Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0613

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/613 ón gComhairle an 16 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/6571/2026/INIT

IO L, 2026/613, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/613/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/613/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/613

16.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/613 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Márta 2026

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise fhogha leanúnach na Rúise ar an Úcráin atá ag dul in olcas, agus go háirithe a feachtas míleata brúidiúil a bhí ann le déanaí lena ndírítear d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear saoráidí fuinnimh, uisce agus sláinte, arb é is cúis le fulaingt thromchúiseach an phobail shibhialta agus a fhéachann leis an mbonn a bhaint d’athléimneacht na hÚcráine, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart naonúr atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2023.

Aleksandr Yuryevich CHAYKO

ar a dtugtar freisin Alexander Yuryevich CHAIKO

Rúisis: Александр Юрьевич ЧАЙКО

Feidhm: Coirnéal Ginearál; Ceann Grúpa Fórsaí Armtha sa tSiria; iar-Cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Oirthir

Dáta breithe: 27.7.1971

Áit bhreithe: Golitsyno, Réigiún Mhoscó, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais: Chánach 503009120703

Is é Alexandr Chayko, ceann Grúpa Fórsaí Armtha sa tSiria, iar-Cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Oirthir agus ba é an t-oifigeach míleata Rúiseach is sinsearaí ar an talamh san Úcráin ag tús an mhór-ionraidh.

Ba é Alexandr Chayko an Príomhcheannasaí san Úcráin nuair a chuaigh trúpaí na Rúise isteach in Bucha. Is ionann na hainghníomhartha sin a rinneadh in Bucha agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Bronnadh an teideal “Laoch Chónaidhm na Rúise” ar Alexandr Chayko in 2020.

Dá bhrí sin, tá Alexandr Chayko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026

2024.

Andrey Viktorovich KONDROV

Rúisis: Андрей Викторович КОНДРОВ

Feidhm: Coirnéal; Ceannasaí an 5ú Briogáid Leithleach Tancanna den 36ú Arm Comh-Arm

Dáta breithe: 12.8.1976

Áit bhreithe: Dalnerechensk, Primorsky Krai, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is Ceannasaí é Coirnéal Andrey Kondrov ar an 5ú Briogáid Leithleach Tancanna den 36ú Arm Comh-Arm. Tá sé curtha i leith na briogáide sin, a bhí faoi stiúir Andrey Kondrov, go ndearna sé creachadh ar mhuintir in Bucha agus gur dhúnmharaigh sé iad. Is ionann na hainghníomhartha sin a rinneadh in Bucha agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Dá bhrí sin, tá Andrey Kondrov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026

2025.

Artem Igorevich GORODILOV

Rúisis: Артем Игоревич ГОРОДИЛОВ

Feidhm: Coirnéal; Ceannasaí an 83ú Briogáid Gardaí um Ionsaithe Aeir; iarCheannasaí an 234ú Reisimint Gardaí um Ionsaithe Aeir, ar cuid den 76ú Rannán Gardaí um Ionsaithe Aeir í

Dáta breithe: 8.8.1984

Áit bhreithe: Moscó, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pas: sraith 4507 Uimh. 336855 arna eisiúint an 20.8.2004 ag an lárionad gnóthaí inmheánacha i Moscó (Ceantar Sokolniki)

Uimhir Aitheantais: Chánach 370203319194

An Coirnéal Artem Gorodilov, Ceannasaí an 83ú Briogáid Gardaí um Ionsaithe Aeir agus iarCheannasaí an 234ú Reisimint Gardaí um Ionsaithe Aeir, ar cuid den 76ú Rannán Gardaí um Ionsaithe Aeir í. Ghlac an 234ú Reisimint Gardaí um Ionsaithe Aeir páirt i sléacht sibhialtach in Bucha nuair a bhí an chathair sin faoi fhorghabháil ag trúpaí na Rúise i laethanta tosaigh an chogaidh. Bhí an 234ú Reisimint Gardaí um Ionsaithe Aeir faoi stiúr Artem Gorodilov ag an am agus bhí sé in Bucha sin ina bhfuair na céadta sibhialtach bás, i gcásanna áirithe mar thoradh ar bhásuithe brúidiúla.

