MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear creat aonair de chuid an Aontais le haghaidh trí earnáil tásc geografach, i.e. le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta. Dá bhrí sin, leasaítear nó aisghairtear leis, a mhéid is gá, Rialacháin, lena ndearnadh foráil roimhe seo maidir le creataí ar leith sna hearnálacha sin, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh fíonta, Rialachán (AE) 2019/787 le haghaidh deochanna biotáilleacha agus Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí.
Le Rialachán (AE) 2024/1143, tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chun tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta. Leis an Rialachán seo agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/XXXX ón gCoimisiún [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2024)8000], ba cheart forálacha na rialachán tarmligthe in earnálacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a ionadú, i.e., Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/20143 ón gCoimisiún in earnáil na dtáirgí talmhaíochta, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2021/1235 ón gCoimisiún in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún in earnáil an fhíona.
Leis na rialacha a áirítear sa Rialachán Tarmligthe seo, déantar foráil maidir le creat dlíthiúil aonair comhsheasmhach. Cé go bhfuil siad bunaithe ar chumhachtuithe éagsúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1143, is córas rialála uathúil iad na rialacha sin. A mhéid a bhaineann le Tásca Geografacha, baineann na cumhachtuithe leis na nósanna imeachta agus leis an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta freasúra, na leasuithe ar leibhéal an Aontais nár foilsíodh aon doiciméad aonair ina leith, an gaol idir leasú ar leibhéal an Aontais agus leasú caighdeánach, na leasuithe caighdeánacha go ginearálta agus, i gcás táirgí talmhaíochta amháin, coinníollacha forlíontacha maidir le foinsiú amhábhar. A mhéid a bhaineann le Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht, baineann na cumhachtuithe leis na rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis sa tsonraíocht táirge, leis na nósanna imeachta agus leis an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta freasúra, leis an nós imeachta chun sonraíocht táirge a leasú agus leis na rialacha maidir le húsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n‑ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar in ainm táirge phróiseáilte. Chun iolrú gan mhaith gníomhartha dlí a sheachaint agus d’fhonn an reachtaíocht thánaisteach sin a chuíchóiriú agus é a dhéanamh éasca dul i gcomhairle léi agus í a chur i bhfeidhm, ba cheart na rialacha a eisítear i gcomhréir leis na cumhachtuithe sin a bhailiú in aon Rialachán Tarmligthe amháin.
Dá bhrí sin, is é is cuspóir don ghníomh tarmligthe seo Rialachán (AE) 2024/1143 a fhorlíonadh leis na rialacha a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh leasuithe ar leibhéal an Aontais, leasuithe caighdeánacha agus sealadacha agus ceanglais maidir le foinsiú amhábhar le haghaidh tásca geografacha táirgí talmhaíochta a fhormheas agus a chur in iúl, chomh maith leis na nósanna imeachta le haghaidh iarratas ar chlárú agus le haghaidh formheas leasuithe ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Déanfar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún a aisghairm.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Rinneadh comhairliúcháin le saineolaithe ó gach ceann de na 27 mBallstát laistigh de chruinnithe comhpháirteacha an Ghrúpa Saineolaithe um an Inbhuanaitheacht agus um an gCáilíocht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, an Grúpa Saineolaithe um Margaí Talmhaíochta, go háirithe maidir le gnéithe a thagann faoin Rialachán maidir le CEM Aonair – an Foghrúpa um Fhíon agus an Grúpa Saineolaithe um Margaí Talmhaíochta, go háirithe maidir le gnéithe a thagann faoin Rialachán maidir le CEM Aonair – Deochanna Biotáilleacha.
Le linn na gcruinnithe sin, chuir an Coimisiún leaganacha leasaithe den téacs i láthair lenar cuireadh san áireamh na barúlacha a tugadh i ngach ceann de na cruinnithe nó a seoladh i scríbhinn chuig seirbhísí an Choimisiúin.
