Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2025)2793

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) …/… ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 a mhéid a bhaineann le suíomh bhonneagar ar talamh an chórais arna bhunú faoi chlár Galileo

C/2025/2793 final

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) …/… ÓN gCOIMISIÚN

an 16.5.2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 a mhéid a bhaineann le suíomh bhonneagar ar talamh an chórais arna bhunú faoi chlár Galileo

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE 1 , agus go háirithe Airteagail 47 de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2021/696 go mbeidh freagracht fhoriomlán ag an gCoimisiún as clár Galileo agus tugtar cumhachtaí cur chun feidhme leis don Choimisiún chun suíomh bhonneagar ar talamh an chórais a a chinneadh faoin gclár sin agus áirithítear leis go bhfeidhmíonn sé. Cuimsíonn an bonneagar sin ionaid ar talamh agus stáisiúin ar talamh.

(2)Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 2 ón gCoimisiún liosta uileghabhálach d’ionaid ar talamh agus cianshuíomhanna; Stáisiúin Braiteora Galileo (‘GSS’), Stáisiúin Uasnaisc (‘ULS’). Teiliméadracht agus Teileachumarsáid (‘TTC’), Cuardach agus Tarrtháil (‘SAR’) agus Lárionad Seirbhíse GNSS (GSC).

(3)In 2017, imlonnaíodh stáisiún TTC in Papeete (Polainéis na Fraince).

(4) Chun oibriú feabhsaithe an chórais a éascú, ba cheart stáisiúin GSS bhreise a bhunú.

(5)Bhí an roghnúchán suímh chun stáisiún GSS Ascension a ionadú faoi réir próiseas oscailte trédhearcach. Ar an gcéad dul síos, de bharr réamh-shainaithint suíomhanna oiriúnacha roghnaíodh iarratais ón bhFrainc agus ón Ísiltír. Ina dhiaidh sin, chun cinneadh a dhéanamh idir an dá iarratas sin, iarradh ar an dá Bhallstát tograí mionsonraithe a chur isteach. Ar deireadh, tar éis do choiste d’ionadaithe de chuid an Choimisiúin, na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis agus Ghníomhaireacht Eorpach GNSS meastóireacht a dhéanamh ar na tograí sin de réir critéir a bhaineann leis an tsábháilteacht, le rioscaí, le huainiú agus le costais, fuarthas amach gurb é togra na hÍsiltíre an togra is oiriúnaí toisc gur barrfheabhsaíodh go hiomlán ailtireacht agus dearadh an fhoirgnimh ar shuíomh Bonaire chun cúrsaí lóistíochta an chórais faoi Chlár Galileo a áirithiú. Tá an lárionad le bunú i ráithe dheiridh 2024 agus ba cheart é a bheith faoi réir comhaontú leis an Ísiltír.

(6)In 2020, de bharr gur sainaithníodh go raibh gá le ar a laghad 6 TTC oibríochtúla chun tacú leis an mbuíon ó thaobh forbairtí atá beartaithe a dhéanfar amach anseo, cinneadh an nós imeachta a sheoladh ina n‑iarrfar ar na Ballstáit a dtograí a sholáthar trí bhíthin léirithe spéise maidir le suíomh a sholáthar ina bhféadfaí stáisiún TTC breise a shuiteáil. Bhí an roghnúchán faoi réir próiseas oscailte trédhearcach i 4 chéim: léiriú spéise ó na Ballstáit, seoladh cuiridh chun tairisceana, nós imeachta boird roghnúcháin, síniú conartha. Mar thoradh ar an nós imeachta roghnaíodh togra na hIodáile chun stáisiún TTC breise a suiteáil in Fucino.

(7)In 2020, imlonnaíodh stáisiún GSS in Wallis (Wallis agus Futuna).

(8)In 2021, tugadh imlonnú stáisiún SAR MEOLUT in La Réunion chun críche.

(9)In 2022, sainaithníodh an gá le Lárionad Seirbhíse iomarcach Galileo agus le Lárionad Seirbhíse iomarcach SAR agus sannadh an lárionad seirbhíse SAR in Toulouse (an Fhrainc) agus an Lárionad Seirbhísí GNSS i Maidrid (an Spáinn), a roghnaíodh cheana féin, chun an cúltaca fhrithpháirteach is gá a sholáthar d’fhonn stóinseacht na seirbhísí a áirithiú.

(10)In 2023, imlonnaíodh rabhchán tagartha SAR sa Ghraonlainn (an Danmhairg) chun Faireachán SAR i gciumhaiseanna an limistéir cumhdaigh a daingniú agus chun iomarcaíocht a sholáthar don chóras atá ann cheana féin.

(11)In 2025 aistreofar úinéireacht Aeróg TTC in Redu (an Bheilg), lenar tacaíodh le clár Galileo mar sheirbhís go dtí seo, ón nGníomhaireacht Eorpach Spáis go dtí an tAontas.

(12)Bunaíodh roinnt saoráidí agus síníodh comhaontuithe, go háirithe le haghaidh IFSG, GRC agus an Lárionad Tacaíochta Lóistíochta Comhtháite.

