This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0633
Decision of the EEA Joint Committee No 299/2025 of 5 December 2025 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2026/633]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 299/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/633]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 299/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/633]
IO L, 2026/633, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/633/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/633 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 299/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/633]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/420 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ball foirne ó na ÚMEnna agus ó na húdaráis inniúla ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/532 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na gnéithe nach mór d’eintiteas airgeadais a chinneadh agus measúnú a dhéanamh orthu agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á gcur amach ar fochonradh (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1190 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a úsáidtear chun eintitis airgeadais a shainaithint a gceanglaítear orthu tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí a dhéanamh, na ceanglais agus na caighdeáin lena rialaítear úsáid tástálaithe inmheánacha, na ceanglais i ndáil leis an raon feidhme, leis an modheolaíocht tástála agus leis an gcur chuige le haghaidh gach céime de na céimeanna tástála, torthaí, clabhsúir agus feabhsúcháin agus an cineál comhair maoirseachta agus comhair ábhartha eile is gá chun TLPT a chur chun feidhme agus chun aitheantas frithpháirteach a éascú (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31qh (Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31qi. |
32025 R 0420: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/420 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ball foirne ó na ÚMEnna agus ó na húdaráis inniúla ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre (IO L, 2025/420, 24.3.2025). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tharmligthe oiriúnaithe mar a leanas: In Airteagal 3(3)(b), cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚMEnna’. |
|
31qj. |
32025 R 0532: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/532 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na gnéithe nach mór d’eintiteas airgeadais a chinneadh agus measúnú a dhéanamh orthu agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á gcur amach ar fochonradh (IO L, 2025/532, 2.7.2025). |
|
31qk. |
32025 R 1190: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1190 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a úsáidtear chun eintitis airgeadais a shainaithint a gceanglaítear orthu tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí a dhéanamh, na ceanglais agus na caighdeáin lena rialaítear úsáid tástálaithe inmheánacha, na ceanglais i ndáil leis an raon feidhme, leis an modheolaíocht tástála agus leis an gcur chuige le haghaidh gach céime de na céimeanna tástála, torthaí, clabhsúir agus feabhsúcháin agus an cineál comhair maoirseachta agus comhair ábhartha eile is gá chun TLPT a chur chun feidhme agus chun aitheantas frithpháirteach a éascú (IO L, 2025/1190, 18.6.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2025/420, (AE) 2025/532 agus (AE) 2025/1190 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/420, 24.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/420/oj.
(2) IO L, 2025/532, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/532/oj.
(3) IO L, 2025/1190, 18.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1190/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/633/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)