Tháinig comhréiteach leathan maidir leis an Dréacht-rialachán Tarmligthe as an bpróiseas comhairliúcháin sin.
Cuireadh an sásra aiseolais ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ón 12 Lúnasa 2024 go dtí an 9 Meán Fómhair 2024. Fuarthas 5 bharúil. Ní dhearnadh athbhreithniú ar an ngníomh mar gheall ar an aiseolas a fuarthas.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tá forálacha sa ghníomh seo lena bhforlíontar rialacha áirithe de Rialachán (AE) 2024/2115 a bhfuil gá leo chun feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Go háirithe, leagtar amach ann an creat dlíthiúil chun tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú. Leis an ngníomh tarmligthe, cuirtear soiléireacht le forálacha Rialachán (AE) 2024/1143 agus tugtar isteach gnéithe simplithe.
Leis an ngníomh, déantar forálacha ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 30.10.2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n‑aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus go háirithe Airteagail 17(10), 24(10), 47(5), 54(2), 61(10), 66(3), 68(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2024/1143 bunaítear creat comhchoiteann aonair de chuid an Aontais chun tásca geografacha a chlárú agus a chosaint i dtrí earnáil talmhaíochta: fíon, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta. Chun na críche sin, le Rialachán (AE) 2024/1143 leasaíodh nó aisghaireadh, a mhéid ba ghá, na gníomhartha sin de chuid an Aontais lena ndearnadh foráil maidir le creataí ar leithligh sna hearnálacha sin. Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/1143 leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha in earnáil an fhíona, agus Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le tásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha, agus d’aisghair sé Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le tásca geografacha in earnáil na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-earraí.
(2)Le Rialachán (AE) 2024/1143 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh gach ceann de na trí earnáil talmhaíochta: fíon, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.
(3)Chun feidhmiú rianúil mhargadh an fhíona, na ndeochanna biotáilleacha agus na dtáirgí talmhaíochta atá sa chreat dlíthiúil nua a áirithiú agus go háirithe chun simpliú agus réasúnú a dhéanamh ar fheidhmiú chóras na dtásc geografach le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le córas na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ba cheart rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.
(4)Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil i nósanna imeachta freasúra a mhéadú, ba cheart don Choimisiún iarratasóirí a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon fhreasúra a fhaightear i gcoinne a n‑iarratas.
(5)Chun céimeanna soiléire a bheith sa nós imeachta freasúra, is gá dáta tosaigh na gcomhairliúchán iomchuí idir an freasúróir agus an t‑iarratasóir a shainaithint go beacht d’fhonn teacht ar chomhaontú agus oibleagáidí an Bhallstáit iarrthaigh a shonrú i gcás ina measfaidh sé gur athruithe substaintiúla iad na hathruithe ar an iarratas, tar éis comhaontú ar thángthas air i gcomhthéacs nós imeachta freasúra.
(6)Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun feabhas a chur ar cháilíocht agus aonfhoirmeacht na faisnéise a bhaineann le tásca geografacha, in iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge, nár foilsíodh doiciméad aonair nó a choibhéis ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart a áireamh doiciméad aonair a chomhlíonann na ceanglais maidir leis na doiciméid aonair sna hearnálacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.
(7)Ba cheart nós imeachta maidir le formheas ar leasuithe caighdeánacha agus leasuithe sealadacha a bhunú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann measúnú iomchuí a dhéanamh ar na hiarratais agus cur chuige comhsheasmhach a ráthú ar fud na mBallstát, lena n‑áirítear le haghaidh tásca geografacha trasteorann. Ba cheart cruinneas agus uileghabhálacht an mheasúnaithe a dhéanfaidh na Ballstáit a bheith coibhéiseach leis an gcruinneas agus leis an uileghabhálacht is gá le haghaidh an phróisis measúnaithe laistigh den nós imeachta lena rialaítear iarratais ar thásc geografach a chlárú.
