This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1002
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1002 of 5 May 2026 extending the derogation from Council Regulation (EC) No 1967/2006 as regards the minimum distance from the coast and depth granted to boat seines fishing for transparent goby (Aphia minuta) within the Spanish territorial waters of the Autonomous Community of the Region of Murcia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1002 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2026 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus leis an doimhneacht a dheonaítear do shaighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1002 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2026 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus leis an doimhneacht a dheonaítear do shaighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia
C/2026/2875
IO L, 2026/1002, 6.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1002/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1002 |
6.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1002 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2026
lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus leis an doimhneacht a dheonaítear do shaighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear toirmeasc ar threalamh iascaireachta tarraingthe a úsáid laistigh de 3 mhuirmhíle amach ón gcósta nó laistigh den iseabat 50 m i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht sin níos giorra don chósta. |
|
(2) |
Arna iarraidh sin do Bhallstát, ceadóidh an Coimisiún maolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(5) agus (9) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 773/2013 ón gCoimisiún (2) cheadaigh an Coimisiún, den chéad uair go dtí an 31 Nollaig 2016, maolú den sórt sin, maidir le húsáid saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia. Deonaíodh roinnt síntí leis an maolú sin agus deonaíodh an síneadh deiridh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2230 ón gCoimisiún (3) agus rachaidh an síneadh sin in éag an 1 Márta 2026. |
|
(4) |
An 17 Deireadh Fómhair 2025 fuair an Coimisiún iarraidh ón Spáinn maidir le síneadh a chur leis an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2230. Chuir an Spáinn ar fáil plean bainistíochta (4) agus tuarascáil ar an bhfaireachán ar an bplean bainistíochta agus ar a chur chun feidhme, ar tuarascáil í lenar tugadh údar cuí le síneadh a chur leis an maolú, i bhfianaise cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(5) |
Le linn an 80ú seisiún iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) i mí na Samhna 2025 (6), rinne CETEI measúnú ar an iarratas maidir le síneadh a chur leis an maolú agus rinne sé measúnú freisin ar an tuarascáil cur chun feidhme agus faireacháin. Tháinig CETEI ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh síneadh breise 3 bliana leis an maolú a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach in uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia. Tar éis na moltaí ó CETEI, tá gealltanas tugtha ag an Spáinn (7) tabhairt faoi staidéar tiomnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhforluí spásúil atá ann idir Posidonia oceanica agus meánna agus chun fianaise láidir a sholáthar gur beag an tionchar atá ar ghrinnill féar farraige Posidonia. |
|
(6) |
An maolú a d’iarr an Spáinn comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
|
(7) |
Go sonrach, tá srianta geografacha sonracha ann de bharr mhéid theoranta na scairbhe ilchríochaí agus mhéid theoranta na meánna intrálaeireachta, ós rud é go bhfuil an spriocspeiceas teoranta go heisiach do chriosanna áirithe sna limistéir chósta ag doimhneacht níos lú ná 50 méadar. |
|
(8) |
Thairis sin, tugtar gealltanas sa phlean bainistíochta nach dtiocfaidh aon mhéadú ar an iarracht iascaireachta amach anseo. Ní eiseofar údaruithe iascaireachta ach amháin do líon uasta 27 soitheach, lena mbaineann uasacmhainn 116 Hp in aghaidh an tsoithigh, ar soithí iad atá údaruithe le hiascaireacht a dhéanamh agus atá liostaithe sa phlean bainistíochta cheana féin. |
|
(9) |
Níl aon tionchar mór ag an iascach ar an muirthimpeallacht, ós rud é go dtarlaítear saighní báid sa cholún uisce agus nach dteagmhaíonn siad le grinneall na farraige. Mar gheall ar úsáid sondálaithe fuaime, tá an t-iascach an-roghnaíoch agus tá líon beag foghabhálacha aige. Thairis sin, déantar gabhálacha de thaisme a scaoileadh saor láithreach agus iad beo agus gabhann inmharthanacht an-ard leo. |
|
(10) |
Ní dhírítear ar cheifileapóid le saighní báid. |
|
(11) |
Ní féidir tabhairt faoin iascach le trealamh eile, ós rud é gurb iad na saighní báid an t-aon trealamh rialáilte amháin a cheadaítear chun speicis de mhéid chomh beag leis an mac siobháin trédhearcach a ghabháil agus a ghluaiseann ina scoileanna in uiscí éadoimhne cósta. |
|
(12) |
Baineann an iarraidh le gníomhaíochtaí iascaireachta atá údaraithe cheana ag an Spáinn, le haghaidh soithí atá cláraithe in Áireamh Náisiúnta na Spáinne um Chabhlaigh Iascaireachta Oibríochtúla agus a bhfuil cuntas teiste acu san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. |
|
(13) |
Comhlíonann an t-iascach lena mbaineann ceanglais Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ós rud é nach n-oibríonn an t-iascach os cionn an ghrinnill féar farraige, Posidonia oceanica go háirithe, ná os cionn fanaragaim mhara eile. |
|
(14) |
Sa phlean bainistíochta a ghlac an Spáinn cuimsítear bearta chun faireachán a dhéanamh ar an iascach. |
|
(15) |
