EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2020:272:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta, 17 Lúnasa 2020


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
17 Lúnasa 2020


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2020/C 272/01

Tuairim Uimh. 4/2020 (de bhun Airteagal 287(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE) maidir le togra 2020/0101 (COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU); agus maidir le togra leasaithe 2018/0196 (COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais do na cistí sin agus don Chiste Tearmainn agus Imirce, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 272 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

17.8.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 4/2020

(de bhun Airteagal 287(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE)

maidir le togra 2020/0101 (COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní breise eisceachtúla agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU); agus maidir le togra leasaithe 2018/0196 (COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais do na cistí sin agus don Chiste Tearmainn agus Imirce, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí

(2020/C 272/01)

CLÁR NA nÁBHAR

 

Mír

Leathanach

Réamhrá…

1-4

2

Ár measúnú ar COM(2020) 451 – REACT-EU…

5-21

3

Cistí breise a úsáid chun dul i ngleic leis an ngéarchéim…

6-9

3

Cistí a leithdháileadh ar Bhallstáit…

10-11

4

Cistí clársceidealaithe…

12-16

5

Faireachán agus Meastóireacht…

17-19

6

Riosca calaoise…

20-21

7

Ár measúnú ar COM(2020) 450 – leasú maidir le RFC, 2021-2027…

22-29

7

Teorainn ama a chur leis na bearta…

24

7

Solúbthacht sa bhuiséadú…

25-26

8

Clársceidealú agus faireachán…

27-29

8

Barúlacha scoir…

30-33

9

Iarscríbhinn I – Tuairimí atá ábhartha do thogra reachtach an Bheartais Comhtháthaithe le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 agus a d'eisigh CIE faoin 13 Iúil 2020…

10

Iarscríbhinn II – Iarrataí ar thuairimí a bhaineann le COVID-19 agus a fuair CIE faoin 13 Iúil 2020…

11

Réamhrá

1.

Tá éifeacht ollmhór go fóill ag paindéim COVID-19 ar shaol na saoránach. Tá roinnt beart déanta ag an Aontas Eorpach cheana chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, lena n-áirítear:

scaipeadh an víris a theorannú;

soláthar trealaimh leighis a áirithiú;

borradh a chur faoin taighde le haghaidh cóireálacha agus vacsaíní;

tacú le poist, gnólachtaí agus an geilleagar.

Maidir leis an bpointe deireanach díobh sin, tá pacáiste EUR 750 billiún curtha ar aghaidh ag an Aontas, “An chéad Ghlúin Eile den Aontas”, chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí tionchar socheacnamaíoch na paindéime a íoslaghdú agus filleadh ar an bhfás inbhuanaithe (1).

2.

Is é is ábhar don tuairim seo ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dhá thogra le déanaí i réimse an bheartais Comhtháthaithe, agus baineann an dá cheann acu le reachtaíocht lena rialaítear an cistiú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CES) – Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC):

Mar chuid de phacáiste an Aontais don Chéad Ghlúin Eile, leasú ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna do chlárthréimhse 2014-2020, faoina gcuirfí EUR 58 mbilliún breise ar fáil sna blianta ó 2020 go 2022 (2). Tugtar REACT-EU ar an togra seo: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa; agus

Leasú ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh RFC le haghaidh 2021-2027 – atá fós á phlé ag na húdaráis reachtacha – lena gcuirtear sásraí ar fáil ar féidir iad a agairt go tapa i gcás ina mbainfeadh tuilleadh suaití don Aontas sna blianta atá le teacht (3).

3.

Ciallaíonn bunús dlí na dtograí ón gCoimisiún go bhfuil sé éigeantach dul i gcomhairle le CIE. Fuaireamar iarrataí foirmiúla ón gComhairle (8 Meitheamh 2020 agus 10 Meitheamh 2020 faoi seach) agus ón bParlaimint (9 Meitheamh 2020 maidir leis an dá thogra). Tá an dá thogra ón gCoimisiún nasctha lena chéile, mar a léirítear go sainráite sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le gach togra. I bhfianaise an mhéid sin, agus an ghá atá ann freagairt go han-tapa, thograíomar ár dtuairim maidir leis an dá thogra a thabhairt in aon doiciméad amháin. Dá bhrí sin, comhlíontar leis an doiciméad seo na ceanglais chomhairliúcháin a bhaineann leis an dá thogra. Baineann míreanna 5 go 21 le togra REACT-EU agus baineann míreanna 22 go 29 leis an togra leasaithe le haghaidh RFC, 2021-2027. Mar thagairt, tá liosta ag Iarscríbhinn I dár dtuairimí uile maidir le clárthréimhse 2021-2027 a foilsíodh faoin 13 Iúil 2020.

4.

Iarradh orainn roinnt tuairimí a thabhairt maidir le reachtaíocht atá beartaithe i dtaobh COVID-19 (féach  Iarscríbhinn II ). D’fhoilsíomar an chéad cheann díobh sin an 15 Aibreán 2020 (4); is í an tuairim reatha seo an dara tuairim. Tá sé mar aidhm againn éascaíocht a dhéanamh do na reachtóirí agus na tograí ón gCoimisiún á mbreithniú acu. Bunaithe ar an taithí atá againn ar thograí reachtacha a scrúdú agus ar mheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar bhainistiú fónta airgeadais, tá roinnt prionsabail ghinearálta leagtha síos againn maidir le húsáid chistí an Aontais arbh fhiú do na reachtóirí iad a bhreithniú, go háirithe agus bearta gaolmhara/éigeandála i leith COVID-19 á bhforbairt acu – féach  Bosca 1 . Bhaineamar úsáid as na prionsabail sin mar chreat ginearálta chun measúnú a dhéanamh ar na tograí.

