Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026H1035

Moladh (AE) 2026/1035 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2026 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh teicneolaíochtaí Fíoraithe Aoise uile-Aontais

C/2026/4225

IO L, 2026/1035, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1035/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1035/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1035

8.5.2026

MOLADH (AE) 2026/1035 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2026

lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh teicneolaíochtaí Fíoraithe Aoise uile-Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ag dul i dtábhacht i ngach gné de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais a bheidh bealaí chun an aois atá ag duine ar bith a chruthú, ar bealaí iad a bheidh slán agus a chaomhnóidh an príobháideachas. Mar shampla, ní mór fíorú aoise de chineál éigin a dhéanamh chun táirgí atá srianta ó thaobh aoise de a cheannach ar an láthair, amhail alcól nó toitíní, nó rochtain a fháil ar inneachar atá srianta ó thaobh aoise de ar líne, amhail inneachar pornagrafach nó cearrbhachais. Áirítear leis sin aois mionaoiseach a chruthú i dtimpeallachtaí ar líne, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann mionaoisigh as seirbhísí sochaí faisnéise ina saol laethúil, amhail ardáin ar líne nó cluichí ar líne. Ar thaobh amháin, cuireann sé sin deiseanna ar fáil do mhionaoisigh i réimsí na forbartha céannachta, na foghlama, an oideachais, na rannpháirtíochta sibhialta, na forbartha caidrimh, na cumarsáide, na nascachta agus na cruthaitheachta. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh rioscaí nó díobhálacha a theacht i gceist do mhionaoisigh as seirbhísí sochaí faisnéise a úsáid, mar shampla, trína nochtadh d’inneachar neamhdhleathach nó díobhálach, amhail inneachar foréigneach, sceimhlitheoireachta nó pornagrafach, nó rioscaí teagmhála, amhail cibearbhulaíocht nó daoine aonair atá ag iarraidh mionaoisigh a mhealladh nó iad a earcú le haghaidh na coireachta eagraithe. Áirítear ar na rioscaí sin freisin úsáid iomarcach, úsáid éigeantach nó úsáid andúile a bhaint as seirbhís sochaí faisnéise agus neamhchosaint ar chleachtais dúshaothraithe eile, amhail cearrbhachas. Ós rud é go mbíonn inchinn na mionaoiseach fós ag forbairt, tá siad níos leochailí i leith rioscaí agus díobhálacha a d’fhéadfadh eascairt as a dtaithí dhíreach ar an tseirbhís sochaí faisnéise. Fágann na rioscaí sin go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí aois na saoránach a chruthú chun a áirithiú go mbeidh eispéireas sábháilte ar líne acu, agus urraim chuí á tabhairt do chearta an linbh mar a leagtar síos in Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosaint an tráth céanna trí chaighdeáin chomhsheasmhacha a chur chun cinn agus ilroinnt ar fud Bhallstáit an Aontais a chosc. Tá sé ríthábhachtach eispéiris shábháilte ar líne atá oiriúnach ó thaobh aoise de a chur ar fáil do mhionaoisigh chun iad a chosaint i dtimpeallacht ar timpeallacht ar líne í níos mó agus níos mó.

(2)

Tá bearta móra déanta ag an gCoimisiún chun a áirithiú go bhfuil creat rialála an Aontais oiriúnach dá fheidhm sa tírdhreach digiteach atá ann faoi láthair agus chun mionaoisigh a chosaint ar líne. Le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), a bhfuil feidhm iomlán aige ó bhí mí Feabhra 2024 ann, tugadh isteach rialacha lán-chomhchuibhithe chun a áirithiú go gcosnófar mionaoisigh ar líne. Le hAirteagal 28(1) de Rialachán(AE) 2022/2065, cuirtear oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís. Thairis sin, de bhun Airteagail 34 agus 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí a ainmnítear mar Ardáin an-Mhór ar Líne nó Innill Chuardaigh an-Mhór ar Líne measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí iarbhír nó intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena seirbhís do chosaint mionaoiseach, do chearta an linbh, agus d’fholláine mheabhrach agus fhisiciúil an úsáideora. Ar deireadh, le hAirteagal 44(1)(j) de Rialachán (AE) 2022/2065 cuirtear ar a chumas don Choimisiún tacú le caighdeáin spriocdhírithe dheonacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun mionaoisigh a chosaint ar líne agus forbairt agus cur chun feidhme na gcaighdeán sin a chur chun cinn. Cé nár forbraíodh aon chaighdeán den sórt sin go fóill, d’fhéadfaí a áireamh leis sin caighdeáin theicniúla maidir le dearbhú aoise, lena n-áirítear fíorú aoise.

(3)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé mionaoisigh a chosaint ar líne, agus i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, ghlac an Coimisiún treoirlínte ina leagtar amach bearta a mheasann sé gur cheart do sholáthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu a dhéanamh chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach ar líne den sórt sin a áirithiú agus chun cabhrú le soláthraithe ardán ar líne Airteagal 28(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh (‘na Treoirlínte’) (2). Áirítear ar na bearta sin, i measc nithe eile, cuntais mionaoiseach a bheith níos príobháidí mar réamhshocrú agus cosc a chur ar chuntais anaithnide teagmháil a dhéanamh le leanaí, córais moltaí a mhodhnú chun an riosca go dtiocfadh mionaoisigh ar inneachar neamhdhleathach nó díobhálach a íoslaghdú, gnéithe a chuireann le húsáid iomarcach a dhíchumasú mar réamhshocrú, coimircí maidir le botaí comhrá IS a chomhtháthú in ardáin ar líne agus feabhas a chur ar uirlisí modhnóireachta agus tuairiscithe.