Dá bhrí sin, tá Artem Gorodilov ag tacaíocht le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht agus de shlándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

16.3.2026

2026.

Sergey Viktorovich CHUBARYKIN

Rúisis: Сергей Викторович ЧУБАРЫКИН

Feidhm: Maor-Ghinearál; Ceannasaí an 76ú Rannán Gardaí um Ionsaithe Aeir

Dáta breithe: 25.8.1980

Áit bhreithe: Ryazan, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pas: sraith 6102 Uimh. 632261 arna eisiúint an 16.10.2002

Uimhir Aitheantais: Chánach: 231523648681

Is é Maor-Ghinearál Sergey Chubarykin Ceannasaí an 76ú Rannán Gardaí um Ionsaithe Aeir, a ndearna a thrúpaí an chuid is mó de na hainghníomhartha doiciméadaithe in Bucha, lena n-áirítear básuithe, céasadh agus creachadh. Is ionann na hainghníomhartha sin a rinneadh in Bucha agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Bhí an 76ú Rannán Gardaí um Ionsaithe Aeir chun tosaigh i mór-ionradh na Úcráine i mí Feabhra 2022, agus bhí gnéithe éagsúla den rannán páirteach sa chogaíocht ó thuaidh de Chív, i Réigiún Kharkiv gar do chathair Izyum, agus i Réigiún Luhansk thoir, thart timpeall Popasna.

Dá bhrí sin, tá Sergey Chubarykin ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026

2027.

Viktor Viktorovich FILONOV

Rúisis: Виктор Викторович ФИЛОНОВ

ar a dtugtar freisin Віктор Вікторович ФIЛОНОВ

Feidhm: Saighdiúir sa 234ú Reisimint Gardaí um Ionsaithe Aeir, ar cuid den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir den Gharda í

Dáta breithe: 9.4.1991

Áit bhreithe: PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Agus é ina shaighdiúir 234ú Reisimint um Ionsaithe Aeir den Gharda, ar cuid den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir den Gharda í, bhí baint ag Viktor Filonov le coireanna cogaidh na Rúise i gcoinne sibhialtach in Bucha agus in Borodianka, Cív Oblast, ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2022.

D’uchtaigh sé paiste ó Donetsk Oblast in oirthear na hÚcráine atá faoi fhorghabháil na Rúise agus a díbríodh go neamhdhleathach chuig an Rúis.

Dá bhrí sin, tá Viktor Filonov ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht agus de shlándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

16.3.2026

2028.

Vladimir Viatcheslavovitch SELIVERSTOV

Rúisis: Владимир Вячеславович СЕЛИВЁРСТОВ

Feidhm: Maor-Ghinearál; iar-Cheannasaí an 106ú Rannán Aerbheirthe

Dáta breithe: 1.8.1973

Áit bhreithe: Sráidbhaile stanki, Ceantar Vyaznikovsky, Réigiún Vladimir, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Cónaidhm na Rúise; Moscow Oblast, Kubinka, Armeyskaya Street 26, apt. 29

Pas: sraith 3418 Uimh. 265658 arna eisiúint in 2018

Bhí an Maor-Ghinearál Vladimir Seliverstov d’Fhórsaí Aerbheirthe na Rúise i gceannas ar aonaid den 106ú Rannán Aerbheirthe laistigh de Chomhghrúpáil Trúpaí “Vostok”. Le linn mhian tréimhse Feabhra go hAibreáin 2022, bhí sé i gceannas ar ghníomhaíochtaí na bhfothrúpaí le linn oibríocht na Rúise chun Cív a ghabháil ón iarthar. Bhí baint ag pearsanra na n-aonad sin den 106ú Rannán Aerbheirthe le coireanna cogaidh i gcoinne na sibhialtach i Réigiún Chív, lena n-áirítear in Bucha, Hostomel agus Irpen. Is ionann na hainghníomhartha sin agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Bronnadh an teideal “Laoch Chónaidhm na Rúise” ar Vladimir Seliverstov.

Dá bhrí sin, tá Vladimir Seliverstov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026

2029.

Vadim Ivanovych PANKOV

Rúisis: Вадим Иванович ПАНКОВ

Feidhm: Ceannasaí ar 45th Separate Guards Special Purpose Brigade (Spetsnaz)

Dáta breithe: 2.1.1968

Áit bhreithe: Gomel, PSS na Bealarúise, APSS (Poblacht na Bealarúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Maor-Ghinearál Vadim Pankov, Ceannasaí ar 45ú Separate Guards Special Purpose Brigade (Spetsnaz), cuid de scothfhórsaí aerbheirthe na Rúise. Bhí sé rannpháirteach in ionghabháil na Crimé in 2014, agus eisean a threoraigh gníomhaíochta na bhfórsaí speisialta ann. Bhí sé i gceannas ar aonaid le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí an bhriogáid a bhí faoina stiúir rannpháirteach i bhforghabháil Bucha. Cuirtear ina leith gur ordaigh sé go marófaí 30 cónaitheoir áitiúil agus gur chuir sé iallach ar shibhialtaigh fáil réidh le corpán shaighdiúirí Rúiseacha. Is ionann na hainghníomhartha sin agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

Bronnadh an teideal “Laoch Chónaidhm na Rúise” ar Vadim Pankov.

Dá bhrí sin, tá Vadim Pankov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026

2030.

Denis Aleksandrovich SUVOROV

Rúisis: Денис Александрович СУВОРОВ

Feidhm: Leifteanant-Choirnéal; Ceannasaí ar an 175ú Cathlán Taiscéalaíochta ar leithligh den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir de Gharda í, de chuid Fhorsaí Aerbheirthe Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 6.11.1984

Áit bhreithe: Pskov Oblast, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Leifteanant-Choirnéal Denis Suvorov, Ceannasaí ar an 175ú Cathlán Taiscéalaíochta ar leithligh den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir de Gharda í, de chuid Fhorsaí Aerbheirthe Chónaidhm na Rúise, imscaradh an cathlán a bhí faoina stiúir mar chuid d’oibríochtaí na ranna i gCív Oblast, lena n-áirítear Bucha, ag tús mórionradh na Rúise ar an Úcráin. Thacaigh gníomhaíochtaí taiscéalaíochta an chathláin a bhí faoina stiúir leis na “oibríochtaí glantacháin” níos leithne agus leis na coireanna cogaidh a bhfuil fianaise leo a d’eascair as sin. Bhí sé rannpháirteach go pearsanta i gcéasadh sibhialtaigh le linn forghabháil na Rúise ar Bucha i mí an Mhárta 2022.

Dá bhrí sin, tá Denis Suvorov ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais agus á gcur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht agus de shlándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

16.3.2026

2031.

Aleksey Nikolaevich TOLMACHEV

Rúisis: Алексей Николаевич ТОЛМАЧЕВ

Feidhm: Coirnéal; Ceannasaí ar 104ú Reisimint Aerbheirthe um Ionsaithe Aeir ar cuid den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir de Gharda í, de chuid Fhorsaí Aerbheirthe Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 23.4.1980

Áit bhreithe: Moscó, PCSS na Rúise, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pas: sraith 6103 Uimh. 814361, arna eisiúint an 8.4.2003 ag an Railway District Department of Internal Affairs

Uimhir Aitheantais Chánach: 463205326671

Ghlac an Coirnéal Aleksey Tolmachev, Ceannasaí ar an 104ú Reisimint Aerbheirthe um Ionsaithe Aeir den 76ú Rannán um Ionsaithe Aeir den Gharda, páirt sa ionradh ar an Úcráin. Ó mhí Feabhra go mí Aibreáin 2022, bhí sé ina cheannasaí ar an 104ú Reisimint Aerbheirthe um Ionsaithe Aeir mar chuid den ghrúpa fórsaí “Vostok”. Is sa chuid thiar de Chív Oblast a bhí a réimse oibríochtaí. Bhí baint ag na haonaid a bhí faoi réir Aleksey Tolmachev i gcoireanna cogaidh in aghaidh sibhialtaigh i gcathracha Bucha agus Irpen.

Dá bhrí sin, tá Aleksey Tolmachev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht agus slándáil na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

16.3.2026’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/613/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top