Bosca 1

Prionsabail lena rialaítear úsáid chistí an Aontais i gcásanna éigeandála

(1)

Ábharthacht: Ba cheart loighic shoiléir idirghabhála a léiriú maidir leis an gcaoi a dtugtar aghaidh leis an gcistiú ar riachtanais agus an chaoi a dtugann sé údar maith leis an mbreisluach a ghabhann leis an tacaíocht ón Aontas.

(2)

Spriocdhíriú: Ba cheart an cistiú a spriocdhíriú ar na réimsí agus ar na faighteoirí sin is mó a bhfuil gá acu leis, ionas go mbeidh an tionchar is mó is féidir aige.

(3)

Simplíocht: Ba cheart don tacaíocht a bheith simplí a riar, agus na cuspóirí atá léi á mbaint amach ag an am céanna, agus a laghad ualaigh agus is féidir ar thairbhithe.

(4)

Comhordú: Ba cheart tacaíocht an Aontais a chomhordú go maith le scéimeanna éagsúla eile de chuid an Aontais agus idir bearta tacaíochta de chuid an Aontais agus bearta tacaíochta náisiúnta.

(5)

Uainiú: Ba cheart tacaíocht ón Aontas a bheith ar fáil do na Ballstáit, agus dá bhrí sin do thairbhithe, ar bhealach tráthúil. Níor cheart do na bearta a bheith i bhfeidhm ach go ceann na tréimhse a bhfuil gá leo.

(6)

Trédhearcacht agus cuntasacht: Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith freagrach as an úsáid a bhaineann siad as cistí an Aontais. D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach bearta éigeandála a rianú, agus trédhearcacht a choimeád dá réir, ach tá sé ríthábhachtach chun cuntasacht a áirithiú.

(7)

Bainistiú fónta airgeadais (luach ar airgead): Laistigh den teorainn ama atá ar fáil do na Ballstáit chun an t-airgead nua a chaitheamh, níor cheart tosaíocht a thabhairt don ionsú thar chúinsí um luach ar airgead.

(8)

Faireachán agus tuairisciú: Ba cheart socruithe faireacháin a bheith i bhfeidhm chun cuntasacht a éascú, agus chun faisnéis chruinn iontaofa a sholáthar do bhainisteoirí d’fhonn feabhsuithe atá bunaithe ar thaithí phraiticiúil a dhéanamh.

(9)

Meastóireacht: Ba cheart meastóireachtaí ar leibhéal an chláir agus ar leibhéal an bheartais a úsáid le haghaidh cinnteoireachta. Mura bhfuil dóthain ama ann chun meastóireacht ex ante a dhéanamh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht ex post ar leibhéal na mBallstát lena húsáid ag an gCoimisiún.

(10)

Feasacht ar chalaois/ar dhrochúsáid: I ngeall ar thacaíocht shuntasach ón Aontas faoi bhearta éigeandála, mar aon le maolú ar roinnt ceanglais nós imeachta, tá méadú ar an riosca neamhrialtachtaí agus calaoise atá ann. Ba cheart do na heagraíochtaí go léir a bhfuil baint acu le hairgead poiblí a bhainistiú a bheith an-aireach ó thaobh na rioscaí sin de.

Foinse:

CIE.

Ár measúnú ar COM(2020) 451 – REACT-EU

5.

Leis an togra seo, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún leas a bhaint as cumhacht iomlán bhuiséad an Aontais chun infheistíocht a spreagadh agus tacaíocht airgeadais a thúsualú sna chéad bhlianta ríthábhachtacha den téarnamh. Sa tuairim uainn, tugtar aghaidh ar na gnéithe seo a leanas den togra seo:

úsáid a bhaint as cistí breise chun dul i ngleic leis an ngéarchéim;

cistí a leithdháileadh ar Bhallstáit;

cistí clársceidealaithe;

faireachán agus meastóireacht;

riosca calaoise.

Úsáid a bhaint as cistí breise chun dul i ngleic leis an ngéarchéim

Príomhphointí:

Chun cistiú breise a chur ar fáil do na Ballstáit, ní mór an reachtaíocht ábhartha uile a ghlacadh go tapa.

De bharr rátaí ionsúcháin níos ísle i roinnt de na Ballstáit tá riosca ann nach mbeidh siad in ann an t-airgead breise a chaitheamh go héifeachtach.

6.

Leis an EUR 58 mbilliún atá beartaithe ag an gCoimisiún a chur in úsáid trí REACT-EU, comhlánaítear na bearta a bhí ann roimhe seo, arb ionann iad agus freagairt láithreach ghéarchéime ar thionchar na paindéime (5). Ceapadh REACT-EU chun bheith ina fhreagairt ghearrthéarmach agus mheántéarmach agus chun an bealach a réiteach do théarnamh an Aontais. Faoin togra, soláthróidh REACT-EU EUR 5 bhilliún don bhliain 2020, agus déanfar formhór na n-acmhainní nua, EUR 42 bhilliún, a ghealladh in 2021 agus tráinse deiridh EUR 11 bhilliún don bhliain 2022.

