Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2025)2051

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le tríú tíortha áirithe agus údaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

C/2025/2051 final

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN

an 14.5.2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le tríú tíortha áirithe agus údaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 48(3) agus Airteagal 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/2325 ón gCoimisiún 2 leagtar amach an liosta de thríú tíortha a n‑aithnítear go bhfuil a gcórais táirgthe agus a mbearta rialaithe chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh go horgánach coibhéiseach leis na córais táirgthe agus bearta rialaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 3 . I bhfianaise faisnéis nua a fuair an Coimisiún ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann le tríú tíortha áirithe.

(2)Chuir an Astráil an Coimisiún ar an eolas faoin athrú ar ainm a húdaráis inniúil, faoin athrú ar ainm an chomhlachta rialaithe ‘ACO Certification Limited’ (AU-BIO-001) agus faoi tharraingt siar deonach an chomhlachta rialaithe ‘AUS-QUAL Pty Ltd’ (AU-BIO-006).

(3)Chuir an India an Coimisiún ar an eolas gur chuir a húdarás inniúil an t‑aitheantas do na comhlachtaí rialaithe ‘Sikkim State Organic Certification Agency’ (IN-ORG-028) agus ‘Reliable Organic Certification Organisation’ (IN-ORG-033) ar fionraí. Chuir an India an Coimisiún ar an eolas freisin gur aithin a húdarás inniúil na comhlachtaí rialaithe seo a leanas: ‘ISCOP (Indian Society for Certification of Organic products)’ (IN-ORG-009), ‘Chhattisgarh State Organic Certification Agency (CGOCERT)’ (IN-ORG-035), ‘GSCI Service Private Limited’ (IN-ORG-036), ‘MS Agroland Services Private Limited’ (IN-ORG-037), ‘Krushi Certification Private Limited’ (IN-ORG-038), ‘CERT ID India Private Limited’ (IN-ORG-039), ‘Andhra Pradesh State Organic Products Certification Authority (APSOPCA)’ (IN-ORG-040), ‘Getcert Private Limited’ (IN-ORG-041), ‘GCL International Assessment Private Limited’ (IN-ORG-042), ‘Shivalik Natural Resources Management Society (SNRMS)’ (IN-ORG-043) agus ‘Meghalaya State Organic Certification Body’
(IN-ORG-044). Chuir an India in iúl don Choimisiún freisin gur athraigh an comhlacht rialaithe ‘Rajasthan State Organic Certification Agency (RSOCA)’ (IN-ORG-016) a sheoladh idirlín.

(4)Chuir an tSeapáin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun raon feidhme a aitheantais reatha faoi Rialachán (AE) 2021/2325 a leathnú chun ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a chumhdach chomh maith le gach táirge talmhaíochta próiseáilte a bhfuiltear lena úsáid mar bhia, lena n‑áirítear fíon agus deochanna alcólacha, ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach sa tSeapáin, nó ina bhfuil comhábhair nó a allmhairíodh isteach sa tSeapáin ón Aontas Eorpach, ó thríú tíortha a n‑aithníonn an tSeapáin go bhfuil a modhanna táirgthe agus a mbearta rialaithe coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i reachtaíocht na Seapáine, nó ó thríú thríú tíorthatrí chóras na gcomhlachtaí rialaithe a aithníonn an tSeapáin mar chomhlachtaí atá inniúil chun a dheimhniú go gcomhlíonann oibreoirí sna tríú tíortha sin rialacha na Seapáine maidir le táirgeadh orgánach.

(5)Leis an measúnú ar an bhfaisnéis a chuir an tSeapáin isteach maidir lena córas táirgthe agus lena bearta rialaithe is infheidhme maidir leis na táirgí dá dtagraítear in aithris (4) agus leis an scrúdú ar an láthair a rinne an Coimisiún, deimhníodh go bhfuil córas táirgthe agus bearta rialaithe na Seapáine is infheidhme maidir leis na táirgí sin coibhéiseach leis na córais sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007. Dá réir sin, ba cheart an t‑aitheantas do choibhéis an chórais táirgthe agus na mbeart rialaithe sa tSeapáin a leathnú chun na táirgí sin a chumhdach.

(6)Chuir an tSeapáin in iúl don Choimisiún freisin gur aithin a húdarás inniúil an comhlacht rialúcháin ‘Tsuruoka City’ (JP-BIO-044), gur athraigh an comhlacht rialúcháin ‘Japan Organic & Natural Foods Association’ (JP-BIO-005) a ainm agus a sheoladh idirlín agus gur athraigh na comhlachtaí rialúcháin ‘Overseas Merchandise Inspection Co., Ltd’ (JP-BIO-009), ‘Organic Farming Promotion Association’ (JP-BIO-010) agus ‘Aya town miyazaki, Japan’ (JP-BIO-024) a seoladh idirlín.

(7)Chuir Poblacht na Cóiré an Coimisiún ar an eolas gur athraigh na comhlachtaí rialaithe ‘KAFCC’ (KR-ORG-006) agus ‘The Centre for Environment Friendly Agricultural Products Certification’ (KR-ORG-014) a n‑ainm, gur athraigh ‘Jayeondeul agri-food certification institute’ (KR-ORG-032) a sheoladh idirlín ainm, gur athraigh an comhlacht rialaithe ‘Jayeondeul agri-food certification institute’ (KR-ORG-032) a sheoladh idirlín agus gur athraigh an comhlacht rialaithe ‘Hankyoung Certification Center Co., Ltd.’ (KR-ORG-036) a n‑ainm agus a seoladh idirlín.

(8)Chuir Poblacht na Cóiré an Coimisiún ar an eolas freisin gur aithin a húdarás inniúil an comhlacht rialaithe ‘Greenstar Agrifood Certification Service’ (KR-ORG-022) agus gur tharraing sé siar aitheantas an chomhlachta rialaithe ‘ORGANIC PROMOTION AGENCY’ (KR-ORG-038).

(9)Chuir na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas gur tharraing a n‑údarás inniúil siar an t‑aitheantas do na comhlachtaí rialaithe, ‘Agricultural Services Certified Organic’ (US-ORG-002), ‘New Hampshire Department of Agriculture, Division of Regulatory Services’ (US-ORG-033), ‘Rhode Island Department of Environmental Management’ (US-ORG-052) agus ‘Istituto per la Certificazione Etica e Ambientale’ (ICEA) (US-ORG-066) ón liosta de na comhlachtaí rialaithe a aithníonn na Stáit Aontaithe.

(10)Chuir na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas freisin gur aithin a n‑údarás inniúil comhlacht rialaithe creidiúnaithe nua mar atá ‘Kiwa BCS Costa Rica Limitada’ (US-ORG-070).

(11)Chuir na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas freisin gur athraigh na comhlachtaí rialaithe ‘Organic Crop Improvement Association’ (US-ORG-044), ‘CERES’ (US-ORG-062) agus ‘Eco-Logica S.A’ (US-ORG-063) a n‑ainm, gur athaigh an comhlacht rialaithe ‘NOFA (US-ORG-036) a ainm agus a sheoladh idirlín agus gur athraigh na comhlachtaí rialaithe ‘Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH’ (US-ORG-004), ‘BIOAGRIcert’ (US-ORG-005), ‘Colorado Department of Agriculture’ (US-ORG-007), ‘Control Union Certification’ (US-ORG-008), ‘Georgia Crop Improvement Association, Inc’ (US-ORG-011), ‘Maryland Department of Agriculture (US-ORG-023), ‘Montana Department of Agriculture’ (US-ORG-028), ‘Americert International (OIA North America, LLC)’ (US-ORG-038), ‘Oregon Department of Agriculture’ (US-ORG-041), ‘SCS Global Services, Inc.’ (US-ORG-053), ‘Vermont Organic Farmers, LLC’ (US-ORG-057), ‘Washington State Department of Agriculture’ (US-ORG-058) agus ‘Yolo County Department of Agriculture’ (US-ORG-059) a seoladh idirlin.

(12)In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 leagtar amach an liosta de na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. Bhí feidhm ag Airteagal 2 go dtí an 31 Nollaig 2024. Dá bhrí sin, tá an liosta de chomhlachtaí rialaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 imithe i léig agus ba cheart é a scriosadh. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ainmníodh na catagóirí táirgí ar aithníodh na tríú tíortha a liostaítear ann ina leith, trí thagairt don tuairisc orthu in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an tuairisc ar na catagóirí táirgí sin a áireamh in Iarscríbhinn I agus ba cheart na tagairtí dóibh a oiriúnú ar fud na hIarscríbhinne sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 a ionadú.

(13)Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a leasú dá réir sin.

(14)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)    Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

(2)    Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14.5.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj .
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2325/oj ).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/834/oj ).
Top

GA

IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

LIOSTA D’ÚDARÁIS RIALAITHE AITHEANTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 AGUS NA SONRAÍOCHTAÍ ÁBHARTHA

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ainmnítear na catagóirí táirgí leis na cóid seo a leanas:

A:

Táirgí neamhphróiseáilte planda

B:

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí (1)

C:

Táirgí neamhphróiseáilte ón dobharshaothrú agus algaí

D:

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1) (2)

E:

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe (2)

F:

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

(1) De bhun Airteagal 17(1), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, ainmhithe agus táirgí ainmhí arna dtáirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe, ní dhéanfar iad a mhargú san Aontas leis na tásca dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 24 den Rialachán a úsáidtear le haghaidh lipéadú táirgí agus le haghaidh fógraíocht ar tháirgí. Dá bhrí sin, eisiatar táirgí den sórt sin freisin ó na haitheantais a mhéid a bhaineann le catagóirí táirgí B agus D i gcás na dtríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn seo.

Ní mór na comhábhair a bheith ina gcomhábhair a deimhníodh ag údarás rialaithe nó ag comhlacht rialaithe atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 nó ní mór iad a bheith ina gcomhábhair a táirgeadh agus deimhníodh faoi raon feidhme tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 33(2) den Rialachán sin nó ní mór iad a bheith ina gcomhábhair a táirgeadh agus a deimhníodh san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán sin.

 AN AIRGINTÍN

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí

B

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin fíon ná giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A, B agus F a fásadh san Airgintín agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh san Airgintín ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach san Airgintín.

3.Caighdeán táirgthe: Ley 25 127 sobre ‘Producción ecológica, biológica y orgánica’.

4.Údarás inniúil: Servicio Nacional de Sanidad y Calidad Agroalimentaria SENASA, www.senasa.gov.ar

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

AR-BIO-001

Food Safety SA

www.foodsafety.com.ar

AR-BIO-002

Ecocert Argentina SA

https://www.ecocert.com/es-AR/home

AR-BIO-003

LETIS S.A.

www.letis.org

AR-BIO-004

Organización Internacional Agropecuaria (OIA)

www.oia.com.ar

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

AN ASTRÁIL

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Iad comhdhéanta go bunúsach de chomhábhar amháin nó níos mó de thionscnamh planda

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin fíon ná giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus F a fásadh san Astráil agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh san Astráil ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach san Astráil.

3.Caighdeán táirgthe: an caighdeán náisiúnta le haghaidh táirgí orgánacha agus bithdhinimiciúla.

4.Údarás inniúil: Department of Agriculture, Fisheries and Forestry (http://www.agriculture.gov.au)

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

AU-BIO-001

ACO Certification Limited

www.aco.net.au

AU-BIO-003

Bio-dynamic Research Institute (BDRI)

www.demeter.org.au

AU-BIO-004

NASAA Certified Organic

www.nasaa.com.au

AU-BIO-005

Organic Food Chain Pty Ltd (OFC)

www.organicfoodchain.com.au

AU-BIO-007

Southern Cross Certified Australia Pty Ltd

https://www.sxcertified.com.au

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

CEANADA

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí

B

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia

D

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe

E

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A, B agus F a fásadh i gCeanada agus táirgí de chatagóirí D agus E a próiseáladh i gCeanada ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach i gCeanada nó a allmhairíodh go Ceanada i gcomhréir le reachtaíocht Cheanada.

3.Caighdeán táirgthe: Organic Products Regulation.

4.Údarás inniúil: Canadian Food Inspection Agency (CFIA), www. inspection.gc.ca

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

CA-ORG-003

CCOF Certification Services

www.ccof.org

CA-ORG-004

Seeds Canada dba Centre for Systems Integration (CSI)

www.csi-ics.com

CA-ORG-005

Consorzio per il Controllo dei Prodotti Biologici Società a responsabilità limitata (CCPB SRL)

www.ccpb.it

CA-ORG-006

Ecocert Canada

www.ecocertcanada.com

CA-ORG-007

Fraser Valley Organic Producers Association (FVOPA)

www.fvopa.ca

CA-ORG-010

LETIS S.A.

www.letis.com.ar

CA-ORG-013

Organic Crop Improvement Association (OCIA)

www.ocia.org

CA-ORG-014

Organic Producers Associa­ tion of Manitoba Coop­ erative Incorporated (OPAM)

www.opam-mb.com

CA-ORG-015

Pacific Agricultural Certifi­ cation Society (PACS)

www.pacscertifiedorganic.ca

CA-ORG-016

Pro-Cert Organic Systems Ltd (Pro-Cert)

www.ocpro.ca

CA-ORG-017

Quality Assurance Inter­ national Incorporated (QAI)

http://www.qai-inc.com

CA-ORG-018

Quality Certification Services (QCS)

www.qcsinfo.org

CA-ORG-019

Organisme de Certification Québec Vrai (OCQV)

http://www.quebecvrai.org/

CA-ORG-021

TransCanada Organic Certification Services (TCO Cert)

http://www.tcocert.ca/contacts/

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

CÓSTA RÍCE

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Táirgí neamhphróiseáilte planda, agus iad sin amháin

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin fíon ná giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus F a fásadh i gCósta Ríce agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh i gCósta Ríce ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach i gCósta Ríce.

3.Caighdeán táirgthe: Reglamento sobre la agricultura orgánica.

4.Údarás inniúil: Servicio Fitosanitario del Estado, Ministerio de Agricultura y Ganadería, www.sfe.go.cr

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

CR-BIO-002

Kiwa BCS Costa Rica Limitada

www.kiwa.lat

CR-BIO-003

Eco-LOGICA

www.eco-logica.com

CR-BIO-007

Primus Auditing Operations de Costa Rica S.A.

www.primusauditingops.com

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

IOSRAEL

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Iad comhdhéanta go bunúsach de chomhábhar amháin nó níos mó de thionscnamh planda

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin fíon ná giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus F a fásadh in Iosrael agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh in Iosrael ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach in Iosrael nó a allmhairíodh go hIosrael:

ón Aontas Eorpach,

sin nó ó thríú tír faoi chuimsiú córas atá aitheanta mar chóras coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

3.Caighdeán táirgthe: Law for the Regulation of Organic Produce, 5765- 2005, and its relevant Regulations.

4.Údarás inniúil: Plant Protection and Inspection Services (PPIS), www. ppis.moag.gov.il

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

IL-ORG-001

Secal Israel Inspection and certification

www.skal.co.il

IL-ORG-003

IQC Institute of Quality & Control

www.iqc.co.il

IL-ORG-004

Plant Protection and Inspection Services (PPIS)

www.ppis.moag.gov.il

IL-ORG-005

Lab-path Ltd.

www.lab-path.co.il

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.



AN INDIA

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus F a fásadh san India.

3.Caighdeán táirgthe: National Programme for Organic Production.

4.Údarás inniúil: Agricultural and Processed Food Products Export Development Authority APEDA, http://www.apeda.gov.in/apedawebsite/ index.asp

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

IN-ORG-001

Aditi Organic Certifications Pvt. Ltd

www.aditicert.net

IN-ORG-003

Bureau Veritas (India) Pvt. Limited

www.bureauveritas.co.in

IN-ORG-007

IMO Control Pvt. Ltd

www.imocontrol.in

IN-ORG-009

ISCOP (Indian Society for Certification of Organic products)

www.iscoporganiccertification.org

IN-ORG-011

Natural Organic Certification Agro Pvt. Ltd

www.nocaagro.com

IN-ORG-013

SGS India Pvt. Ltd

www.sgsgroup.in

IN-ORG-014

Uttarakhand State Organic Certification Agency (USOCA)

www.usoca.org

IN-ORG-016

Rajasthan State Organic Certification Agency (RSOCA)

www.agriculture.rajasthan.gov.in

IN-ORG-017

Chhattisgarh Certification Society, India (CGCERT)

www.cgcert.com

IN-ORG-018

Tamil Nadu Organic Certification Department (TNOCD)

www.tnocd.net

IN-ORG-021

Madhya Pradesh State Organic Certification Agency (MPSOCA)

www.mpsoca.org

IN-ORG-024

Odisha State Organic Certification Agency (OSOCA)

www.ossopca.org

IN-ORG-025

Gujarat Organic Products Certification Agency (GOPCA)

www.gopca.in

IN-ORG-026

Uttar Pradesh State Organic Certification Agency

www.upsoca.org

IN-ORG-027

Karnataka State Organic Certification Agency

www.kssoca.org

IN-ORG-029

Global Certification Society

www.glocert.org

IN-ORG-030

GreenCert Biosolutions Pvt. Ltd

www.greencertindia.in

IN-ORG-031

Telangana State Organic Certification Authority

www.tsoca.telangana.gov.in

IN-ORG-032

Bihar State Seed and Organic Certification Agency (BSSOCA)

www.bssca.co.in

IN-ORG-035

Chhattisgarh State Organic Certification Agency (CGOCERT)

http://www.cgocert.com

IN-ORG-036

GSCI Service Private Limited

http://www.gsciservices.com/

IN-ORG-037

MS Agroland Services Private Limited

http://www.agrolandgroup.com/

IN-ORG-038

Krushi Certification Private Limited

www.krushicert.com

IN-ORG-039

CERT ID India Private Limited

https://www.foodchainid.com/

IN-ORG-040

Andhra Pradesh State Organic Products Certification Authority (APSOPCA)

http://www.apssca.org/apsopca

IN-ORG-041

Getcert Private Limited

http://www.getcert.co.in

IN-ORG-042

GCL International Assessment Private Limited

https://gcl-intl.co.in

IN-ORG-043

Shivalik Natural Resources Management Society (SNRMS)

http://www.snrms.org

IN-ORG-044

Meghalaya State Organic Certification Body

www.msocb.org

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

AN tSEAPÁIN

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí

B

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

(1) Ní áirítear táirgí próiseáilte lena n-úsáid mar bhianna ina bhfuil algaí.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus B a fásadh sa tSeapáin agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh sa tSeapáinina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach sa tSeapáin nó a allmhairíodh go dtí an tSeapáin:

ón Aontas Eorpach,

sin nó ó thríú tír ar aithin an tSeapáin ina leith go ndearnadh na táirgí a tháirgeadh agus a rialú inti i gcomhréir le rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos i reachtaíocht an Seapáine,

nó ó thríú tír ar aithin an tSeapáin ina leith comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun a dheimhniú go gcomhlíonann oibreoirí rialacha na Seapáine maidir le táirgeadh orgánach.

