This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1066
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1066 of 8 June 2026 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2024/982 of the European Parliament and of the Council as regards the automated search and exchange of vehicle registration data
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1066 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1066 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle
C/2026/3110
IO L, 2026/1066, 10.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1066/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1066 |
10.6.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1066 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meitheamh 2026
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) agus Airteagal 31 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/982, bunaítear creat chun catagóirí áirithe sonraí a chuardach agus a mhalartú go huathoibríoch le haghaidh comhar póilíneachta trasteorann, lena n-áirítear sonraí clárúcháin feithicle idir na Ballstáit chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
|
(2) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/982, sonróidh an Coimisiún rialacha teicniúla maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle atá le déanamh tríd an gCóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS). |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, rialacha teicniúla a leagan síos lena rialófar cuardaigh uathoibrithe agus malartuithe uathoibrithe sonraí den sórt sin chun idir-inoibritheacht, iontaofacht agus leibhéal aonfhoirmeach slándála a áirithiú ar fud na mBallstát uile. |
|
(4) |
Déantar idirdhealú in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/982 idir cineálacha éagsúla cuardach uathoibrithe. Ba cheart rialacha teicniúla a shonrú maidir leis an dá chineál cuardaigh atá le cur chun feidhme i gcás sonraí clárúcháin feithicle, is iad sin sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil a chuardach chun an t-úinéir nó an sealbhóir a shainaithint agus sonraí a bhaineann leis an úinéir nó leis an sealbhóir a chuardach chun na feithiclí uile a bhaineann leis an duine sin a shainaithint. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go mbeidh an cur chuige i leith malartú sonraí clárúcháin feithicle comhsheasmhach agus go mbeidh leibhéal cáilíochta na sonraí a mhalartaítear iomchuí, is gá go saineofar na heilimintí sonraí éigeantacha atá le malartú agus na heilimintí sonraí roghnacha a fhéadfar a mhalartú, na paraiméadair chuardaigh chomhfhreagracha agus na sásraí cumarsáide trí EUCARIS. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun eilimintí sonraí roghnacha a mhalartú i gcás ina mbeidh siad ar fáil ina mbunachair sonraí náisiúnta, chun iomláine agus úsáideacht an mhalartaithe faisnéise trasteorann a fheabhsú. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2024/982 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl an Danmhairg faoi cheangal ag an gCinneadh seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(7) |
Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2024/982 agus, dá bhrí sin, tá sí faoi cheangal ag an gCinneadh seo. |
|
(8) |
Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tuairim uaidh an 27 Eanáir 2026. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Prüm II, a bunaíodh le hAirteagal 77 de Rialachán (AE) 2024/982, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘éigeantach (M)’ cur in iúl éigeantach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil in aon chlár náisiúnta de chuid Ballstáit; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘roghnach (O)’ cur in iúl roghnach na heiliminte sonraí i gcás ina bhfuil sí ar fáil i mbunachar sonraí náisiúnta de chuid Ballstáit.; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘eintiteas’ Ballstát nó Europol; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘eintiteas iarrthach’ Ballstát nó Europol a thionscnaíonn iarratas; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘dáta agus am tagartha’ tráth sonrach arna chinneadh ag an eintiteas iarrthach a úsáidtear chun na sonraí a cláraíodh ar an dáta agus ag an am sonrach sin a aisghabháil; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘dáta agus am reatha’ an tráth a aisghabhtar na sonraí atá cláraithe faoi láthair. |
Airteagal 2
Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na sonraíochtaí a bhaineann leis na rialacha teicniúla maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj.
IARSCRÍBHINN
Rialacha teicniúla maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle dá dtagraítear in Airteagal 2
CAIBIDIL 1
Cuardaigh chun sonraí clárúcháin feithicle a mhalartú
1. Cineálacha cuardach
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/982 (Prüm II), cuirfear dhá chineál cuardaigh chun feidhme i gcás sonraí clárúcháin feithicle, is iad sin sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil a chuardach chun an t-úinéir nó an sealbhóir a aimsiú, agus sonraí a bhaineann leis an úinéir nó leis an sealbhóir a chuardach chun feithiclí uile an úinéara nó an tsealbhóra sin a aimsiú.
