EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2022:310:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 310, 1 Nollaig 2022


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 310

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
1 Nollaig 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2338 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh glasán in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2339 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh scadán in uiscí na hIorua laisteas de 62° T i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach

4

 

*

Rialachán (AE) 2022/2340 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit ( 1 )

7

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2341 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/1345 a mhéid a bhaineann le húdarú a thabhairt chun tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gColóim agus le Meicsiceo d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha

12

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2342 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

14

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú ( IO L 248, 13.7.2021 )

16

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2338 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2022

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh glasán in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic glasán in uiscí na hIorua in 1 agus 2 a rinne soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinneadh le haghaidh 2022 ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic glasán in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2, dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

11/TQ109

An Ballstát

An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile)

Stoc

POK/1N2AB.

Speiceas

An glasán (Pollachius virens)

An Limistéar

Uiscí na hIorua in 1 agus 2

Dáta an Iaimh

11.11.2022


1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/4


RIALACHÁN (AE) 2022/2339 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2022

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh scadán in uiscí na hIorua laisteas de 62° T i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic scadán in uiscí na hIorua laisteas de 62° T a rinne soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh 2022 ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic scadán in uiscí na hIorua laisteas de 62° T, dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

10/TQ109

An Ballstát

An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile)

Stoc

HER/*4N-S62

Speiceas

An scadán (Clupea harengus)

An Limistéar

Uiscí na hIorua laisteas de 62° T

Dáta an iaimh

28.10.2022


1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/7


RIALACHÁN (AE) 2022/2340 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Samhain 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (1), agus go háirithe Airteagal 8(2)(a)(ii) agus (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, más ar a thionscnamh féin é nó ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, féadfaidh an Coimisiún nós imeachta a thionscnamh chun substaint nó comhábhar ina bhfuil substaint nach vitimín ná mianra í a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin ina liostaítear na substaintí a bhfuil toirmeasc nó srian ar a n-úsáid i mbia, nó a bhfuil a n-úsáid i mbia á grinnscrúdú ag an Aontas, má tá baint idir an tsubstaint sin agus riosca a d’fhéadfadh a bheith ann don tomhaltóir faoi mar a shainítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(2)

An 12 Deireadh Fómhair 2015, sheol an Iorua, an tSualainn agus an Danmhairg iarraidh chuig an gCoimisiún chun tús a chur leis an nós imeachta faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 mar go raibh baint idir riosca a d’fhéadfadh a bheith ann don tomhaltóir agus iontógáil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite in úisc tae ghlais a úsáidtear chun bia a mhonarú.

(3)

Chomhlíon an iarraidh ón Iorua, ón tSualainn agus ón Danmhairg na coinníollacha agus na ceanglais riachtanacha a leagadh síos in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 ón gCoimisiún (2). San fhaisnéis a bhí ar fáil, faisnéis ar a raibh an iarraidh bunaithe, bhí tuairim eolaíoch maidir le húisc tae ghlais ón Institiúid Náisiúnta um Bia in Ollscoil Theicniúil na Danmhairge (3), mar aon le measúnú sábháilteachta a rinne Institiúid na hIorua um Shláinte Poiblí (4) ar leibhéil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite in úisc tae ghlais a úsáidtear i bhforbhianna.

(4)

Dá bhrí sin d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch a chur ar fáil maidir le sábháilteacht caiteiciní tae ghlais ó gach foinse bia i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(5)

Táirgtear tae glas ó dhuilleoga Camellia sinensis (L.) Kuntze, gan choipeadh, rud a fhágann go mbíonn flavanóil ar a dtugtar caiteiciní go coitianta ann, arbh é (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit an ceann is ábhartha díobh. Is féidir caiteiciní tae ghlais a thomhailt mar insiltí traidisiúnta tae ghlais, deochanna tae athdhéanta nó mar fhorbhia ina bhfuil úisc tae ghlais tiubhaithe le leibhéil an-éagsúil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite.