7.

Chun cistí breise a chur in úsáid go tapa chun tacú le geilleagar an Aontais, beidh gá ní hamháin leis an togra maidir le REACT-EU féin a ghlacadh go pras, ach freisin leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) leasaithe do 2014-2020 a ghlacadh go pras agus leis an gcinneadh maidir le hacmhainní dílse lena gcuirfear an cistiú nua ar fáil a ghlacadh go pras. Le moilleanna ar aon cheann de na tograí sin a ghlacadh, tá baol ann go gcuirfear moill ar theacht i bhfeidhm REACT-EU.

8.

Is léir ón taithí a fuaireamar roimhe seo nach leor cistiú a chur ar fáil do na Ballstáit ann féin: ní mór dóibh freisin an t-am agus an cumas riaracháin is gá a bheith acu chun dea-úsáid a bhaint as. Chonaiceamar roimhe seo go mbaineann rioscaí ar leith leis an tréimhse ag deireadh clárthréimhse ós rud é, de bharr an bhrú a bhíonn ann cistí a ionsú [i.e. an t-airgead atá ar fáil a chaitheamh], go bhféadfadh sé nach dtugtar aird leordhóthanach ar luach ar airgead (6). Tugaimid dár n-aire, go háirithe, go bhfuil roinnt de na Ballstáit, ar dócha gurb iad is measa a bheidh buailte ag paindéim COVID-19, atá ina measc siúd a bhfuil na rátaí ionsúcháin is ísle acu don chlárthréimhse reatha (7). Ina thograí, tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun an t-ualach ar na Ballstáit a laghdú, amhail 50 % den chistiú breise do 2020 a chur ar fáil láithreach mar réamh-mhaoiniú (8). Mar sin féin, tá riosca ann fós go mbeidh roinnt Ballstát nach mbeidh in ann an cistiú atá ar fáil dóibh a chaitheamh agus luach ar airgead a thabhairt i gcrích (9).

9.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún formhór an chistithe breise a ardú trí iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais (10). Murab ionann agus bealaí traidisiúnta chun caiteachas an Aontais a mhaoiniú, bunaithe ar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, tá costais bhreise i bhfoirm an úis arna thabhú i gceist leis an modh sin. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh ar an tsaincheist sin go díreach sa togra maidir le REACT-EU, ná níl sí teoranta don togra sin. Ar na cúiseanna sin, nílimid ag tabhairt aghaidh ar an tsaincheist sin sa tuairim seo. Féadfaimid filleadh ar an tsaincheist seo ar dháta níos déanaí, i ndoiciméad ar leithligh.

Cistí a leithdháileadh ar na Ballstáit

Príomhphointe:

Áirítear sa togra modh nua chun na cistí breise a leithdháileadh ar Bhallstáit ar modh é a d’fhéadfaí a shaobhadh trí úsáid a bhaint as figiúirí neamhchruinne don dífhostaíocht sna ríomhanna.

10.

Mar a thugamar faoi deara roimhe seo (11), tá leithdháileadh na gcistí comhtháthaithe á rialú ag sraith próiseas atá sách casta agus ina gcuirtear san áireamh gnéithe éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla. Tá an cleachtas leithdháilte sin níos dúshlánaí fós in aimsir ghéarchéime nuair is gá cistí a chur ar fáil faoi spriocdhátaí dochta agus faoi imthosca atá ag athrú go tapa. I ndáil leis an méid sin, tugaimid dár n-aire an togra modh leithdháilte ad hoc a thabhairt isteach le haghaidh na n-acmhainní eisceachtúla breise agus, go háirithe, táscairí sonracha agus sásraí athbhreithnithe a chur san áireamh – in éineacht le critéir chomhtháthaithe thraidisiúnta – atá ceaptha chun tionchar coibhneasta na géarchéime ar gheilleagair náisiúnta (mar a thomhaistear de réir OTI) agus ar fhostaíocht a ghabháil (12).

11.

Tá na forálacha nua sin comhsheasmhach le haidhm an Choimisiúin tacú leis na Ballstáit sin is measa atá buailte ó thaobh an gheilleagair de […] agus a bhfuil an cumas is lú iontu teacht aniar. Braitheann baint amach an chuspóra sin ar staidreamh atá cothrom le dáta go leordhóthanach a úsáid sna ríomhanna. Is é Meitheamh-Lúnasa 2020 an tréimhse thagartha atá beartaithe chun leibhéil dífhostaíochta a ríomh le haghaidh leithdháiltí 2020 agus 2021 (is ionann é seo agus 82 % den chistiú breise iomlán). Sna Ballstáit sin ina bhfuil scéimeanna sealadacha coimeádta post i bhfeidhm fós le linn na tréimhse sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh fomheastachán ar an bhfíorleibhéal bunúsach dífhostaíochta, ós rud é gur dócha go n-ardóidh na rátaí dífhostaíochta a luaithe a thiocfaidh deireadh leis na scéimeanna sin.

Cistí clársceidealaithe

Príomhphointí:

Má fhadaítear an tréimhse chun gealltanais a dhéanamh, cuirfear brú breise ar chumas na mBallstát an cistiú breise a chaitheamh i gcomhréir leis na rialacha agus le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais.

Beartaítear go ciallmhar leis an togra úsáid a bhaint as na struchtúir reatha bhainistíochta atá sna Ballstáit le haghaidh cistí SIE chun an cistiú nua a riar.

Ní cheanglófaí ar na Ballstáit a leagan amach conas a bhí sé beartaithe acu na cistí breise a chomhordú, agus an riosca ann go ndéanfaí tacaíocht an Aontais a ilroinnt nó a dhúbláil.

12.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an spriocdháta le haghaidh gealltanas a fhadú dhá bhliain, go dtí 2022. Na Ballstáit sin a roghnóidh leas a bhaint as tacaíocht bhreise faoi REACT-EU, beidh orthu a gCláir Oibríochta reatha a leasú nó cinn nua a mholadh. Faoi réir ghlacadh tráthúil CAI athbhreithnithe do 2014-2020 agus an chinnidh maidir le hioncam dílis, ba ghá leasuithe den sórt sin a ullmhú agus a chur faoi chaibidlíocht in 2020 do thráinsí 2020 agus 2021, agus arís in 2021/2022 do thráinse na bliana 2022. Is dócha go dtarlóidh an chaibidlíocht sin ag an am céanna le hullmhú agus caibidlíocht na gclár don tréimhse 2021-2027, agus le cur chun feidhme na gClár Oibríochtúil a bhaineann leis an dá chlárthréimhse. Dúshlán suntasach do na páirtithe uile a bheadh sa mhéid sin.

13.

Ní hamháin go bhfuil an baol ann go gcuirfear tuilleadh moille ar thús thréimhse 2021-2027, ach de thoradh leithdháileadh thráinse 2022 is beag am a bheidh ag na Ballstáit an cistiú nua a chaitheamh, agus an baol gaolmhar ann go dtabharfaidh siad tosaíocht don ionsú thar chúinsí um luach ar airgead – bain úsáid as nó caill é.

14.

Beartaítear leis an togra nach gcuirfí na cistí breise faoi REACT-EU ar fáil ach amháin d’údaráis arna n-ainmniú cheana chun na críche sin faoi na cláir atá ann cheana; dhéanfaí cistí a chlársceidealú trí Chláir Oibríochtúla reatha na tréimhse 2014-2020, faoi aiseanna tosaíochta ar leithligh agus/nó trí Chláir Oibríochtúla thiomnaithe nua; agus chuirfí in iúl iad faoi Chuspóir Téamach trasearnálach nua (13). Faoi réir na caibidlíochta idir an Coimisiún agus na Ballstáit, is gnéithe dearfacha iad sin – ba cheart, dá mbarr, don chlársceidealú a bheith níos simplí, don réasúnaíocht don chaiteachas áitiúil a bheith níos téagartha, agus dóibh a bheith ina gcuidiú ag an gCoimisiún agus an caiteachas á rianú aige. Thuairiscíomar roimhe seo go raibh Cláir Oibríochta 2014-2020 bunaithe go ginearálta ar loighic láidir idirghabhála (14) agus chinneamar go raibh cur i leataobh infheistíochtaí ina chuidiú ó thaobh cuntasacht a áirithiú do shaoránaigh an Aontais i dtaobh úsáid cistí (15).

15.

Tugaimid dár n-aire, áfach, nach gceanglaítear leis an togra ar na húdaráis caiteachas a thuairisciú faoi chóid idirghabhála thiomnaithe, fiú i gcás cineálacha nua tacaíochta a cheadaítear sa togra amhail caipiteal oibre FBManna a mhaoiniú. Tugaimid dár n-aire, os a choinne sin, gur tugadh isteach cód idirghabhála tiomnaithe leis an togra leasaithe ón gCoimisiún maidir le RFC do 2021-2027 (féach mír 28 thíos). Ní léir cén fáth nár moladh cód idirghabhála den sórt sin le haghaidh an leasaithe maidir le REACT-EU.

16.

Leagtar amach sa togra na réimsí leathana inar cheart an cistiú nua a chur i bhfeidhm, ach bheadh rogha ag na Ballstáit maidir leis na cineálacha tionscadal a mhaoiníonn siad (16). Leis an togra freisin tugtar saoirse shuntasach do na húdaráis leithdháiltí a aistriú idir cistí agus cineálacha infheistíochtaí (17). Is iomchuí an tsolúbthacht mhéadaithe sin a bheith ann in imthosca ghéarchéim COVID-19. Tugaimid dár n-aire, áfach, nach gceanglaítear leis an togra ar na Ballstáit a nochtadh conas atá sé i gceist acu idirghabhálacha a chomhordú idir Cláir Oibríochtúla éagsúla agus i rith tréimhsí éagsúla ionas go gcuirfear an tacaíocht airgeadais ar fáil sna réimsí is mó a bhfuil gá léi. Mura mbeidh comhordú ann, tá riosca ann go ndéanfar tacaíocht an Aontais a ilroinnt nó a dhúbláil, go háirithe sna Ballstáit a bhfuil breis Cláir Oibríochtúla acu.