3.Caighdeáin táirgthe: Japanese Agricultural Standard for Organic Products of Plant Origin (Notification No 1605 of the MAFF of October 27, 2005), Japanese Agricultural Standard for Organic Livestock Products (Notification No 1608 of the MAFF of October 27, 2005), Japanese Agricultural Standard for Organic Processed Foods (Notification No 1606 of MOF and MAFF of September 1, 2022), Act on Japanese Agricultural Standards (Act No. 175 of May 11, 1950).

4.Údaráis inniúla: Food Manufacture Affairs Division, New Business and Food Industry Department, Minister's Secretariat, Ministry of Agriculture, Forestry and Fisheries, www.maff.go.jp/j/jas/index.html and Liquor Tax and Industry Division, National Tax Agency https://www.nta.go.jp/english/index.htm and Food and Agricultural Materials Inspection Center (FAMIC), www.famic.go.jp

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

JP-BIO-001

Hyogo prefectural Organic Agriculture Society, HOAS

www.hyoyuken.org

JP-BIO-002

AFAS Certification Center Co., Ltd

www.afasseq.com

JP-BIO-003

NPO Kagoshima Organic Agriculture Association

www.koaa.or.jp

JP-BIO-004

Center of Japan Organic Farmers Group

www.yu-ki.or.jp

JP-BIO-005

Japan Organic and Natural Foods Association’

jona-japan.org/organic

JP-BIO-006

Ecocert Japan Limited

www.ecocert.co.jp

JP-BIO-007

Bureau Veritas Japan Co., Ltd

http://certification.bureauveritas.jp/ cer-business/jas/nintei_list.html

JP-BIO-009

Overseas Merchandise Inspection Co., Ltd

www.omicnet.com/index.html.en

JP-BIO-010

Organic Farming Promotion Association

www.laconindia.com

JP-BIO-011

ASAC Stands for Axis’ System for Auditing and Certification and Association for Sustainable Agricultural Certification

www.axis-asac.net

JP-BIO-012

Environmentally Friendly Rice Network

www.epfnetwork.org/okome

JP-BIO-013

Ooita Prefecture Organic Agricultural Research Center

www.d-b.ne.jp/oitayuki

JP-BIO-014

AINOU

www.ainou.or.jp/ainohtm/disclosure/ ninteikouhyou.htm

JP-BIO-015

SGS Japan Incorporation

www.jp.sgs.com/ja/home_jp_v2.htm

JP-BIO-016

Ehime Organic Agricultural Association

http://eoaa.sakura.ne.jp/

JP-BIO-017

Center for Eco-design Certification Co. Ltd

http://www.eco-de.co.jp/list.html

JP-BIO-018

Organic Certification Association

http://yuukinin.org/index.html

JP-BIO-020

Hiroshima Environment and Health Association

https://www.kanhokyo.or.jp/

JP-BIO-021

ACCIS Inc.

https://www.accis.jp/

JP-BIO-022

Organic Certification Organization Co. Ltd

www.oco45.net

JP-BIO-024

Aya town miyazaki, Japan

http://www.town.aya.miyazaki.jp/ayatown/ organicfarming

JP-BIO-025

Tokushima Organic Certified Association

http://www.tokukaigi.or.jp/yuuki/

JP-BIO-027

NPO Kumamoto Organic Agriculture Association

http://www.kumayuken.org/

JP-BIO-028

Hokkaido Organic Promoters Association

http://www.hosk.jp/CCP.html

JP-BIO-029

Association of organic agriculture certification Kochi corporation NPO

http://www8.ocn.ne.jp/~koaa/jisseki.html

JP-BIO-031

Wakayama Organic Certified Association

https://woca.jpn.org/w/

JP-BIO-032

Shimane Organic Agriculture Association

www.shimane-yuki.or.jp/index.html

JP-BIO-034

International Nature Farming Research Center

http://www.infrc.or.jp/

JP-BIO-035

Organic Certification Center

www.organic-cert.or.jp

JP-BIO-036

Japan Food Research Laboratories

http://www.jfrl.or.jp/jas.html

JP-BIO-037

Leafearth Company

http://www.leafearth.jp/

JP-BIO-038

Akatonbo

http://www.akatonbo.or.jp/

JP-BIO-040

Okayama Agriculture Development Institute

http://www.nokaiken.or.jp

JP-BIO-041

Japan Agricultural Standard Certification Alliance

http://jascert.or.jp/

JP-BIO-042

Japan Association for Inspection and Investigation of Food Including Fats and Oils

