Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2024)5605846

Mid-term evaluation of the European Globalisation Adjustment Fund for Displaced Workers 2021-2027

GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA

Teideal na meastóireachta

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha – meastóireacht mheán-téarma

Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach

AS EMPL – Aonad G.2

Amchlár táscach

(an dáta tosaigh atá beartaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe)

R1 2024 – R2 2025

Eolas breise

https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=326 

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad, an t‑amchlár san áireamh.

A. Comhthéacs polaitiúil, cuspóir agus raon feidhme na meastóireachta

An comhthéacs polaitiúil

Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) tacaítear le hoibrithe (iar-oibrithe) a ndéanann mórtheagmhais athstruchtúraithe difear dóibh. Tá sé dírithe ar tacaíocht thráthúil spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine a chailleann a bpost mar gheall ar athruithe eacnamaíocha domhanda, cuir i gcás na hathruithe sin a eascraíonn as athruithe ar phatrúin trádála, tar éis géarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha, digitiú, nó an t‑aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

Is féidir tacaíocht a iarraidh ar CED i gcás teagmhais athstruchtúraithe ar mhórscála. Comhlánaíonn sé gnáthbhearta cúnaimh cuardaigh poist trí dhlús a chur leo, agus trí bhearta breise maidir le beartas gníomhach mhargadh an tsaothair a thairiscint. Cuireann an Ciste le hiarrachtaí an Aontais chun inoiriúnaitheacht oibrithe a fheabhsú agus chun cuidiú leo athimeascadh sa lucht saothair. Leis an gCiste, déantar a oibríochtaí a ailíniú le cuspóirí níos leithne ag beartais shóisialta agus fostaíochta an Aontais mar a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

An cuspóir agus an raon feidhme

Dearadh an mheastóireacht chun measúnú criticiúil a dhéanamh ar CED 2021-2027 ag an meántéarma. Déanfar scrúdú ann ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE (luach atá sa bhreis ar an méid a chruthódh Ballstáit an Aontais agus iad ag gníomhú ina n‑aonar murach sin) an Chiste.

Ós rud é go bhfuil glacadh an Chiste íseal faoi láthair, díreofar sa mheastóireacht ar na hathruithe a tugadh isteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Chomh maith leis sin, déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar conas agus ar a mhéid a baineadh cuspóirí an Chiste amach leis, agus ar a mhéid is féidir a bhaint amach.

Tá sé d’aidhm ag an meastóireacht freisin scrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna le glacadh íseal an Chiste, d’ainneoin na gceanglas simplithe chun iarratas a dhéanamh, a tugadh isteach le Rialachán CED 2021-2027.

Mairfidh an mheastóireacht an tréimhse ó theacht i bhfeidhm Rialacháin CED (2021/691) go dtí deireadh 2024. Sa bhreis ar an nglacadh íseal, ní bheidh na chéad tuarascálacha deiridh ar idirghabhálacha CED ar fáil go dtí i lár 2024, mar sin meastar go mbeidh teorainn leis an bhfianaise nithiúil.

Déanfar iarracht sa mheastóireacht teacht ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt orthu.

Is é an sprioc atá ann léargais a bhailiú lena gcinnteofar go leanfaidh CED, faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair, de thacaíocht éifeachtach a thabhairt d’oibrithe a ndearnadh difear dóibh de thairbhe claochluithe eacnamaíocha domhanda, agus ar an gcaoi sin ailíniú le cuspóirí uileghabhálacha beartais shóisialta an Aontais.

B. Rialáil níos fearr

An straitéis chomhairliúcháin

Príomhghné de CED 2021-2027 is ea tabhairt isteach suirbhéanna ar thairbhithe le linn chéim chlabhsúir gach cáis. Is cuid lárnach den phróiseas meastóireachta iad na suirbhéanna sin agus is iad tairbhithe CED a líonann isteach iad (sainmhínítear tairbhithe in CED mar na rannpháirtithe sna bearta cistithe).

I dteannta na suirbhéanna ar na tairbhithe, áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin atá beartaithe:

-tréimhse aiseolais 4 seachtaine maidir leis an nglao ar fhianaise sa tríú ráithe de 2024 trí shuíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’ an Aontais. Beidh an comhairliúchán ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir freagraí a thabhairt in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais; tugann an comhairliúchán seo deis don phobal agus do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt.