Faireachán agus Meastóireacht

Príomhphointí:

In éagmais comhtháscairí éigeantacha, beidh sé deacair measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht ar leibhéal an Aontais.

Níl aon cheanglas ann meastóireacht ex post a dhéanamh go sonrach ar an gcistiú breise faoi REACT-EU, rud a theorannóidh cumas an Choimisiúin ceachtanna a fhoghlaim le haghaidh géarchéimeanna amach anseo.

17.

Dúramar roimhe seo nach féidir leis an gCoimisiún éifeachtacht infheistíochtaí an Aontais a thomhas agus a mheas ach amháin má tá faisnéis ábhartha, iontaofa agus thráthúil maidir le haschuir agus torthaí ar fáil agus má tá an fhaisnéis sin i bhfoirm inar féidir í a chomhiomlánú (18). Cé go gceanglaítear leis an togra leasaithe ar na Ballstáit táscairí aschuir agus toraidh le haghaidh infheistíochtaí faoi REACT-EU a shainiú, ní bhunaítear leis comhtháscairí ar leibhéal an Aontais lena gcuimseofar gníomhaíocht a bhaineann le COVID-19 (19).

18.

Dúirt an Coimisiún linn go raibh sé beartaithe aige tacar comhtháscairí a chur in iúl do na Ballstáit; ní bheadh na táscairí sin éigeantach, agus bheadh saoirse ag na Ballstáit go fóill a gcuid táscairí clárshonracha féin a shainiú. Chinneamar roimhe seo gurbh é an toradh a bhí ar an deis a bheith ag na Ballstáit táscairí clárshonracha a shainiú sa tréimhse 2014-2020 ná thart ar 9 000 táscaire éagsúil a bheith in úsáid, agus ualach suntasach riaracháin ar údaráis agus ar thairbhithe dá réir (20). In éagmais comhtháscairí éigeantacha a bheith in úsáid ag na Ballstáit uile, níorbh fhéidir – cé go rabhthas in ann feidhmíocht a mheas ar leibhéal na gClár Oibríochtúil, nó laistigh de réigiúin agus tíortha – faisnéis feidhmíochta a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais, agus teorannú dá réir déanta ar an raon feidhme le haghaidh meastóireacht fhoriomlán ar éifeachtacht agus ar thionchar. Dá bhrí sin, mholamar an fhaisnéis feidhmíochta a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach (21). Ní thugtar aghaidh sa togra maidir le REACT-EU ar an tsaincheist sin.

19.

Ceanglaítear leis an togra ar na Ballstáit meastóireacht amháin ar a laghad a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar na tacaíochta airgeadais faoi REACT-EU (22). Faoin togra, ní cheanglófaí ar an gCoimisiún meastóireacht ex post a dhéanamh go sonrach ar REACT-EU. Ina ionad sin, déanfar cistí REACT-EU a mheas in éineacht leis an gcuid eile de chistí SIE faoi cheanglas caighdeánach Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh meastóireachtaí (23). Dar linne, ós rud é gur freagairt éigeandála atá in REACT-EU, go bhfuil roinnt ceanglais nós imeachta á maolú, go bhfuil foirm nua mhaoiniúcháin ann agus go bhfuil suimeanna móra i gceist, go bhfuil údar maith ann le meastóireacht ex post shonrach a dhéanamh ar REACT-EU chun ceachtanna a fhoghlaim le haghaidh freagairtí géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Tugaimid dár n-aire go bhfuil gnéithe sa togra a d’éascódh meastóireacht ex post ag an gCoimisiún, amhail cuspóir téamach sonrach le haghaidh na n-acmhainní breise.

Riosca calaoise

Príomhphointe:

Tá riosca níos airde neamhrialtachta agus calaoise ag baint le REACT-EU, toisc cistiú suntasach breise a bheith á sholáthar laistigh de thréimhse ghearr, agus ní mór do na geallsealbhóirí uile aghaidh a thabhairt air sin.

20.

Is é atá in REACT-EU méid suntasach acmhainní breise atá le caitheamh i ngiorracht ama agus brú méadaithe ar chórais rialaithe dá réir. Thug Europol, gníomhaireacht an Aontais um chomhar póilíneachta, an rabhadh seo a leanas: coirpigh atá ag iarraidh calaois a dhéanamh ar chistiú poiblí, díreoidh siad ar spreagthaí eacnamaíocha amhail na cinn atá á moladh ag éirí as paindéim COVID-19 (24). I dtuarascáil roimhe seo, d’aithníomar roinnt easnamh a dhéanann difear don phróiseas bainistíochta frithchalaoise agus d’iarramar ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis bhainistíochta brath, freagairt agus comhordú calaoise a neartú i measc chomhlachtaí na mBallstát (25).

21.

I bhfianaise an mhéid sin, is díol sásaimh dúinn go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil sé ar intinn aige na bearta i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí a neartú tuilleadh (26). Mar chaomhnóirí ar airgeadas an Aontais, tathantaímid orthu siúd uile lena mbaineann (an Coimisiún, na Ballstáit agus a n-údaráis, Parlaimint na hEorpa, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, OLAF, Europol agus Eurojust) a ndícheall a dhéanamh bearta éifeachtacha frithchalaoise a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun na rioscaí nua a eascraíonn as spreagthaí eacnamaíocha amhail REACT-EU a chomhrac.