(8)Ba cheart an cur chuige a fhoráiltear do na Ballstáit a leanúint le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha a bhaineann le tásca geografacha tríú tíortha, agus ba cheart an cinneadh formheasa a dhéanamh i gcomhréir leis an gcóras atá i bhfeidhm sa tríú tír atá i gceist.
(9)D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart aon chinneadh breithiúnach nó riaracháin náisiúnta is infheidhme láithreach lena neamhnítear cinneadh maidir le leasú caighdeánach a fhormheas a chur in iúl don Choimisiún chun é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ar an gcaoi sin, gach úsáideoir agus údarás rialaithe san Aontas a chur ar an eolas.
(10)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus le bainistíocht éifeachtúil ar an gcóras, ba cheart rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le ceanglais agus sprioc-amanna chun leasú caighdeánach nó leasú sealadach a chur in iúl.
(11)Is gá rialacha a leagan síos chun comhordú a bhunú idir na nósanna imeachta le haghaidh leasuithe ar shonraíocht táirge i gcásanna ina mbeidh iarratais a bhaineann le leasú ar leibhéal an Aontais agus leasú caighdeánach ar feitheamh ag an am céanna faoi bhráid an Choimisiúin agus údarás inniúil an Bhallstáit, faoi seach. Ós rud é go leasaítear an tsonraíocht táirge chéanna leis an dá iarratas, agus go mbíonn an dá iarratas faoi réir dhá nós imeachta chomhthreomhara éagsúla, a bhíonn faoi réir amú éagsúil, ba cheart rialacha a leagan síos lena seachnófaí neamhréireachtaí.
(12)Cé go bhformheasann na Ballstáit leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge tar éis nós imeachta sonrach atá éagsúil leis an nós imeachta maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas, a bhfuil an Coimisiún freagrach as, ba cheart déileáil leo in éineacht leis na leasuithe ar leibhéal an Aontais nuair a mheastar go bhfuil dlúthbhaint acu leo, i.e. i gcás ina mbeidh leasú ar leibhéal an Aontais mar thoradh ar leasú caighdeánach amháin nó i gcás ina spreagfar leasú caighdeánach amháin mar thoradh ar leasú ar leibhéal an Aontais. Leis an eisceacht sin, ba cheart go mbeifí in ann déileáil go comhuaineach leis na hábhair ghaolmhara faoi nós imeachta riaracháin amháin, rud a chuirfeadh éifeachtúlacht agus comhleanúnachas nós imeachta ar fáil.
(13)Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le srianta ar thionscnamh na n‑amhábhar le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint, ba cheart údar a cheangal freisin maidir leis an nasc, i gcás ina mbeidh srianta mar thoradh ar cheanglais nach mór céimeanna sonracha táirgthe a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
(14)fChun a áirithiú nach soláthrófar i sonraíochtaí táirge le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ach faisnéis ábhartha ghonta agus chun iarratais rómhóra ar chlárú nó iarratais ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a sheachaint, ba cheart teorainn ar fhad sonraíochtaí táirge a leagan síos.
(15)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht, níor cheart a chumhdach le formheas an Choimisiúin ar iarratas ar leasú ar shonraíocht táirge sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a fhormheas ach leasuithe a dtugtar tuairisc chuí orthu.
(16)I bhfianaise cleachtais tráchtála, ar an gcaoi chéanna leis na forálacha a glacadh le haghaidh Tásca Geografacha i Rialachán (AE) 2024/1143, tá gá le soiléireacht maidir le Sainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht a úsáid in ainm díolacháin táirge phróiseáilte a bhfuil an táirge arna ainmniú leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ina chomhábhar de. Ba cheart a áirithiú go mbeidh úsáid den sórt sin i gcomhréir le cleachtais chothroma tráchtála.
(17)Leis na rialacha a glacadh ar bhonn na gcumhachtuithe sin, ba cheart creat dlíthiúil aonair comhsheasmhach a sholáthar lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 a mhéid a bhaineann leis an gcosaint agus na nósanna imeachta chun ainm a chlárú agus chun sonraíocht táirge a bhaineann le Tásca Geografacha agus Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht a leasú. Cé go bhfuil siad bunaithe ar chumhachtuithe éagsúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1143, is córas rialála uathúil iad na rialacha sin.