(4)

Cé nach sainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 ná sna Treoirlínte cad is inneachar neamhdhleathach nó díobhálach ann do mhionaoisigh ar ardáin ar líne, agus nach bhforordaítear iontu ach oiread ceanglais shonracha maidir le haois íosta, leagtar amach sna Treoirlínte bearta soiléire a mheasann an Coimisiún gur cheart do sholáthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu a ghlacadh chun críoch dearbhaithe aoise, bearta lenar cheart do sholáthraithe ardán ardriosca, amhail ardáin phornagrafacha nó chearrbhachais, modhanna fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm. Thairis sin, measann an Coimisiún gur cheart do sholáthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu modhanna fíoraithe aoise a chur i bhfeidhm i gcás ina bhforordaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, aois íosta chun rochtain a fháil ar tháirgí nó seirbhísí áirithe a thairgtear agus/nó a thaispeántar ar bhealach ar bith ar ardán ar líne, lena n-áirítear catagóirí sainithe sonracha de sheirbhísí meán sóisialta ar líne. Mínítear sna Treoirlínte nár cheart a mheas go bhfuil fíorú aoise iomchuí agus comhréireach de réir Rialachán (AE) 2022/2065 ach amháin má tá sé i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: an cruinneas, an iontaofacht, an stóinseacht, an neamh-ionsáiteacht agus an neamh-idirdhealú.

(5)

Thairis sin, leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), oibleagáidí earnáilsonracha le haghaidh soláthraithe ardán comhroinnte físeán a bhaineann le hinneachar closamhairc díobhálach. Faoin Treoir sin, ní mór d’ardáin comhroinnte físeán caighdeáin an Aontais maidir le hinneachar meán a áireamh, lena n-áirítear na caighdeáin sin atá dírithe ar mhionaoisigh a chosaint ar inneachar closamhairc díobhálach, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Ceanglaítear ar sholáthraithe ardán comhroinnte físeán freisin bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar mhionaoisigh féachaint ar inneachar closamhairc díobhálach den sórt sin, amhail sásraí chun inneachar díobhálach a thuairisciú nó a mharcáil, fíorú aoise, rialú tuismitheoirí agus córais rátála inneachair. Sa mheastóireacht atá idir lámha agus san athbhreithniú atá ar na bacáin ar Threoir (AE) 2010/13/AE, breithneofar ábharthacht na rialacha atá ann faoi láthair agus sainaithneofar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa chreat atá ann cheana.

(6)

Thairis sin, aithnítear in acquis an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), gur tomhaltóirí leochaileacha iad leanaí a dteastaíonn cosaint fheabhsaithe uathu. Le Treoir 2005/29/CE, cuirtear toirmeasc ar chleachtais tráchtála ionsaitheacha agus mhíthreoracha, lena n-áirítear nuair a thagann siad i dtír ar shaontacht nó ar easpa taithí mionaoiseach. Cuirtear toirmeasc léi freisin ar mhionaoisigh a spreagadh chun táirgí fógartha a cheannach nó a chur ina luí ar thuismitheoirí na táirgí sin a cheannach dóibh. Mar a cuireadh i dtábhacht i gClár Oibre 2030 maidir le Tomhaltóirí (6), agus mar ullmhúchán don togra atá ar na bacáin le haghaidh Gníomh um Chothroime Dhigiteach, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an gá níos mó a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fós ann i dtaca le cosaint tomhaltóirí sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear maidir le mionaoisigh.

(7)

Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt tionscnamh ann cheana agus ar na bacáin chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac faoi Straitéis an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Go háirithe, leis an togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, leagfar amach oibleagáidí le haghaidh soláthraithe seirbhíse ar líne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac agus leis an athmhúnlú atá beartaithe ar Threoir 2011/93/AE, tabharfar na rialacha atá i gcreat an dlí choiriúil cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar gach cineál mí-úsáide gnéasaí leanaí (lena n-áirítear comhéigean gnéis agus mealltóireacht) a choiriúlú go héifeachtach, fiú nuair a éascaítear iad le teicneolaíochtaí nua. Comhlánófar na bearta sin leis an bPlean Gníomhaíochta atá ar na bacáin maidir le leanaí a chosaint ar an gcoireacht, plean a fógraíodh sa Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach (7), lena bhféachtar le freagairt chomhleanúnach chomhordaithe a leagan amach ar an iliomad bagairtí a bhíonn roimh mhionaoisigh i ndáil leis an gcoireacht.

