This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0645
Council Implementing Decision (CFSP) 2026/645 of 16 March 2026 implementing Decision 2011/235/CFSP concerning restrictive measures directed against certain persons and entities in view of the situation in Iran
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/645 ón gComhairle an 16 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/645 ón gComhairle an 16 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/6721/2026/INIT
IO L, 2026/645, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/645/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/645 |
16.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2026/645 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Márta 2026
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES. |
|
(2) |
An 9 Eanáir 2026, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais maidir leis an staid san Iaráin inar tugadh dá aire agus is cúis mhór imní dó na tuarascálacha maidir le taismigh agus cáineadh sa ráiteas céanna an úsáid a bhaineann fórsaí slándála as foréigean, an choinneáil threallach agus oirbhearta imeaglaithe i gcoinne léirsitheoirí. Iarradh sa ráiteas go scaoilfí saor láithreach gach duine atá á choinneáil go héagórach as a chearta bunúsacha a fheidhmiú agus tathantaíodh ar údaráis na hIaráine cloí le hoibleagáidí idirnáisiúnta na hIaráine agus seasamh go hiomlán leis an gceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun saoirse comhlachais agus chun saoirse comhthionóil shíochánta. Iarradh ann freisin go gcinnteofaí an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, lena n-áirítear trí rochtain ar an idirlíon a athbhunú do chách. |
|
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach ábhar imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart 16 dhuine agus 3 eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/235/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘260. |
Ali Akbar POUR-JAMSHIDIAN |
Feidhm: Leas-Aire Gnóthaí Baile do Ghnóthaí Slándála agus Forfheidhmithe Dlí; Rúnaí Chomhairle Slándála Náisiúnta na hIaráine Dáta breithe: 30.12.1962 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is Briogáidire-Ghinearál de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) é Ali Akbar Pour-Jamshidian agus feidhmíonn sé mar Leas-Aire Gnóthaí Baile do Ghnóthaí Slándála agus Forfheidhmithe Dlí agus mar Rúnaí Chomhairle Slándála Náisiúnta na hIaráine. Sna róil sin, bhí Ali Akbar Pour-Jamshidian freagrach as na hagóidí sráide ar cuireadh tús leo i mí na Nollag 2025 a chur faoi chois, rud a d’fhág go raibh na céadta taismeach ann, déanta ag fórsaí slándála éagsúla atá faoina smacht. Ghlac sé páirt freisin in iarracht an réimis an fhírinne maidir leis na taismigh a cheilt agus chuir sé a thacaíocht in iúl maidir le múchadh an idirlín le linn na n-agóidí. Dá bhrí sin, tá Ali Akbar Pour-Jamshidian freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
261. |
Gholam Ali MOHAMMADI غلامعلی محمدی ar a dtugtar freisin Gholamali MOHAMMADI |
Feidhm: Ceann Eagraíocht na bPríosún agus na Slándála agus na mBeart Oideachais i bPoblacht Ioslamach na hIaráine Dáta breithe: 22.6.1963 Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Gholam Ali Mohammadi Ceann Eagraíocht na bPríosún agus na Slándála agus na mBeart Oideachais i bPoblacht Ioslamach na hIaráine. Sa ról sin, déanann sé maoirseacht ar na príosúin go léir sa tír. Le linn a théarma oifige, tuairiscíodh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i bpríosúin na hIaráine. Áirítear ar na sáruithe sin úsáid céastóireachta nó cineálacha eile íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach agus drochíde fhisiciúil easaontach polaitiúil agus mionlach reiligiúnach, cásanna d’fhoréigean gnéasach agus comhéigean i gcoinne príosúnaigh bhaineanna agus mí-úsáid agus céasadh leanaí. Ina theannta sin, dhiúltaigh údaráis phríosúin na hIaráine, faoi stiúir Gholam Ali Mohammadi, cúram leighis riachtanach d’aon ghnó do phríosúnaigh pholaitiúla, rud ba chúis le bás daoine a bhí á gcoinneáil, agus níor imscrúdaigh siad na básanna sin ná níor chuir siad aon chuntasacht ar fáil ina leith. Dá bhrí sin, tá Gholam Ali Mohammadi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