(18)A mhéid a bhaineann le Tásca Geografacha, baineann na cumhachtuithe leis na nósanna imeachta agus leis an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta freasúra, na leasuithe ar leibhéal an Aontais nár foilsíodh aon doiciméad aonair ina leith, an gaol idir leasú ar leibhéal an Aontais agus leasú caighdeánach, an nós imeachta agus an t‑inneachar le haghaidh leasuithe caighdeánacha agus, i gcás táirgí talmhaíochta amháin, coinníollacha forlíontacha maidir le foinsiú amhábhar. A mhéid a bhaineann le Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht, baineann na cumhachtuithe leis na rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis sa tsonraíocht táirge, leis na nósanna imeachta agus leis an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta freasúra, leis an nós imeachta chun sonraíocht táirge a leasú agus leis na rialacha maidir le húsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n‑ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar in ainm táirge phróiseáilte.
(19)Déantar foráil maidir le heilimintí riachtanacha na nósanna imeachta agus na cosanta a bhaineann le Tásca Geografacha agus Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht i Rialachán (AE) 2024/1143. Go háirithe, i gcás Tásca Geografacha, is é ceann de phríomhchuspóirí an Rialacháin sin foráil a dhéanamh maidir le córas cosanta aonadach uileghabhálach, ar bhonn na rialacha nós imeachta céanna agus arna mbainistiú ag an gCoiste céanna. Dhéanfaí comhsheasmhacht córais den sórt sin a áirithiú ar bhealach níos fearr dá ndéanfaí foráil maidir le rialacha sa ghníomh céanna. I bhfianaise an mhéid thuas, ar mhaithe le comhsheasmhacht an chórais fhoriomláin, ba cheart na rialacha forlíontacha uile a bhfuil feidhm ghinearálta acu maidir le heilimintí neamhriachtanacha den ghníomh reachtach is gá chun go ráthófar feidhmiú ceart an chórais um Thásca Geografacha agus um Shainearraí Traidisiúnta a bhailiú san aon ghníomh amháin.
(20)Tá an cuspóir céanna ag na rialacha a ghlactar ar bhonn na gcumhachtuithe sin, is é sin cur i bhfeidhm an chórais aonadaigh maidir le clárú, leasú agus cosaint Tásc Geografach agus Sainearraí Traidisiúnta Faoi Ráthaíocht ar gach leibhéal éagsúil agus ar gach céim éagsúil a éascú agus a dhéanamh níos rianúla. Tá na rialacha sin go léir mar chuid den sreabhadh oibre céanna atá ceaptha chun Tásca Geografacha agus Sainearraí Traidisiúnta Faoi Ráthaíocht san Aontas a chosaint agus a bhainistiú.
(21)Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, a aisghairm chun na forálacha uile a scriosadh a bheadh ar neamhréir le forálacha an Rialacháin seo, a bhfuil feidhm acu freisin maidir le hearnáil na dtáirgí talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Foráil tosaigh
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 maidir leis na hábhair seo a leanas:
(a)a mhéid a bhaineann le tásca geografacha:
(i)rialacha nós imeachta maidir le freasúra;
(ii)nósanna imeachta maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais;
(iii)leasuithe caighdeánacha, lena n‑áirítear leasuithe sealadacha, a fhormheas agus a chur in iúl;
(iv)an gaol idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha;
(v)ceanglais maidir le hamhábhair a fhoinsiú le haghaidh tásca geografacha táirgí talmhaíochta;
(b)a mhéid a bhaineann le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht:
(i)nósanna imeachta maidir le hiarratas ar chlárú;
(ii)rialacha nós imeachta maidir le freasúra;
(iii)nósanna imeachta maidir le leasuithe ar an tsonraíocht táirge a fhormheas;
(iv)rialacha a bhaineann le húsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n‑ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar in ainm táirge phróiseáilte.
