Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2025)3502

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin Uimh. 25, 34, 79, 100, 117, 127 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, agus le Rialacháin nua Uimh. 167, 169 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe arna nglacadh ag an bhFóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

C/2025/3502 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is é is aidhm don Rialachán seo na forbairtí teicniúla agus rialála is déanaí ón bhFóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart an liosta Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta trí thagairtí do Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe agus sraitheanna nua ábhartha leasuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana a chur isteach ann a mbeidh feidhm acu ar bhonn éigeantach chun cineálcheadú AE a dheonú.

Ar a bharr sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, ina bhfuil liosta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus in Airteagal 5(3) den Rialachán sin, ba cheart í a chomhlánú le tagairtí do na gníomhartha rialála a glacadh de bhun an Rialacháin sin tar éis a ghlactha agus a theacht i bhfeidhm. Go sonrach, is gá tagairt a dhéanamh do na gníomhartha rialála a mhéid a bhaineann leis an Ardchóras Rabhaidh do Sheachmall Tiománaí, leis an Amharc Díreach do thrucailí agus do bhusanna agus leis na Córais um Chúnamh Rialúcháin don Tiománaí.

Dá bhrí sin, leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Le linn ullmhú an ghnímh seo, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le saineolaithe ó na Ballstáit an 2 Iúil agus an 4 Nollaig 2024 agus tacaíodh go leitheadach leis an dréacht. D’fhormhuinigh ionadaithe na mBallstát an dréachtghníomh le linn an chruinnithe de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát a reáchtáladh an 6 Bealtaine 2025.

I gcomhréir leis na rialacha maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an dréachtghníomh tarmligthe ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ ar feadh tréimhse aiseolais 4 seachtaine idir an 10 Nollaig 2024 agus an 7 Eanáir 2025. San iomlán, chuir cúig pháirtí leasmhara aiseolas ar fáil. Rinne an Coimisiún na barúlacha go léir a cuireadh isteach a bhreithniú go cúramach agus thug sé dá aire iad.

3.EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is é Airteagal 4(3) agus (6) de Rialachán (AE) 2019/2144 bunús dlí an ghnímh tharmligthe seo.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 5.6.2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin Uimh. 25, 34, 79, 100, 117, 127 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, agus le Rialacháin nua Uimh. 167, 169 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe arna nglacadh ag an bhFóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún 1 , agus go háirithe Airteagal 4(3) agus (6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 liostaítear, inter alia, Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe 2 , Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe 3 , Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe 4 , Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe 5 , Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe 6 agus Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe 7 . Leasaigh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (‘CEE-NA WP.29’) na rialacháin sin uile. Dá bhrí sin, is iomchuí an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe sin a chur san áireamh.

(2)Tá forálacha i sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an ardchóras coscánaithe éigeandála chun déine imbhuailte le coisí agus le rothar faoi seach a sheachaint nó a mhaolú. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, tagraítear don leagan bunaidh den Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe ina bhfuil ceanglais maidir le hardchóras coscánaithe éigeandála chun imbhualadh le gluaisteán paisinéirí, agus leis sin amháin, a sheachaint nó a mhaolú. Dá bhrí sin, chun imbhuailtí idir gluaisteáin agus coisithe agus imbhuailtí idir gluaisteáin agus rothair a chumhdach, sa bhreis ar imbhuailtí idir ghluaisteáin, is iomchuí tagairt a dhéanamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 do shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe.

(3)Tá forálacha i sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an gcrios cosanta tuairte cloiginn méadaithe chun feabhas a chur ar fheidhmíocht sábháilteachta do choisithe mótarfheithiclí i gcás imbhuailte. Ós rud é go dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 do shraith leasuithe 02 den Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe, is gá Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh do shraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe.

(4)Ghlac CEE-NA WP.29 an méid seo a leanas freisin: (1) Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha Aonfhoirmeacha maidir le Ceadú Mótarfheithiclí i nDáil lena Radharc Díreach [2024/1065] 8 , (2) Rialachán Uimh. 169 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha Aonfhoirmeacha maidir le Taifeadáin Sonraí Teagmhais (EDR) a Cheadú i ndáil le Feithiclí Saothair Throm [2024/1218] 9 agus (3) Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil le Córais um Chúnamh Rialúcháin don Tiománaí [2024/2689] 10 . Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí do na rialacháin sin a thabhairt isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.

