This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1368
Council Decision (EU) 2026/1368 of 8 June 2026 on the approval, on behalf of the Union, of the amendment of Article 36 of the International Agreement on Olive Oil and Table Olives, 2015
Cinneadh (AE) 2026/1368 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2026 maidir le formheas, thar ceann an Aontais, an leasaithe ar Airteagal 36 den Chomhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
Cinneadh (AE) 2026/1368 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2026 maidir le formheas, thar ceann an Aontais, an leasaithe ar Airteagal 36 den Chomhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
ST/15592/2025/INIT
IO L, 2026/1368, 17.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1368/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1368 |
17.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1368 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2026
maidir le formheas, thar ceann an Aontais, an leasaithe ar Airteagal 36 den Chomhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an tAontas ina Pháirtí sa Chomhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) a síníodh thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (1) an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de agus thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 32(1) den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, ag gníomhú trí Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) an Comhaontú a leasú de chomhthoil. |
|
(3) |
Ag an 119ú seisiún dá cuid i mí an Mheithimh 2024, d’fhormheas Comhairle na gComhaltaí an leasú ar an gComhaontú de chomhthoil. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 32(2) den Chomhaontú, tá gach comhalta le fógra a thabhairt don taiscí go nglacann sé leis an leasú. |
|
(5) |
Ba cheart don Aontas an leasú ar an gComhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an leasú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015.
Tá téacs an leasaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (3).
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VAFEADES
(1) Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1892/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/848/oj).
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 mar a leanas:
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:
‘Airteagal 36
Fad, síneadh agus foirceannadh
1. Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026, mura rud é go gcuirfear síneadh leis faoi mhír 2 den airteagal seo nó go bhfoirceannfar níos luaithe é faoi mhír 3 den airteagal seo.
2. Féadfaidh Comhairle na gComhaltaí síneadh a chur leis an gComhaontú seo go ceann tréimhsí comhleanúnacha, tréimhsí nach rachaidh thar 5 bliana gach uair. Tabharfaidh Comhairle na gComhaltaí fógra don taiscí faoi aon síneadh den sórt sin. Aon chomhalta nach nglacfaidh le haon síneadh den sórt sin ar an gComhaontú seo, cuirfidh sé é sin in iúl do Chomhairle na gComhaltaí agus scoirfidh sé de bheith ina Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú seo ó thús thréimhse an tsínidh.
3. Féadfaidh Comhairle na gComhaltaí cinneadh a dhéanamh maidir leis an gComhaontú seo a fhoirceannadh de chomhthoil. Leanfaidh na hoibleagáidí ar na comhaltaí go dtí an dáta foirceanta mar a chinnfidh Comhairle na gComhaltaí.
4. D’ainneoin dhul in éag nó fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, mairfidh Comhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a fhad is gá chun leachtú Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a dhéanamh, lena n-áirítear cuntais a ghlanadh, agus le linn na tréimhse sin, beidh cibé cumhachtaí agus feidhmeanna is gá aici chun na gcríoch sin.
5. Tabharfaidh Comhairle na gComhaltaí fógra don taiscí faoi aon chinneadh a dhéanfar faoin airteagal seo.’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1368/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)