CAIBIDIL II
Tásca geografacha
Airteagal 2
Rialacha nós imeachta maidir le freasúra
1.I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún freasúra de bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfidh sé an t‑iarratasóir ar an eolas faoin bhfreasúra gan mhoill.
2.An tréimhse 3 mhí ar lena linn a fhéadfaidh an freasúróir agus an t‑iarratasóir dul i mbun comhairliúcháin iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, tosóidh sí ar an dáta a thabharfar an cuireadh dóibh trí mheán leictreonach.
3.Chun críocha Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an údaráis nó an duine a chuir isteach an freasúra in iúl don údarás, don chomhlacht nó don duine a chuir isteach an t‑iarratas ar chlárú nó ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas nó an iarraidh ar chealú.
4.I gcás ina measfaidh na Ballstáit gur athruithe substaintiúla iad na hathruithe iarmhartacha ar an iarratas ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/1143, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta náisiúnta freasúra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán sin, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta freasúra breise. Ceadófar do na Ballstáit iarrthacha an nós imeachta freasúra breise a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thoradh an chomhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Sa nós imeachta freasúra breise sin, áiritheoidh an Ballstát go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit i gceist freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan leasaithe den doiciméad aonair agus den tsonraíocht táirge in iúl don Choimisiún, d’fhonn an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(7) de Rialachán (AE) 2024/1143 a dhéanamh arís.
Airteagal 3
Leasú ar leibhéal an Aontais ar thásca geografacha nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith riamh
Maidir le hiarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh, nár foilsíodh doiciméad aonair nó a choibhéis ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, beidh doiciméad aonair san áireamh ann. Comhlíonfaidh an doiciméad aonair Airteagal 50(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/787, ag brath ar cé acu a ainmnítear nó nach n‑ainmnítear táirge talmhaíochta, fíon nó deoch bhiotáilleach leis an tásc geografach.
Airteagal 4
Formheas Ballstáit ar leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh
1.Chun críocha Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143, i dtaca le hiarratais ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge a fhormheas, cuirfear na hiarratais sin faoi bhráid údaráis an Bhallstáit ar ina chríoch atá limistéar geografach sainithe an táirge lena mbaineann.
2.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfoilseofar iarratais ar leasuithe caighdeánacha le cur ina gcoinne ar an leibhéal náisiúnta. Mura bhforáiltear maidir le freasúra náisiúnta, agus murab é an grúpa táirgeoirí iarrthach a chuir isteach iarratas ar chosaint an ainm nó na n‑ainmneacha dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge agus an t‑iarratasóir a chuir isteach an t‑iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, tabharfaidh an Ballstát deis don ghrúpa táirgeoirí iarrthach sin a bharúil a thabhairt ar an iarratas, más ann fós don ghrúpa táirgeoirí iarrthach sin.
3.‘San iarratas ar fhormheas ar leasú caighdeánach, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha, agus achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe agus léireofar go bhfuil na leasuithe atá beartaithe incháilithe mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143.
4.I gcás ina measfaidh an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais Rialachán (AE) 2024/1143 agus ceanglais na bhforálacha a glacadh de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh sé an leasú caighdeánach a fhormheas. Cuimseofar sa chinneadh formheasa an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge foilsithe comhdhlúite leasaithe agus, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú. I gcás ina mbaineann an leasú caighdeánach le tásc geografach nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, áireofar doiciméad aonair i gcónaí.
5.Poibleoidh na Ballstáit an cinneadh formheasa lena n‑áirítear an doiciméad aonair gaolmhar, i gcás inarb ábhartha. Beidh an leasú caighdeánach formheasta infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm.
6.I gcás ina mbaineann leasú caighdeánach le sonraíocht táirge a bhaineann le tásca geografach nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilseofar an doiciméad aonair i gcónaí mar eolas ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 5
Leasuithe caighdeánacha a chur in iúl
1.Seolfaidh an Ballstát aon leasú caighdeánach formheasta chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta.