2. Cuardach feithicle chun an t-úinéir nó an sealbhóir a aimsiú
2.1. Tuairisc ar an gcuardach
Tá dhá bhealach éagsúla ann chun an fhaisnéis maidir le húinéir nó sealbhóir feithicle a chuardach:
|
— |
de réir uimhir fonnaidh/uimhir aitheantais feithicle (VIN) iomlán agus dáta agus am tagartha, |
|
— |
de réir cláruimhir iomlán agus dáta agus am tagartha. |
Mura soláthraítear an dáta agus an t-am tagartha, úsáidfidh an córas an dáta agus an t-am reatha go huathoibríoch mar thagairt le haghaidh an chuardaigh. I gcás ina ndéanfar cuardach de réir dáta agus am tagartha agus nach mbeidh faisnéis stairiúil ar fáil i gclár Ballstáit ar leith toisc nár cláraíodh aon fhaisnéis den sórt sin, féadfar an fhaisnéis ar an dáta agus ag an am reatha a chur ar ais agus léiriú ann go gcomhfhreagraíonn na sonraí don staid reatha.
Leis na critéir chuardaigh sin cuirfear ar ais faisnéis a bhaineann le feithicil amháin agus uaireanta níos mó ná feithicil amháin. Mura bhfuil ach faisnéis maidir le feithicil amháin le cur ar ais, cuirfear an tacar sonraí iomlán a liostaítear i bpointe 2.2.2 ar ais i bhfreagairt amháin.
Má aimsítear níos mó ná feithicil amháin, cuirfear ar ais na heilimintí sonraí uile is gá chun an cuardach a bheachtú mar a shonraítear i bpointe 2.2.1.
I gcás ina ndéanfar an cuardach de réir uimhir fonnaidh/uimhir aitheantais feithicle agus dáta agus am tagartha, seolfar an iarraidh chuig Ballstát amháin, chuig roinnt Ballstát nó chuig na Ballstáit uile.
I gcás ina ndéanfar an cuardach de réir cláruimhreach agus dáta agus am tagartha, seolfar an iarraidh chuig Ballstát clárúcháin sonrach amháin.
Mura bhfuil sé cinnte cén Ballstát é Ballstát an chlárúcháin, seolfar an iarraidh chuig roinnt Ballstát nó chuig na Ballstáit uile agus déanfar an cuardach ar bhonn amas/gan amas. Sa fhreagra, gheobhaidh an t-eintiteas iarrthach tásc amas/gan amas in aghaidh an Bhallstáit iarrtha.
Soláthróidh na Ballstáit sonraí atá cothrom le dáta. I gcás ina ndéanfar cuardach ar an dáta agus ag an am reatha, léireofar an staid reatha. I gcás inar díchláraíodh an fheithicil, cuirfidh Ballstát an chlárúcháin in iúl go bhfuil an fheithicil díchláraithe. Soláthrófar an clárú deireanach a bhfuiltear ar an eolas faoi, arna iarraidh sin.
Cuirfidh eintitis in iúl trí bhratach má iarrtar go n-áireofar na sonraí a bhaineann le sealbhóir na feithicle, na sonraí a bhaineann le húinéir na feithicle, na sonraí a bhaineann le hárachas agus/nó an clárú deireanach a bhfuiltear ar an eolas faoi sa tacar sonraí a chuirfear ar ais mar thoradh ar an gcuardach.
2.2. Tacair sonraí
2.2.1. Eilimintí sonraí éigeantacha atá le soláthar chun an cuardach a bheachtú
|
Eilimintí sonraí |
M/O |
Nótaí |
||
|
Sonraí a bhaineann le feithiclí |
||||
|
Cláruimhir |
M |
(Cód A) cláruimhir iomlán na feithicle (uimhir bhuan, uimhir shealadach i gcás inar bailí) |
||
|
/uimhir aitheantais feithicle (VIN)/uimhir fonnaidh |
M |
(Cód E) uimhir aitheantais iomlán na feithicle/uimhir fonnaidh na feithicle |
||
|
Ballstát an chlárúcháin |
M |
Cód tíre Bhallstát clárúcháin na feithicle |
||
|
Samhail |
M |
(Cód D.1) e.g. Ford, Opel, Renault, etc. |
||
|
Tuairisc/tuairiscí tráchtála ar an bhfeithicil |
M |
(Cód D.3) e.g. Focus, Astra, Megane, etc. |
||
|
Cód Catagóire AE |
M |
(Cód J) móipéidí, gluaisrothair, gluaisteáin, etc. |
||
(1) Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/37/oj). |
||||
2.2.2. Tacar sonraí iomlán na n-eilimintí sonraí atá le soláthar mar thoradh ar an gcuardach
|
Eilimintí sonraí |
M/O |
Nótaí |
||||||
|
Sonraí a bhaineann le sealbhóir na feithicle |
(Cód C.1) Baineann na sonraí le sealbhóir an deimhnithe chlárúcháin shonraigh. Tabharfar na sonraí ar ais má iarrtar iad sa chuardach. |
|||||||
|
Cineál sealbhóra |
M |
Duine nádúrtha, duine dlítheanach |
||||||
|
Sloinne (sloinnte) nó ainm gnó |
M |
(Cód C.1.1.) Is féidir baint a bheith ag an ainm le duine nádúrtha nó le duine dlítheanach. Úsáidtear réimsí ar leithligh le haghaidh sloinne nó ainm gnó, inmhíreanna agus teideal. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte Mura bhfuil ach ainm amháin ar dhuine nádúrtha, meastar gur sloinne é. |
||||||
|
Céadainm/céadainmneacha |
M |
(Cód C.1.2) Réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm (céadainmneacha) agus inisealacha. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. |
||||||
|
Seoladh |
M |
(Cód C.1.3) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc. agus an tseolta. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. |
||||||
|
Inscne |
O |
Fireann, baineann, gan sonrú go hoifigiúil, neamhdhénártha |
||||||
|
Dáta breithe |
M |
|
||||||
|
Áit bhreithe |
O |
|
||||||
|
Uimhir aitheantais |
O |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach. |
||||||
|
An cineál uimhreach aitheantais |
O |
An cineál uimhreach aitheantais (e.g. uimhir phas). |
||||||
|
Dáta tosaigh na seilbhe |
M |
Dáta tosaigh sheilbh an chairr. Is minic gurb é a bheidh sa dáta sin an dáta mar atá priontáilte faoi (I) ar dheimhniú clárúcháin na feithicle. |
||||||
|
Dáta deiridh na seilbhe |
M |
Dáta deiridh sheilbh an chairr. |
||||||
|
Stádas an tsealbhóra |
O |
(Cód C.4) I gcás nach n-áirítear úinéir na feithicle (C.2) sa deimhniú clárúcháin feithicle, tagairt don fhíoras gurb amhlaidh an méid seo a leanas maidir le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin:
|
||||||
|
Sonraí a bhaineann le húinéir na feithicle |
(Cód C.2) Baineann na sonraí le húinéir na feithicle. Tabharfar na sonraí ar ais má iarrtar iad sa chuardach. |
|||||||
|
An cineál úinéara |
M |
Duine nádúrtha, duine dlítheanach |
||||||
|
Sloinne (sloinnte) nó ainm gnó |
M |
(Cód C.2.1) Is féidir baint a bheith ag an ainm le duine nádúrtha nó le duine dlítheanach. Úsáidtear réimsí ar leithligh le haghaidh sloinne nó ainm gnó, inmhíreanna agus teideal. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. Mura bhfuil ach ainm amháin ar dhuine nádúrtha, meastar gur sloinne é. |
||||||
|
Céadainm/céadainmneacha |
M |
(Cód C.2.2) Réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm (céadainmneacha) agus inisealacha. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. |
||||||
|
Seoladh |
M |
(Cód C.2.3) Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc. agus an tseolta. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. |
||||||
|
Inscne |
O |
fireann, baineann, gan sonrú go hoifigiúil, neamhdhénártha |
||||||
|
Dáta breithe |
M |
|
||||||
|
Áit bhreithe |
O |
|
||||||
|
Uimhir aitheantais |
O |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach. |
||||||
|
An cineál uimhreach aitheantais |
O |
An cineál uimhreach aitheantais (e.g. uimhir phas). |
||||||
|
Dáta tosaigh na húinéireachta |
M |
Dáta tosaigh úinéireacht na feithicle. |
||||||
|
Dáta deiridh na húinéireachta |
M |
Dáta deiridh úinéireacht na feithicle. |
||||||
|
Sonraí a bhaineann le feithiclí |
||||||||
|
Cláruimhir |
M |
(Cód A) uimhir chlárúcháin iomlán na feithicle |
||||||
|
Uimhir aitheantais feithicle (VIN)/Uimhir fonnaidh |
M |
(Cód E) uimhir aitheantais iomlán na feithicle/uimhir fonnaidh na feithicle |
||||||
|
Ballstát an chlárúcháin |
M |
Cód tíre Bhallstát clárúcháin na feithicle |
||||||
|
Samhail |
M |
(Cód D.1) e.g. Ford, Opel, Renault, etc. |
||||||
|
Tuairisc/tuairiscí tráchtála ar an bhfeithicil |
M |
(Cód D.3) e.g. Focus, Astra, Megane, etc. |
||||||
|
Cód Catagóire AE |
M |
(Cód J) móipéidí, gluaisrothair, gluaisteáin, etc. |
||||||
|
Sonraí an chéad chlárúcháin |
M |
(Cód B) Dáta chéadchlárú na feithicle. |
||||||
|
Dáta tosaigh an chlárúcháin iarbhír |
M |
(Cód I) Dáta an chlárúcháin dá dtagraíonn an deimhniú feithicle. |
||||||
|
Dáta deiridh an chlárúcháin |
M |
Dáta deiridh an chlárúcháin. Léirítear an dáta sin an tréimhse bhailíochta mar atá priontáilte ar an doiciméad (giorrúchán doiciméid = H). |
||||||
|
Stádas ar an dáta agus ag an am tagartha |
M |
Scriosta, goidte, onnmhairithe nó cáilíochtaí eile is infheidhme |
||||||
|
Dáta tosaigh an stádais |
M |
|
||||||
|
Dáta deiridh an stádais |
M |
Tá sé éigeantach é a sholáthar más infheidhme |
||||||
|
Glanchumhacht uasta (kW) |
O |
(Cód P.2) |
||||||
|
Toilleadh |
O |
(Cód P.1) |
||||||
|
An cineál uimhreach ceadúnais |
O |
Gnáthchineál, cineál idirthurais nó cineálacha eile |
||||||
|
Aitheantóir doiciméid feithicle |
O |
An chéad aitheantóir doiciméid uathúil mar a léirítear ar an doiciméad feithicle. Féadfar an dara haitheantóir doiciméid a tharchur. |
||||||
|
Dath na feithicle |
M |
(Cód R) Tabhair faoi deara: ní chláraítear dathanna ach amháin le haghaidh feithiclí de chatagóir M1 (i.e. gluaisteáin) de réir Rialachán (AE) 2018/858 (2) |
||||||
|
Taifeadtaí míleáiste |
O |
Luach, dáta taifeadta, aonad tomhais |
||||||
|
Sonraí a bhaineann le hárachas |
Tabharfar na sonraí ar ais má iarrtar iad sa chuardach. |
|||||||
|
Ainm cuideachta árachais |
O |
|
||||||
|
Dáta tosaigh an árachais |
O |
|
||||||
|
Dáta deiridh an árachais |
O |
|
||||||
|
Seoladh |
O |
Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus an fhorthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc. agus an tseolta. Cuirfear in iúl iad freisin i bhformáid inphriontáilte. |
||||||
|
Uimhir árachais |
O |
|
||||||
|
Uimhir aitheantais |
O |
Aitheantóir lena sainaithnítear go huathúil an chuideachta. |
||||||
|
An cineál uimhreach aitheantais |
O |
E.g. uimhir an Chomhlachais Tráchtála |
||||||
|
(2) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj). |
||||||||
3. Cuardach le haghaidh feithiclí uile úinéara/sealbhóra a aimsiú
3.1. Tuairisc ar an gcuardach
Is é is aidhm don chuardach sin go n-aisghabhfar sonraí maidir le gach feithicil atá i seilbh agus/nó faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh shonraigh faoi láthair, nó a bhí ina sheilbh agus/nó faoina úinéireacht ar dháta agus ag am sonraithe san am atá thart, i mBallstát an chlárúcháin.
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/982, tá sé éigeantach d’eintitis cuardach a dhéanamh agus na gnéithe seo a leanas ann:
céadainm (céadainmneacha), sloinne (sloinnte) agus an dáta breithe iomlán i gcás inar duine nádúrtha é úinéir nó sealbhóir na feithicle;
ainm an duine dhlítheanaigh i gcás inar duine dlítheanach é úinéir nó sealbhóir na feithicle.
Féadfar paraiméadair chuardaigh roghnacha a liostaítear sna táblaí i bpointí 3.2.1 agus 3.2.2 a úsáid i dteannta na bparaiméadar cuardaigh éigeantach, chun go mbeidh an córas in ann toradh an chuardaigh a bheachtú d’iarrthóir amháin, i gcás ina mbeidh iarrthóirí iomadúla mar thoradh ar na paraiméadair chuardaigh éigeantacha. Ar an gcéad dul síos, úsáidfear an uimhir aitheantais, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, in ionad na teaglama de chéadainm, sloinne agus dáta breithe, chun toradh an chuardaigh a bheachtú. I gcás ina mbeidh an uimhir aitheantais ar fáil agus ina n-úsáidfear í chun an cuardach a dhéanamh, cuirfear toradh an chuardaigh ar ais freisin fiú i gcás nach meaitseálann eilimint sonraí amháin as measc an tsloinne, an chéadainm agus an dáta breithe iomláin.
Na paraiméadair chuardaigh roghnacha a úsáidtear chun go mbeachtófar an cuardach le haghaidh feithiclí uile úinéara nó sealbhóra a aimsiú, is féidir iad a fháil ó thorthaí cuardaigh feithicle chun úinéir/sealbhóir a aimsiú dá dtagraítear i bpointe 2.
I gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, cumasóidh Ballstát an chlárúcháin an cuardach leis na paraiméadair chuardaigh roghnacha atá sa chlár náisiúnta feithiclí.
Má fhiosraítear staid roimhe seo, soláthrófar dáta agus am tagartha.
Chun go n-éireoidh leis an bhfiosrúchán, beidh Ballstát an chlárúcháin in ann sealbhóir nó úinéir uathúil sonrach (= duine spéise) a shainaithint, i.e. ba cheart iarrthóir uathúil a bheith mar thoradh ar an gcuardach.
Mura sainaithnítear aon iarrthóir uathúil, ní chuirtear ar ais ach tuairisc maidir le cineál na teipe mar a leanas:
Níl aon duine nádúrtha cláraithe faoin teaglaim sin de shloinne (sloinnte), céadainm (céadainmneacha) agus dáta breithe;
Tá daoine nádúrtha iomadúla cláraithe a bhfuil an teaglaim sin de shloinne (sloinnte), céadainm (céadainmneacha) agus dáta breithe acu (soláthair paraiméadair chuardaigh bhreise más féidir);
Níl aon duine dlítheanach cláraithe faoi ainm an duine dhlítheanaigh sin.
An iarraidh go ndéanfar ‘cuardach le haghaidh feithiclí uile úinéara/sealbhóra a aimsiú’, seoltar chuig Ballstát an chlárúcháin i gcónaí é, i.e. an Ballstát a sholáthair sonraí pearsanta tríd an gcuardach tosaigh roimhe sin le haghaidh sonraí feithicle a bhaineann leis an bhfeithicil chun úinéir/sealbhóir a aimsiú. D’fhéadfadh feithiclí a bheith i seilbh duine spéise nó faoina úinéireacht i mBallstáit éagsúla. Sa chás sin, tá an fhaisnéis le bailiú agus úsáid á baint as iarrataí ar leithligh in EUCARIS chuig na Ballstáit éagsúla.
Na sonraí aitheantais a theastaíonn chun duine spéise a shainaithint, d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile mar gheall ar dhifríochtaí sna heilimintí sonraí a chláraítear. Baineann aitheantóirí náisiúnta go sonrach le gach Ballstát, agus tá difríochtaí ann freisin maidir le sonraí ainm an aon duine amháin mar gheall ar phósadh, difríocht traslitrithe nó difríocht san úsáid a bhaintear as comharthaí diaicritice.
3.2. Tacar sonraí
3.2.1. Iarraidh chuardaigh más duine nádúrtha é an duine spéise
|
Eilimintí sonraí |
M/O |
Nótaí |
|
An cineál duine spéise |
M |
Cód do dhuine nádúrtha |
|
Sloinne/sloinnte |
M |
(Cód C.1.1.) nó (Cód C.2.1.) |
|
Céadainm/céadainmneacha |
M |
(Cód C.1.2.) nó (Cód C.2.2.) Ina bhfuil an céadainm (na céadainmneacha), nó an céadainm móide inisealacha |
|
Dáta breithe |
M |
Dáta breithe iomlán |
|
Uimhir aitheantais |
O |
Aitheantóir náisiúnta lena sainaithnítear go huathúil an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach. |
|
An cineál uimhreach aitheantais |
O |
E.g. uimhir aitheantais náisiúnta nó uimhir phas |
|
Áit bhreithe |
O |
|
|
Inscne |
O |
fireann, baineann, gan sonrú go hoifigiúil, neamhdhénártha |
|
Cláruimhir |
O |
(Cód A) cláruimhir iomlán na feithicle arb eol í a bheith i seilbh/faoi úinéireacht an duine spéise |
|
Uimhir aitheantais feithicle (VIN)/Uimhir fonnaidh |
O |
(Cód E) uimhir aitheantais iomlán na feithicle/uimhir fonnaidh na feithicle arb eol í a bheith i seilbh/faoi úinéireacht an duine spéise |
3.2.2. Iarraidh chuardaigh más duine dlítheanach é an duine spéise
|
Eilimintí sonraí |
M/O |
Nótaí |
|
An cineál duine spéise |
M |
Cód do dhuine dlítheanach |
|
Ainm an duine dhlítheanaigh |
M |
|
|
Uimhir aitheantais an duine dhlítheanaigh |
O |
|
|
An cineál uimhreach aitheantais |
O |
E.g. uimhir an Chomhlachais Tráchtála |
|
Cláruimhir |
O |
(Cód A) cláruimhir iomlán na feithicle arb eol í a bheith i seilbh/faoi úinéireacht an duine spéise |
|
Uimhir aitheantais feithicle (VIN)/Uimhir fonnaidh |
O |
(Cód E) uimhir aitheantais iomlán na feithicle/uimhir fonnaidh na feithicle arb eol í a bheith i seilbh/faoi úinéireacht an duine spéise |
3.2.3. Tacar sonraí a chuirtear ar ais
Cuirtear ar ais liosta feithiclí atá i seilbh an duine spéise nó faoina úinéireacht, nó teachtaireacht a léiríonn nach raibh aon fheithicil ina sheilbh nó faoina úinéireacht ar an dáta agus ag an am tagartha. Taispeánfar an líon beacht feithiclí. Cuirfear an tacar sonraí ar ais agus 500 feithicil ar a mhéad ann. D’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó feithiclí i seilbh/faoi úinéireacht daoine dlítheanacha go háirithe. Sa chás sin, cuirfear teachtaireacht ar ais a léiríonn go bhfuil níos mó ná 500 iontráil ar an liosta agus, dá bhrí sin, nach féidir é a chur ar ais san fhiosrúchán uathoibrithe. Léireofar sa teachtaireacht freisin na sonraí teagmhála atá le húsáid chun an toradh a fháil trí nós imeachta láimhe.
In aghaidh na feithicle atá i seilbh nó faoi úinéireacht an duine spéise:
|
Eilimintí sonraí |
M/O |
Nótaí |
|
Uimhir aitheantais feithicle (VIN)/Uimhir fonnaidh |
M |
(Cód E) uimhir aitheantais iomlán na feithicle/uimhir fonnaidh na feithicle |
|
Cláruimhir |
M |
(Cód A) uimhir chlárúcháin iomlán na feithicle |
|
Léiriú an é an duine spéise sealbhóir na feithicle |
M |
Is é nó ní hé. |
|
Léiriú an é an duine spéise úinéir na feithicle |
M |
Is é, ní hé nó ní fios. |
3.3. Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh an chuardaigh i bpointe 3.2.1
|
Uimhir teaghráin cuardaigh |
Ítim |
|
1 |
An cineál duine spéise |
|
2 |
Sloinne/sloinnte |
|
3 |
Céadainm/céadainmneacha |
|
4 |
Dáta breithe |
|
5 |
Uimhir aitheantais |
|
6 |
An cineál uimhreach aitheantais |
|
7 |
Áit bhreithe |
|
8 |
Inscne |
|
9 |
Cláruimhir |
|
10 |
Uimhir aitheantais feithicle (VIN)/Uimhir fonnaidh |
Déanfar teaghráin chuardaigh 1 go 10 a chódú isteach in iarratas ar bhunachar sonraí náisiúnta agus ní bheidh siad cás-íogair.
Soláthróidh teaghráin chuardaigh 2 agus 3 meaits i leith na réimsí comhfhreagracha sa bhunachar sonraí náisiúnta i gcás ina bhfaighfear meaits i leith aon cheann de na teaghráin atá sa réimse comhfhreagrach. Sloinntear é sin go coitianta mar a leanas: I gcás ina gCUIMSÍONN <database-field> <search-string>.
I gcás nach bhfuil réimsí ar leithligh le haghaidh céadainm agus sloinne i mbunachar sonraí náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin, déanfar ‘réimse ainm’ a chuardach agus úsáid á baint as comhchaitéiniú theaghrán an chéadainm agus theaghrán an tsloinne. Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin teaghráin chuardaigh 2 agus 3 a iomalartú idir na réimsí comhfhreagracha chun déileáil le cásanna nach bhfuil sé soiléir cén t-ainm é an céadainm agus cén t-ainm é an sloinne. Leis an gcuardach, sainaithneofar taifid a bhfuil teaghrán an tsloinne AGUS teaghrán an chéadainm araon iontu.
San iarratas ar bhunachar sonraí cuirfear an slonn loighciúil seo a leanas chun feidhme:
CAIBIDIL 2
An nós imeachta teicniúil chun go ndéanfaidh EUCARIS iarratas ar bhunachar sonraí na mBallstát
1. Forbhreathnú
Le bogearraí EUCARIS, nasctar na heintitis uile le chéile i líonra mogalra a ndéanann gach eintiteas cumarsáid dhíreach le heintiteas eile ann. Níl gá le haon chomhpháirt lárnach chun an chumarsáid a bhunú.
Tacaíonn bogearraí EUCARIS le feidhmiúlachtaí éagsúla. Úsáidtear ‘feidhmiúlacht Prüm’ le haghaidh cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle faoi Rialachán (AE) 2024/982.
Tá a údarú féin ag gach braisle feidhmiúlachtaí, e.g. ní fhéadfaidh úsáideoirí a liostaítear faoi ‘fheidhmiúlacht Chonradh EUCARIS (3)’ agus faoi sin amháin úsáid a bhaint as ‘feidhmiúlacht Prüm’. Déantar seirbhísí riaracháin a dheighilt ó ghnáthróil an úsáideora deiridh.
Tacaíonn bogearraí EUCARIS le cumarsáid shlán leis na heintitis eile agus déantar cumarsáid le cúlchórais oidhreachta na mBallstát. Malartaíonn eintitis teachtaireachtaí trína seoladh go díreach chuig an bhfaighteoir. Nasctar eintitis le líonra TESTA (4) nó lena chur chun feidhme ina dhiaidh sin.
Déantar na teachtaireachtaí a sheoltar trí líonra EUCARIS a chriptiú. Úsáidfear teicneolaíochtaí criptiúcháin amhail SSL (Sraith Soicéad Slán) nó TLS (Slándáil Sraithe Iompair) chun na teachtaireachtaí a chriptiú. Is i dtimpeallacht chosanta a bheidh an nasc idir feidhmchlár EUCARIS agus an cúlchóras náisiúnta. Dá bhrí sin, féadfaidh na teachtaireachtaí a sheoltar chuig an gcúlchóras a bheith ina dteachtaireachtaí téacs soiléire.
Soláthraítear feidhmchlár cliaint d’úsáideoirí údaraithe, ar féidir é a úsáid laistigh d’eintiteas chun iarratas a dhéanamh ar chláir na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit é a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar a gclár féin. Is ar gach eintiteas atá an fhreagracht as bainistiú úsáideoirí, modhanna fíordheimhniúcháin agus criptiú féideartha.
2. Róil úsáideoirí
Bunófar an grúpa úsáideoirí ar a dtugtar ‘úsáideoirí Prüm’ don chuardach feithicle chun úinéir/sealbhóir a aimsiú agus don chuardach le haghaidh feithiclí uile úinéara/sealbhóra a aimsiú.
Bunófar dhá ról úsáideora ar leithligh lena n-aghaidh seo a leanas:
|
— |
an cuardach feithicle chun úinéir/sealbhóir a aimsiú (Prüm-Owner-Holder-Info) |
|
— |
an cuardach le haghaidh feithiclí uile úinéara/sealbhóra a aimsiú (Prüm-All-Vehicles-of-Holder-Owner). |
Féadfaidh an t-úsáideoir deiridh tairbhiú den dá ról úsáideora.
(3) Conradh an 29 Meitheamh 2000 i dtaca le Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS).
(4) Is líonra slán príobháideach uile-Aontais é líonra TESTA lenar féidir sonraí a mhalartú ar bhealach criptithe iontaofa idir institiúidí an Aontais agus údaráis agus gníomhaireachtaí na mBallstát, go háirithe le haghaidh faisnéis íogair amhail sonraí forfheidhmithe dlí agus sonraí ceartais.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1066/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)