www.syken.or.jp

JP-BIO-043

Miyazaki Organic Agriculture Association

https://www.miyazaki-oaa.com/

JP-BIO-044

Tsuruoka City

https://www.city.tsuruoka.lg.jp/index.html

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

POBLACHT NA CÓIRÉ

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Processed agricultural products for use as food

D

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí D a fásadh i bPoblacht na Cóiré ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach i bPoblacht na Cóiré nó a allmhairíodh go Poblacht na Cóiré:

ón Aontas Eorpach,

sin nó ó thríú tír ar aithin Poblacht na Cóiré ina leith go ndearnadh na táirgí a tháirgeadh agus a rialú inti i gcomhréir le rialacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i reachtaíocht Phoblacht na Cóiré.

3.Caighdeáin táirgthe: Act on Promotion of Environmentally-friendly Agriculture and Fisheries and Management and Support for Organic Food.

4.Údaráis inniúla: Ministry of Agriculture, Food and Rural Affairs, www.enviagro.go.kr/portal/en/main.do and National Agricultural Products Quality Management Service (NAQS), www.naqs.go.kr/eng/main/main.do

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

KR-ORG-002

WECERT, LLC.

www.wecert.co.kr

KR-ORG-004

Global Agricultural Food Certification Cooperation Co. Ltd

www.gafc.kr

KR-ORG-006

KAgrifood Certification Center CO., LTD

www.kafcc.or.kr

KR-ORG-008

Konkuk Eco Certification Agency

www.en.kkeco.co.kr

KR-ORG-009

Woorinong Certification

https://blog.naver.com/woorinongin/70107436715

KR-ORG-010

ACO Certification Limited

www.aco.net.au

KR-ORG-011

Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH

www.bcs-oeko.com

KR-ORG-012

BCS Korea

www.bcskorea.com

KR-ORG-013

Hansol Food, Agriculture, Fisher-Forest Certification Center

www.hansolnonglim.com

KR-ORG-014

The Centre for Environment Friendly Agricultural Products Certification (Institute of Hadong Green tea)

www.hgreent.or.kr

KR-ORG-015

ECO-Leaders Certification Co., Ltd

www.ecoleaders.kr

KR-ORG-017

Jeonnam bioindustry foundation

www.jbf.kr

KR-ORG-020

Green Organic Co., Ltd.

cafe.naver.com/greenorganic6279

KR-ORG-022

Greenstar Agrifood Certification Service

http://그린스타.com/

KR-ORG-023

Control Union Korea

www.controlunion.co.kr

KR-ORG-024

Industry-Academic Cooperation Foundation, SCNU

http://siacf.scnu.ac.kr/web/siacf/home

KR-ORG-026

Agricultural Products Quality Service

http://apqs.kr

KR-ORG-027

University Industry Liaison office of CNU

http://sanhak.jnu.ac.kr/eng/

KR-ORG-029

Institute of friendly environment-agriculture, Inc.

ifea.co.kr

KR-ORG-030

Korea crops research institute (co., ltd)

https://blog.naver.com/kor034

KR-ORG-031

Korea Organic Certification Co., LTD

koc2022.modoo.at

KR-ORG-032

Jayeondeul Agri-food Certification Institute

jaci.tistory.com

KR-ORG-033

Institute of Organic Food Evaluation

www.ioe42.com

KR-ORG-034

Evergreen Nongouhwi

http://blog.naver.com/evergreen8374

KR-ORG-035

ONNURI ORGANIC Co., Ltd.

https://blog.naver.com/onr77830

KR-ORG-036

Organic T&C LLC.

www.organictnc.org

KR-ORG-037

Ctforum. Inc

ctforum.co.kr

KR-ORG-039

Sungnong

친환경농산물인증.kr

KR-ORG-040

Toji Glonics co. Ltd.

cafe.daum.net/thoji

KR-ORG-041

YANGPYEONG ENVIRONMENT-FRIENDLY CERTIFICATION CENTER

yporganic.net

KR-ORG-042

Haezin Corporation

cafe.daum.net/haezingood

KR-ORG-043

Institute of Green Certification

blog.naver.com/green2080_

KR-ORG-044

DODAM Eco-Friendly

dodamecocerti.quv.kr

6.Comhlachtaí agus údaráis eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