2.Maidir le cinneadh lena bhformheastar leasuithe caighdeánacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha, cuirfidh grúpa táirgeoirí an cinneadh sin in iúl don Choimisiún, trí chumarsáid dhíreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta formheasta an chinnidh ábhartha.
3.Measfar cumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí má tá na heilimintí uile a liostaítear in Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún inti (AE) 2024/XXXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2024) 8000] C(2024)8000].
4.I gcás ina mbeidh leasú ar dhoiciméad aonair mar thoradh ar fhormheas doiciméid aonair, foilseoidh an Coimisiún an teachtaireacht maidir leis an leasú caighdeánach agus an doiciméad aonair arna leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear an chumarsáid i leith an leasaithe chaighdeánaigh sin.
5.I gcás nach mbeidh leasú ar dhoiciméad aonair mar thoradh ar fhormheas doiciméid aonair, arna chur in iúl go cuí, poibleoidh an Coimisiún i gclár na dtásc geografacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143 an chumarsáid maidir leis an leasú caighdeánach laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an chumarsáid maidir leis an leasú caighdeánach sin.
6.Ní fhoilseoidh an Coimisiún teachtaireacht maidir le formheas ar leasú caighdeánach nach ndearnadh go cuí i gcomhréir le mír 3. Cuirfidh an Coimisiún an t‑údarás nó an grúpa táirgeoirí ar an eolas nach gcuirfear an leasú caighdeánach in iúl go cuí laistigh de 3 mhí. Mura bhfaighfear freagra 2 mhí tar éis an litir ón gCoimisiún a fháil, measfar nár tíolacadh an chumarsáid a rinneadh go míchuí.
7.Cuirfidh an Ballstát na nithe seo a leanas in iúl, gan mhoill, don Choimisiún:
(a)aon chinneadh breithiúnach nó riaracháin is infheidhme láithreach lena neamhnítear cinneadh lena bhformheastar leasú caighdeánach;
(b)an doiciméad aonair comhdhlúite agus an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge, nó i gcás leasú nach modhnaíonn an doiciméad aonair, an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge, a tugadh cothrom le dáta tar éis an leasú caighdeánach sin a neamhniú.
Foilseoidh an Coimisiún teachtaireacht maidir le cinneadh náisiúnta lena neamhnítear leasú caighdeánach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, nó poibleoidh sé í i gclár na dtásc geografach de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143, i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, mutatis mutandis, nó Airteagal 16(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/XXXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2024)8000], de réir mar is iomchuí.
8.An Ballstát nó an tríú tír nó an grúpa táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chuir leasú caighdeánach in iúl don Choimisiún, leanfaidh sé de bheith freagrach as inneachar an leasaithe sin.
9.Gan dochar d’Airteagal 4(5), beidh feidhm ag leasuithe caighdeánacha i gcríoch an Aontais ón dáta a fhoilsítear iad de bhun mhír 4 den Airteagal seo, nó a phoiblítear iad de bhun mhír 5 den Airteagal seo.
10.I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach sainithe, cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann an nós imeachta maidir leis an leasú caighdeánach i bhfeidhm ar leithligh. Ní bheidh feidhm ag an leasú caighdeánach i gcríoch na mBallstát lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an ceann deireanach de na cinntí formheasa náisiúnta i bhfeidhm. An Ballstát sin a bheidh ar an mBallstát deireanach a fhormheasfaidh an leasú caighdeánach, seolfaidh sé an chumarsáid ábhartha chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa.
Mura nglacfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann an cinneadh formheasa náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann an t‑iarratas sin a thíolacadh faoin nós imeachta um leasú ar leibhéal an Aontais. Sa chás sin, léireoidh an Ballstát a dhéanann iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas nár cuireadh an nós imeachta um leasú caighdeánach i gcrích i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit óna dtagann an tásc geografach. Beidh nós imeachta freasúra gaolmhar an Aontais oscailte do na Ballstáit uile cé is moite den Bhallstát is iarratasóir ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais.
