muirí (13)
|
Geilleagar Ciorclach (14)
|
Truailliú (15)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (16)
|
Coimircí íosta (17)
|
Cion de CapEx ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N (18)
|
Cion de CapEx ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N‑1 (19)
|
Catagóir (gníomhaíocht chumasúcháin) (20)
|
Catagóir
(gníomhaíocht idirthréimhseach
(21)
|
|
|
Airgeadra
|
%
|
&
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
Céatadán
|
Céatadán
|
E
|
T
|
A. GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
A.1. Gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
E
|
|
Gníomhaíocht 2
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
|
|
CapEx gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.1)
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
|
|
A.2 Gníomhaíochtaí incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
T
|
|
Gníomhaíocht 3
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
|
|
CapEx gníomhaíochtaí incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.2)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A.1 + A.2)
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
%
|
|
B. GNÍOMHAÍOCHTAÍ NACH bhFUIL INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Láimhdeachas Gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht (B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A + B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
Teimpléad: Cion OpEx ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
|
|
|
|
Critéir ranníocaíochta substaintiúla
|
Critéir DNSH
(Ní dhéantar dochar suntasach)
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha (1)
|
Có(i)d (2)
|
OpEx absalóideach (3)
|
Cion de OpEx (4)
|
Maolú an athraithe aeráide (5)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (6)
|
Uisce agus acmhainní muirí (7)
|
Geilleagar Ciorclach (8)
|
Truailliú (9)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (10)
|
Maolú an athraithe aeráide (11)
|
Oiriúnú don athrú aeráide (12)
|
Uisce agus acmhainní muirí (13)
|
Geilleagar Ciorclach (14)
|
Truailliú (15)
|
Bithéagsúlacht agus éiceachórais (16)
|
Coimircí íosta (17)
|
Cion de OpEx ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N (18)
|
Cion de OpEx ailínithe le Tacsanomaíocht, bliain N‑1 (19)
|
Catagóir (gníomhaíocht chumasúcháin) (20)
|
Catagóir
(gníomhaíocht idirthréimhseach
(21)
|
|
|
Airgeadra
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
(TÁ/NÍL)
|
Céatadán
|
Céatadán
|
E
|
T
|
A. GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
A.1. Gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
E
|
|
Gníomhaíocht 2
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
%
|
|
|
|
OpEx gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.1)
|
|
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
|
|
A.2 Gníomhaíochtaí incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gníomhaíocht 1
|
|
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
T
|
|
Gníomhaíocht 3
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
0 %
|
|
|
|
Gníomhaíochtaí OpEx incháilithe don Tacsanomaíocht ach nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (gníomhaíochtaí nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht) (A.2)
|
|
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A.1 + A.2)
|
|
|
%
|
%
|
0 %
|
%
|
0 %
|
0 %
|
0 %
|
|
|
|
|
|
|
|
%
|
|
%
|
|
B. GNÍOMHAÍOCHTAÍ NACH bhFUIL INCHÁILITHE DON TACSANOMAÍOCHT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Láimhdeachas Gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht (B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán (A + B)
|
|
|
%
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
IARSCRÍBHINN III – KPI bainisteoirí sócmhainní
1.ÁBHAR KPI LE NOCHTADH AG BAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNÍ
Ríomhfar KPI amhail an t‑uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear i bpointí 1.1. agus 1.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1.Uimhreoir
Beidh an t‑uimhreoir comhdhéanta de mheánluach ualaithe na n‑infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht de chuid na n‑institiúidí infheistiúcháin. Bunófar meánluach ualaithe na n‑infheistíochtaí ar an gcion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht na n‑institiúidí infheistiúcháin arna dtomhas ag an méid a leanas:
(a)le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais neamhairgeadais iad, KPInna láimhdeachais agus CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II;
(b)le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar bainisteoirí sócmhainní iad, KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, mar thoradh ar ríomh KPInna institiúidí infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV;
(c)le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar institiúidí creidmheasa iad, an cóimheas sócmhainne glaise bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh chóimheas sócmhainne glaise na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní V agus VI;
(d)le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnólachtaí infheistíochta iad, infheistíochtaí agus ioncaim, mar thoradh ar ríomh KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII i gcomhréir le cion na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí ag déileáil ar a gcuntas féin agus nach bhfuil ag déileáil ar a gcuntas féin in ioncam an ghnólachta infheistíochta;
(e)le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, infheistíochtaí, ollphréimheanna scríofa nó, de réir mar is infheidhme, ollioncam árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíocht bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, arna gcomhcheangal, i gcás inarb ábhartha le frithghealladh KPI ghnóthas árachais agus athárachais na hinstitiúide infheistiúcháin neamhshaoil i gcomhréir leis na hIarscríbhinní IX agus X.
Ceadóidh an ríomh do ghlanluacháil chun críocha chion na n‑infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht a thuairisciú tríd an modheolaíocht a úsáidtear chun glansuíomhanna gearra a ríomh a leagtar síos in Airteagal 3, míreanna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo 1.1, urrúis fiachais arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí nó tionscadail shonracha arna sainaithint a mhaoiniú nó bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil arna n‑eisiúint ag institiúid infheistiúcháin, áireofar iad san uimhreoir ar luach cothrom le luach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht agus atá á maoiniú ag na bannaí agus na hurrúis fiachais sin, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag gnóthas na hinstitiúide infheistiúcháin.
1.2.Ainmneoir
Beidh an t‑ainmneoir comhdhéanta de luach na Sócmhainní faoi Bhainistíocht (AuM) ar fad gan risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo mar thoradh ar ghníomhaíochtaí cnuasaitheacha agus aonair um bainistíocht punainne na mbainisteoirí sócmhainní.