(6)

An 10 Aibreán 2017, sheol an tÚdarás “Glao ar shonraí” poiblí maidir le faisnéis eolaíoch nua faoi úsáid caiteiciní tae ghlais chun faisnéis dhoiciméadaithe a fháil ó pháirtithe leasmhara a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar na substaintí sin ó gach foinse i mbianna, lena n-áirítear ullmhóidí amhail forbhianna agus insiltí. Mar sin féin, ní bhfuarthas sonraí ar bith ó na páirtithe leasmhara maidir le leibhéil na gcaiteiciní in úisc tae ghlais a úsáidtear chun forbhianna a mhonarú.

(7)

An 14 Márta 2018, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht caiteiciní tae ghlais (5). Maidir le caiteiciní ó insiltí tae ghlais a ullmhaítear ar bhealach traidisiúnta agus deochanna athdhéanta a bhfuil comhdhéanamh coibhéiseach acu le hinsiltí tae ghlais traidisiúnta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim sin go meastar go ginearálta na caiteiciní sin a bheith slán de réir chur chuige thoimhde na sábháilteachta, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn an iontógáil do na hiontógálacha a thuairiscítear sna Ballstáit. An ráta meán iontógála de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit a eascraíonn as insiltí tae ghlais a thomhailt, tá sé idir 90 agus 300 mg/lá.

(8)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil maidir leis na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag caiteiciní tae ghlais ar an ae, go bhfuil fianaise ann ó thrialacha cliniciúla idirghabhálacha gur léiríodh go gcothaíonn dáileoga atá cothrom le, nó níos mó ná, 800 mg de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit in aghaidh an lae i bhfoirm fhorbhia, go gcothaíonn siad méadú ar thrasaimíonáisí séirim atá suntasach ó thaobh na staitistice de i ndaoine cóireáilte i gcomparáid le daoine ón ngrúpa cóimheasa, rud a léiríonn gortú ae.

(9)

Mhínigh an tÚdarás sa tuairim sin go raibh roinnt éiginnteachtaí ann maidir le teagmháil le caiteiciní tae ghlais, agus mhínigh sé freisin na héifeachtaí bitheolaíocha agus tocsaineolaíocha atá acu. Dá bhrí sin, ní raibh sé in ann comhairle a chur ar fáil maidir le hiontógáil chothaithe caiteiciní tae ghlais nach cúis imní í maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte, don phobal i gcoitinne, agus, de réir mar a thagann i gceist, d’fhoghrúpaí leochaileacha sa daonra. Tá éagsúlachtaí móra ann maidir le comhdhéanamh ceimiceach (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite, lena n-áirítear a cion, ag brath ar an gcineál plandaí, na timpeallachta fáis, an séasúr, aois na nduilleog agus na coinníollacha monaraíochta, agus tá éiginnteachtaí ann maidir leis an tionchar atá ag nósanna imeachta monaraíochta ar chomhdhéanamh na gcaiteiciní úsctha agus substaintí eile a úsáidtear chun úisc tae ghlais a dhéanamh. Thug an tÚdarás dá aire na sonraí teoranta atá ann maidir le gaolmhaireachtaí idir dáileog agus freagairt idir dáileoga (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite agus paraiméadair ae mhínormálta is gá chun measúnú a dhéanamh ar dháileog (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite nach mbeadh éifeacht aici ar pharaiméadair ae. Thairis sin, tá éiginnteachtaí ann maidir le cé acu a d’fhéadfadh éifeachtaí níos tromchúisí ar an ae a fhorbairt tar éis úisc tae ghlais a úsáid go fadtéarmach nó nach bhféadfadh, chomh maith le héiginnteachtaí faoi na sásraí a mbíonn heipiteatocsaineacht (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite atá spleách ar dháileog mar thoradh orthu. An sásra a mbíonn heipiteatocsaineacht mar thoradh air i gcásanna annamha gortaithe ae a tuairiscíodh tar éis insiltí tae ghlais a thomhailt, níl sé cinnte, agus luaigh an tÚdarás gur dócha gur de bharr freagairt neamhghnách atá na cásanna sin, dá bhrí sin níl gaol soiléir acu le dáileog, bealach nó fad riartha na substainte.

(10)

I bhfianaise nárbh fhéidir leis an Údarás iontógáil laethúil caiteiciní tae ghlais i mbia nach cúis imní í maidir le sláinte an duine a leagan síos, agus i bhfianaise na héifeachta díobhálaí suntasaí a d’fhéadfadh a bheith ar an tsláinte má chaitheann duine (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit ag leibhéal iontógála laethúla atá cothrom le 800 mg nó níos mó ná sin, ba cheart úsáid úsc tae ghlais ina bhfuil 800 mg nó níos mó de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit in aghaidh gach coda den bhia i mbianna nó chun bianna a mhonarú, a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit a áireamh i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus is substaint í nár cheart a cheadú i mbianna ná a úsáid i monarú bianna ach amháin faoi na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

(11)

Sa tuairim ón Údarás an 14 Márta 2018 ní raibh sé in ann iontógáil chothaithe caiteiciní tae ghlais a shainaithint nach cúis imní í maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte, don phobal i gcoitinne, agus, de réir mar a thagann i gceist, d’fhoghrúpaí leochaileacha sa daonra. Ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ar an tsláinte a bhaineann le leibhéal iontógála laethúla is lú ná 800 mg de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit ó úisc tae ghlais, ach go bhfuil neamhchinnteacht eolaíoch ann ina leith sin fós, ba cheart úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit a chur faoi ghrinnscrúdú an Aontais agus a áireamh i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006. I bhfianaise na n-éiginnteachtaí a leag an tÚdarás amach sa tuairim uaidh an 14 Márta 2018 agus sa mholadh uaidh gur cheart staidéir a dhéanamh chun dáileog agus freagairt heipiteatocsaineachta caiteiciní tae ghlais a chinneadh agus scrúdú a dhéanamh ar an athraitheacht idir speicis agus laistigh díobh, faoi Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 féadfaidh páirtithe leasmhara na sonraí is gá chun sábháilteacht úsc tae ghlais i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 a léiriú a chur isteach.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5), laistigh de cheithre bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an áireofar úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit in Iarscríbhinn III, Cuid A nó Cuid B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó nach n-áireofar, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart dó tuairim an Údaráis maidir le haon sonraí a cuireadh isteach a chur san áireamh.

(13)

Ceanglaítear le hAirteagal 6(3) de Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) go ndéanfar forbhianna a lipéadú leis an gcuid den táirge a mholtar a thomhailt go laethúil, mar aon le foláireamh gan dul thar an dáileog laethúil a mholtar. Ós féidir bianna éagsúla nó forbhianna ina bhfuil úisc tae ghlais a chaitheamh in aon lá amháin, tá an baol ann go rachaidh iontógáil an tomhaltóra thar an uasdáileog laethúil de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais lipéadaithe i gcás gach bia ina bhfuil úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit.

(14)

Mhol an tÚdarás, sa tuairim uaidh an 14 Márta 2018, gur cheart an cion (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláite a áireamh ar lipéadú táirgí tae ghlais, go háirithe maidir le forbhianna. Tá sé tábhachtach a áirithiú go héifeachtach agus go hindeimhnithe nach féidir le tomhaltóirí teagmháil le leibhéil ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit ó úisc tae ghlais a mheas an tÚdarás a bheith díobhálach do shláinte an duine. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais lipéadaithe iomchuí lena léirítear an cion (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit in aghaidh gach coda den bhia.

(15)

Thug an tÚdarás dá aire freisin, sa tuairim uaidh an 14 Márta 2018, go dtagann méadú suntasach ar an achar faoin gcuar de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit de bharr úisc tae ghlais a thomhailt faoi choinníollacha troscaidh, agus mar bhólas, i gcomparáid lena thomhailt le bia agus i ndáileoga roinnte, agus gur léiríodh go gcuireann an troscadh le tocsaineacht caiteiciní tae ghlais in ainmhithe a úsáidtear i dturgnaimh. Dá bhrí sin, is gá foláireamh a thabhairt do thomhaltóirí gan ullmhóidí úisc tae ghlais i mbianna a thomhailt ar céalacan.