Ár measúnú ar COM(2020) 450 – leasú maidir le RFC, 2021-2027

22.

An 29 Bealtaine 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra reachtach le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna (CPR) don chéad CAI eile, 2021-2027. Ba é an chéad togra seo ab ábhar dár dtuairim Uimh. 6/2018 (27). An 14 Eanáir 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach leasú beartaithe ar a thogra reachtach an 29 Bealtaine 2018. Ba é an leasú seo ab ábhar dár dtuairim Uimh. 2/2020 (28).

23.

Is é is aidhm don togra is déanaí – is ábhar don tuairim seo – cumas an Aontais freagairt d’imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha a neartú trí chur ar chumas an Choimisiúin ar bhonn sealadach, tar éis cinneadh ón gComhairle (29), freagairt níos tapúla a thabhairt trí chinntí cur chun feidhme a úsáid chun gníomhú. Níl an togra seo teoranta do dhul in olcas féideartha staid COVID-19 ná d’éigeandálaí sláinte poiblí i gcoitinne. Bheadh feidhm aige maidir le haon staid a n-aithníonn an Chomhairle gur géarchéim í. Sa tuairim uainn, tugtar aghaidh ar na gnéithe seo a leanas den togra:

teorainn ama a chur leis na bearta;

solúbthacht sa bhuiséadú;

clársceidealú agus faireachán.

Teorainn ama a chur leis na bearta

Príomhphointe:

Ní shonraítear sa togra críochphointe do na cumhachtaí breise a dheonófaí don Choimisiún.

24.

Ní shoiléirítear sa togra cathain a thiocfadh deireadh le cumhachtú sealadach an Choimisiúin ná na himthosca faoina dtiocfadh deireadh leis. Mar a thugamar faoi deara roimhe seo, ba cheart do bhearta eisceachtúla den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama de agus níor cheart dóibh fanacht i bhfeidhm ach go ceann na tréimhse a bhfuil gá leo (30).

Solúbthacht sa bhuiséadú

Príomhphointe:

Maidir leis an tairseach le haghaidh oibríochtaí is féidir a chéimniú idir clárthréimhsí éagsúla ó EUR 10 milliún go EUR 5 mhilliún, ní thugtar údar maith sa togra le laghdú na tairsí sin gan bheith teoranta do na bearta sealadacha.

25.

Soiléirítear sa togra leasaithe maidir le RFC na coinníollacha le haghaidh aistriú na leithdháiltí idir cistí (31). Is díol sásaimh dúinn an soiléiriú sin, atá i gcomhréir leis an gcéad tuairim a bhí againn i dtaobh an togra maidir le RFC. Athdhearbhaímid an athuair gur cheart na haistrithe sin a bheith ina bhfreagairt ar na riachtanais is práinní (32).

26.

Ina theannta sin, laghdaítear leis an togra an tairseach le haghaidh oibríochtaí is féidir a chéimniú idir clárthréimhsí éagsúla ó EUR 10 milliún go EUR 5 mhilliún (33). Leis an ngné sin den togra thabharfaí breis solúbthachta do na Ballstáit maidir le tionscadail a mhaoiniú, agus chuideodh sé go ginearálta le hionsú (34). Níl an beart seo teoranta, áfach, do na bearta sealadacha atá ina bhfreagairt ar imthosca neamhghnácha eisceachtúla, ach bheadh sé ar fáil do gach tionscadal, gan beann ar ghéarchéim a bheith ann.

Clársceidealú agus faireachán

Príomhphointí:

Ní áirítear sa togra forálacha maidir le maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le marbhualach de dheasca tionscadail a fhormheas go cúlghabhálach.

Tugtar isteach leis an togra forálacha feabhsaithe chun rianú a dhéanamh ar an gcistiú a sholáthraítear chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí.

27.

Déantar foráil sa togra maidir le socruithe sonracha cistiúcháin chun cabhrú le dul i ngleic le himthosca eisceachtúla agus neamhghnácha, lena n-áirítear an fhéidearthacht roinnt oibríochtaí a roghnú agus a chistiú go cúlghabhálach (35). Chinneamar roimhe seo go mbaineann riosca marbhmheáchain le tionscadail a chistiú go cúlghabhálach agus gur mó an baol go mbainfeadh earráidí comhlíontachta do na tionscadail sin (36). Rogha eile ba ea cistiú cúlghabhálach a theorannú do chineálacha tionscadal atá sainithe go soiléir, arb iad na tionscadail is ábhartha iad ó thaobh na n-imthosca eisceachtúla de.

28.

Tugtar isteach leis an togra cóid idirghabhála thiomnaithe chun rianú a dhéanamh ar na deontais chaipitil a sholáthraítear do FBManna agus an trealamh agus na soláthairtí criticiúla is gá chun aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála faoi na bearta sealadacha sin (37). Is ionann é sin agus an chéad chéim i dtreo breis trédhearcachta agus feabhas fiúntach i gcomparáid le forálacha na tréimhse 2014-2020 (38). B'fhiú a shonrú sa togra freisin gurb amhlaidh, má dhéantar agus nuair a dhéanfar na bearta éigeandála sin a chur i ngníomh le linn géarchéim amach anseo, a shaineoidh an Coimisiún na hoibríochtaí is féidir a mhaoiniú, chun a áirithiú go spriocdhíreofar an cistiú i gceart.