(8)

Ina theannta sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt tionscnamh ann cheana nó ar na bacáin chun mionaoisigh a chumhachtú agus chun tacú leo agus chun a bhfolláine ar líne a áirithiú. Tá cumhachtú agus cosaint leanaí ina dtimpeallacht dhigiteach lárnach faoin gcolún digiteach de Straitéis an Aontais um chearta an linbh (8) agus faoin Moladh ón gCoimisiún maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh (9). Tá rannpháirtíocht sheanbhunaithe ilpháirtithe leasmhara ag an gCoimisiún freisin faoin Straitéis Eorpach nua i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (10), trí Ionaid chómhaoinithe an Aontais um Idirlíon Níos Sábháilte. Is éard atá sna hionaid sin, i gcomhar leis an ardán ar líne maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, Mol an Aontais maidir le sábháilteacht leanaí ar líne agus cuireann siad beartais an Aontais maidir le sábháilteacht leanaí ar líne chun feidhme ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Déantar comhlánú ar an méid sin leis an bPlean Gníomhaíochta in aghaidh na Cibearbhulaíochta (11), plean lena ndírítear ar mhionaoisigh agus ar an óige leochaileach, agus, i measc nithe eile, lena mbunaítear comhthuiscint de chuid an Aontais ar an gcibearbhulaíocht, lena bhfeabhsaítear litearthacht dhigiteach, sásraí tuairiscithe agus tacaíocht d’íospartaigh. Thairis sin, tá neartú scileanna digiteacha, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach, fós ina phríomhthosaíocht ag an gCoimisiún, tosaíocht arna saothrú tríd an bPlean Gníomhaíochta um an Oideachas Digiteach (2021-2027) (12) a chur chun feidhme, chomh maith le Treochlár 2030 maidir le todhchaí an oideachais dhigitigh agus na scileanna digiteacha atá le teacht. Seolfaidh an Coimisiún fiosrúchán uile-Aontais freisin maidir le tionchair níos leithne na meán sóisialta ar mheabhairshláinte agus ar fholláine, chun bonn taca a chur faoi dhíospóireacht fhianaisebhunaithe maidir le mionaoisigh a chosaint ar líne. Ba cheart cumarsáid shoiléir, inrochtana agus oiriúnach ó thaobh aoise de do shaoránaigh, go háirithe mionaoisigh, daoine óga, tuismitheoirí agus oideoirí, a bheith ag gabháil le cur in úsáid na réiteach fíoraithe aoise.

(9)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bíonn an Coimisiún i dteagmháil go rialta le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le réimse na cosanta mionaoiseach. Tá comhaontuithe um chomhar oibríochtúil i bhfeidhm le Coimisinéir eSafety na hAstráile, chomh maith le rialtóir na Ríochta Aontaithe um sheirbhísí teileachumarsáide, Ofcom, ar príomhrialtóirí iad araon i réimse na sábháilteachta ar líne, agus áirítear leo rannpháirtíocht rialta maidir le mionaoisigh a chosaint, lena n-áirítear maidir leis na modhanna teicniúla chun aois a fhíorú go héifeachtach.

(10)

Ar leibhéal na mBallstát, tá bearta náisiúnta á nglacadh ag roinnt Ballstát, nó tá glacadh na mbeart náisiúnta á mheas acu, chun rochtain mionaoiseach ar sheirbhísí áirithe sochaí faisnéise a laghdú, rud a d’éileodh réitigh fíoraithe aoise lena gcaomhnófaí an príobháideachas.

(11)

Ar na cúiseanna sin uile, tá sé ríthábhachtach modhanna fíoraithe aoise atá láidir, éifeachtach, slán ó thaobh na cibearshlándála de, lena gcaomhnaítear an príobháideachas agus lena gcomhlíontar cosaint sonraí a bheith ar fáil san Aontas chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, agus, go sonrach, chun mionaoisigh a chosaint ar líne. Tá bearta coimirce teicniúla fíor-riachtanach chun mionaoisigh a chosaint ar éifeachtaí diúltacha ar a bhfolláine mheabhrach agus fhisiciúil, agus ar nochtadh d’inneachar neamhdhleathach agus díobhálach. Ós rud é go bhfuil cosaint speisialta ag dul do mhionaoisigh, tá sé ríthábhachtach go mbeidh cur i bhfeidhm modhanna fíoraithe aoise iomchuí agus comhréireach agus go gcuimseofar ann coimircí láidre slándála agus gnéithe láidre caomhnaithe príobháideachais chun bailiú sonraí nach bhfuil gá leis, rochtain neamhúdaraithe nó mí-úsáid faisnéise pearsanta a chosc. Ina theannta sin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chosc, tá gá le réiteach comhchuibhithe Eorpach. Ní hamháin go bhfuil sé sin tábhachtach do mhionaoisigh, ach tá sé tábhachtach freisin chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach den Aontas ar na teicneolaíochtaí sin, chun glacadh na modhanna fíoraithe aoise a spreagadh agus chun a áirithiú go mbeidh modh amháin ar a laghad den sórt sin ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sna Treoirlínte. Tá an Coimisiún ag éascú na forbartha ar réitigh láidre chomhchuibhithe AE fíoraithe aoise sna Ballstáit atá slán ó thaobh na cibearshlándála de, lena gcaomhnaítear an príobháideachas agus lena gcomhlíontar cosaint sonraí, agus tá an méid sin á dhéanamh aige trí threoirphlean ina bhfuil sonraíochtaí teicniúla atá ailínithe le sonraíochtaí teicniúla na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, agus cur chun feidhme foinse oscailte mar aip mhóibíleach is féidir a chur in oiriúint don chomhthéacs náisiúnta.