(16)

Thug an tÚdarás dá aire freisin, sa tuairim uaidh an 14 Márta 2018, nár thug ceann ar bith de na staidéir idirghabhála aghaidh ar mhná atá ag súil le leanbh agus mná atá ag lachtadh, naíonáin diúil agus leanaí faoi 18 mbliana d’aois, agus dá bhrí sin tá an baol ann fós go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ann don tsláinte má úsáidtear caiteiciní tae ghlais sna grúpaí tomhaltóirí leochaileacha sin. Dá bhrí sin, is iomchuí foláireamh a áireamh maidir le húsáid bianna ina bhfuil úisc tae ghlais i gcás na ngrúpaí tomhaltóirí leochaileacha sin.

(17)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d’úsáid (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit mar úsc sáríonaithe ó dhuilleoga tae ghlais (Camellia sinensis (L.) Kuntze) ina bhfuil íosmhéid de 90 % de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit i mbianna treisithe agus i bhforbhianna. Tá an tsubstaint sin sábháilte agus údaraithe lena húsáid mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus tá sí faoi réir na gcoinníollacha úsáide agus na sonraíochtaí a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (8).

(18)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnta chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo. I bhfianaise na n-údar imní sláinte níor cheart go mbainfeadh tréimhse den sórt sin ach le táirgí atá curtha ar an margadh go dleathach cheana féin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir sin.

(20)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 mar a leanas:

(1)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach sa tábla, in ord aibítre:

Substaint srianta

Coinníollacha úsáide

Ceanglais bhreise

“Úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit (*1)

Beidh níos lú ná 800 mg de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit sa chuid laethúil den bhia

Míneoidh an lipéad an t-uaslíon codanna den bhia atá cothrom le tomhailt laethúil, agus beidh foláireamh ar an lipéad gan dáileog laethúil de 800 mg de (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit nó níos mó a thomhailt.

Beidh eolas ar an lipéad faoin gcion (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit in aghaidh gach coda den bhia.

Beidh na foláirimh seo a leanas ar an bhfógra:

‘Ní ceart duit an táirge seo a chaitheamh má tá táirgí eile a bhfuil tae glas iontu á gcaitheamh agat ar an lá céanna’.

‘Ní ceart do mhná atá ag súil le leanbh ná do mhná atá ag lachtadh, ná do leanaí faoi 18 mbliana d’aois an táirge seo a chaitheamh’.

‘Ní ceart an táirge seo a chaitheamh ar céalacan’.”

(2)

i gCuid C, cuirfear an iontráil seo a leanas isteach, de réir ord aibítre:

“Úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit (*2)

(*2)  gan úisc tae ghlais uiscí ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit san áireamh a bhfuil comhdhéanamh acu is inchomparáide le hinsiltí tae ghlais traidisiúnta tar éis iad a athdhéanamh i ndeochanna.”"

Airteagal 2

Earraí bia ina bhfuil úisc tae ghlais ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit, nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an 21 Meitheamh 2023.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) Uimh. 307/2012 an 11 Aibreán 2012 lena mbunaítear rialacha le haghaidh cur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia(IO L 102, 12.4.2012, lch. 2).

(3)  Opinion on green tea extracts and green tea infusion – Danish Technical University (2015).

(4)  Safety assessment on levels of (-)-Epigallocatechin-3-gallate (EGCG) in green tea extracts used in food supplements, Norwegian Institute of Public Health (2015).

(5)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2018;16(4):5239.

(6)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(7)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(*1)  gan úisc tae ghlais uiscí ina bhfuil (-)-eipeagallacaitéicín-3-galláit san áireamh a bhfuil comhdhéanamh acu is inchomparáide le hinsiltí tae ghlais traidisiúnta tar éis iad a athdhéanamh i ndeochanna.


CINNTÍ

1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/12


CINNEADH (AE) 2022/2341 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2022

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/1345 a mhéid a bhaineann le húdarú a thabhairt chun tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gColóim agus le Meicsiceo d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bunaítear an fhéidearthacht rochtain ar mhargadh an Aontais a thabhairt do tháirgí orgánacha a thagann ó thríú tíortha a aithníodh faoi chomhaontú trádála mar thíortha a bhfuil córas táirgthe iontu lena gcomhlíontar na cuspóirí céanna agus na prionsabail chéanna trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear an ráta dearbhaithe comhréireachta céanna agus a áirithítear le rialacha an Aontais.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2021/1345 ón gComhairle (2), thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontuithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha idir an tAontas agus an Airgintín, an Astráil, Ceanada, Cósta Ríce, an India, Iosrael, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Chóiré Theas, an Túinéis agus na Stáit Aontaithe.