Nochtfaidh bainisteoirí sócmhainní KPI bunaithe ar KPInna láimhdeachais na n‑institiúidí infheistiúcháin agus KPI bunaithe ar KPI CapEx na n‑institiúidí infheistiúcháin.
2.An mhodheolaíocht chun KPI atá le nochtadh ag bainisteoirí sócmhainní a ullmhú agus a thuairisciú
Chun críocha na nochtuithe faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852, déanfaidh bainisteoirí sócmhainní an méid a leanas:
(a)nochtfaidh siad KPInna le haghaidh gach cuspóra comhshaoil agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht comhiomlánaithe ar leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa ábhartha;
(b)sainaithneoidh siad fothacar gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin agus nochtfaidh siad KPInna le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha comhiomlánaithe ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa;
(c)déanfaidh siad foráil maidir le miondealú an uimhreora agus an ainmneora de réir chineál na hinfheistíochta;
(d)nochtfaidh siad KPInna i ndáil le gníomhaíochtaí comhiomlánaithe incháilithe don tacsanomaíocht;
(e)nochtfaidh siad cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht laistigh de na sócmhainní faoi bhainistíocht;
(f)cion infheistíochtaí iomlána na n‑infheistíochtaí a nochtadh i risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo;
(g)soláthróidh siad KPInna ag leibhéal an bhainisteora sócmhainní aonair i gcás nach n‑ullmhaíonn an gnóthas sin ach ráitis airgeadais neamhairgeadais nó ag leibhéal an ghrúpa i gcás ina n‑ullmhaíonn an gnóthas ráitis neamhairgeadais chomhdhlúite.
IARSCRÍBHINN IV – Teimpléad le haghaidh KPI bainisteoirí sócmhainní
Teimpléad caighdeánach le haghaidh nochta a cheanglaítear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (bainisteoirí sócmhainní)
Meánluach ualaithe na n‑infheistíochtaí ar fad atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI, leis na meáchain a leanas le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos:
Bunaithe ar láimhdeachas: %
Bunaithe ar--CapEx: %
|
Meánluach ualaithe na n‑infheistíochtaí ar fad atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht, leis na meáchain a leanas le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos:
Bunaithe ar láimhdeachas: [méid airgeadaíochta]
Bunaithe ar--CapEx: [méid airgeadaíochta]
|
Céatadán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI i gcoibhneas le hinfheistíochtaí iomlána (AuM iomlán). Cé is moite d'infheistíochtaí in eintitis cheannasacha, cóimheas chumhdaigh %
|
Luach airgeadaíochta sócmhainní a chumhdaítear faoin KPI. Cé is moite d'infheistíochtaí in eintitis cheannasacha.
Cumhdach: [méid airgeadaíochta]
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar ainmneoir KPI
|
Céatadán na ndíorthach i gcoibhneas le hiomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI.
X %
|
An luach i méideanna airgeadaíochta díorthach:.
[méid airgeadaíochta]
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais AE nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais:
Le haghaidh gnóthais airgeadais:
|
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: [méid airgeadaíochta]
Le haghaidh gnóthais airgeadais: [méid airgeadaíochta]
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais:
Le haghaidh gnóthais airgeadais:
|
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: [méid airgeadaíochta]
Le haghaidh gnóthais airgeadais: [méid airgeadaíochta]
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais:
Le haghaidh gnóthais airgeadais:
|
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: [méid airgeadaíochta]
Le haghaidh gnóthais airgeadais: [méid airgeadaíochta]
|
Cion na risíochtaí ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
X %
|
Luach risíochtaí ar chontrapháirtithe eile:
[méid airgeadaíochta]
|
Luach na n‑infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
X %
|
Luach na n‑infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht:
[méid airgeadaíochta]
|
Luach na n‑infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
X %
|
Luach na n‑infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht:
[méid airgeadaíochta]
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar uimhreoir KPI
|
Cion na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais:
Bunaithe ar láimhdeachas: %
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: %
Le haghaidh gnóthais airgeadais:
Bunaithe ar láimhdeachas: %
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: %
|
Luach na risíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE:
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais:
Bunaithe ar láimhdeachas: [méid airgeadaíochta]
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: [méid airgeadaíochta]
Le haghaidh gnóthais airgeadais:
Bunaithe ar láimhdeachas: [méid airgeadaíochta]
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: [méid airgeadaíochta]
|
Cion na risíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI:
Bunaithe ar láimhdeachas: %
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: %
|
Luach risíochtaí ar chontrapháirtithe eile atá ailínithe le tacsanomaíocht:
Bunaithe ar láimhdeachas: [méid airgeadaíochta]
Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: [méid airgeadaíochta]
|
Miondealú ar uimhreoir KPI de réir an chuspóra comhshaoil
|
Gníomhaíochtaí atáailínithe le tacsanomaíocht –:
|
(1)Maolú an athraithe aeráide
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
(2)Oiriúnú don athrú aeráide
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
(3)Úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
(4)An t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
(5)Cosc agus rialú ar thruailliú
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
(6)Bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
|
Láimhdeachas: %
CapEx:%
|
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx)
Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx)
|
IARSCRÍBHINN V – KPInna institiúidí creidmheasa
1.ÁBHAR KPInna LE NOCHTADH AG INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA
1.1.Raon feidhme KPInna
1.1.1.Comhdhlúthú
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPInna ábhartha ar bhonn raon feidhme a gcomhdhlúthaithe stuamachta arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 2.