(12)

Chun go gcaomhnófar an príobháideachas, ba cheart do mhodhanna fíoraithe aoise foráil a dhéanamh ar a laghad maidir le nochtadh faisnéise ar bhonn roghnaitheach don pháirtí is úsáideoir agus, mar réamhshocrú, an fhaisnéis a theorannú do fhreagairt ‘fíor nó bréagach’ maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le haois arna hiarraidh ag an bpáirtí is úsáideoir gan faisnéis bhreise faoin saoránach a sholáthar. Chomh maith leis sin, ba cheart coimircí teicniúla a áireamh iontu chun saoránaigh a chosaint ar rioscaí príobháideachais agus cosanta sonraí, amhail a ngníomhaíocht ar líne a rianú, lena n-áirítear cruthú dífhianaise a úsáid. Meabhraíonn an Coimisiún freisin, i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, nár cheart do sholáthraí ardáin ar líne ach na saintréithe a bhaineann le haois a phróiseáil, ar saintréithe iad a bhfuil géarghá leo chun na críche sonraí agus nár cheart dearbhú aoise a úsáid chun modhanna breise a sholáthar do sholáthraithe chun daoine nádúrtha a shainaithint, a aimsiú, a phróifíliú nó a rianú.

(13)

Cuireann réitigh AE fíoraithe aoise bunaithe ar an treoirphlean ar a gcumas do shaoránaigh an Aontais a chruthú go bhfuil siad os cionn aois áirithe (15+ nó 18+, mar shampla), agus na caighdeáin phríobháideachais is airde á gcomhlíonadh acu an tráth céanna. Bainfidh na réitigh AE fíoraithe aoise úsáid as teicneolaíocht úrscothach agus cuirfidh siad cosc ar rianú céannachta. Ní fheidhmíonn siad ach chun a dheimhniú go bhfuil úsáideoir os cionn aois áirithe, gan aon fhaisnéis eile faoin úsáideoir a nochtadh don soláthraí cruthúnais iontaofa ná don tseirbhís sochaí faisnéise. Beidh cosaint ag céannacht agus ag gníomhaíochtaí ar líne an úsáideora ar nochtadh le linn an phróisis ar fad.

(14)

Foilsítear an treoirphlean i bhformáid foinse oscailte, ionas gur féidir leis na Ballstáit agus le gníomhaithe margaidh é a ghlacadh chucu féin agus é a fhorbairt a thuilleadh ina réitigh AE fíoraithe aoise atá saincheaptha dá riachtanais. Áirithítear le foilsiú foinse oscailte an treoirphlean go ndéantar athbhreithniú agus grinnscrúdú poiblí ar an gcód agus cuireann sé le trédhearcacht agus le hiontaoibh. Maidir le tástáil ó cheann go ceann agus cur chun feidhme an treoirphlean agus na réiteach atá bunaithe air, tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit, le hardáin ar líne agus le húsáideoirí deiridh. Tá sé beartaithe ag roinnt Ballstát feidhmiúlacht fíoraithe aoise a eisiúint mar chuid dá dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití (13). Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) ceanglaítear ar gach Ballstát Tiachóg Eorpach Céannachta Digití amháin ar a laghad a sholáthar ar bhonn deonach agus saor in aisce do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití cuirtear modh slán lena gcaomhnaítear an príobháideachas ar fáil d’úsáideoirí chun iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus chun sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe a stóráil agus a chomhroinnt, faoina rialú aonair, le páirtithe is úsáideoirí poiblí agus príobháideacha ar fud an Aontais. Leis na ríomhdhearbhuithe tréithe sin, déantar foráil maidir le dearbhuithe i bhfoirm leictreonach lenar féidir tréithe, amhail aois, a fhíordheimhniú agus a stóráil agus a chomhroinnt trí Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití.

(15)

Cuirfidh dornán Ballstát a gcéad réitigh AE fíoraithe aoise náisiúnta saincheaptha ar an margadh sna míonna amach romhainn. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar réiteach láidir fíoraithe aoise lena gcaomhnófar an príobháideachas, agus chun a áirithiú go mbeidh modh fíoraithe aoise amháin ar a laghad ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sna Treoirlínte, ba cheart do na Ballstáit cur in úsáid éifeachtach na réiteach AE fíoraithe aoise atá bunaithe ar threoirphlean an Aontais a éascú.

(16)

Chun iontaoibh an phobail a neartú agus chun a áirithiú go nglacfar réitigh AE fíoraithe aoise go forleathan, tá sé ríthábhachtach nach dtabharfar an fhreagracht na seirbhísí sin a sholáthar do mhionaoisigh ach do sholáthraithe a bhfuil dea-chlú orthu agus a ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu ar soláthraithe iad a chomhlíonann go hiomlán na hardchaighdeáin a leagtar amach i scéim fíoraithe aoise an Aontais. Ní hamháin go ndéanann an cur chuige sin úsáideoirí óga a chosaint ach treisíonn sé sláine an Mhargaidh Aonair Dhigitigh freisin, rud atá ag teacht lenár dtiomantas comhroinnte do chosaint leanaí, don tslándáil sonraí agus don chuimsiú digiteach. Trí sheasamh leis na prionsabail sin, cothaímid timpeallacht dhigiteach níos sábháilte agus níos iontaofa timpeallacht lena dtuilltear muinín na saoránach, na ngnólachtaí agus na mBallstát araon. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe na réiteach AE fíoraithe aoise agus na ndearbhuithe um cruthúnais aoise bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach a dhéanamh den chineál dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Bunaítear an iontaoibh as dearbhuithe um chruthúnas aoise a chomhroinntear trí réitigh AE fíoraithe aoise trí Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais a bhunú chun na tréithe sin a dhearbhú. Beidh liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa dearbhuithe um chruthúnas aoise ar fáil lena cheadú ag soláthraí ardán ar líne agus ag páirtithe eile lena mbaineann chun a fhíorú gur soláthraí a áirítear ar an liosta a d’eisigh dearbhú um chruthúnas aoise úsáideora.

(17)

Tá feidhm chomhlántach ag liosta an Aontais de réitigh iontaofa trí réitigh fíoraithe aoise a shainaithint, ar réitigh iad a aithnítear a bheith i gcomhréir le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais.

(18)

Le bheith cláraithe ar na liostaí arna mbainistiú ag an gCoimisiún, ba cheart do sholáthraithe dearbhuithe um chruthúnas aoise agus réiteach fíoraithe aoise na ceanglais a leagtar amach i Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais, i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2160 ón gCoimisiún (16) agus i dTreoir (AE) 2022/2555 a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún faireachán chun a áirithiú go leanfar de na ceanglais sin a chomhlíonadh. I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe na hardchaighdeáin sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear de na liostaí iad.

(19)

Agus iad bunaithe ar Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa um chruthúnas aoise agus liosta an Aontais de réitigh iontaofa araon chun a áirithiú go mbeidh an bonneagar iontaoibhe i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais chun tacú le Réitigh AE Fíoraithe Aoise. Ina theannta sin, áireoidh an Coimisiún faisnéis i dtaobh an áirithítear leis na réitigh a thairgeann na soláthraithe a áirítear ar liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa um chruthúnas aoise comhréireacht leis na critéir éifeachtachta a leagtar amach i Roinn 6.1.4 de na Treoirlínte, is iad sin an cruinneas, an iontaofacht, an stóinseacht, an neamh-ionsáiteacht agus an neamh-idirdhealú.

(20)

Le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais, beifear in ann eintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear na Ballstáit, fondúireachtaí agus cuibhreannais Eorpacha, agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha eile a chur san áireamh ar liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa um chruthúnas aoise agus ar liosta an Aontais de réitigh iontaofa.

(21)

De réir mar a mhéadaíonn éileamh na saoránach ar réitigh dhigiteacha atá iontaofa, slán ó thaobh na cibearshlándála de, a chaomhnaíonn an príobháideachas agus a chomhlíonann cosaint sonraí, ar an leibhéal náisiúnta, tá méadú ag teacht ar an líon Ballstát atá ag glacadh bearta náisiúnta, nó ag smaoineamh ar bhearta náisiúnta a ghlacadh, chun srian a chur ar rochtain mionaoiseach ar ardáin ar líne, mar aon le hoibleagáidí sonracha fíoraithe aoise go minic chun go mbeidh bearta den sórt sin éifeachtach sa chleachtas. Tá sé d’aidhm ag Rialachán (AE) 2022/2065 comhfhogasú a dhéanamh ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sin agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Ós rud é go gcomhchuibhítear go hiomlán le Rialachán (AE) 2022/2065 na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach agus é de chuspóir aige timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, lena n-áirítear ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú de bhun Airteagal 28(1) de, ní chuirtear bac leis ar an bhféidearthacht reachtaíocht náisiúnta eile is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2000/31/CE, agus Airteagal 3 de go háirithe, i gcás ina saothraítear le forálacha an dlí náisiúnta cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail seachas na cuspóirí sin a shaothraítear le Rialachán (AE) 2022/2065. Mar a shonraítear sna Treoirlínte, féadfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta a thabhairt isteach lena bhforordaítear, i gcomhréir le dlí an Aontais, aois íosta chun rochtain a fháil ar tháirgí nó ar sheirbhísí áirithe a thairgtear agus/nó a thaispeántar ar bhealach ar bith ar ardán ar líne. Mar sin féin, ní féidir le bearta náisiúnta den sórt sin oibleagáidí breise a fhorchur ar ardáin ar líne, lena n-áirítear oibleagáidí fíoraithe aoise, toisc go mbainfeadh sé an bonn d’éifeacht chomhchuibhithe iomlán Rialachán (AE) 2022/2065, ós rud é go mbeadh forluí idir cuspóirí na mbeart sin agus na cuspóirí atá á saothrú cheana leis an Rialachán sin.

(22)

I gcás ina bhfuil machnamh á dhéanamh ag na Ballstáit ar bhearta náisiúnta a thabhairt isteach chun srian a chur ar rochtain mionaoiseach ar ardáin ar líne, meabhraíonn an Coimisiún do na Ballstáit an oibleagáid fógra a thabhairt de bhun Threoir (AE) 2015/1535 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a mhéid a bhaineann le haon dréachtrialachán teicniúil a d’fhéadfadh a bheith bainteach le rialacha maidir le seirbhísí sochaí faisnéise, mar a shainmhínítear sa Treoir sin, agus é d’aidhm aige sin cosc a chur ar bhacainní a chruthú sa mhargadh inmheánach sula nglacfar na bearta sin. I gcomhréir leis an Treoir sin, tá sé d’éifeacht ag fógra a thabhairt faoi dhréachtrialachán teicniúil tréimhse neamhghníomhaíochta 3 mhí a oscailt ina gcuirfear srian ar an mBallstát lena mbaineann an dréachtrialachán teicniúil ar tugadh fógra ina leith a ghlacadh. Is féidir síneadh a chur leis an tréimhse neamhghníomhaíochta ag brath ar an gcineál freagartha a eisíonn an Coimisiún nó Ballstáit eile.

(23)

Le malartú neamhfhoirmiúil idir na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin sna céimeanna luatha den phróiseas chun bearta náisiúnta a dhréachtú, rannchuidítear le dréachtú beart atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina dtagann ceisteanna chun cinn maidir le hidirghníomhú na mbeart náisiúnta atá beartaithe le Rialachán (AE) 2022/2065 agus Treoir 2000/31/CE. Ba cheart an malartú sin a dhéanamh trí rannpháirtíocht idir an Ballstát agus seirbhísí an Choimisiúin. Féadfar malartuithe iltaobhacha a dhéanamh freisin trí bhíthin an Ghrúpa Saineolaithe um Sheirbhísí Digiteacha (18). Chun cur chuige comhsheasmhach agus comhchuibhithe a áirithiú agus Rialachán (AE) 2022/2065 á fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann leis na gnéithe sin, d’fhéadfadh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 aird an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha a tharraingt ar aon ábhar den sórt sin, de réir bhrí an Rialacháin sin.

(24)

De réir chásdlí bunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, meastar gur locht nós imeachta é mainneachtain an oibleagáid fógra a thabhairt a chomhlíonadh a fhágann go bhfuil an beart, má ghlactar é, neamh-infhorfheidhmithe in aghaidh daoine aonair in imeachtaí cúirte náisiúnta (19). Ar an gcaoi chéanna, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh soiléiriú uaithi nach mór do chúirteanna náisiúnta a dhearbhú nach bhfuil rialachán teicniúil ar tugadh fógra ina leith agus a glacadh de shárú ar an tréimhse neamhghníomhaíochta infheidhme maidir le daoine aonair (20). Thairis sin, i gcás nach bhfuil bearta náisiúnta comhoiriúnach le dlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2022/2065 agus Treoir 2000/31/CE, tá sé de cheart ag an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE, lena n-áirítear i ndáil leis na dréachtbhearta ar tugadh fógra fúthu. Mura mbeidh freagairt ann ón gCoimisiún ar fhógra, ní bheidh tionchar aige sin ar an bhféidearthacht don Choimisiún cinneadh ná gníomh a dhéanamh faoi dhlí an Aontais, ná ní laghdóidh sé an fhéidearthacht sin.

(25)

Chun teacht ar réitigh ar leibhéal an Aontais chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhionaoisigh ar líne, bhunaigh an Coimisiún Painéal Speisialta maidir le Sábháilteacht Leanaí ar Líne agus sainordú aige moltaí a tharraingt suas le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin maidir leis an gcur chuige is fearr don Aontas i ndáil le sábháilteacht leanaí ar líne agus teorainneacha aoise a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na meán sóisialta agus le haghaidh seirbhísí eile ar líne san Eoraip. Tá an Tuarascáil ón bPainéal Speisialta sin maidir le Sábháilteacht Leanaí ar Líne le bheith ar fáil faoi shamhradh 2026.

(26)

I bhfianaise phráinn an ábhair seo, tá dhá chuspóir ag an Moladh seo. Ar an gcéad dul síos, tá sé d’aidhm aige a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar réiteach fíoraithe aoise atá láidir, iontaofa, idir-inoibritheach, slán ó thaobh na cibearshlándála de, a chaomhnóidh an príobháideachas agus a chomhlíonfaidh ceanglais cosanta sonraí. Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm ag an Moladh seo tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chaighdeáin chomhsheasmhacha a chur chun cinn agus trí ilroinnt ar fud Bhallstáit an Aontais a chosc. I ndáil leis an méid sin, is é an réiteach AE Fíoraithe Aoise an réiteach teicniúil is éifeachtaí atá ar fáil faoi láthair, lena gcomhcheanglaítear iontaofacht oibríochtúil agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais, go háirithe cearta leanaí, an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, féachann an Moladh seo le tacú lena ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta agus lena fheidhmiúlacht phraiticiúil ó Bhallstát go chéile a áirithiú.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

CUSPÓIR AN MHOLTA SEO

(1)

Is é is aidhm don Mholadh seo a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar theicneolaíochtaí digiteacha um chruthúnas aoise lena gcuirtear feabhas ar an bpríobháideachas faoi dheireadh 2026, iad bunaithe ar na caighdeáin phríobháideachais agus cosanta sonraí is airde is féidir de bhun na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear urraim do chearta leanaí.

(2)

Chuige sin, sonraítear sa Mholadh seo na gníomhaíochtaí is gá ar leibhéal na mBallstát agus idir-inoibritheacht idir na Ballstáit á háirithiú an tráth céanna d’fhonn margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a bheith ann. Is gníomhaíochtaí iad sin chun go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cur in úsáid éifeachtach na réiteach AE fíoraithe aoise agus eisiúint dearbhuithe um chruthúnas aoise, bunaithe ar threoirphlean fíoraithe aoise an Aontais, a éascú; agus

(b)

tacú le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais a bhunú go pras, lena gcuirfear ar a gcumas do sheirbhísí sochaí faisnéise bailíocht na ndearbhuithe um chruthúnas aoise a chinneadh.

(3)

Ar deireadh, leagtar amach sa Mholadh seo príomhghnéithe den rialachas uile-Aontais chun infhaighteacht fhorleathan na réiteach AE fíoraithe aoise idir-inoibritheach iontaofa lena gcaomhnaítear an príobháideachas a chumasú, réitigh a thairgtear mar aip neamhspleách nó a chomhtháthaítear sna Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití.

SAINMHÍNITHE

(4)

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois.

(b)

ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3(i) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(c)

ciallaíonn ‘seirbhís sochaí faisnéise’ seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535.

(d)

ciallaíonn ‘dearbhú aoise’ an tacar modhanna a úsáidtear chun aois nó raon aoise duine nádúrtha a chinneadh, a mheas nó a fhíorú a bhfuil leibhéil éagsúla muiníne aige, lena gcuimsítear féindearbhú, meastachán aoise agus fíorú aoise.

(e)

ciallaíonn ‘fíorú aoise’ modh dearbhaithe aoise a bhraitheann ar mhodhanna ríomh-shainaitheantais chun a chinneadh an gcomhlíonann úsáideoir tairseach aoise ar leith.

(f)

ciallaíonn ‘Tiachóg Eorpach Céannachta Digití’ an modh ríomh-shainaitheantais a shainmhínítear in Airteagal 3(42) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(g)

ciallaíonn ‘treoirphlean fíoraithe aoise an Aontais’ sonraíocht theicniúil atá ar fáil go poiblí le haghaidh fíorú aoise amhail an tsonraíocht a áireofar i Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais arna forbairt ag an gCoimisiún, lena gcuimsítear an ailtireacht theicniúil, na prótacail, na comhéadain agus an cur chun feidhme tagartha foinse oscailte.

(h)

ciallaíonn ‘Réiteach AE Fíoraithe Aoise’ aon fheidhmchlár nó seirbhís lena gcuirtear Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais chun feidhme, bíodh sé á sholáthar nó á soláthar ag an gCoimisiún, ag Ballstát, nó ag aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile, agus bíodh sé á thairiscint nó á tairiscint mar fheidhmchlár neamhspleách nó á chomhtháthú nó á comhtháthú i dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, rud a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí a chruthú go gcomhlíonann siad tairseach aoise ar leith.

(i)

ciallaíonn ‘dearbhú um chruthúnas aoise’ ríomhdhearbhú tréithe, de réir bhrí Airteagal 3(44) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a shainmhínítear i scéim an dearbhaithe tréithe a chruthaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 ón gCoimisiún (21), lenar féidir a fhíordheimhniú go bhfuil a shealbhóir os cionn tairseach aoise ar leith.

(j)

ciallaíonn ‘soláthraí dearbhuithe um chruthúnas aoise’ soláthraí seirbhísí iontaoibhe de réir bhrí Airteagal 3(19) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a eisíonn dearbhuithe um chruthúnas aoise.

(k)

ciallaíonn ‘liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa dearbhuithe um chruthúnas aoise’ liosta na soláthraithe dearbhuithe um chruthúnas aoise, arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag an gCoimisiún, lena n-áirítear soláthraithe na Réiteach AE Fíoraithe Aoise agus a bhféadfadh na soláthraithe ón liosta iontaofa náisiúnta arna bhunú faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a bheith san áireamh ann freisin.

(l)

ciallaíonn ‘liosta an Aontais de réitigh iontaofa’ liosta na n-eintiteas, arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag an gCoimisiún, a chuirtear de chúram orthu Dearbhuithe faoi Réiteach Fíoraithe Aoise a eisiúint i gcomhréir le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais.

(m)

ciallaíonn ‘Dearbhú faoi Réiteach Fíoraithe Aoise’ ríomhdhearbhú tréithe lena gcuirtear ar a chumas do pháirtí is úsáideoir a fhíorú gur Réiteach AE Fíoraithe Aoise iontaofa é réiteach fíoraithe aoise i.e. réiteach a cruthaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 a chomhlíonann Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais.

(n)

ciallaíonn ‘Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais’ tacar rialacha is infheidhme maidir le dearbhú tréithe le haghaidh an dearbhaithe faoi réiteach fíoraithe aoise agus an dearbhaithe um chruthúnas aoise a chomhlíonann Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569.

Moltaí maidir leis an gcreat tagartha comhchoiteann le haghaidh chur chuige an Aontais maidir le fíorú aoise

(5)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh an Aontais ar fhíorú aoise ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat tagartha comhchoiteann a leagtar síos i dtreoirphlean fíoraithe aoise an Aontais, molann an Coimisiún do na Ballstáit réiteach AE fíoraithe aoise a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2026, bíodh sin ina réiteach a bheidh comhtháite i dTiachóga Eorpacha Céannachta Digití nó a chuirfear ar fáil mar aip neamhspleách, nó an dá rud. Chun na críche sin, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2026, chun achoimre a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu réiteach AE fíoraithe aoise a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2026. Ba cheart na céimeanna éagsúla sa phróiseas a leagan amach sa phlean sin, lena n-áirítear cumarsáid phoiblí agus an rannpháirtíocht le taighdeoirí agus le hionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas ábhartha acu.

(b)

faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta acu i ndáil le réiteach AE fíoraithe aoise a chur ar fáil agus réitigh choiteanna fíoraithe aoise a mheas lena gcomhdhlúthaítear iarrachtaí agus lena n-áirithítear úsáid níos éifeachtúla acmhainní.

(6)

Molann an Coimisiún go ndéanfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 cur chun feidhme náisiúnta an réitigh AE fíoraithe aoise, lena n-áirítear an plean cur chun feidhme, a phlé leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit an t-ábhar sin a phlé sa Ghrúpa Comhair maidir le Céannacht Dhigiteach, i gcás inarb iomchuí.

(7)

Molann an Coimisiún do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun Scéim Fíoraithe Aoise de chuid an Aontais a shainiú, scéim ina mbeidh na ceanglais maidir leis an tsamhail iontaoibhe, rialachas agus na ceanglais atá le comhlíonadh ag soláthraithe an dearbhaithe um chruthúnas aoise agus na réiteach fíoraithe aoise, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569.

(8)

Ba cheart d’eintitis ceanglais Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais a chomhlíonadh sular féidir a réitigh agus a ndearbhuithe um chruthúnas aoise faoi seach a chur le liosta an Aontais de réitigh iontaofa agus le liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa dearbhuithe um chruthúnas aoise. Chun na críche sin, molann an Coimisiún go n-oibreodh na Ballstáit i gcomhar leo seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, ós é an príomhchreat comhair maidir le seirbhísí digiteacha, comhordaitheoirí a d’fhéadfadh a ngníomhaíocht a chomhordú leis na húdaráis ábhartha, amhail údaráis cosanta sonraí nó údaráis meán.

(b)

An Grúpa Comhair Eorpach maidir le Céannacht Dhigiteach a bunaíodh faoi Airteagal 46e de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, chun a áirithiú go leanfaidh Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais de bheith comhleanúnach leis an gcreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, go háirithe a mhéid a bhaineann le leibhéil dearbhaithe, idir-inoibritheacht na liostaí iontaofa agus aitheantas frithpháirteach ó Bhallstát go chéile.

(c)

taighdeoirí agus ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas acu ar fhíorú aoise, ar an gcibearshlándáil nó ar chosaint sonraí agus ar an bpríobháideachas.

(9)

Le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais, beifear in ann eintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear na Ballstáit, fondúireachtaí agus cuibhreannais Eorpacha, agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha eile a chur san áireamh ar liosta an Aontais de sholáthraithe iontaofa um chruthúnas aoise agus ar liosta an Aontais de réitigh iontaofa.

(10)

Chun comhchuibhiú laistigh den mhargadh inmheánach a éascú, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

córais le haghaidh dearbhuithe um chruthúnas aoise a bhunú i gcomhréir le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais.

(b)

sainordú a thabhairt maidir le húsáid modhanna fíoraithe aoise atá i gcomhréir le Scéim Fíoraithe Aoise an Aontais.

Moltaí maidir le dlíthe náisiúnta a bhaineann le fíorú aoise

(11)

Molann an Coimisiún, sula dtabharfar fógra foirmiúil don Choimisiún de bhun Threoir (AE) 2015/1535, go rachaidh na Ballstáit i dteagmháil le seirbhísí an Choimisiúin ag an gcéim is luaithe is féidir den dréachtú ar aon bheart náisiúnta a bhaineann leis na hábhair sin.

(12)

Chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú, is féidir cruinnithe ad hoc de ghrúpaí saineolaithe ábhartha a ghairm, amhail an Grúpa Saineolaithe um Sheirbhísí Digiteacha de réir bhrí an Chinnidh ón gCoimisiún an 26.1.2023 lena mbunaítear an grúpa saineolaithe um sheirbhísí digiteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/752/CE. Tá an malartú luath sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbeidh bearta náisiúnta comhoiriúnach le dlí an Aontais, agus le Rialachán (AE) 2022/2065 agus Treoir 2000/31/CE go háirithe, ón tús.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Henna VIRKKUNEN

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(2)  COM (2025) 6826 final.

(3)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj).

(4)  Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1808/oj).

(5)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj).

(6)  COM (2025) 848 final.

(7)  COM (2025) 148 final.

(8)  COM (2021) 142 final.

(9)  C(2024) 2680 final.

(10)  COM (2022) 202 final.

(11)  COM (2026) 71 final.

(12)  COM (2020)624 final.

(13)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(15)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2160 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tagartha, sonraíochtaí agus nósanna imeachta maidir le bainistiú na rioscaí do sholáthar seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe (IO L, 2025/2160, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2160/oj).

(17)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (códú) (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/1535/oj).

(18)  Arna bhunú leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 26.1.2023 lena mbunaítear an grúpa saineolaithe um sheirbhísí digiteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/752/CE.

(19)  Cás C-194/94, CIA-Security.

(20)  Cás C-443/98, Unilever.

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1569 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomhdhearbhuithe tréithe cáilithe agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna soláthar ag comhlacht earnála poiblí atá freagrach as foinse bharántúil nó thar a cheann (IO L, 2025/1569, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1569/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1035/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top