AN NUA-SHÉALAINN

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí nó táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí

B

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A, B agus F a fásadh sa Nua-Shéalainn agus táirgí de chatagóirí D a próiseáladh sa Nua-Shéalainn ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach sa Nua-Shéalainn nó a allmhairíodh chun na Nua-Shéalainne:

ón Aontas Eorpach,

sin nó ó thríú tír faoi chuimsiú córas atá aitheanta mar chóras coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

sin nó ó thríú tír a bhfuil aitheantas ag a rialacha táirgthe agus iniúchta mar rialacha atá coibhéiseach le Clár Dearbhaithe Oifigiúil i leith Táirgí Orgánacha (‘Official Organic Assurance Programme’) MPI ar bhonn dearbhuithe agus faisnéise arna gcur ar fáil ag údarás inniúil na tíre sin i gcomhréir leis na forálacha arna mbunú ag MAF agus ar choinníoll nach n--allmhairítear ach comhábhair de tháirgeadh orgánach a bhfuil sé beartaithe iad a ionchorprú, go leibhéal nach mó ná 5 % de tháirgí de thionscnamh talmhaíochta, i dtáirgí de chatagóir D a ullmhófar sa Nua-Shéalainn.

3.Caighdeán táirgthe: MPI Official Organic Assurance Programme Technical Rules for Organic Production.

4.Údarás inniúil: Ministry for Primary Industries (MPI), http://www.mpi.govt.nz/exporting/food/organics/

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

NZ-BIO-001

Ministry for Primary Industries (MPI)

http://www.mpi.govt.nz/exporting/food/ organics/

NZ-BIO-002

AsureQuality Limited

https://www.asurequality.com

NZ-BIO-003

BioGro New Zealand Limited

https://www.biogro.co.nz

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: Ministry for Primary Industries (MPI).

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

AN TÚINÉIS

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia (1)

D

Iad comhdhéanta go bunúsach de chomhábhar amháin nó níos mó de thionscnamh planda

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

(1) Ní chuimsíonn sé sin fíon ná giosta.

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A agus F a fásadh sa Túinéis agus táirgí de chatagóir D a próiseáladh sa Túinéis ina bhfuil comhábhair a fásadh go horgánach sa Túinéis.

3.Caighdeáin táirgthe: Law No 99-30 of 5 April 1999 relating to Organic farming; Decree of the Minister for Agriculture of 28 February 2001, approving the standard specifications of the crop production according to the organic method.

4.Údarás inniúil: 40 Ministre de l'Agriculture, des Ressources Hydrauliques et de la Pêche, www.agriculture.tn and www.onagri.tn

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

TN-BIO-001

Ecocert SA

www.ecocert.com

TN-BIO-007

Institut national de la normalisation et de la propriété industrielle (INNORPI)

www.innorpi.tn

TN-BIO-008

CCPB Srl

www.ccpb.it

TN-BIO-009

CERES GmbH

www.ceres-cert.com

TN-BIO-010

Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH

www.kiwabcs.com

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

1.Catagóirí táirgí

Catagóir táirgí

Ainmniúchán na catagóire

Teorainneacha

Táirgí neamhphróiseáilte planda

A

Ainmhithe beo nó táirgí neamhphróiseáilte ainmhí

B

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bhia

D

Táirgí próiseáilte talmhaíochta a bhfuiltear lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe

E

Ábhar iomadaithe fásúil agus síolta le haghaidh saothrú

F

2.Tionscnamh: táirgí de chatagóirí A, B agus F agus comhábhair a fásadh go horgánach i dtáirgí D agus E:

a fásadh sna Stáit Aontaithe, nó

a allmhairíodh chun na Stát Aontaithe agus a próiseáladh agus a pacáistíodh sna Stáit Aontaithe i gcomhréir le reachtaíocht na Stát Aontaithe.

3.Caighdeáin táirgthe: Organic Foods Production Act of 1990 (7 U.S.C. 6501 et seq.), National Organic Program (7 CFR 205).

4.Údarás inniúil: United States Department of Agriculture (USDA), Agricultural Marketing Service (AMS), www.usda.gov

5.Comhlachtaí rialaithe:

Códuimhir

Ainm

Seoladh idirlín

US-ORG-001

Where Food Comes From Organic

www.wfcforganic.com

US-ORG-003

Baystate Organic Certifiers

www.baystateorganic.org

US-ORG-004

Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH

www.kiwa.com/de/en/markets/agri-feed-food/

US-ORG-005

BIOAGRIcert

http://www.bioagricert.org

US-ORG-006

CCOF Certification Services

www.ccof.org

US-ORG-007

Colorado Department of Agriculture

www.colorado.gov/pacific/agplants/organic

US-ORG-008

Control Union Certification

www.certifications.controlunion.com/en

US-ORG-009

Clemson University

www.clemson.edu/organic

US-ORG-010

Ecocert S.A.S.