11.Beidh feidhm ag mír 10 mutatis mutandis i gcás ina mbeidh cuid den limistéar geografach sainithe i gcríoch tríú tír.
12.I gcónaí beidh doiciméad aonair le foilsiú mar eolas ar leibhéal an Aontais ag gabháil le teachtaireacht maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach nár foilsíodh doiciméad aonair ina leith riamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Gaol idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha
1.Maidir le leasú caighdeánach lenarb intuigthe leasú an doiciméid aonair, i gcás ina bhformheasfar leasú caighdeánach den chineál sin fad a bheidh iarratas ar fhormheas an Choimisiúin ar leasú ar leibhéal an Aontais ar feitheamh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, dá réir sin, an doiciméad aonair a thabhairt cothrom le dáta, eadhon an doiciméad aonair atá ina chuid den iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas. I gcás inar foilsíodh an leasú ar leibhéal an Aontais atá ar feitheamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun go bhféadfaí dul i bhfreasúra ina leith, foilseofar an leagan nuashonraithe den doiciméad aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L, mar iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán cur chun feidhme lena bhformheastar an leasú ar leibhéal an Aontais.
2.I gcás, maidir leis an leagan leasaithe den doiciméad aonair atá ina chuid d’iarratas ar leasú caighdeánach arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta, nach gcuirtear san áireamh sa leagan leasaithe sin na leasuithe ar leibhéal an Aontais is déanaí a formheasadh, ní fhoilseofar an leasú caighdeánach sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. An Ballstát a d’fhormheas an leasú caighdeánach sin, seolfaidh an Ballstát sin chuig an gCoimisiún an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair arna leasú ag an Aontas agus ag na leasuithe caighdeánacha, chun go bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3.Go heisceachtúil, measfar gur cuid den leasú ar leibhéal an Aontais sin leasú caighdeánach a áirítear in iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais a bhfuil dlúthbhaint aige leis an leasú sin ar leibhéal an Aontais agus déanfaidh an Coimisiún é a fhormheas in éineacht leis an leasú ar leibhéal an Aontais. Sna cásanna sin, míneofar an nasc doshéanta idir an leasú ar leibhéal an Aontais agus an leasú caighdeánach san iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 7
Leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh
1.Maidir le leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge, an Ballstát arb ina chríoch atá limistéar geografach sainithe na sonraíochta táirge lena mbaineann, déanfaidh sé na leasuithe sealadacha sin a fhormheas agus a phoibliú. Féadfaidh leasuithe sealadacha a bheith bainteach le cuid den limistéar geografach.
2.Déanfar leasuithe sealadacha maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo agus an cinneadh formheasta náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí ó dháta poiblithe an chinnidh sin. Beidh an leasú sealadach infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm.
3.Beidh feidhm ag gach leasú sealadach ar feadh tréimhse theoranta ama arna leagan amach ag an údarás a fhormheasann an leasú. Ní fhéadfar é a athnuachan ach amháin más ann fós do na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2024/1143 arb ar a mbonn a formheasadh é den chéad uair. Cuirfear athnuachan ar leasuithe sealadacha in iúl don Choimisiún de réir an nós imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo.
4.I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach, cuirfidh gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an nós imeachta um leasuithe sealadacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar leithligh.
5.Maidir le leasuithe sealadacha a bhaineann le tásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha, déanfaidh grúpa táirgeoirí iad a chur in iúl don Choimisiún, maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo, trí chumarsáid dhíreach leis an gCoimisiún nó trí údaráis an tríú tír sin, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta formheasta an leasaithe shealadaigh.
6.Measfar cumarsáid i leith leasú sealadach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí nuair atá na heilimintí a liostaítear in Airteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme inti (AE) 2024/XXXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2024) 8000].