(13)Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 a leasú dá réir.

(14)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ó choiste an Chláir a bunaíodh le hAirteagal 107(1) de Rialachán (AE) 2021/696,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 ón gCoimisiún mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

 

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16.5.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 170, 12/05/2021, lch. 69, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:32021R0696
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcinntear suíomh bhonneagar ar talamh an chórais arna bhunú faoi chlár Galileo agus lena leagtar amach na bearta is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go rianúil, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/117/AE (IO L 74, 19.3.2016, lch. 45), ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/789/oj).
Top

IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/413 mar a leanas:

1)Sa roinn dar teideal ‘Ionaid ar talamh’, cuirtear an méid seo a leanas in lárionad na rónna a bhaineann le Lárionad Faireacháin Slándála Galileo (IFSG), le Lárionad Seirbhíse GNSS (GSC) le Lárionad Seirbhíse Cuardaigh agus Tarrthála (SAR) Lárionad tagartha Galileo (GRC) agus an Lárionad Tacaíochta Lóistíochta Comhtháite:

‘Lárionad Faireacháin Slándála Galileo (IFSG)

(1)Imlonnaíodh lárionad faireacháin slándála Galileo, a bhí roinnte idir dhá shuíomh, sa Fhrainc agus sa Spáinn. Cuireadh an obair chun an suíomh sa Fhrainc a shocrú i gcrích ag deireadh 2017 agus tá an obair sin faoi réir comhaontú a síníodh in 2013 leis an bhFrainc. Cuireadh an obair chun an suíomh sa Spáinn a shocrú i gcrích ag deireadh 2019 (cumraíocht luath) agus tá an obair sin faoi réir comhaontú a síníodh in 2019 leis an Spáinn.

Ionad Seirbhíse GNSS (GSC)

Táthar ag imlonnú Lárionad Seirbhíse GNSS i gcéimeanna i Maidrid (an Spáinn) agus tá a shuíomh cúltaca in Toulouse (an Fhrainc). Beidh siad faoi réir dhá comhaontú óstála a bheidh le síniú leis an Spáinn agus leis an bhFrainc faoi seach.

Lárionad Seirbhíse SAR

Bunaíodh an Lárionad Seirbhíse Cuardaigh agus Tarrthála (SAR) in Toulouse (an Fhrainc) idir 2012 agus 2014 agus táthar ag imlonnú a chúltaca i Maidrid (an Spáinn). Beidh siad faoi réir dhá comhaontú óstála a bheidh le síniú leis an bhFrainc agus leis an Spáinn faoi seach.

Lárionad tagartha Galileo (GRC)

Bunaíodh Lárionad tagartha Galileo in Noordwijk (an Ísiltír). Cuireadh tús leis an obair in 2015 agus cuireadh i gcrích í in 2017. Tá sí faoi réir comhaontú a síníodh leis an Ísiltír in 2016.

An Lárionad Tacaíochta Lóistíochta Comhtháite

Bunaíodh an Lárionad Tacaíochta Lóistíochta Comhtháite in Transinne (sa Bheilg) in 2017 agus tá sé faoi réir comhaontú a síníodh in 2018 leis an mBeilg. ‘

2)Leasaítear an roinn dar teideal ‘Cianionaid ar talamh’ mar a leanas:

a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna a bhaineann le stáisiúin TTC agus stáisiúin GSS:

‘Stáisiúin TTC

Bunaíodh Stáisiúin TTC idir 2010 agus 2017 in Kiruna (an tSualainn), Kourou (an Fhrainc), Réunion (an Fhrainc), Nouméa (an Nua-Chaladóin) agus Papeete (Polainéis na Fraince). Bunófar stáisiún TTC in Fucino (an Iodáil) agus in Redu (an Bheilg) in 2025.

Stáisiúin GSS

Cruthaíodh stáisiúin GSS idir 2009 agus 2020 in Azores (an Phortaingéil), Fucino (an Iodáil), Jan Mayen (an Iorua), Kerguelen, Kiruna (an tSualainn), Kourou (an Fhrainc), Réunion (an Fhrainc), Nouméa (an Nua-Chaladóin), Papeete (Polainéis na Fraince), Redu (an Bheilg), Saint Pierre agus Miquelon, Svalbard (an Iorua), Troll (an Iorua), Wallis (Wallis agus Futuna). Bunófar stáisiún GSS in Bonaire (an Ísiltír) in 2025.’

b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le stáisiúin SAR:

‘stáisiúin SAR

Cruthaíodh stáisiúin SAR ‘Meolut’ in 2012 agus 2013 in Makarios (an Chipir), Maspalomas (an Spáinn) agus Svalbard (an Iorua) agus in 2021 freisin in Réunion (an Fhrainc). Cruthaíodh stáisiúin SAR a bhfuil rabhchán tagartha SAR acu in Makarios (an Chipir), Maspalomas (an Spáinn), Santa Maria (an Phortaingéil), Toulouse (an Fhrainc), Svalbard (an Iorua), agus sa Ghraonlainn (an Danmhairg).’

Top