1.1.2.Iomlán na sócmhainní cumhdaithe
Cumhdóidh ríomh an chóimheasa sócmhainne glaise (GAR) le haghaidh risíochtaí ar an gclár comhardaithe na catagóirí cuntasaíochta a leanas de shócmhainní airgeadais, lena n‑áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais, sealúchais cothromais agus comhthaobhachtaí athshealbhaithe:
(a)sócmhainní airgeadais ar chostas amúchta;
(b)sócmhainní airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile;
(c)infheistíochtaí i bhfochuideachtaí
(d)comhfhiontair agus comhlaigh;
(e)sócmhainní airgeadais atá ainmnithe ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus sócmhainní airgeadais neamhthrádála a thomhaistear go héigeantach ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas;
(f)comhthaobhachtaí réadmhaoine arna bhfáil ag institiúidí creidmheasa trí sheilbh a ghlacadh mar mhalairt ar chealú fiachas.
Na risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo, eisiafar ó chumhdach GAR iad.
Eisiafar na sócmhainní a leanas ó uimhreoir GAR:
(a)sócmhainní airgeadais arna sealbhú le haghaidh trádála;
(b)iasachtaí idirbhainc ar éileamh;
(c)risíochtaí ar ghnóthais nach bhfuil d’oibleagáid orthu faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE.
Breithneofar sa ríomh ar KPInna le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar ráthaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag an institiúid creidmheasa agus sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh gnóthais neamhairgeadais ráthaíochta agus institiúidí infheistiúcháin. Eisiafar risíochtaí eile lasmuigh den chlár comhardaithe amhail gealltanais ón ríomh sin.
1.2.Ábhar KPInna agus modheolaíocht
1.2.1.Cóimheas sócmhainne glaise (GAR)
Léireofar in GAR cion de cion shócmhainní na hinstitiúide creidmheasa a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht agus atá infheistithe iontu mar chion de shócmhainní cumhdaithe iomlána i gcomhréir le pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
Beidh GAR bunaithe ar na risíochtaí agus an clár comhardaithe de réir raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 575/2013, Teideal II, Caibidil 2, Cuid 2 le haghaidh na gcineálacha sócmhainní agus punanna cuntasaíochta a shonraítear i bpointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo, lena n‑áirítear faisnéis ar stoc agus ar shreafaí, ar ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin, agus ar iasachtú speisialaithe agus ilchuspóireach.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa na nithe a leanas ar fad:
(a)an comhiomlán GAR le haghaidh sócmhainní cumhdaithe ar an gclár comhardaithe;
(b)miondealú de réir chineál an chuspóra comhshaoil agus de réir chineál an chontrapháirtí.
Beidh sainmhíniú KPInna bunaithe ar na comhpháirteanna seo a leanas:
(a)an t‑uimhreoir, a chumhdóidh na hiasachtaí agus na hairleacain, na hurrúis fiachais, na cothromais agus na comhthaobhachtaí athshealbhaithe, a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx na mbunsócmhainní;
(b)an t‑ainmneoir, a chumhdóidh na hiasachtaí agus na hairleacain iomlána, na hurrúis fiachais iomlána, na cothromais iomlána agus na comhthaobhachtaí athshealbhaithe iomlána agus gach sócmhainn cumhdaithe eile ar an gclár comhardaithe.
Chomh maith le GAR, nochtfaidh institiúidí creidmheasa céatadán iomlán a sócmhainní atá eisiata ó uimhreoir GAR i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán seo agus pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
1.2.1.1.GAR a bhfuil feidhm aige maidir le risíocht gnóthas neamhairgeadais
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa GAR le haghaidh stoc iasachtaí, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais agus an sreabhadh le haghaidh iasachtú nua. Leanfaidh institiúidí creidmheasa na céimeanna a leanas chun GAR a ríomh le haghaidh gach cuspóra comhshaoil.
Cuspóirí comhshaoil
|
An chéad chéim
|
An dara céim
|
Cóimheas sócmhainne glaise (GAR)
|
Maolú an athraithe aeráide
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir mhaolú an athraithe aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána le gnóthais neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir mhaolú an athraithe aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha a chumhdaíonn an tacsanomaíocht le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide.
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ar mhaithe leis an gcuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile ar an gclár comhardaithe
|
|
Lena n‑áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n‑áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n‑áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha Lena n‑áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha
|
Stoc agus sreabhadh
|
Oiriúnú don athrú aeráide
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ar mhaithe leis an gcuspóir maidir le oiriúnú don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha a chumhdaíonn an tacsanomaíocht le haghaidh cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide.
|
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe
|
|
Lena n‑áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin
Lena n‑áirítear gníomhaíochtaí oiriúnaithe Lena n‑áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha
|
Stoc agus sreabhadh
|
Gníomhaíochtaí comhshaoil eile
|
Ba cheart na cóimheasa céanna le haghaidh gach ceann de na ceithre chuspóir comhshaoil eile a nochtadh, nuair atá na critéir scagtha sainmhínithe. Is é sin: úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint; an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.
|
|
1.2.1.1.1.1.(i) GAR le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do shealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais le haghaidh iasachtaí agus airleacain (GAR L&A)
Úsáidfidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa na míreanna a leanas chun GAR a ríomh don chineál seo risíochtaí:
(1)(a)
iasachtaí agus airleacain iomlána le gnóthais neamhairgeadais, lena n‑áirítear iasachtaí agus airleacain arna n‑aithint faoi na catagóirí cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn seo, is é sin suim ghlanluacha chomhlán:
(i)
iasachtaí agus airleacain ar chostas amúchta agus ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile;
(ii)
iasachtaí agus airleacain nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas.