7.Poibleoidh an Coimisiún an chumarsáid i leith leasuithe sealadacha i gclár na dtásc geografach de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143 laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an chumarsáid i leith leasuithe sealadacha. Gan dochar do mhír 4, beidh feidhm ag leasuithe sealadacha i gcríoch an Aontais ón dáta a phoibleoidh an Coimisiún iad.
8.Leanfaidh an Ballstát, tríú tír, nó grúpa táirgeoirí dá dtagraítear i mír 5 agus a chuir leasú sealadach in iúl don Choimisiún de bheith freagrach as inneachar an leasaithe shealadaigh.
CAIBIDIL III
Rialacha speisialta le haghaidh táirgí talmhaíochta
Airteagal 8
Amhábhair a fhoinsiú le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint
Beidh gá leis an réasúnú dá dtagraítear in Airteagal 47(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 freisin nuair a bheidh srianta ar fhoinsiú na n‑amhábhar mar thoradh ar an gceanglas nach mór céimeanna sonracha táirgthe a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.
CAIBIDIL IV
Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Airteagal 9
Teorainn le fad na sonraíochtaí táirge le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
An tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2024/1143, beidh sí gonta agus ní bheidh sí níos faide ná 5 000 focal, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht táirge, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/XXXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2024)8000], beidh sé gonta agus ní rachaidh sé thar 7 500 focal, an tsonraíocht táirge san áireamh, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 10
Rialacha nós imeachta maidir le freasúra
1.I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún freasúra de bhun Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfidh sé an t‑iarratasóir ar an eolas faoin bhfreasúra gan mhoill.
2.An tréimhse 3 mhí ar lena linn a fhéadfaidh an freasúróir agus an t‑iarratasóir dul i mbun comhairliúcháin iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 61(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, tosóidh sí ar an dáta a thabharfar an cuireadh dóibh trí mheán leictreonach.
3.Chun críocha Airteagal 61(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an údaráis nó an duine a chuir isteach an fógra freasúra in iúl don údarás, don chomhlacht nó don duine a chuir isteach an t‑iarratas ar chlárú nó ar fhormheas ar leasú nó an iarraidh ar chealú.
4.I gcás ina measfaidh na Ballstáit gur athruithe substaintiúla iad na hathruithe iarmhartacha ar an iarratas ar chlárú dá dtagraítear in Airteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2024/1143, rud a dhéanann difear do leasanna nár breithníodh sa nós imeachta náisiúnta freasúra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 56(3) den Rialachán sin, beidh na hathruithe sin faoi réir nós imeachta freasúra breise. Ceadófar do na Ballstáit iarrthacha an nós imeachta freasúra breise a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thoradh an chomhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2024/1143. Sa nós imeachta freasúra breise sin, áiritheoidh an Ballstát go gceadófar d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit i gceist freasúra a chur isteach sula gcuirfear an leagan leasaithe den tsonraíocht táirge in iúl don Choimisiún, d’fhonn an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 61(7) de Rialachán (AE) 2024/1143 a dhéanamh arís.
Airteagal 11
Leasuithe ar shonraíocht táirge le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
I gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht táirge le haghaidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, ní chumhdófar leis sin ach na leasuithe a áirítear san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 12
Úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n‑ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar in ainm táirge phróiseáilte
Gan dochar d’Airteagail 68 agus 70 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus d’Airteagail 7 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfar an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n‑ainmnítear táirge a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirge próiseáilte a úsáid in ainm an táirge phróiseáilte sin, nó ar a lipéadú, nó ar a ábhar fógraíochta i gcás:
(a)nach bhfuil aon táirge eile sa táirge próiseáilte atá inchomparáide leis an gcomhábhar a ainmnítear leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht;
(b)go n‑úsáidtear an comhábhar arna ainmniú leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcainníochtaí leordhóthanacha chun saintréith bhunúsacha a thabhairt don táirge próiseáilte lena mbaineann; agus
(c)go léirítear ar an lipéad an céatadán den chomhábhar a ainmnítear leis an sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht sa táirge próiseáilte.
CAIBIDIL V
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 13
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30.10.2024
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN