This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1108
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1108 of 13 May 2026 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Romania and repealing Implementing Decision (EU) 2026/1015 and Implementing Decision (EU) 2025/2415 (notified under document C(2026) 3323)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2026 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3323)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2026 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3323)
C/2026/3323
IO L, 2026/1108, 20.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1108/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
21/07/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1108 |
20.5.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1108 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Bealtaine 2026
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3323)
(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair a choimeád. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 ón gCoimisiún (4) an 29 Aibreán 2026 faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin. |
|
(4) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát sin tar éis ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 ann, thug an Rómáin fógra don Choimisiún an 30 Aibreán 2026 faoi ráig bhreise d’ionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar i mbunaíocht ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i gcontae Mureș. |
|
(6) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin, agus go háirithe an ráig nua sin á gcur san áireamh, ba cheart na bearta éigeandála eatramhacha dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 a choigeartú, ó thaobh spáis agus ama de, agus ba cheart leanúint dá gcur i bhfeidhm chun leathadh breise an ghalair sa Rómáin nó sa chuid eile den Aontas a chosc. Dá bhrí sin, an liosta de limistéir atá tugtha cothrom le dáta inar cheart crios srianta a bhunú sa Rómáin i leith na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, é sin agus an fad tréimhse atá beartaithe do na criosanna sin, ba cheart iad a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(7) |
Tá méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Rómáine, agus ar an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Tá caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (5) curtha san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(8) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Rómáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. Cuirtear san áireamh i bhfad an réigiúnaithe sin na híostréimhsí le haghaidh na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(9) |
Ina theannta sin, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 ón gCoimisiún (6) an 28 Samhain 2025 faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin. |
|
(10) |
Tar éis ráigeanna breise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i gcontae Teleorman sa Rómáin, leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2534 ón gCoimisiún (7). |
|
(11) |
An 1 Feabhra 2026, níor ceanglaíodh a thuilleadh na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 a chur i bhfeidhm ós rud é, ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2534, nár tuairiscíodh aon ráig nua go dtí an 23 Aibreán 2026. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 a aisghairm leis an gCinneadh seo. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Rómáin an méid seo a leanas:
|
(a) |
bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
cuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415.
Airteagal 3
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2026 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin (IO L, 2026/1015, 4.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1015/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1767 (IO L, 2025/2415, 28.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2415/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2534 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin (IO L, 2025/2534, 15.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2534/oj).
IARSCRÍBHINN
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é |
|
Mureș county RO-CAPRIPOX-2026-00001 RO-CAPRIPOX-2026-00002 |
An crios cosanta: Those parts of Mureș county, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1); Lat.46.958548, Long. 24.828615 (2026/2). |
1.6.2026 |
|
An crios faireachais: Those parts of Mureș and Bistrița-Năsăud Counties, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1), Lat.46.958548, Long. 24.828615 (2026/2), excluding the areas contained in the protection zone. |
16.6.2026 |
|
|
An crios faireachais: Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1), Lat.46.958548, Long. 24.828615 (2026/2). |
2.6.2026–16.6.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1108/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)