(3)

Chuir an Coimisiún tús leis an gcaibidlíocht leis an gColóim agus le Meicsiceo faoi Chinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 (3). Sa Chinneadh sin cuireadh teorainn ama le ré na caibidlíochta agus níorbh fhéidir í a thabhairt chun críche sular baineadh amach an teorainn ama sin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha leis an gColóim agus le Meicsiceo. Ba cheart an chaibidlíocht sin a dhéanamh ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1345.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2021/1345 a leasú chun an Cholóim agus Meicsiceo a chuimsiú faoina raon feidhme.

(6)

Ba cheart na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1345 a leasú chun tagairtí don Cholóim agus do Mheicsiceo a chuimsiú.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2021/1345 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (AE) 2021/1345 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh (AE) 2021/1345 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Airgintín, leis an Astráil, le Ceanada, leis an gColóim, le Cósta Ríce, leis an India, le hIosrael, leis an tSeapáin, le Meicsiceo, leis an Nua-Shéalainn, leis an gCóiré Theas, leis an Túinéis agus leis na Stáit Aontaithe d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha”;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

“1.   Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Airgintín, leis an Astráil, le Ceanada, leis an gColóim, le Cósta Ríce, leis an India, le hIosrael, leis an tSeapáin, le Meicsiceo, leis an Nua-Shéalainn, leis an gCóiré Theas, leis an Túinéis agus leis na Stáit Aontaithe d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha.”

;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad an aguisín.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2021/1345 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Airgintín, leis an Astráil, le Ceanada, le Cósta Ríce, leis an India, le hIosrael, leis an tSeapáin, leis an Nua-Shéalainn, leis an gCóiré Theas, leis an Túinéis agus leis na Stáit Aontaithe d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha (IO L 306, 31.8.2021, lch. 2).

(3)  Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha (Féach doiciméad ST 10474/14 ar http://register.consilium.europa.eu).


1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/14


CINNEADH (AE) 2022/2342 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Samhain 2022

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Spáinne,

Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

(2)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Patricia CÍREZ MIQUELEIZ éirí as oifig.

(4)

Chuir Rialtas na Spáinne Isabel YGLESIAS JULIÀ, Jefa de Asuntos de la Unión Europea y delegada en la Unión Europea de la CEOE (Confederación Española de Organizaciones Empresariales) (Ceann Ghnóthaí an Aontais agus Toscaire CEOE (Cónaidhm na Spáinne d’Eagraíochtaí Gnó) chuig an Aontas), lena ceapadh ina comhalta de Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Isabel YGLESIAS JULIÀ, Jefa de Asuntos de la Unión Europea y delegada en la Unión Europea de la CEOE (Confederación Española de Organizaciones Empresariales) (Ceann Ghnóthaí an Aontais agus Toscaire CEOE (Cónaidhm na Spáinne d’Eagraíochtaí Gnó) chuig an Aontas), ina comhalta de Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. BALAŠ


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).


Ceartúcháin

1.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 310/16


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 248 an 13 Iúil 2021 )

Ar leathanach 45, Airteagal 1, pointe 26, Airteagal 22b(12) nua, an chéad fhomhír agus an dara fomhír:

in ionad:

“12.   Déanfaidh údarás inniúil víosaí nó inimirce an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe fíorú de láimh ar aon amas de bhun mhír 6.

Chun críocha an fhíoraithe de láimh faoin gcéad fhomhír den mhír seo, beidh rochtain ag an údarás inniúil ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhaid iarratais nasctha, agus ar na hamais a spreagadh le linn na huathphróiseála de bhun mhír 7.”

,

léitear:

“12.   Déanfaidh údarás inniúil víosaí nó inimirce an Bhallstáit a bheidh ag próiseáil an iarratais ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe fíorú de láimh ar aon amas de bhun mhír 8.

Chun críocha an fhíoraithe de láimh faoin gcéad fhomhír den mhír seo, beidh rochtain ag an údarás inniúil ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhaid iarratais nasctha, agus ar na hamais a spreagadh le linn na huathphróiseála de bhun mhír 8.”

.

Top