www.ecocert.com

US-ORG-011

Georgia Crop Improvement Association, Inc

www.georgiacrop.com/

US-ORG-013

Global Organic Alliance, Inc.

www.goa-online.org

US-ORG-015

Idaho State Department of Agriculture

www.agri.idaho.gov/Categories/ PlantsInsects/Organic/indexOrganicHome.php

US-ORG-018

Iowa Department of Agriculture and Land Stewardship

https://www.iowaagriculture.gov/ AgDiversification/organiccertification.asp

US-ORG-019

Kentucky Department of Agriculture

www.kyagr.com/marketing/plantmktg/ organic/index.htm

US-ORG-022

Marin Organic Certified Agriculture

https://www.marincounty.org/depts/ag/moca

US-ORG-023

Maryland Department of Agriculture

www.mda.state.md.us/md_products/certified_md_organic_farms/index.php

US-ORG-024

Mayacert S.A

www.mayacert.com

US-ORG-025

Midwest Organic Services Association, Inc.

www.mosaorganic.org

US-ORG-026

Minnesota Crop Improvement Association

www.mncia.org

US-ORG-027

MOFGA Certification Services, LLC

www.mofga.org/

US-ORG-028

Montana Department of Agriculture

www.agr.mt.gov/agr/Producer/Organic/

US-ORG-029

Monterey County Certified Organic

https://www.co.monterey.ca.us/government/departments-a-h/agricultural-commissioner/ agricultural-resource-programs/

agricultural-product-quality-and-marketing/monterey-county-certifi#ag

US-ORG-030

Natural Food Certifiers

www.nfccertification.com

US-ORG-031

Nature’s International Certification Services

www.naturesinternational.com/

US-ORG-036

NOFA - New York Certified Organic, LLC

www.nofany.org/organiccertification

US-ORG-037

Ohio Ecological Food and Farm Association

www.oeffa.org

US-ORG-038

Americert International (OIA North America, LLC)

www.americertorganic.info/

US-ORG-039

Oklahoma Department of Agriculture, Food and Forestry

www.oda.state.ok.us

US-ORG-040

OneCert, Inc.

www.onecert.com

US-ORG-041

Oregon Department of Agriculture

www.oda.direct/NOP

US-ORG-042

Oregon Tilth Certified Organic

www.tilth.org

US-ORG-043

Organic Certifiers, Inc.

http://www.organiccertifiers.com

US-ORG-044

Organic Crop Improvement Association (OCIA)

www.ocia.org

US-ORG-046

Organización Internacional Agropecuraria

www.oia.com.ar

US-ORG-047

Pennsylvania Certified Organic

www.paorganic.org

US-ORG-048

Primus Auditing Operations

http://www.primusauditingops.com

US-ORG-049

Pro-Cert Organic Systems, Ltd

www.pro-cert.org

US-ORG-050

Quality Assurance International

www.qai-inc.com

US-ORG-051

Quality Certification Services

www.QCSinfo.org

US-ORG-053

SCS Global Services, Inc.

www.scsglobalservices.com/services/organic-certification

US-ORG-055

Texas Department of Agriculture

www.texasagriculture.gov/RegulatoryPrograms/Organics.aspx

US-ORG-056

Utah Department of Agriculture

http://ag.utah.gov/divisions/plant/organic/index.html

US-ORG-057

Vermont Organic Farmers, LLC

www.vermontorganic.org/

US-ORG-058

Washington State Department of Agriculture

www.agr.wa.gov/departments/organic

US-ORG-059

Yolo County Department of Agriculture

www.yolocounty.gov/government/general-government-departments/agriculture

US-ORG-062

CERES (Certification of Environmental Standards, GmbH)

http://www.ceres--cert.com/

US-ORG-063

Certificadora de Productos Organicos Eco-LOGICA S.A.

http://www.eco-logica.com/

US-ORG-064

Food Safety S.A.

http://www.foodsafety.com.ar/

US-ORG-065

IBD Certifications

http://www.ibd.com.br/

US-ORG-067

OnMark Certification Services

http://onmarkcertification.com/

US-ORG-068

Perry Johnson Registrar Food Safety, Inc.

http://www.pjrfsi.com/  

US-ORG-069

Certimex (Certificadora Mexicana de Productos y Procesos Ecológicos S.C.)

https://certimexsc.com/cmx/ 

US-ORG-070

Kiwa BCS Costa Rica Limitada

www.kiwa.com

6.Comhlachtaí eisithe deimhnithe: mar atá i bpointe 5.

7.Fad an chuimsithe: 31 Nollaig 2026.’

Top