(1)(b)
iasachtaí agus airleacain do ghnóthais neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóra lena n‑áirítear suim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacain sna catagóirí cuntasaíochta ábhartha i dtreo cuideachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht (i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cóid ceithre leibhéal Ainmníochta Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha (NACE)) ábhartha le haghaidh gach cuspóra comhshaoil.
(1)(c)
iasachtaí agus airleacain le gnóthais neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht i ndáil le gach cuspóir comhshaoil, lena n‑áirítear na hiasachtaí agus na hairleacain uile a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n‑áirítear fothacair de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin.
Ríomhfar an méid chun críche (1)(c) trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle 1(c) = (1)(c)(1) + (1)(c)(2) i gcás ina:
(1)(c)(1)
léiriú is ea é ar iasachtaí agus airleacain i gcás ina bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas, lena n‑áirítear iasachtú speisialaithe – iasachtaí maoinithe tionscadail dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún;
(1)(c)(2)
léiriú is ea é ar iasachtaí agus airleacain i gcás nach bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas (iasachtaí ginearálta).
Chun críocha phointe (1)(c)(1), breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na risíochtaí maoinithe tionscadail ar an ngnóthas neamhairgeadais a mhéid agus maidir leis an gcion a maoiníonn an tionscadal maoinithe gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le tacsanomaíocht. An measúnú maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas sin, bunófar é ar an bhfaisnéis a thugann an contrapháirtí faoin tionscadal nó faoi na gníomhaíochtaí ar maidir leo a gcuirfear na fáltais i bhfeidhm. Soláthróidh institiúidí creidmheasa faisnéis maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. Ní cheadófar comhaireamh dúbailte. I gcás ina bhfuil an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa leithdháil uirthi ar an gcuspóir is ábhartha.
Chun críocha phointe (1)(c)(2), braithfidh institiúidí creidmheasa ar CapEx agus ar KPI láimhdeachais a nochtfaidh an contrapháirtí le haghaidh gach cuspóra comhshaoil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is éard a bheidh i méid na n‑iasachtaí agus na n‑airleacan le gnóthais neamhairgeadais suim ghlanluacha chomhlán na n‑iasachtaí agus na n‑airleacan iomlán le húsáid anaithnid fáltas le gnóthais neamhairgeadais arna n‑ualú de réir chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ina mbeidh miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
Ríomhfaidh institiúidí creidmheasa KPInna do na cineálacha sin risíochtaí mar a leanas:
An chéad chéim = (1)(b)/(1)(a).
An dara céim = (1)(c)/(1)(b). Nochtfaidh institiúidí creidmheasa ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin, nuair is ábhartha.
GAR L&A (le haghaidh gach cuspóra comhshaoil) = (1)(c)/(1)(a). Nochtfaidh institiúidí creidmheasa GAR bunaithe ar KPI láimhdeachais agus ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, i gcás inarb ábhartha.
Nochtfar na gnéithe a leanas de KPInna:
(a)i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán iasachtaí agus airleacan amhail ón dáta tagartha nochta;
(b)i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacan nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta;
(c)le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus oiriúnaithe, agus le haghaidh iasachtú speisialaithe.
1.2.1.1.1.2.(ii) GAR le haghaidh urrúis fiachais le gnóthais neamhairgeadais (‘GAR DS’)
Ríomhfaidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa na míreanna a leanas chun GAR a ríomh don chineál seo risíochtaí:
(2)(a)
Urrúis fiachais iomlána gnóthas neamhairgeadais, lena n‑áirítear suim ghlanluacha chomhlán urrús fiachais ar chostas amúchta agus ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, agus urrúis fiachais nach sealbhaítear lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas.
(2)(b)
Urrúis fiachais gnóthas neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóra lena n‑áirítear suim ghlanluacha chomhlán urrúis fiachais sna catagóirí cuntasaíochta ábhartha i dtreo cuideachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht (i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cóid NACE ar 4 leibhéal ) ábhartha le haghaidh gach cuspóra comhshaoil.
(2)(c)
Urrúis fiachais le heintitis ábhartha a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n‑áirítear na hurrúis fiachais uile a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n‑áiritear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin.
Ríomhfar an méid chun críocha (2)(c) trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
2(c) = (2)(c)(1) + (2)(c)(2) sa chás seo a leanas:
Léiriú is ea é (2)(c)(1) ar urrúis fiachais i gcás ina bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas;
léiríonn (2)(c)(2) urrúis fiachais i gcás nach bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas.
Chun críocha phointe 2(c)(1), déanfaidh institiúidí creidmheasa an méid a leanas a bhreithniú:
(2)(c)(1)(a) breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán iomlán risíochtaí ar bhannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna n‑eisiúint i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Déanfar measúnú ar eisiúintí bannaí reatha cáilithe mar bhannaí glasa ag eisitheoirí ar gá infheistiú a dhéanamh ar úsáid a bhfáltais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ag brath ar leibhéal ailínithe le tacsanomaíocht na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 nó de thionscadail mhaoinithe, bunaithe ar an bhfaisnéis shonrach arna soláthar ag an eisitheoir le haghaidh eisiúna. Soláthróidh institiúidí creidmheasa trédhearcacht maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíceh atá á maoiniú. Ní cheadaítear comhaireamh dúbailte. I gcás inar féidir leis an mbanna glas céanna a bheith ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa é a leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha.
(2)(c)(1)(b) Breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais infheistithe i risíochtaí maoinithe tionscadail a mhéid gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht iad gníomhaíochtaí an tionscadail mhaoinithe. Bunófar an measúnú sin ar an bhfaisnéis shonrach a thugann an t‑eisitheoir don eisiúint sin. Ní cheadaítear comhaireamh dúbailte. I gcás inar féidir leis an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna a bheith ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa í a leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha. Soláthróidh institiúidí creidmheasa trédhearcacht maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú.