-agallaimh spriocdhírithe agus comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara náisiúnta agus le páirtithe leasmhara an Aontais a bhfuil baint acu le CED a dhearadh, a bhainistiú agus a sholáthar, in éineacht le seimineár CED líonraithe ar líne agus cruinniú le daoine teagmhála CED, atá le heagrú sa cheathrú ráithe de 2024. Déanfar comhairliúchán le tairbhithe CED tríd an suirbhé ar líne ar thairbhithe CED a dhéantar le haghaidh gach cáis CED.

Chun teacht ar an líon is mó daoine agus is féidir, fógrófar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin trí bhealaí cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh, na n‑údarás bainistíochta CED agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Cuirfear tuarascáil achoimre ar an gcomhairliúchán, ina mbeidh achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin ar fad, i gceangal leis an meastóireacht.

Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ina bhfoilseofar príomhghnéithe agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar leathanach gréasáin an chomhairliúcháin 8 seachtaine tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? 

Is é is aidhm do na comhairliúcháin a fháil amach an bhfuil cuspóirí an chiste á mbaint amach aige i bhfianaise a dheartha mhodhnaithe agus comhthéacs institiúideach, sóisialta agus eacnamaíoch atá ag athrú.

I measc cuid de na gnéithe dearaidh nua tá raon feidhme níos leithne; nós imeachta iarratais cuíchóirithe; tairseacha níos ísle d’oibrithe dífhostaithe; ceanglais chothrománacha shainordaitheacha chun scileanna glasa agus digiteacha a scaipeadh, agus ráta cómhaoinithe CED a ailíniú leis an ráta cómhaoinithe CSE+ is airde i ngach Ballstát.

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach suíomh gréasáin CED freisin 1 .

Is ar mhaithe leis na nithe seo a leanas atá comhairliúchán ar bun againn:

• fianaise a bhailiú ó spriocphobail agus ón bpobal i gcoitinne maidir leis na torthaí a baineadh amach le tacaíocht CED;

• díriú ar na tosca a chuireann le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE CED, nó a chuireann bac orthu; agus

• ceachtanna foghlamtha a shainaithint.

An spriocphobal

Tairbhithe (trí shuirbhéanna sainordaitheacha ar thairbhithe).

Institiúidí agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le CED a sheachadadh.

Seirbhísí poiblí fostaíochta.

Ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha oibrithe, ionadaithe na rannpháirtithe.

Institiúidí atá freagrach as bearta a chómhaoinítear le CED a cheapadh agus a chur chun feidhme.

Comhlachtaí acadúla agus taighde.

Bailiú sonraí agus modheolaíocht

Bainfear leas sa mheastóireacht as meascán d’acmhainní atá ann cheana chun teacht ar chonclúidí cothroma.

Cuimseofar leis sin:

·taighde deisce (meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair roimhe seo, rialacháin, doiciméid chlársceidealaithe, athbhreithniú litríochta etc.)

·sonraí agus tuarascálacha monatóireachta cláir, cuir i gcás tuarascálacha débhliantúla CED

·Tuarascálacha ó na Ballstáit, cuir i gcás tuarascálacha deiridh ar gach cás CED a cuireadh chun feidhme

·tuarascálacha iniúchóireachta náisiúnta nó meastóireachtaí náisiúnta.

Chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht CED, bainfear úsáid as taighde gaolmhar eile maidir le hathstruchtúrú, domhandú, todhchaí na hoibre, etc.

Dá bhrí sin, braithfidh an measúnú ar thriantánú sonraí, lena gcomhcheanglaítear sonraí cainníochtúla (cuir i gcás sonraí a thuairiscigh na córais monatóireachta), agus fianaise cháilíochtúil (e.g., aiseolas ó pháirtithe leasmhara).

Rud úrnua amháin is ea gur tugadh isteach le Rialachán CED suirbhéanna ar thairbhithe ag céim chlabhsúir gach cáis. Is cuid lárnach de mheastóireachtaí CED iad na suirbhéanna sin.

Saibhreofar na suirbhéanna sin le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Iarrfar ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar fhorbairt an chiste i gcomparáid leis an ról athraitheach atá aige i measc ionstraimí eile um beartas gníomhach mhargadh an tsaothair.

Is éard atá i gceist leis sin freisin páirtithe leasmhara a mhealladh chun a dtuairimí a fháil maidir le simpliú agus ualaí riaracháin a laghdú, fóraim ar líne agus comhairliúcháin phoiblí a úsáid.

Is é is aidhm don mhodheolaíocht chomhtháite sin meastóireacht shoiléir fhianaisebhunaithe a dhéanamh ar an gCiste, agus moltaí inghníomhaithe á dtabhairt i gcrích maidir lena fheabhsú amach anseo.

(1)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=326
Top