262. |
Davoud Moazami GOUDARZI |
Feidhm: Ceann Chibearphóilíní Mhórcheantar Tehran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Davoud Moazami Goudarzi ina Cheann ar Chibearphóilíní Mhórcheantar Tehran, atá mar chuid de Chibearphóilíní na hIaráine. Is aonad de Phóilíní na hIaráine iad Cibearphóilíní na hIaráine, agus tá sé de chúram orthu póilíneacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht ar líne. Tá ról lárnach acu maidir le faireachán a dhéanamh ar na meáin shóisialta agus saoránaigh a ionchúiseamh maidir le hábhar digiteach. Díríonn siad go minic ar easaontaigh agus ar lucht freasúra an réimis, ach ar phearsana cultúrtha tábhachtacha nach gcloíonn le róil dhochta shóisialta agus inscne, amhail ealaíontóirí baineanna, chomh maith. Cuireann siad an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh faoi chois agus forfheidhmíonn siad cinsireacht trí leathanaigh meán sóisialta a dhúnadh nó trí dhaoine a chuireann tuairimí in iúl nach dtacaíonn an réimeas leo, nó a chuireann na tuairimí sin chun cinn, a ghabháil. Dá bhrí sin, tá Davoud Moazami Goudarzi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
263. |
Ali SHIRAZI علی شیرازی ar a dtugtar freisin Hojjatoleslam Ali SHIRAZI |
Feidhm: Ceann na hEagraíochta um Idé-eolaíocht Pholaitiúil d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine (ar a dtugtar freisin FARAJA; LEF) Dáta breithe: 1962 Áit bhreithe: Rafsanjan, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Ali Shirazi Ceann na hEagraíochta um Idé-eolaíocht Pholaitiúil d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine (FARAJA) agus bhíodh sé ina Ionadaí de chuid an Cheannaire Uachtaraigh i gCeanncheathrú Sarallah Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Laistigh de struchtúr eagrúcháin FARAJA, tá ról lárnach ag an Eagraíocht um Idé-eolaíocht Pholaitiúil trí shíolteagasc idé-eolaíoch na bhfórsaí slándála a chur chun cinn. Bhí ról lárnach arís agus arís eile ag FARAJA maidir le hagóidí síochánta a chur faoi chois le foréigean, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as sáruithe forleathana ar chearta an duine. Ina theannta sin, le linn théarma oifige Ali Shirazi i gCeanncheathrú Sarallah IRGC, bunaíodh plean lenar tugadh an t-údarás do na fórsaí slándála dul i mbun maraithe agus fórsa marfach a úsáid go tapa i gcás agóide. Dá bhrí sin, tá Ali Shirazi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
264. |
Mohammad Moazami GOUDARZI محمد معظمی گودرزی ar a dtugtar freisin Mohammad Moazzami GOUDARZI |
Feidhm: Ceann na bPóilíní Coisctheacha; Leas-Cheannaire Phóilíní Mhórcheantar Tehran Dáta breithe: 21.3.1957 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Mohammad Moazami Goudarzi Ceann na bPóilíní Coisctheacha, Leas-Cheann Phóilíní Mhórcheantar Tehran agus bhíodh sé ina Cheannasaí Póilíneachta in Karaj agus Alborz. Sna poist atá aige faoi láthair agus sna poist a bhí aige cheana, bhí baint dhíreach aige le hagóidí san Iaráin a chur faoi chois le foréigean. Le linn agóidí mhí na Nollag 2025 agus mhí Eanáir 2026, bhí sé freagrach go díreach as aonaid fóirithinte, stáisiúin phóilíneachta agus foirne buille a stiúradh ar shráideanna Tehran. Dá bhrí sin, tá Mohammad Moazami Goudarzi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
265. |
Yadollah BOUALI ar a dtugtar freisin Yadollah BUALI |
Feidhm: Ceannasaí Chór Fajr Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCúige Fars Dáta breithe: 7.9.1965 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Yadollah Bouali Ceannasaí Chór Fajr Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCúige Fars. Faoina cheannas, bhí baint ag fórsaí IRGC i gCúige Fars le léirsithe a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear le linn na n-agóidí ar fud na tíre san Iaráin a thosaigh i mí na Nollag 2025, mar ar scaoil fórsaí IRGC urchair le hagóideoirí, rud a d’fhág go bhfuair daoine bás agus gur gortaíodh daoine. Dá bhrí sin, tá Yadollah Bouali freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
266. |
Seyed Hashem GHIASI سید هاشم غیاثی ar a dtugtar freisin Hashem GHIASI; Hashem GHIYASI |
Feidhm: Ceannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí Imam Reza Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Seyed Hashem Ghiasi Ceannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí Imam Reza, brainse áitiúil de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCúige Khorasan Razavi. Faoina cheannas, bhí baint ag fórsaí IRGC agus Basij i gCúige Khorasan Razavi le léirsithe a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear le linn na n-agóidí ar fud na tíre san Iaráin a thosaigh i mí na Nollag 2025, mar ar scaoil fórsaí IRGC urchair le hagóideoirí, rud a d’fhág go bhfuair daoine bás agus gur gortaíodh daoine. Dá bhrí sin, tá Seyed Hashem Ghiasi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
267. |
Ahmad DARVISH GOFTAR احمد درویش گفتار |
Feidhm: Ceann Chúirt Réabhlóideach Rasht agus Uachtarán a Céad Bhrainse Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Ahmad Darvish Goftar ina Cheann ar Chúirt Réabhlóideach Rasht agus ina Uachtarán ar Chéad Bhrainse na Cúirte sin. Sa ról sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe admhálacha éigeantacha, sáruithe ar ráthaíochtaí maidir le triail chóir agus eisiúint pianbhreitheanna tromchúiseacha nó pianbhreitheanna báis i gcoinne gníomhaithe. Dá bhrí sin, tá Ahmad Darvish Goftar freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
268. |
Mohammad Ali Ahmad DARVISH GOFTAR |
Feidhm: Ceann an Dara Brainse de Chúirt Réabhlóideach Rasht Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Mohammad Ali Ahmad Darvish Goftar ina Cheann ar an Dara Brainse de Chúirt Réabhlóideach Rasht. Sa ról sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe admhálacha éigeantacha, sáruithe ar ráthaíochtaí maidir le triail chóir agus eisiúint pianbhreitheanna tromchúiseacha nó pianbhreitheanna báis i gcoinne gníomhaithe. Dá bhrí sin, tá Mohammad Ali Darvish Goftar freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
269. |
Seyed Qasim QURESHI سید قاسم قریشی ar a dtugtar freisin Sardar Seyyed Ghasem QURESHI; Sardar Seyed Ghassem GHOREISHI |
Feidhm: Leas-Cheannasaí ar Fhórsaí Basij Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Seyed Ghassem Qureshi ina Leas-Cheannasaí ar Fhórsaí Basij, brainse paraimíleata de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Tá gairmréim fhada aige laistigh de IRGC a théann siar go dtí an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic. Bhí sé ina Cheannasaí ar Eagraíocht Frithbheartaíochta Basij in Qom ó 1999 go 2002 agus ina Leas-Chigire ar Fhórsaí Frithbheartaíochta Basij ó 2002 go 2006. Sa phost atá aige faoi láthair, tá Seyed Ghassem Qureshi i gceannas ar eagraíocht a gcuirtear sáruithe córasacha ar chearta an duine ina leith, lena n-áirítear agóidí a chur faoi chois go brúidiúil. Cuireadh i leith fhórsaí Basij arís agus arís eile gur bhain siad úsáid as airm thine, gur thug siad greadadh uafásach d’agóideoirí agus gur mharaigh siad iad d’aon ghnó le linn cniogbheartaíocht ar agóidí, lena n-áirítear na hagóidí a bhí ann le déanaí a thosaigh i mí na Nollag 2025. Dá bhrí sin, tá Seyed Ghassem Qureshi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
270. |
Ahmad BIGDELI احمد بیگدلی ar a dtugtar freisin Ahmad BIGDALI |
Feidhm: Leas-Cheann Oibríochtaí i gceanncheathrú Sarallah Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Ahmad Bigdeli ina Leas-Cheann Oibríochtaí i gCeanncheathrú Sarallah Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Tá ról ríthábhachtach ag ceanncheathrú Sarallah maidir le hoibríochtaí slándála fhórsaí talún IRGC, fhórsaí Basij agus aonad eile a chomhordú. Le linn na n-agóidí a bhí ann le déanaí a thosaigh i mí na Nollag 2025, bhí na fórsaí sin ina bpríomhghníomhaithe ag an réimeas agus na hagóidí sin á gcur faoi chois le foréigean. Airítear ar fhreagrachtaí Bigdeli freachnaimh traenála a dhéanamh agus maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí allamuigh. Dá bhrí sin, tá Ahmad Bigdeli freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
271. |
Mohammad NASIRI POUR محمد نصیری پور |
Feidhm: Leas-Ionchúisitheoir Tehran agus Ceann Gníomhach Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin) |
Is é Mohammad Nasiri Pour Leas-Ionchúisitheoir Tehran agus Ceann Gníomhach Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin). Ina theannta sin, is iar-mhaoirseoir de chuid Chúirt Evin é agus bhí sé ina imscrúdaitheoir agus ina bhreitheamh forfheidhmithe pianbhreithe ann. Sna róil sin, ghlac sé páirt in ionchúiseamh i gcoinne gníomhaithe sibhialta agus sóisialta, lena n-áirítear gníomhaithe ar son chearta na mban, agus i gcoinne iriseoirí agus gníomhaithe polaitiúla a cháin an Phoblacht Ioslamach. Ina ról ag obair laistigh de chóras breithiúnach na hIaráine, tá sé freagrach as sáruithe i ndáil le ráthaíochtaí maidir le triail chóir amhail rochtain ar dhlíodóir a dhiúltú, dálaí coinneála mídhaonna, baill teaghlaigh a chiapadh agus céasadh síceolaíoch. Dá bhrí sin, tá Mohammad Nasiri Pour freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
272. |
Amirhossein TARIAN امیرحسین تاریان |
Feidhm: Leas-Ionchúisitheoir sa Chéad Bhrainse d’Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin) Dáta breithe: 1990 Áit bhreithe: Nowshahr, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Amirhossein Tarian ar dhuine de na Leas-Ionchúisitheoirí sa Chéad Bhrainse d’Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin). Sa ról sin, bhí baint aige le roinnt cásanna ina ndearnadh saoránaigh a thoghairm, a chúiseamh, agus a thriail ina dhiaidh sin gan ráthaíochtaí maidir le triail chóir, agus, dá dheasca sin, gearradh pionóis thromchúiseacha, pionós an bháis san áireamh. Dá bhrí sin, tá Amirhossein Tarian freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
273. |
Naser Jalayer SARNAGHI ناصر جلاير سرنقی |
Feidhm: Leas-Ionchúisitheoir agus imscrúdaitheoir sa Chéad Bhrainse d’Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin). Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Naser Jalayer Sarnaghi ar dhuine de na Leas-Ionchúisitheoirí sa Chéad Bhrainse d’Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin), agus is imscrúdaitheoir san Oifig Ionchúisimh sin é freisin. Sa ról sin, bhí baint aige le rochtain ar thriail chóir a shéanadh ar ghníomhaithe polaitiúla agus ar ghníomhaithe ar son cearta sibhialta, go háirithe gníomhaithe mná, agus le hiad a chúiseamh go héagórach, agus, dá dheasca sin, gearradh pionóis thromchúiseacha, pionós an bháis san áireamh. Dá bhrí sin, tá Naser Jalayer Sarnaghi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
274. |
Mahmoud Haj MORADI محمود حاج مرادی |
Feidhm: Imscrúdaitheoir in Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin) Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is imscrúdaitheoir é Mahmoud Haj Moradi in Oifig an Ionchúisitheora do Cheantar 33 in Tehran (ar a dtugtar freisin Oifig Ionchúisimh Evin). Sa ról sin, ghlac sé páirt in ionchúiseamh éagórach na mban. Bhí ról aige maidir le cásanna a chomhdú i gcoinne gníomhaithe sibhialta agus sóisialta, agus i gcoinne iriseoirí agus gníomhaithe polaitiúla a cháin an Phoblacht Ioslamach. Agus é sin á dhéanamh aige, sháraigh Haj Moradi an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin, tá Mahmoud Haj Moradi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
275. |
Hossein YEKTA |
Feidhm: Ceannasaí Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) Dáta breithe: 27.11.1967 Dáta breithe: Qom, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is Ceannasaí sinsearach de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) é Hossein Yekta a ghníomhaíonn ina earcaitheoir agus ina dhianteagascóir don IRGC. Le linn na n-agóidí ar cuireadh tús leo i Nollaig 2025, thacaigh sé go poiblí le léirsitheoirí síochánta a lámhach. Dá bhrí sin, tá Hossein Yekta freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026’; |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘52. |
Naji Research and Development Company (NRDC) (Cuideachta Taighde agus Forbartha Naji) شرکت پژوهش و توسعه ناجی |
Seoladh: Mirdamad Blvd, Tehran, Tehran Province, 1518964613, an Iaráin An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic phríobháideach Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin Dáta clárúcháin: 2005 Suíomh gréasáin: www.epolice.ir |
Is cuideachta seirbhísí TF agus comhairliúcháin de chuid na hIaráine í Cuideachta Taighde agus Forbartha Naji (NRDC) atá freagrach as feidhmchlár móibíleach Nazer a fhorbairt d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine. Baintear úsáid as feidhmchlár móibíleach Nazer mar uirlis faireachais chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar shaoránaigh san Iaráin. Cuireann sé ar chumas daoine aonair a bhfuil grinnfhiosrúchán stáit déanta orthu daoine aonair eile a thuairisciú as sáruithe a bhaineann leis an hijab agus as iompar a théann i gcoinne na moráltachta poiblí. D’fhéadfaí daoine aonair a thuairiscítear tríd an bhfeidhmchlár móibíleach Nazer a chur faoi réir trialacha coiriúla agus pionóis, lena n-áirítear fíneálacha, príosúnacht agus lascadh. Dá bhrí sin, tá NRDC freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
53. |
Mohammad Rasulullah Corps (Cór Mohammad Rasulullah) |
Seoladh: Niayesh Highway, Tehran, an Iaráin |
Tá Mohammad Rasulullah Corps (Cór Mohammad Rasulullah) freagrach as comhordú a dhéanamh ar Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) agus ar fhórsaí Basij in Tehran. Tá baint ag na fórsaí sin le léirsithe a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear le linn na n-agóidí ar fud na tíre san Iaráin a thosaigh i mí na Nollag 2025, mar ar scaoil fórsaí IRGC agus fórsaí Basijur urchair le hagóideoirí, rud a d’fhág go bhfuair daoine bás agus gur gortaíodh daoine. Dá bhrí sin, tá Cór Mohammad Rasulullah freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026 |
|
54. |
Imam Reza Islamic Revolutionary Guard Corps (Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí Imam Reza) ar a dtugtar freisin Imam Reza Corps |
Seoladh: Mashhad, Iqbal, Kohestan St., an Iaráin |
Is é an brainse áitiúil de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) i gCúige Khorasan Razavi é Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí Imam Reza, agus dá bhrí sin tá sé i gceannas ar fhórsaí IRGC agus ar fhórsaí Basij i gCúige Khorasan Razavi. Bhí baint ag na fórsaí sin le léirsithe a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear le linn na n-agóidí ar fud na tíre san Iaráin a thosaigh i mí na Nollag 2025, mar ar scaoil fórsaí IRGC urchair le hagóideoirí, rud a d’fhág go bhfuair daoine bás agus gur gortaíodh daoine. Tá Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí Imam Reza freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
16.3.2026’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/645/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)