Chun críocha phointe (2)(c)(2), braithfidh institiúidí creidmheasa ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx a nochtfaidh an contrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo. Is éard a bheidh i méid na n‑urrús fiachais le gnóthais neamhairgeadais suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais iomlán le húsáid anaithnid fáltas le gnóthais neamhairgeadais arna n‑ualú de réir chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ina mbeidh miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
Ríomhfaidh institiúidí creidmheasa KPInna molta de réir na foirme a leanas don chineál seo risíochtaí:
An chéad chéim = (2)(b)/(2)(a).
An dara céim = (2)(c)/(2)(b); nochtfaidh institiúidí creidmheasa ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, nuair is ábhartha.
GAR DS = (2)(c)/(2)(a) bunaithe ar KPI láimhdeachais; (2)(c)/(2)(a) bunaithe ar KPI CapEx.
Nochtfar na gnéithe a leanas de KPInna:
(a)i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán urrús fiachais amhail ón dáta tagartha nochta;
(b)i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán urrús fiachais nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta;
(c)le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, agus le haghaidh iasachtú speisialaithe.
1.2.1.1.1.3.(iii) Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh sealúchais cothromais institiúidí creidmheasa i ngnóthas neamhairgeadais (‘GAR EH’)
1.2.1.1.1.4.Ríomhfaidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa:
(a)cion na sealúchas cothromais agus na ngnóthas neamhairgeadais a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le sealúchais cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais.
Cumhdóidh an t‑uimhreoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile agus sócmhainní airgeadais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus chomhlaigh, de chuid gnóthas neamhairgeadais a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht.
Cumhdóidh an t‑ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile agus sócmhainní airgeadais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh, de chuid gnóthais neamhairgeadais.
(b)cion na sealúchas cothromais agus na ngnóthas neamhairgeadais a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le sealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais sin a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht.
Beidh an t‑uimhreoir cothrom le suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht an ghnóthais neamhairgeadais lena mbaineann na hionstraimí cothromais.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil bunaithe ar KPI láimhdeachais na ngnóthas neamhairgeadais a fheidhmíonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht.
(c)GAR EH = Cion shealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht i gcomparáid le sealúchais cothromais iomlána i ngnóthas neamhairgeadais.
Áireofar san uimhreoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ualaithe ag an láimhdeachas agus KPI CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht mar a nochtann gnóthais neamhairgeadais lena mbaineann na hionstraimí cothromais.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú le gnóthais neamhairgeadais a thrádáil.
Nochtfar na gnéithe a leanas de chóimheasa:
(a)i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán sealúchas cothromais amhail an dáta tagartha nochta;
(b)i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán sealúchas cothromais nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta;
(c)le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha.
1.2.1.1.1.5.(iv) GAR maidir le maoiniú iomlán i ngnóthais neamhairgeadais (iasachtú móide sealúchais cothromais)
Nochtfar na trí chóimheas le haghaidh gach cuspóra comhshaoil bunaithe ar KPI láimhdeachais agus, le haghaidh urrúis fiachais agus sealúchais cothromais, bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx bunsócmhainní ag leibhéal comhiomlán le haghaidh gach ionstraime ar an gclár comhardaithe a mhaoiniú, lena n‑áirítear sealúchais cothromais, i ngnóthais neamhairgeadais.
Beidh suim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchas cothromais ábhartha i ngach cás in uimhreoir agus ainmneoir na gcóimheas.
1.2.1.2.Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do ghnóthais airgeadais agus sealúchais cothromais dá gcuid.
Ríomhfar GAR le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do shealúchais cothromais de chuid gnóthas airgeadais mar chion d’iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais na bpunann cuntasaíochta ábhartha a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóir comhshaoil, i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais iomlána corparáidí airgeadais.
Beidh nochtuithe le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, le miondealú ar ghníomhaíochtaí cumasúcháin in GAR mar seo. Le haghaidh maolú ar an athrú aeráide, beidh nochtuithe maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus gníomhaíochtaí oiriúnaithe in GAR freisin. Dóibh sin a chuireann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus cuspóirí comhshaoil eile, soláthróidh institiúidí creidmheasa freisin nochtuithe stoic agus sreafa.
Ríomhfar uimhreoir GAR le haghaidh gnóthais airgeadais ar bhonn KPInna na gcontrapháirtithe arna faoin Rialachán seo. Méid na n‑iasachtaí agus na n‑airleacan, na n‑urrús fiachais agus na sealúchas cothromais de phunanna cuntasaíochta ábhartha le gnóthais airgeadais le breithniú in uimhreoir an chóimheasa, beidh siad cothrom le suim a méide glanluacha comhláine, ualaithe ag cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht le miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, oiriúnaithe agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
I gcás inar institiúid creidmheasa eile atá sa chontrapháirtí, na KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx a úsáidfear, beidh siad cothrom le suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais de na punanna cuntasaíochta ábhartha ualaithe ag ‘GAR iomlán an chontrapháirtí mar a shainmhínítear sa chuid’, arb é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi ‘GAR iomlán’ an chontrapháirtí.
I gcás inar gnólacht infheistíochta atá sa chontrapháirtí, beidh feidhm ag an ríomh KPI a leanas bunaithe ar cion na seirbhísí in ioncam an ghnólachta infheistíochta:
(a)le haghaidh gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais a ualú faoi GAR bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx nochta ag gnólachtaí infheistíochta, is é sin an tsuim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi ‘luach na sócmhainní infheistithe (urrúis fiachais, ionstraimí cothromais, coibhéisí airgid agus díorthaigh) i ngníomhaíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht mar chion de luach iomlán na sócmhainní infheistithe’.