(5)Tá forálacha i sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú bonn i ndáil lena bhfliuchghreim agus iad caite. Is iomchuí am breise a chur ar fáil chun go bhféadfar leanúint de bhoinn nua a fheistiú ar fheithicil atá in úsáid, ar boinn iad a ceadaíodh mar bhoinn a chomhlíonann sraitheanna leasuithe 02 agus 03 faoi seach ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe, go dtí an 6 Eanáir 2029.

(6)Ag an 192ú seisiún de chuid CEE-NA WP.29 i mí an Mhárta 2024, vótáil an tAontas agus a Bhallstáit i bhfabhar an Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe i dtaca le forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le córais um chúnamh rialúcháin don tiománaí. Chun go gcomhlíonfaidh mótarfheithiclí atá feistithe leis na córais sin na forálacha a leagtar amach sa Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe, is gá an tagairt do Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe a chur isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, tagairt ar cheart feidhm a bheith aici ar bhonn ‘má tá sé feistithe’.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/2144

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5.6.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2144/oj.
(2)    Rialachán Uimh. 34 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil le rioscaí dóiteáin a chosc [2025/....] (IO L, 2025/...., ELI: ...) [Tagairt IO le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán].
(3)    Rialachán Uimh. 79 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil lena dtrealamh stiúrtha [2025/3] (IO L, 2025/3, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/3/oj ).
(4)    Rialachán Uimh. 100 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – ‘Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil le ceanglais shonracha i gcás an ghléasra cumhachta leictrí [2024/1955] (IO L, 2024/1955, 26.7.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1955/oj ).
(5)    Rialachán Uimh. 117 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú bonn i ndáil le hastaíochtaí torainn rollta agus/nó le greamaitheacht ar dhromchlaí fliucha agus/nó le friotaíocht rollach [2024/...] (IO L, 2024/...., ELI: ...) [Tagairt IO le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán].
(6)    Rialachán Uimh. 127 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil lena bhfeidhmíocht sábháilteachta do choisithe [2025/460] (IO L, 2025/460, 17.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/460/oj ).
(7)    Rialachán Uimh. 152 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an Ardchóras Coscánaithe Éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1 [2024/2497] (IO L, 2024/2497, 27.9.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2497/oj ).
(8)    Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha Aonfhoirmeacha maidir le Ceadú Mótarfheithiclí i nDáil lena Radharc Díreach [2024/1065] (IO L, 2024/1065, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1065/oj ).
(9)    Rialachán Uimh. 169 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha Aonfhoirmeacha maidir le Taifeadáin Sonraí Teagmhais (EDR) a Cheadú i ndáil le Feithiclí Saothair Throm [2024/1218] (IO L, 2024/1218, 23.5.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1218/oj ).
(10)    Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí i ndáil le Córais um Chúnamh Rialúcháin don Tiománaí (CCRT) [2024/2689] (IO L, 2024/2689, 4.11.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2689/oj ).
Top

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 mar a leanas:

(1) leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 25 ó na Náisiún Aontaithe:

‘25

Ceannbhaic (tacaí cinn), bídís ionchorpraithe i suíocháin na feithicle nó ná bídís

Forlíonadh 1 ar shraith leasuithe 04

IO L 258, 7.8.2020, lch. 30, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2020/1169/oj  

M, N’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 34 ó na Náisiún Aontaithe:

‘34

Rioscaí dóiteáin a chosc (umair bhreosla leachtaigh)

Sraith leasuithe 04

IO L …, …2025, lch. …

[Tagairt IO do Rialachán 34 ó na Náisiún Aontaithe le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán]

M, N, O’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 79 ó na Náisiún Aontaithe:

‘79

Trealamh stiúrtha

Sraith leasuithe 04

IO L 2025/3, 10.1.2025,

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/3/oj  

M, N, O’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 100 ó na Náisiún Aontaithe:

‘100

Sábháilteacht leictreach

Sraith leasuithe 03

IO L 2024/1955, 26.7.2024,

ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1955/oj

M, N’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 117 ó na Náisiún Aontaithe:

‘117

Boinn a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí torainn rollta, greamaitheacht ar dhromchlaí fliucha agus friotaíocht rollach (Aicmí C1, C2 agus C3)

Sraith leasuithe 04

IO L …, …2025

[Tagairt IO do Rialachán 117 ó na Náisiún Aontaithe le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán]