D’údaraigh an Spáinn roimhe seo maolú ar an mogallmhéid íosta a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ar bhonn chomhlíonadh cheanglais Airteagal 9(7) den Rialachán sin i bhfianaise chineál an-roghnaíoch na n-iascach lena mbaineann, i bhfianaise na héifeachta diomaibhsí atá aige sin ar an muirthimpeallacht agus toisc go bhfuil feidhm ag an toirmeasc i bhfomhír 1 d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin. |
|
(16) |
A mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus cé gur scriosadh Airteagal 9 den Rialachán sin le Rialachán (AE) 2019/1241, ceadaítear le pointe 4 de Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an dara Rialachán sin, ar bhonn na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(5) den Rialachán céanna, ceadaítear go bhféadfar leanúint de mhaoluithe a chur i bhfeidhm maidir le mogallmhéideanna íosta a eisíodh faoi chuimsiú Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus a raibh feidhm acu an 14 Lúnasa 2019. |
|
(17) |
An síneadh leis an maolú a d’iarr an Spáinn, comhlíontar leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/1241 agus in Iarscríbhinn IX, Cuid B, pointe 4, a ghabhann leis an Rialachán sin, toisc nach dtagann meath ar na caighdeáin roghnaíochta mar thoradh air, go háirithe i dtéarmaí méadú ar ghabhálacha iasc óg, agus go ndírítear leis ar na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin a bhaint amach. |
|
(18) |
Déantar an t-iascach lena mbaineann a rialú sa phlean bainistíochta a ghlac an Spáinn lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas a luaitear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(19) |
Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann na ceanglais taifeadta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8). |
|
(20) |
Bíonn an t-iascach lena mbaineann ar siúl ag fad an-ghearr ón gcósta agus, dá bhrí sin, ní chuireann sé isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta soithí eile. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, ba cheart an maolú a iarradh a dheonú. |
|
(22) |
Trí fhad an mhaolaithe a theorannú, beifear in ann bearta bainistíochta ceartaitheacha a dhéanamh go tapa i gcás ina léireofaí san fhaireachán ar an bplean bainistíochta drochstádas caomhantais maidir leis an stoc saothraithe, agus raon feidhme á sholáthar chun feabhas a chur ar an mbunús eolaíoch le plean bainistíochta feabhsaithe. Ba cheart deireadh an mhaolaithe a shocrú ag deireadh an tséasúir iascaireachta, is é sin an 15 Márta 2029. |
|
(23) |
Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2230 in éag an 1 Márta 2026, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 2 Márta 2026 chun leanúnachas dlí a áirithiú. |
|
(24) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(25) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh an Choimisiúin maidir le comhlíonadh reachtaíocht eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (9), ag an ngníomhaíocht a chumhdaítear leis an maolú seo. |
|
(26) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maolú
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia agus lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil siad cláraithe san áireamh muirí atá á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia um Thalmhaíocht, Beostoc, Iascach agus Dobharshaothrú; |
|
(b) |
go bhfuil cuntas teiste san iascach acu ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus nach mbeidh baint acu le haon mhéadú amach anseo ar an iarracht iascaireachta a sholáthraítear; |
|
(c) |
go bhfuil údarú iascaireachta acu agus go bhfeidhmíonn siad faoin bplean bainistíochta a ghlac an Spáinn i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. |
Airteagal 2
Plean faireacháin agus tuairisciú
Déanfaidh an Spáinn tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh sa phlean bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(c) a chur in iúl don Choimisiún den chéad uair faoin 1 Meitheamh 2027 agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Márta 2026 go dtí an 15 Márta 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 409, 30.12.2006, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1967/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 773/2013 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2013 lena mbunaítear maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara maidir le saighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) in uiscí teorann áirithe de chuid na Spáinne (Murcia) (IO L 217, 13.8.2013, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/773/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2230 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus leis an doimhneacht a dheonaítear do shaighní báid lena ndéantar iascaireacht ar an mac siobháin trédhearcach (Aphia minuta) laistigh d’uiscí teorann na Spáinne de chuid Phobal Féinrialaitheach Réigiún Murcia (IO L, 2023/2230, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2230/oj).
(4) ‘Orden de 26 de septiembre de 2023, de la Consejería de Agua, Agricultura, Ganadería y Pesca, por la que se regula la pesquería del chanquete (Aphia minuta) en aguas interiores de la Región de Murcia’, Iris Oifigiúil Réigiún Murcia, Uimh. 223, 26.9.2023, lch. 26470.
(5) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj).
(6) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – an 80ú Tuarascáil iomlánach (STECF-PLEN-25-03). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025 (https://stecf.ec.europa.eu/document/download/0ad54569-90a8-4b1d-8a23-8bd648296112_ga).
(7) An 16 Feabhra 2026.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).
(9) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1002/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)