(b)le haghaidh gnólachtaí infheistíochta seachas gnólachtaí ag déileáil ar a gcuntas féin i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfar suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais a ualú le KPI bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx ar ioncaim, is é sin le rá ar tháillí, coimisiúin agus ar thairbhí airgeadúla eile, arna nochtadh ag gnólachtaí infheistíochta, is é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi ‘táillí, coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht mar chion de luach iomlán táillí, ioncam coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile ó gach seirbhís agus gníomhaíocht’.
I gcás inar bainisteoir sócmhainní atá sa chontrapháirtí, na KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, beidh siad cothrom le suim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais ualaithe ag cóimheas infheistíochtaí an chontrapháirtí ar gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht iad, mar a shonraítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo, is é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi chóimheas infheistíochtaí iomlána an bhainisteora sócmhainní.
I gcás institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, is é a bheidh sa tagarmharc infheistíochtaí, ollphréimheanna scríofa nó, de réir mar is infheidhme, ollioncam árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíochtaí bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx nó frithghealladh KPI institiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní XI agus X a ghabhann leis an Rialachán seo.
Is é a bheidh san ainmneoir, suim ghlanluacha chomhlán iomlán iasachtaí agus airleacan, urrús fiachais agus sealúchas cothromais de na punanna cuntasaíochta ábhartha i ngnóthais airgeadais.
1.2.1.3.Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh risíochtaí miondíola
Déanfar GAR le haghaidh risíochtaí miondíola ar réadmhaoin chónaithe nó ar iasachtaí athchóirithe tí a ríomh mar chion d’iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe nó arna ndeonú chun críocha athchóirithe tí atá ailínithe le tacsanomaíocht i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh, eadhon athchóiriú agus fáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6. agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Gníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le hiasachtaí iomlána le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe nó arna ndeonú chun críocha athchóirithe tí. Áireofar sa GAR seo nochtuithe gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, agus nochtuithe stoic agus sreafa. Ní bheidh GAR mar seo i bhfeidhm ach maidir le hinfheistíochtaí ábhartha i dtaca le maolú ar an athrú aeráide.
Déanfar GAR le haghaidh risíochtaí miondíola ar iasachtaí tomhaltais creidmheasa le haghaidh iasachtaí cairr a ríomh mar chion d’iasachtaí a mhaoiníonn carranna a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos i Roinn 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide. Sa GAR seo, áireofar nochtuithe maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, agus nochtuithe stoic iasachtaí le haghaidh iasachtaí arna ndeonú tar éis [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus iad amháin agus sreabhadh iasachtaí. Ní bheidh an GAR seo i bhfeidhm ach maidir le hinfheistíochtaí ábhartha i dtaca le maolú ar an athrú aeráide.
Ní bheidh feidhm ag KPInna ar risíochtaí miondíola a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ach amháin le haghaidh cuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide.
1.2.1.3.1.1.(i) Iasachtú réadmhaoine cónaithe
Cumhdófar i nochtadh KPI institiúidí creidmheasa an phunann iasachta miondíola, go háirithe an phunann iasachta morgáiste. Nochtfar an KPI sin trí chomhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh a leagtar síos i Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5., 7.6. agus 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide a thabhairt san áireamh.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI dá bpunann iasachta réadmhaoine cónaithe mar chion d’iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe a chuireann le cuspóir comhshaoil mhaolú an athraithe aeráide faoi mar a leagtar síos i Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6. agus 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le hiasachtaí iomlána le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n‑iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí iasachtaithe nua i rith na tréimhse nochta.
Áireofar in uimhreoir an chóimheasa suim ghlanluacha chomhlán na n‑iasachtaí réadmhaoine cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
In uimhreoir an chóimheasa, breithneoidh institiúidí creidmheasa freisin na hiasachtaí sin a deonaíodh chun foirgneamh nó teach a athchóiriú i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh i gcomhréir le Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5. agus 7.6. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n‑iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe móide suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n‑iasachtaí athchóirithe tí le teaghlaigh, ag seachaint comhaireamh dúbailte iasachtaí i gcás inar iasachtaí comhthaobhaithe iad na hiasachtaí deireanacha.
1.2.1.3.1.2.(ii) Miondíol - Iasachtaí creidmheasa tomhaltóra le haghaidh carranna
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI le haghaidh iasachtaí a deonaíodh do theaghlaigh chun mótarfheithicil a fháil (iasachtaí cairr). Is éard a bheidh in KPI cion d’iasachtaí a bhaineann le carranna a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
Breithneoidh institiúidí creidmheasa na hiasachtaí cairr sin a deonaíodh ó dháta chur i bhfeidhm na gceanglas nochta, le haghaidh KPI ar stoc agus ar iasachtaí nua araon. Ní dhéanfar breithniú ar nuashonrú ar stoc iasachtaí a deonaíodh roimh an dáta cur i bhfeidhm.
1.2.1.4.GAR le haghaidh iasachtaí agus airleacan a mhaoiníonn tithíocht phoiblí agus iasachtú speisialaithe eile d’údaráis phoiblí
I gcás ina bhfuil samhail ghnó ag institiúidí creidmheasa bunaithe den chuid is mó ar thithíocht phoiblí a mhaoiniú, nochtfaidh siad KPI a bhaineann le cion de chomhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide maidir le foirgnimh a bhfuil a gceannach á mhaoiniú ag an institiúid creidmheasa. Déanfaidh an institiúid creidmheasa GAR mar sin a mheas agus a nochtadh mar chion d’iasachtaí le bardais a mhaoiníonn tithíocht phoiblí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide i gcomparáid leis na hiasachtaí iomlána le bardais a mhaoiníonn tithíocht phoiblí. Ar na hinstitiúidí creidmheasa sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa.
Beidh an mhodheolaíocht chun an t‑uimhreoir agus an t‑ainmneoir a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht le haghaidh iasachtú réadmhaoine cónaithe.
Chun gníomhaíochtaí agus sócmhainní eile a mhaoiniú cé is moite de thithíocht phoiblí, breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na risíochtaí maoinithe tionscadail ar an údarás poiblí a mhéid agus a maoiníonn, agus de réir an chion a mhaoiníonn, an tionscadal maoinithe gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le tacsanomaíocht. An measúnú maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas sin, bunófar é ar an bhfaisnéis a thugann an t‑údarás poiblí faoin tionscadal nó faoi na gníomhaíochtaí ar maidir leo a gcuirfear na fáltais i bhfeidhm. Soláthróidh institiúidí creidmheasa faisnéis maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. Ní cheadófar comhaireamh dúbailte. I gcás ina bhfuil an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa leithdháil uirthi ar an gcuspóir is ábhartha.
1.2.1.5.Risíochtaí eile ar an gclár comhardaithe – comhthaobhachtaí réadmhaoine athshealbhaithe
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI le haghaidh chion na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide dá bpunann comhthaobhachta réadmhaoine tráchtála agus cónaithe arna sealbhú lena díol le haghaidh cuspóir comhshaoil mhaolú an athraithe aeráide mar chion den chomhthaobhacht réadmhaoine athshealbhaithe tráchtála agus cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le comhthaobhacht réadmhaoine tráchtála agus cónaithe iomlán.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n‑iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí sócmhainní nua i rith na tréimhse nochta.
Áireofar in uimhreoir an chóimheasa suim ghlanluacha chomhlán na gcomhthaobhachtaí réadmhaoine athshealbhaithe tráchtála agus cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh i Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Gníomh Tarmligthe Aeráide.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na gcomhthaobhachtaí réadmhaoine tráchtála agus cónaithe arna sealbhú lena ndíol athshealbhaithe ag an institiúid creidmheasa.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n‑iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí iasachtaithe nua i rith na tréimhse nochta.
1.2.1.6.GAR Iomlán
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis maidir le GAR Iomlán. Beidh seo ina léiriú ar luach carnach KPInna bunaithe ar risíocht, tríd an ainmneoir a áireamh in iomlán na sócmhainní ar an gclár comhardaithe gan risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus tríd an uimhreoir iomlán a chur leis na huimhreoirí de risíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de de KPInna bunaithe ar risíochtaí:
(a)GAR iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe a dhírítear ar ghnóthais airgeadais, le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil uile
(b)GAR iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe a dhírithe ar ghnóthais neamhairgeadais, le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil uile.
(c)GAR le haghaidh risíochtaí réadmhaoine cónaithe, lena n‑áirítear iasachtaí athchóirithe tí, le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide.
(d)GAR le haghaidh iasachtaí cairr, le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide.
(e)GAR le haghaidh iasachtaí le rialtais áitiúla chun tithe a mhaoiniú agus le haghaidh iasachtú speisialaithe eile.
(f)GAR le haghaidh comhthaobhacht réadmhaoine tráchtála agus cónaithe athshealbhaithe arna sealbhú le díol.
I dteannta GAR iomlán, nochtfaidh institiúidí creidmheasa an céatadán sócmhainní atá eisiata ó uimhreoir GAR i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) agus Roinn 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
1.2.2.KPInna le haghaidh risíochtaí atá lasmuigh den chlár comhardaithe
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa cóimheas comhlántacha ar an leibhéal a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht de risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a bhainistíonn agus a threoraíonn institiúidí creidmheasa nó a rannchuidíonn siad le treorú sreafa caipitil i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar féidir a n‑inbhuanaitheacht ó thaobh an chomhshaoil de a mheasúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852:
(a)ráthaíochtaí airgeadais mar thaca le hiasachtaí agus airleacain agus ionstraimí fiachais eile i dtreo gnóthas; agus
(b)sócmhainní faoi bhainistíocht.
1.2.2.1.Cóimheas glas le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais le gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais (KPI FinGuar)
Déanfar an cóimheas glas le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais le gnóthais a shainmhíniú amhail cion de ráthaíochtaí airgeadais a thacaíonn le hionstraimí fiachais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht i gcomparáid le gach ráthaíocht airgeadais a thacaíonn le hurrúis fiachais le gnóthais. Orthu sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa. Le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide, áireofar anseo freisin nochtuithe lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha. Le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, áireofar ann nochtuithe lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus oiriúnaithe.
Beidh an mhodheolaíocht chun KPI maidir le ráthaíochtaí airgeadais a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht a shonraítear le haghaidh KPInna ar iasachtaí agus airleacain agus/nó urrúis fiachais i dtreo gnóthas, ach cuirfear i bhfeidhm é leis na hiasachtaí agus airleacain/na hurrúis fiachais fholuiteacha a dtacaíonn an institiúid creidmheasa leo.
1.2.2.2.Cóimheas glas le haghaidh sócmhainní faoi bhainistíocht (KPI AuM)
Is éard a bheidh sa chóimheas glas le haghaidh sócmhainní faoi bhainistíocht méid cothrom le cion na sócmhainní faoi bhainistíocht (ionstraimí cothromais agus fiachais) ó ghnóthais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, i gcomparáid le hiomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht (cothromas agus ionstraimí fiachais). Orthu sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa. Le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide, áireofar anseo freisin nochtuithe lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha. Le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, áireofar ann nochtuithe lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus oiriúnaithe.
