MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán a fhorlíonadh trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú nó a oiriúnú. Maidir leis an bpleanáil rollach ilbhliantúil:
(a) ní mór í a ghlacadh ar feadh tréimhse 8 mbliana;
(b) ní mór feidhm a bheith aici maidir leis an mbailiú sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán;
(c) ní mór an tréimhsiúlacht a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán a chomhlíonadh léi;
(d) ní mór a shonrú léi an tréimhse ina mbaileofar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:
(i) na topaicí mionsonraithe a ghabhann leis na fearainn a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán;
(ii) ábhair ad hoc a iarrann na húsáideoirí, i bhfearann an lucht saothair agus i bhfearainn an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán.
Dá bhrí sin, bunaítear leis an Rialachán Tarmligthe seo ón gCoimisiún pleanáil rollach ilbhliantúil ar feadh tréimhse 8 mbliana ag tosú in 2029.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Rinne an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí mar ullmhúchán don ghníomh tarmligthe seo. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta ar tugadh cuireadh dóibh freastal ar chruinnithe saineolaithe chun an dréachtghníomh tarmligthe a phlé. Rinneadh comhairliúcháin laistigh de Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin: Stiúrthóirí Eorpacha um Staidreamh Sóisialta agus laistigh de Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin: Institiúidí Staidrimh Náisiúnta an Chórais Staidrimh Eorpaigh. Choinnigh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon ar an eolas go cuí maidir leis na comhairliúcháin.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Is é is cuspóir don ghníomh tarmligthe seo lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil sonrú a dhéanamh ar a mhinice a bhailítear sonraí le haghaidh na dtopaicí mionsonraithe a ghabhann leis na fearainn a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700 agus le haghaidh na n‑ábhar ad hoc a iarrann na húsáideoirí, i bhfearann an lucht saothair agus i bhfearainn an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700. Bunaítear leis an ngníomh seo tréimhsiúlacht iomchuí an bhailithe sonraí, ar thaobh amháin trí thréimhse bailithe sonraí a leagan síos le haghaidh na bhfearann sin a bhfuil tréimhsiúlacht sonraí amháin acu, agus ar an taobh eile trí thréimhse bailithe sonraí a leagan síos le haghaidh na bhfearann sin a bhfuil roinnt minicíochtaí bailithe sonraí acu agus trí thopaicí mionsonraithe a ghrúpáil le chéile de réir a dtréimhsiúlachta.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 6.10.2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú le haghaidh na tréimhse 2029-2036
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,