RIALACHÁN (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 20.11.2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a mhéid a bhaineann le Listeria monocytogenes
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia 1 , agus go háirithe Airteagal 4(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 2 ón gCoimisiún leagtar síos na critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh miocrorgánaigh áirithe agus na rialacha cur chun feidhme atá le comhlíonadh ag oibreoirí gnólachtaí bia i ndáil leis na ceanglais sláinteachais ghinearálta agus shonracha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004.
(2)Go háirithe, i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 leagtar síos critéir sábháilteachta bia, critéir lena sainítear inghlacthacht táirge nó inghlacthacht baisce earra bia is infheidhme maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh. Leis an Rialachán sin déantar foráil maidir le critéir sábháilteachta bia le haghaidh Listeria monocytogenes, ar pataigin mhór bhia-iompartha é lena mbaineann riosca tromchúiseach don tsláinte phoiblí mar gheall ar an ráta ard báis a ghabhann leis. Sa tuarascáil is déanaí uaidh maidir le zónóisí 3 , thug an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi deara, maidir leis an líon cásanna listéaróise i ndaoine san Aontas, go raibh sé 15.9 % níos airde in 2022 ná mar a bhí in 2021 agus maidir leis an líon básanna ó ráigeanna bia-iompartha agus arbh é Listeria monocytogenes ba chúis leo san Aontas in 2022, go raibh sé ar cheann de na líonta ab airde a tuairiscíodh don Údarás riamh le 10 mbliana anuas. I bhfianaise an mhéadaithe sin ar na cásanna listéaróise san Aontas, tá sé ríthábhachtach gur féidir leis na critéir sábháilteachta bia le haghaidh Listeria monocytogenes leibhéal ard comhsheasmhach cosanta a sholáthar do thomhaltóirí ar fud an bhiashlabhra.
(3)Tá tionchar ag soghabhálacht an tomhaltóra féin mar aon le cumas an bhia éillithe fás Listeria monocytogenes go leibhéil arda a chothú ar an riosca a bhaineann le listéaróis a tholgadh ó bhia. Naíonáin agus tomhaltóirí a bhfuil cosaintí imdhíonachta lagaithe acu toisc go bhfuil galair, neamhoird nó riochtaí sláinte orthu, tá siad an‑soghabhálach i leith Listeria monocytogenes agus ní féidir iad a nochtadh do bhia a bhfuil an phaitigin sin ann ag tiúchan ar bith. I gcás tomhaltóirí eile, aithnítear i measc na n‑eolaithe nach bhféadfadh ach ionghabháil bia a bhfuil tiúchan Listeria monocytogenes os cionn an teorann 100 cfu/g ann dochar a dhéanamh don tsláinte. Dá bhrí sin, bianna atá réidh le hithe, cé is moite de na bianna sin atá beartaithe do naíonáin agus chun críoch speisialta míochaine, ar bianna iad ar féidir leo fás Listeria monocytogenes a chothú thar an teorainn 100 cfu/g tríd ar feadh a seilfré, is grúpa tráchtearraí bia íogair iad ar cheart bearta maolaithe riosca a dhíriú air.
(4)De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 níor cheart láithreacht Listeria monocytogenes a bhrath in 25 g de bhianna atá réidh le hithe agus ar féidir leo fás Listeria monocytogenes a chothú, cé is moite de na bianna sin atá beartaithe do naíonáin agus chun críoch speisialta míochaine, sula bhfágann siad rialú díreach an oibreora gnólachta bia is táirgeoir i gcás nach féidir leis an oibreoir gnólachta bia a léiriú, chun sástacht an údaráis inniúil, nach sáróidh an leibhéal Listeria monocytogenes an teorainn 100 cfu/g ar feadh sheilfré na mbianna lena mbaineann. Mar sin féin, ní dhéantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 maidir le critéar a mbeadh feidhm aige maidir leis na bianna sin a luaithe a fhágann siad rialú díreach an oibreora gnólachta bia is táirgeoir cé nach féidir a áirithiú fós nach sárófar an teorainn 100 cfu/g ar feadh a seilfré.
(5)Chun an leibhéal céanna cosanta don tsláinte phoiblí a ráthú ó tháirgeadh go dáileadh i gcás bianna atá réidh le hithe cé is moite de na bianna sin atá beartaithe do naíonáin agus chun críoch speisialta míochaine agus ar féidir leo fás Listeria monocytogenes a chothú, ba cheart feidhm a bheith ag an gcritéar sábháilteachta ‘níor braitheadh Listeria monocytogenes in 25 g’ maidir le gach cás ina gcuirtear na bianna sin ar an margadh le linn a seilfré agus nach raibh an t‑oibreoir gnólachta bia is táirgeoir in ann a léiriú ina leith, chun sástacht an údaráis inniúil, nach sáródh leibhéal Listeria monocytogenes an teorainn 100 cfu/g ar feadh a seilfré.
(6)Chun go mbeidh dóthain ama ag oibreoirí gnólachtaí bia chun a gcleachtais agus a nósanna imeachta a oiriúnú don cheanglas nua, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo roimh an 1 Iúil 2026.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a leasú dá réir sin.
(8)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.