Beidh an mhodheolaíocht chun KPI AuM a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht le haghaidh bainisteoirí sócmhainní i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
1.2.3.KPInna ar sheirbhísí seachas iasachtú – Táillí agus Coimisiúin (KPI F&C)
Déanfar KPI le haghaidh ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin nasctha le seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthas ailínithe le Tacsanomaíocht a shainmhíniú amhail cion d’ioncam na hinstitiúide creidmheasa ó tháillí agus ó choimisiúin ó ghnóthais, díorthaithe ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, i gcomparáid le hioncam iomlán ó tháillí agus coimisiúin a fhaigheann gnóthais ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an t‑ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin nasctha le seirbhísí a sholáthraítear seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainne, lena n‑áirítear na seirbhísí a leanas (mar a thuairiscíonn institiúidí i gcomhréir le teimpléad 22.1 ‘An t‑ioncam agus an speansas ó tháillí agus ó choimisiún de réir gníomhaíochta’ mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014:
(a)eisiúint nó seirbhísí eile a bhaineann le hurrúis tríú páirtí;
(b)fáil, tarchur agus seoladh thar ceann custaiméirí orduithe chun urrúis a cheannach nó a dhíol;
(c)seirbhísí comhairleacha gnóthas cumaisc agus fála;
(d)seirbhísí maoiniúcháin ghnóthas a bhaineann le comhairle margadh caipitiúil le haghaidh cliaint gnóthas nó eile;
(e)táillí a bhaineann le baincéireacht phríobháideach;
(f)seirbhísí imréitigh agus socraíochta;
(g)seirbhísí cumhdaigh agus seirbhísí bainteacha eile;
(h)seirbhísí íocaíochta;
(i)ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin chun táirgí a dháileadh arna n‑eisiúint ag eintitis taobh amuigh den ghrúpa stuamachta dá chustaiméirí reatha;
(j)gníomhaíochtaí seirbhísithe ar iasachtaí;
(k)seirbhísí malairte eachtraí agus idirbhearta idirnáisiúnta.
Áireofar in uimhreoir KPI an t‑ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin mar a shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, Iarscríbhinn V, mír 284 ó sheirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainne arna soláthar do ghnóthais, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht. Déanfar é sin a mheas trí ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin ó gach contrapháirtí a ualú leis an gcion láimhdeachais agus CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht an ghnóthais a chuireann leis an gcuspóir comhshaoil ábhartha mar a nochtann an gnóthas i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852. Le haghaidh gnóthais airgeadais, an cóimheas don chontrapháirtí atá le cur i bhfeidhm, beidh sécothrom leis an gcóimheas do KPInna le haghaidh na ngnóthas sin.
Beidh an t‑ainmneoir cothrom leis an ioncam iomlán ó tháillí agus ó choimisiúin ó ghnóthais ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainní.
1.2.4.Nochtuithe eile in GAR: GAR le haghaidh na punainne trádála
Déanfar an phunann trádála a eisiamh ón ainmneoir agus ó chumhdach an GAR iomlán.
Tabharfaidh institiúidí creidmheasa míniúcháin ar an mbeartas infheistíochta maidir lena bpunann trádála, a gcomhdhéanamh iomlán, agus ar aon treocht i dtéarmaí príomhearnálacha agus an bhaint atá acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht. Míneoidh siad freisin teorainneacha féideartha i dtéarmaí rioscaí aeráide agus comhshaoil, agus spriocanna i dtéarmaí an leibhéal a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht agus an chaoi a mbainistíonn siad na rioscaí comhshaoil a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar luach na punainne.
I gcás ina bhfuil ról tábhachtach ag punann trádála i samhail ghnó na hinstitiúide creidmheasa, go háirithe i gcás nach sásaíonn institiúidí creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325a(1) den Rialachán sin, nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis chainníochtúil agus KPInna a léiríonn a mhéid a bhfuil an institiúid ag trádáil le sócmhainní inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mhéid a bhfuil sí ag cur le trádáil an chineáil sin sócmhainní a chur chun cinn.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis a leanas:
(a)trádáil iomlán i rith na tréimhse nochta in ionstraimí ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n‑áirítear ceannacháin absalóideacha móide díolachán absalóideacha urrús inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;
(b)trádáil iomlán i rith na tréimhse nochta urrús, lena n‑áirítear ceannacháin absalóideacha móide díolachán absalóideacha urrús.
In uimhreoir an GAR sonraigh le haghaidh Phunann trádála na hinstitiúide creidmheasa, áireofar ceannacháin absalóideacha móide díolacháin absalóideacha na n‑urrús inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. In ainmneoir GAR le haghaidh na Punainne trádála, áireofar ceannacháin absalóideacha iomlána móide díolacháin absalóideacha iomlána na n‑urrús.
Déanfar an chuid d’uimhreoir GAR le haghaidh na punainne trádála a mheas trí shuim ghlanluacha chomhlán na n‑urrús fiachais agus na n‑ionstraimí cothromais a ceannaíodh agus/nó a díoladh ó gach contrapháirtí a ualú le cion láimhdeachais agus CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht an ghnóthais a chuireann leis an gcuspóir comhshaoil ábhartha mar a nochtann an gnóthas sin i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 agus an Rialachán seo. Le haghaidh gnóthais airgeadais, beidh an cóimheas don chontrapháirtí atá le cur i bhfeidhm mar a chéile leis an gcóimheas do KPInna ábhartha agus do na contrapháirtithe seo.