RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 4.9.2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 1 , agus go háirithe Airteagail 75 agus 92 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2021/2116, tugadh isteach an córas faireacháin limistéir mar ghné éigeantach den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (‘an córas comhtháite’) atá le bunú ag gach Ballstát. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an córas faireacháin limistéir sin chun feidhme i gceart ar bhealach aonfhoirmeach, ní mór an raon feidhme céanna a bheith aige i ngach Ballstát, rud a chumhdódh gach tairbhí agus gach idirghabháil limistéarbhunaithe a bhainistítear faoin gcóras comhtháite agus gach coinníoll a bhféadfaí faireachán a dhéanamh air.
(2)Foráiltear le hAirteagal 10(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún 2 , chun críoch an chórais faireacháin limistéir, go measfar, ón 1 Eanáir 2025, go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar choinníoll incháilitheachta nuair is féidir faireachán a dhéanamh air le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó le grianghraif gheochlibeáilte dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ina theannta sin, le hAirteagal 10(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 leagtar síos an oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh 70 % ar a laghad d’idirghabhálacha a ngabhann coinníollacha incháilitheachta leo nach féidir faireachán a dhéanamh orthu ach le grianghraif gheochlibeáilte faoi réir an chórais faireacháin limistéir roimh an 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí.
(3)Tar éis na taithí a fuarthas sa chéad bhliain de chur chun feidhme an chórais faireacháin limistéir agus na ndeacrachtaí a chuir pobal na bhfeirmeoirí in iúl, tá níos mó solúbthachta de dhíth ar na Ballstáit maidir le grianghraif gheochlibeáilte a úsáid agus a phróiseáil, chun sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus agus cineálacha eile sonraí a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad acu a chomhcheangal ar bhealach níos fearr i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 10(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 a scriosadh.
(4)An tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann leas a bhaint as gach réiteach teicneolaíoch, lena n‑áirítear grianghraif gheochlibeáilte, agus go mbeidh an tsolúbthacht is gá acu chun a gcóras faireacháin limistéir a chur chun feidhme.
(5)Dá bhrí sin, níor cheart tosaíocht a thabhairt a thuilleadh do ghrianghraif gheochlibáilte i gcomparáid le sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad acu chun coinníoll incháilitheachta a bhféadfaí faireachán a dhéanamh air a shainiú. Ar an gcaoi chéanna, is gá freisin deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú, roimh an 1 Eanáir 2027, go mbeidh 70 % ar a laghad d’idirghabhálacha a ngabhann coinníollacha incháilitheachta leo nach féidir faireachán a dhéanamh orthu ach amháin le grianghraif gheochlibáilte faoi réir an chórais faireacháin limistéir.
(6)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173, aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún 3 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. mar sin féin, leanann forálacha áirithe a bhaineann le traschomhlíonadh i ndáil leis an gcóras rialúcháin agus pionóis riaracháin d’fheidhm a bheith acu, ina measc an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi shonraí rialúcháin agus faoi staidreamh rialúcháin.
(7)Is léir ón taithí a fuarthas ar chur chun feidhme na bhforálacha sin, áfach, gur féidir leis an ualach riaracháin a chruthaítear lena gcur i bhfeidhm dul thar a bhfuil riachtanach i gcásanna áirithe chun a gcuspóirí a bhaint amach; is amhlaidh atá i gcás na hoibleagáide fógra a thabhairt faoi shonraí rialúcháin agus staidreamh rialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014. I bhfianaise dhaonra srianta na dtairbhithe faoi líon teoranta beart traschomhlíonta ón mbliain éilimh 2023 ar aghaidh, óna dtarraingítear an sampla le haghaidh staidrimh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an staidreamh ionadaíoch do na tairbhithe uile atá faoi réir oibleagáidí coinníollachta agus, dá bhrí sin, nach uirlis úsáideach é a thuilleadh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme coinníollachta ag na Ballstáit. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm leanúnach na bhforálacha sin a scriosadh.
(8)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 a leasú dá réir sin.
(9)An caiteachas a bhfuil gá le sonraí rialúcháin agus staidreamh rialúcháin traschomhlíonta ina leith, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , ar a bhfuil Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 bunaithe, cuirtear chun feidhme é trí bhlianta éilimh, atá i gcomhthráth le blianta féilire. Ba cheart, dá bhrí sin, baint a bheith ag raon feidhme chur i bhfeidhm aon fhorála a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 le blianta féilire iomlána freisin. Dá bhrí sin, an leasú ar Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 lena dteorannaítear cur i bhfeidhm leanúnach na bhforálacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024.
(10)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta agus ón Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1