29.

Ní dhéantar aon tagairt sa togra don fhéidearthacht go socródh an Coimisiún comhtháscairí feidhmíochta le haghaidh aschur agus torthaí. Mar a chuireamar in iúl i gcomhthéacs ár dtuairime ar an togra maidir le REACT EU (mír 18 thuas), chuirfeadh comhtháscairí ar chumas an Choimisiúin rianú a dhéanamh ar an tacaíocht airgeadais a thug sé mar fhreagairt ar na himthosca eisceachtúla neamhghnácha agus d'éascófaí meastóireacht a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Barúlacha scoir

30.

Tar éis ráig COVID-19, chuaigh an Coimisiún i mbun gníomhaíocht maidir le roinnt réimsí, lena n-áirítear cistí breise a chur in úsáid, breis solúbthachta a cheadú do na Ballstáit sa chlárthréimhse reatha, 2014-2020, tionscnaimh nua agus leasuithe ar an reachtaíocht bheartaithe agus cistiú don chéad chlárthréimhse eile, 2021-2027. Is díol sásaimh iad na bearta sin go léir ach chun go mbeidh siad éifeachtach ní mór iad a chomhordú go maith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Bheadh forléargas ar na bearta éagsúla ina chabhair do na Ballstáit, chun iad a threorú maidir leis na cineálacha éagsúla tacaíochta chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí éagsúla na géarchéime.

31.

Is é is aidhm don togra maidir le REACT-EU tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma trí roinnt bearta urghnácha a thabhairt isteach chun gur féidir acmhainní breise a chur in úsáid go tapa. Mar sin féin, tá teannas ann i gcónaí idir an aidhm cistiú a sholáthar lena úsáid ag na Ballstáit chomh tapa agus is féidir agus na cuspóirí maidir leis an gcistiú a chur ar fáil sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis agus ar bhealach ar dóigh dó an éifeacht is mó a bhaint amach. Ceanglaítear leis an togra go ndéanfaí cistí faoi REACT-EU a chlársceidealú faoi struchtúir bhunaithe – smaoineamh ciallmhar, pragmatach. Mar sin féin, tugann an togra rogha do na Ballstáit maidir leis an gcaoi ar cheart na cistí a úsáid agus ní thugtar mionsonraí ann maidir leis an gcaoi a gcomhordófar REACT-EU le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus le scéimeanna náisiúnta.

32.

Foráiltear leis an togra leasaithe do 2021-2027 go ngníomhóidh an Coimisiún go pras i gcás imthosca eisceachtúla neamhshainithe amach anseo. Tá roinnt gnéithe de bhainistiú chistí an Aontais a chuidíonn le bainistiú fónta airgeadais agus nach bhfuil leagtha amach sa togra. Dá bhrí sin, b'fhéidir gur ghá don Choimisiún an togra a chomhlánú le reachtaíocht bhreise a bhaineann le staideanna géarchéime de réir mar a thagann siad chun cinn agus nuair a thagann siad chun cinn.

33.

Tuigimid go bhfuil gá le freagairt thapa chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí maolú a dhéanamh ar éifeachtaí COVID-19 agus tuigimid an réasúnaíocht atá leis na bearta molta is ábhar don tuairim seo. Tugaimid dár n-aire go méadaítear leis na tograí, go háirithe maidir le REACT-EU, an riosca calaoise – ar ábhar mór imní é do shaoránaigh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaímid an tuairim a chuireamar in iúl roimhe seo, nár cheart gur chun aimhleas na cuntasachta agus na feidhmíochta poiblí a bheadh solúbthacht agus cumas freagartha ann (39) mar go bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh don mhuinín atá ag saoránaigh an Aontais in institiúidí an Aontais.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 13 Iúil 2020.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

Uachtarán


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún The EU budget powering the recovery plan for Europe [An plean téarnaimh don Eoraip á chumhachtú ag buiséad an Aontais], 27.5.2020 (COM(2020) 442 final).

(2)  Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hacmhainní eisceachtúla breise agus socruithe cur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a thabhairt chun deisiú géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú (REACT-EU) (COM(2020) 451 final).

(3)  Togra leasaithe ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (COM(2020) 450 final).

(4)  Tuairim Uimh. 3/20 maidir le togra 2020/0054 (COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

(5)  An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+).

(6)  Mír 82 de thuarascáil speisialta Uimh. 17/2018 “Commission's and Member States” actions in the last years of the 2007-2013 programmes tackled low absorption but had insufficient focus on results'.

(7)  Forléargas AE ar chur chun feidhme de réir tíre – costas iomlán an roghnaithe agus an chaiteachais mar % den mhéid atá beartaithe (cairt urchar), le fáil ag https://cohesiondata.ec.europa.eu/overview.

(8)  Airteagal 92b, mír 7 nua atá beartaithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(9)  Moladh 4 de thuarascáil speisialta Uimh. 17/2018.

(10)  Airteagal 3b(1)(a) nua den togra leasaithe ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh, 28.5.2020, COM(2020) 445 final.

(11)  Cás-athbhreithniú Mear Uimh. 03/2019 “Allocation of Cohesion policy funding to Member States for 2021-2027”.

