MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1021 bunaítear mar chuspóir an Rialacháin sin sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (‘POPanna’) trí shubstaintí atá faoi réir Choinbhinsiún Stócólm maidir le POPanna a thoirmeasc, a chéimniú amach a luaithe is féidir, nó srian a chur lena monarú, lena gcur ar an margadh agus lena n-úsáid.
Le Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún, liostaítear aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021. Tráth a glacadh an gníomh sin, chuir an tionscal feistí leighis an Coimisiún ar an eolas faoi go bhfuil, i roinnt de na hearraí a mhonaraíonn siad agus a bhfuil PFOA agus a shalainn ina gcomhábhar iontu, go bhfuil an PFOA agus a shalainn i roinn de na hearraí sin os cionn na teorann 25 ppb (0,025 mg/kg, 0,0000025 % de réir meáchain) a shocraítear sa ghníomh tarmligthe ón gCoimisiúin. Ní de bhrí go n-úsáidtear PFOA d’aon turas agus na hearraí sin á dtáirgeadh atá sin amhlaidh, ach is dealraitheach go bhfuil sé amhlaidh de bhrí go mbíonn eisíontais de PFOA sna roghanna malartacha PFAS gearrshlabhra a úsáidtear chun na feistí leighis a mhonarú. Is feistí leighis do-ionchlannaithe neamhionracha iad agus, ós rud é nach bhfuil siad faoi réir díolúine, bheadh toirmeasc ar a dtáirgeadh tar éis an 3 Nollaig 2020. Chun go bhféadfar leanúint de na feistí leighis sin a tháirgeadh, molann an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an iontráil maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 trí leibhéal rian-éilleáin neamhbheartaithe (UTC) 2 csm (2 mg/kg, 0,0002 % de réir meáchain) a thabhairt isteach le haghaidh feistí leighis seachas feistí in-ionchlannaithe agus feistí ionracha, faoi réir athbhreithniú tar éis dhá bhliain.
Tar éis an gníomh tarmligthe a ghlacadh, chuir roinnt páirtithe leasmhara an Coimisiún ar an eolas freisin faoi go raibh na coinníollacha a bhaineann le UTC i gcás micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) ró-shonrach nuair a luaigh siad gur gá an ionradaíocht ianúcháin sa phróiseas táirgthe a dhéanamh ag suas le 400 cileagrae. Ina theannta sin, meastar go bhfuil sé dodhéanta anois ag na húdaráis forfheidhmithe a chinneadh ar táirgeadh micreaphúdair PTFE trí bhíthin ionradaíocht suas le 400 cileagrae. Ar an gcúis sin, is iomchuí an tagairt do 400 cileagrae a scriosadh, fad is atáthar ag fanacht le toradh an mheasúnaithe atá ar siúl ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) ar an UTC sin.
I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart gníomh tarmligthe lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a ghlacadh chun na hathruithe sin a thabhairt isteach san iontráil maidir le PFOA.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Rinneadh comhairliúcháin le grúpa saineolaithe (an cruinniú de chuid na n-údarás inniúil maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha - an cruinniú ‘POP CA’) maidir leis an dréachtleasú an 9 Meitheamh 2020 agus cuireadh na barúlacha san áireamh. Tá an grúpa comhdhéanta de na páirtithe leasmhara ábhartha uile - ionadaithe ó na Ballstáit, ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, ó thionscal na gceimiceán agus ón tsochaí shibhialta.
Rinneadh comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtghníomh ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 29 Meán Fómhair 2020. Bhí na tuairimí uile a fuarthas ag tacú leis an leasú. I roinnt barúlacha, iarradh leasuithe breise a chur isteach san iontráil maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 nó i roinnt barúlacha rinneadh tagairt do na próisis reachtacha atá ar siúl maidir le substaint eile. Ní mheastar barúlacha den chineál sin a bheith ábhartha.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an ngníomh tarmligthe, modhnaítear an iontráil atá ann cheana maidir le PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 chun í a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Is é Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 atá ina bhunús dlí leis an ngníomh tarmligthe atá beartaithe.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 27.11.2020
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha 1 , agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas: