|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHTA |
|
|
Teideal na meastóireachta |
Rialacha státchabhrach maidir leis an gcraolachán seirbhíse poiblí – meastóireacht |
|
Príomh‑AS – an t‑aonad atá freagrach |
Comórtas AS – Aonad C4 Státchabhair, Meáin, Teileachumarsáid, TF |
|
Amchlár táscach (an dáta tosaigh atá beartaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe) |
An dáta tosaigh: Q4 2025 An dáta críochnaithe atá beartaithe: Q4 2026 |
|
Eolas breise |
Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chur i bhfeidhm rialacha státchabhrach maidir leis an gcraolachán seirbhíse poiblí https://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/GA/TXT/?uri=oj:JOC_2009_257_R_0001_01 |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. Comhthéacs polaitiúil, cuspóir agus raon feidhme na meastóireachta |
|
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
|
Sa Teachtaireacht Chraolacháin tá creat dlíthiúil lena rialáiltear maoiniú poiblí an chraolacháin seirbhíse poiblí. Chun na rialacha maidir le Státchabhair a chomhlíonadh, ceanglaítear leis an Teachtaireacht Chraolacháin go mbeidh maoiniú an chraolacháin seirbhíse poiblí trédhearcach, comhréireach agus faoi réir sásraí maoirseachta éifeachtacha. Rinneadh athbhreithniú ar an Teachtaireacht Chraolacháin den uair dheireanach in 2009. Níl aon chlásal maidir le hathbhreithniú seasta ná aon dáta éaga ann agus ní dhearnadh meastóireacht air ó rinneadh an t‑athbhreithniú deireanach air. Ó 2009 i leith, tá roinnt forbairtí déanta san earnáil: I.Tháinig forbairtí móra teicneolaíochta agus margaidh chun cinn (lena n‑áirítear dáileadh agus tomhailt ábhair ar líne agus ar éileamh), rud a d’fhág gur tháinig gníomhaithe nua agus samhlacha nua gnó chun cinn; II.Tá forbairt tagtha ar rialáil an Aontais (go háirithe nuair a glacadh an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc agus an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus tá forbairtí tagtha ar chásdlí Chúirteanna an Aontais; agus, III.Tá méadú tagtha ar an líon cásanna atá á láimhseáil ag an gCoimisiún, agus tá roinnt cinntí glactha aige maidir le craolachán seirbhíse poiblí. Is gá, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil treoir atá cothrom le dáta fós á cur ar fáil do pháirtithe leasmhara sa Teachtaireacht. Dhéanfaí breithniú sa mheastóireacht freisin féachaint an féidir na rialacha a shimpliú agus a shoiléiriú. |
|
|
An cuspóir agus an raon feidhme |
|
|
Cuspóir Is é príomhchuspóir na meastóireachta a sheiceáil an bhfuil an Teachtaireacht Chraolacháin fós oiriúnach dá chuspóir. Is éard atá i gceist leis sin measúnú a dhéanamh féachaint cé chomh maith agus a d’éirigh leis an Teachtaireacht, ar éascaigh sí cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair san earnáil, agus an raibh deacrachtaí ag na Ballstáit í a léirmhíniú nó a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, déanfar anailís sa mheastóireacht ar conas a d’oibrigh an Teachtaireacht Chraolacháin le himeacht ama agus ar a mhéid a bhain sí amach na cuspóirí seo a leanas: I)treoir a chur ar fáil faoin gcraolachán seirbhíse poiblí a mhaoiniú agus faoi shaobhadh iomaíochta a chosc; II)trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara a mhéadú; III)cur le cuspóirí níos leithne an fhorfheidhmithe Státchabhrach. Raon feidhme Níl cumhdaithe leis an meastóireacht ach an Teachtaireacht Chraolacháin. Ní chlúdóidh sí aon reachtaíocht eile maidir le Státchabhair. Creat ama agus ábhar Tá an tréimhse ó theacht i bhfeidhm na Teachtaireachta Craolacháin in 2009 go dtí an lá atá inniu ann cumhdaithe leis an meastóireacht. Cumhdófar sa mheastóireacht conas a mhaoiníonn na 27 mBallstát a gcórais craolacháin seirbhíse poiblí. Critéir na meastóireachta Déanfar measúnú sa mheastóireacht ar na cúig chritéar seo a leanas. Éifeachtacht ·Cé chomh mór a bhain an Teachtaireacht Chraolacháin amach an chuspóir cur le trédhearcacht mhaoiniú na craoltóireachta seirbhíse poiblí? ·Cé chomh mór a bhain an Teachtaireacht Chraolacháin amach an chuspóir treoir a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara maidir le conas a chuireann an Coimisiún rialacha maidir le Státchabhair i bhfeidhm chun an craolachán seirbhíse poiblí a mhaoiniú? ·Ar chuir an Teachtaireacht Chraolacháin le deimhneacht dhlíthiúil san earnáil? ·Cé chomh héifeachtach agus a bhí an Teachtaireacht Chraolacháin i leith saobhadh iomaíochta a theorannú, lena n‑áirítear saobhadh idir oibreoirí príobháideacha agus craoltóirí seirbhíse poiblí? Éifeachtúlacht ·Cé chomh mór a bhí na ceanglais atá leagtha síos sa Teachtaireacht Chraolacháin ina gcúis le méadú ar an trédhearcacht i leith caiteachas stáit? ·Cé iad na costais agus na tairbhí (idir chostais airgeadaíochta agus sochair neamhairgeadaíochta) do na páirtithe leasmhara éagsúla a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceanglas atá leagtha síos sa Teachtaireacht Chraolacháin? Ábharthacht ·Cé chomh hábhartha atá an Teachtaireacht Chraolacháin le himeacht ama, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlíthiúla a tháinig chun cinn ó bhí 2009 ann? ·I bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlíthiúla a tháinig chun cinn le déanaí, an leanann an Teachtaireacht de threoir leordhóthanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara? Comhleanúnachas ·Cá mhéad atá an Teachtaireacht Chraolacháin comhleanúnach laistigh di féin (i.e. cá mhéad a chomhlánaíonn na rialacha sa Teachtaireacht Chraolacháin a chéile) agus cá mhéad atá sí comhleanúnach lasmuigh di féin (i.e. cé chomh comhsheasmhach is atá an Teachtaireacht le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Eorpaigh)? Breisluach AE ·Ar soláthraíodh breisluach leis an Teachtaireacht Chraolacháin i gcomparáid le staid gan treoir den sórt sin? |
|
|
B. Rialáil níos fearr |
|
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
|
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí comhairliúcháin fianaise agus tuairimí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach AE na Teachtaireachta Craolacháin. Seo cuid de na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a bheidh ann: ·Comhairliúchán poiblí 12 sheachtain ar líne dírithe ar an bpobal i gcoitinne (a seolfar in éineacht leis an nglao seo ar fhianaise), le ceistneoir ardleibhéil i 24 theanga oifigiúla an Aontais, inar féidir le freagróirí freagra a thabhairt i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Beidh rochtain ar an gcomhairliúchán poiblí trí thairseach gréasáin an Choimisiúin ‘Cloisimis uait’ agus cuirfear chun cinn é trí chainéil chumarsáide oifigiúla an Choimisiúin (na meáin shóisialta san áireamh) agus ag imeachtaí áirithe agus in óráidí. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar fáil don phobal i dtuarascáil achomair fhíorasach a fhoilseofar ar an suíomh ‘Cloisimis Uait’. ·Comhairliúcháin spriocdhírithe i bhfoirm: §iarrata ar fhaisnéis chuig na Ballstáit chun faisnéis a bhailiú faoi chur chun feidhme na Teachtaireachta Craolacháin. Cuirfear faoi bhráid na n‑údarás ábhartha í trína mBuanionadaíochtaí chuig an Aontas, agus beidh siad in ann freagra a thabhairt i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais; §beidh ceisteanna sonracha an‑teicniúil i gceist le ceistneoir spriocdhírithe le haghaidh páirtithe leasmhara a bhfuil baint dhíreach acu leis an Teachtaireacht Chraolacháin nó a ndéanann an Teachtaireacht Chraolacháin difear dóibh. Is i mBéarla amháin a bheidh sí ar fáil. Is féidir le freagróirí freagraí a sheoladh i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir teacht ar an gcomhairliúchán sin ar leathanach gréasáin comhairliúcháin Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta. Leagfar torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin atá beartaithe amach i dtuarascáil achomair a chuirfear i gceangal leis an Doiciméad Inmheánach Oibre ina mbeidh achoimre ar chonclúidí na meastóireachta. |
|
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
|
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún a dhéanamh amach ar bhain an Teachtaireacht Chraolacháin a cuspóir bunaidh amach, is é sin treoir a chur ar fáil faoin gcraolachán seirbhíse poiblí a mhaoiniú, agus an raibh deacrachtaí ag na Ballstáit í a léirmhíniú nó a chur chun feidhme. Cruinneofar mar chuid den mheastóireacht fianaise maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE na Teachtaireachta Craolacháin. Déanfar measúnú léi freisin ar ábharthacht na Teachtaireachta, go háirithe i leith na bhforbairtí teicneolaíochta, margaidh agus dlíthiúla atá tagtha chun cinn ó 2009 i leith. Le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin don mheastóireacht cruinneofar tuairimí ó na páirtithe leasmhara uile. |
|
|
An spriocphobal |
|
|
Is iad údaráis phoiblí sna Ballstáit príomh‑spriocphobal na meastóireachta, lena n‑áirítear rialtóirí náisiúnta atá freagrach as an Teachtaireacht Chraolacháin a chur i bhfeidhm agus as maoirseacht a dhéanamh ar an gcraolachán seirbhíse poiblí. Áirítear leis an spriocphobal freisin cuideachtaí atá gníomhach san earnáil (ar nós craoltóirí seirbhíse poiblí, craoltóirí príobháideacha, soláthraithe meán closamhairc eile agus foilsitheoirí digiteacha). Ina theannta sin, tá comhlachais ghnó agus tionscail, comhlachais tomhaltóirí, comhlachtaí institiúideacha Eorpacha atá gníomhach i réimse an bheartais closamhairc agus meán, agus taighdeoirí agus an saol acadúil ina gcuid den spriocphobal. |
|
|
Bailiú sonraí agus modheolaíocht |
|
|
Úsáidfear sa mheastóireacht sonraí arna soláthar ag páirtithe leasmhara, faisnéis staidrimh, anailísí inmheánacha, taithí an Choimisiúin ar chásanna a bhí ann roimhe seo agus aon staidéar ábhartha atá ar fáil go poiblí. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar thorthaí na meastóireachta i nDoiciméad Inmheánach Oibre. Cuirfidh an mheastóireacht bonn ar fáil chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil gá le hathbhreithniú ar na rialacha atá ann faoi láthair. |
|