(12)  Iarscríbhinn VIIa, pointí 1.a)(i), 1.b)(ii), 1.c)(ii) de Rialachán leasaithe (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(13)  Airteagal 92b, míreanna 8 agus 10 nua atá beartaithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(14)  Mír 81 go mír 83 de thuarascáil speisialta Uimh. 2/2017 “The Commission’s negotiation of 2014-2020 Partnership Agreements and programmes in Cohesion”.

(15)  Mír 11 de thuairim Uimh. 3/2020 maidir le togra 2020/0054(COD) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

(16)  Airteagal 92b, mír 8 nua atá beartaithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(17)  Airteagal 92b, mír 5 nua atá beartaithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(18)  Mír 40 agus mír 48 den pháipéar faisnéise “Delivering performance in Cohesion”, Meitheamh 2019.

(19)  Aithris (14) den leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(20)  Míreanna 107 agus 110 go 113, fíoracha 11 agus 13 de thuarascáil speisialta Uimh. 2/2017.

(21)  Mír 49 den pháipéar faisnéise “Delivering performance in Cohesion”, Meitheamh 2019.

(22)  Airteagal 92b, mír 11 nua atá beartaithe de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (COM(2020) 451 final).

(23)  Airteagal 57, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(24)  Europol, “Europol launches the European Financial and Economic Crime Centre”, preaseisiúint dar dáta 5.6.2020, ar fáil ag https://www.europol.europa.eu/newsroom/news/europol-launches-european-financial-and-economic-crime-centre.

(25)  Mír 79 agus moltaí i dtuarascáil speisialta Uimh. 06/2019 “Tackling fraud in EU cohesion spending: managing authorities need to strengthen detection, response and coordination”.

(26)  “The EU budget powering the recovery plan for Europe” (COM(2020) 442 final) an 27.5.2020.

(27)  Tuairim Uimh. 6/2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (COM(2018) 375 final).

(28)  Tuairim Uimh. 2/2020 (de bhun Airteagal 287(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE) maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (COM(2020) 23 final).

(29)  Airteagal 15a nua atá beartaithe de COM(2020) 450 final.

(30)  Mír 12 de thuairim Uimh. 3/2020.

(31)  Airteagal 21 nua atá beartaithe de COM(2020) 450 final.

(32)  Mír 27, mír 28 agus moladh 2 de thuairim Uimh. 6/2018.

(33)  Airteagal 111(1), pointe (b) nua atá beartaithe de COM(2020) 450 final.

(34)  Mír 62 de thuarascáil speisialta Uimh. 17/2018.

(35)  Airteagal 15a nua atá beartaithe de COM(2020) 450 final.

(36)  Míreanna 63-69 de thuarascáil speisialta Uimh. 17/2018.

(37)  Leasú nua molta ar Iarscríbhinn I, Tábla 1 de 'Cód 023a Caipiteal oibre in FBManna a mhaoiniú i bhfoirm deontas chun aghaidh a thabhairt ar staid éigeandála' agus 'Cód 095a Trealamh agus soláthairtí criticiúla is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid éigeandála', COM(2020) 450 final.

(38)  Togra COM(2020) 138 final ón gCoimisiún Eorpach (nós imeachta 2020/0054 (COD)) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 agus an togra leasaithe ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh RFC, 2021-2027 (COM(2020) 450 final).

(39)  Mír 14 de thuairim Uimh. 3/2020; agus mír 14 den Athbhreithniú Lánléargais “Gaps, overlaps and challenges: a landscape review of EU accountability and public audit arrangements”, 2014.


IARSCRÍBHINN I

Tuairimí atá ábhartha do thogra reachtach an Bheartais Comhtháthaithe le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027 agus a d’eisigh CIE faoin 13 Iúil 2020

Tuairim Uimh. 1/2018 a bhaineann le togra an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit.

Tuairim Uimh. 6/2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (COM(2018) 375 final).

Tuairim Uimh. 8/2018 maidir le togra an Choimisiúin an 23 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 OLAF a leasú i ndáil le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe OLAF.

—Tuairim Uimh. 9/2018 a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise AE.

Tuairim Uimh. 2/2020 maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (COM(2020) 23 final).


IARSCRÍBHINN II

Iarrataí ar thuairimí a bhaineann le COVID-19 agus a fuair CIE faoin 13 Iúil 2020

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 8 Aibreán 2020, agus an 15 Aibreán 2020 ar a dhéanaí sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 138 final Togra lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil; tuairim Uimh. 3/20 ó CIE arna foilsiú an 15 Aibreán 2020.

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 8 Meitheamh 2020, agus an 15 Iúil 2020 ar a dhéanaí sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 451 final Togra le haghaidh (REACT-EU).

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 8 Meitheamh 2020, agus a luaithe is féidir sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 460 final Togra maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir.

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 10 Meitheamh 2020, agus a luaithe is féidir sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 450 final Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir le CFRE, CSE+, CC, agus CEMI agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir le CTIL, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí.

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 10 Meitheamh 2020, agus an 30 Meán Fómhair 2020 sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 453 final Togra le haghaidh Sásra um Aistriú Cóir.

Iarraidh oifigiúil ar thuairim a fuarthas an 18 Meitheamh 2020, agus a luaithe is féidir sonraithe mar sprioc-am: COM(2020) 220 final Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta


Top