M, N, O’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 127 ó na Náisiún Aontaithe:

‘127

Sábháilteacht coisithe

Sraith leasuithe 04

IO L 2025/460, 17.3.2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/460/oj  

M1, N1’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró Rialacháin Uimh 152 ó na Náisiún Aontaithe:

‘152

Ardchórais Choscánaithe Éigeandála

Sraith leasuithe 02

IO L 2024/2497, 27.9. 2024,

ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2497/oj

M1, N1’;

(h)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh Rialacháin Uimh. 167, 169 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe:

‘167

Amharc díreach i bhfeithiclí tromshaothair

An leagan bunaidh den Rialachán

IO L 2024/1065, 17.5.2024,

ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1065/oj

M2, M3, N2, N3

‘169

Taifeadán Sonraí Teagmhais i gcás Feithiclí Tromshaothair

An leagan bunaidh den Rialachán

IO L 2024/1218, 23.5.2024,

ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1218/oj

M2, M3, N2, N3

‘171

Córais Cúnta Tiománaí (CCT)

An leagan bunaidh den Rialachán

IO L, 2024/2689, 4.11.2024,

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2689/oj

M, N

___________________’.

(2) leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas B2:

‘B2 Zón cosanta tuairte cloiginn méadaithe

Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe

Ní chuimsítear teagmháil chruth an chloiginn le A-philéir, barr an ghaothscátha ná cochall, ach déanfar faireachán orthu sin.

C(*)

C(*)

’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas B9:

‘B9 Amharc díreach i bhfeithiclí tromshaothair

Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe

D

D

D

D

’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas C10:

‘C10 Sábháilteacht na mbonn agus feidhmíocht chomhshaoil

Rialachán Uimh. 30 ó na Náisiúin Aontaithe

Rialachán Uimh. 54 ó na Náisiúin Aontaithe

Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe

Áiritheofar freisin go mbeidh nós imeachta tástála ann le haghaidh boinn chaite; tá feidhm ag na dátaí i nóta C (**).

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

A’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh na gceanglas E6 agus E7:

‘E6 Córais le cur in ionad smacht an tiománaí

Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún (***) (maidir le feithiclí lán-uathoibrithe)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

E7 Córais le faisnéis a chur ar fáil don fheithicil maidir le staid na feithicle agus an ceantar máguaird

Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún (maidir le feithiclí lán-uathoibrithe)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

B(5)

’;

(e)

i roinn E ‘Iompraíocht an Tiománaí agus an Chórais’, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh cheanglais E10 agus E11:

‘E10 Córais chun cuidiú leis an tiománaí rialú dinimiciúil feithicle a dhéanamh

Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe

IF

IF

IF

IF

IF

IF

E11 Seirbhís uathoibríoch ghiolla páirceála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún,
Iarscríbhinn V

IF

IF

IF

IF

IF

IF

’;

________________

‘()

Agus forálacha idirthréimhseacha shraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe á gcur i bhfeidhm, leanfar de ghlacadh le cineálcheaduithe a eisítear agus úsáid á baint as forálacha sonracha a bhaineann le teorainn WAD 2,100 ar bharr an bhoinéid go dtí an 1 Meán Fómhair 2029. Leanfar de ghlacadh le cineálcheaduithe a eisítear agus úsáid á baint as forálacha sonracha a bhaineann le himeall fisiceach cúil an bhoinéid in ionad BRRL go dtí an 1 Meán Fómhair 2031.

(**)

Agus forálacha idirthréimhseacha shraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe á gcur i bhfeidhm, maidir le boinn nua a cheadaítear i gcomhréir le ceanglais shraitheanna leasuithe 02 nó 03 ar an Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe agus a mhonaraítear roimh an 7 Iúil 2026, féadfar leanúint dá bhfeistiú ar fheithiclí atá in úsáid go dtí an 6 Eanáir 2029.

(***)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe (ADS) i bhfeithiclí lán-uathoibrithe (IO L 221, 26.8.2022, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1426/oj )’;

(f)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhonóta (5):

‘(5)

Tá comhlíonadh riachtanach i gcás feithiclí uathoibrithe / lán-uathoibrithe.’;

(g)

Cuirtear an nóta seo a leanas leis na Nótaí a ghabhann leis an tábla:

‘IF:

Tá comhlíonadh riachtanach i gcás feistithe.’.

Top