Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0584

Cinneadh (CBES) 2026/584 ón gComhairle an 16 Márta 2026 chun tacú le hacmhainneachtaí na hAfraice a fhorbairt i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh

ST/6595/2026/INIT

IO L, 2026/584, 17.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/584/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/584/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/584

17.3.2026

CINNEADH (CBES) 2026/584 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Márta 2026

chun tacú le hacmhainneachtaí na hAfraice a fhorbairt i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas oibriú ionsar ardleibhéal comhair i ngach réimse den chaidreamh idirnáisiúnta, chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

(2)

Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm an 1 Márta 1999, agus is é an creat lárnach idirnáisiúnta é chun deireadh a chur leis an bhfulaingt agus leis na taismigh arb iad mianaigh fhrithphearsanra is cúis leo.

(3)

An 15 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Eorpach an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus le tacaíocht an Aontais do chur chun feidhme an Choinbhinsiúin, rannchuideofaí leis an tslándáil níos fearr don duine a bheartaítear sa Straitéis sin.

(4)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí dar teideal ‘Eoraip inbhuanaithe a thógáil faoi 2030 – An dul chun cinn go dtí seo agus na chéad chéimeanna eile’ chun tacú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe, agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis. Ina theannta sin, thacaigh an tAontas go comhsheasmhach le huiliú agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin trí shraith Cinntí ón gComhairle, lena n-áirítear Cinntí (CBES) 2017/1428 (1), (CBES) 2020/905 (2), (CBES) 2021/257 (3) agus (CBES) 2025/781 (4).

(5)

An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le seasamh an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gcosc ar mhianaigh fhrithphearsanra a threisiú i bhfianaise an chúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin ar an gCoinbhinsiún.

(6)

Ag an gCúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin ar an gCoinbhinsiún, a tionóladh in Siem Reap-Angkor, an Chambóid, in 2024, ghlac na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029, lena soláthraítear treochlár chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme agus a uiliú, rud a chuireann leis an méid a baineadh amach leis na Pleananna Gníomhaíochta roimhe sin.

(7)

An 14 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/781 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025 go 2029,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Tacóidh an tAontas leis na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (‘an Coinbhinsiún’) san Afraic chun acmhainneachtaí náisiúnta imréitigh mianach a neartú agus chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh agus cuspóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh an tAontas an tacaíocht sin chun feidhme trí ghníomhaíocht oibríochtúil.

2.   Is é cuspóir gníomhaíocht oibríochtúil an Aontais dá dtagraítear i mír 1 rannchuidiú le slándáil an duine trí thacú le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin, i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025 go 2029 agus Straitéis Slándála na hEorpa.

3.   Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 2

Chun cuspóir ghníomhaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach, tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

iarrachtaí na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún a neartú san Afraic a gcuid oibleagáidí maidir le dímhianú faoi Airteagal 5 den Choinbhinsiún trí fhothú acmhainneachta a chomhlíonadh;

(b)

malartú eolais agus saineolas a chur chun cinn a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 5 den Choinbhinsiún;

(c)

tiomantas an Aontais agus a Bhallstát do chuspóirí an Choinbhinsiúin a léiriú agus infheictheacht iomchuí an ghealltanais sin a áirithiú.

Airteagal 3

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal a bhaineann leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 de chúram ar Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR) i gcomhpháirtíocht leis an nGrúpa Comhairleach Mianach.

3.   Cuirfidh UNIDIR na tionscadail a bhaineann leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2 faoi fhreagracht an Ardionadaí chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNIDIR.

Airteagal 4

1.   Is é EUR 3 000 000,36 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na gníomhaíochtaí oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar síos i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú is gá i gcrích le UNIDIR. Leis an gcomhaontú sin, leagfar síos go n-áiritheoidh UNIDIR aithint agus infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, a bheidh oiriúnach dá méid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú i gcrích.

5.   Déanfaidh UNIDIR an ghníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCinneadh maidir le rialachas airgeadais agus trédhearcacht a neartú laistigh den Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme, a glacadh ag an 14ú Cruinniú de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún in 2015. Soláthróidh UNIDIR, i measc nithe eile, tuarascálacha tuairisciúla agus ráithiúla eile, mar aon le creat loighciúil agus maitrís ghníomhaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 5

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNIDIR. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn le measúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis don Chomhairle maidir leis na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 6

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 4(3) i gcrích nó 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura mbeidh aon chomhaontú tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/1428 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Mapútó le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 204, 5.8.2017, lch. 101, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1428/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/905 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1428 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Maputo le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 207, 30.6.2020, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/905/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle an 18 Feabhra 2021 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Osló le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 58, 19.2.2021, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/257/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/781 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L, 2025/781, 15.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/781/oj).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

Oibriú i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh: Acmhainneacht na hAfraice a fhothú chun deireadh a chur leis na bagairtí ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an bhforbairt a bhaineann le mianaigh thalún frithphearsanra

Cúlra & réasúnaíocht

Tá na billiúin dollar curtha ar fáil ag an gcomhphobal idirnáisiúnta mar fhreagairt ar iarrataí ar chomhar agus cúnamh idirnáisiúnta chun tacú le Stáit a n-oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Mhianaigh Frithphearsanra (APMBC) a chomhlíonadh. Leis an tacaíocht sin, bhíothas in ann limistéir mhóra talún a bhfuil tionchar ag mianaigh orthu a ghlanadh agus cainníochtaí móra mianach frithphearsanra a scriosadh i suíomhanna leochaileacha, íseal-acmhainneachta agus coinbhleachta. Leis na hiarrachtaí sin, cuireadh deireadh leis na bagairtí ar fholláine na sibhialtach, laghdaíodh costas daonna na n-arm sin, agus leagadh síos an bhunchloch don tsíocháin, don tslándáil agus don fhorbairt inbhuanaithe.

D’ainneoin na n-iarrachtaí uile ar fud an domhain, tá oibleagáidí fós ar thríocha trí Stát is Páirtithe in APMBC maidir le cur i gcrích Airteagal 5. Sa tréimhse roimh an gCúigiú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na Stát is Páirtithe, thug príomhpháirtithe leasmhara dá n-aire nach raibh freastal á dhéanamh ar riachtanais go leor Stát is Páirtithe a chuir iarrataí ar shíneadh faoi Airteagal 5 isteach chun scriosadh mianach talún frithphearsanra ina dtíortha a chur i gcrích (1). Is léir go ndíríonn formhór na ndeontóirí déthaobhacha Stáit a n-iarrachtaí ar Stáit is Páirtithe ina bhfuil na rioscaí is géire agus an fhulaingt dhaonna is mó mar gheall ar na hairm sin. Tá leibhéil sách íseal nó sách meánach éilliúcháin in go leor Stát eile is Páirtithe agus ba dheacair dóibh cistiú leordhóthanach náisiúnta nó idirnáisiúnta a fháil chun suirbhéanna agus gníomhaíochtaí dímhianúcháin a dhéanamh. Is do na cásanna sin a cuireadh foráil i bPlean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor (SRAAP) 2025-2029 ‘féachaint an bhféadfaí ciste iontaobhais deonach a bhunú chun tacú leis na Stáit is Páirtithe atá ag streachailt cúnamh idirnáisiúnta a fháil dá ngealltanais dhlíthiúla agus dá ngealltanais atá faoi cheangal ama faoi Airteagal 5 den Choinbhinsiún’ (aistriúchán neamhfhoirmiúil) (2).

Is Stáit Afracacha iad sé cinn déag de na tríocha trí Stát is Páirtithe a bhfuil oibleagáidí i leith Airteagal 5 fós le comhlíonadh acu (3). Tá pleananna oibre mionsonraithe, costáilte agus ilbhliantúla curtha ar fáil ag naoi dtír san Afraic chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh (4). Fuair cúig cinn acu na leibhéil is lú cistiú gníomhaíochta mianach le linn 2019-23 (Sead, an Aetóip, an Mháratáin, an Nígir, agus an tSeineagáil), agus ní bhfuair ceann amháin (Guine Bissau) aon chistiú nó cistiú fíorbheag ó 2018 i leith. Tá an próiseas beagnach curtha i gcrích ag cuid de na Stáit sin. Mar shampla, tuairiscítear go bhfuil beagán os cionn USD 7,5 milliún ag teastáil ó Ghuine Bissau chun a hoibleagáidí faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh, USD 3,7 milliún ag teastáil ón Máratáin, agus USD 8,9 milliún ón tSeineagáil (5).

Leis an ngníomhaíocht atá beartaithe, féachtar lena chur ar a gcumas do Stáit Afracacha is Páirtithe a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 atá fós gan chomhlíonadh a chomhlíonadh agus a léiriú go leanann an ghníomhaíocht mianach de bheatha daoine a shábháil agus d’fhorbairt inbhuanaithe a éascú. Dá bhrí sin, is mór-roinn í an Afraic inar féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit díriú ar thacaíocht a thabhairt do chuir chuige nuálacha ‘chun cabhrú lenár gcomhpháirtithe ár sprioc choiteann a bhaint amach, is é sin domhan atá saor ó mhianaigh’ (aistriúchán neamhoifigiúil) (6). Tá sprioc agus cuspóirí na gníomhaíochta sin ailínithe go dlúth leis an sainordú a fuair Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR) ó na Ballstáit (7), agus le straitéis taighde Chlár Gnáth-Arm agus Armlóin UNIDIR (CAAP). Cuirfidh CAAP UNIDIR an ghníomhaíocht sin chun feidhme i ndlúthchomhar le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC (APMBC-ISU) agus i gcomhar leis an nGrúpa Comhairleach Mianach (MAG) agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.

1.   Sprioc & cuspóirí

Is iad seo a leanas sprioc fhoriomlán agus dhá chuspóir nasctha bhainteacha, chomhfhreagracha an tionscnaimh agus na gníomhaíochta seo, atá, mar a tugadh faoi deara, ailínithe go dlúth le sainordú UNIDIR:

 

Sprioc Fhoriomlán: tacú le cúig cinn de Stáit na hAfraice a fhaigheann an comhar agus an cúnamh idirnáisiúnta is lú chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 den Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Mhianaigh Frithphearsanra (APMBC) a chomhlíonadh.

 

Cuspóir 1. Acmhainneacht náisiúnta a fhothú i suas le cúig Stát Afracacha chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC a chomhlíonadh.

 

Cuspóir 2. Malartú eolais agus taithí a chur chun cinn agus tacú leis maidir le hacmhainneacht náisiúnta na hAfraice a fhothú chun oibleagáidí APMBC a chur chun feidhme.

2.   Cur Chuige: Torthaí, tairbhithe agus gníomhaíochtaí

Chun an dá chuspóir nasctha bhainteacha sin a bhaint amach, tá dhá phacáiste oibre (i.e. gníomhaíochtaí, aschuir, torthaí/iarmhairtí a bhfuil coinne leo) sa ghníomhaíocht atá beartaithe. Is é príomhfhócas na gníomhaíochta acmhainneacht náisiúnta a fhothú agus a neartú i suas le cúig Stát Afracacha chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC (cuspóir a haon) a chomhlíonadh agus chun go mbeidh siad ‘saor ó mhianaigh’. Gintear eolas luachmhar úsáideach trí thaithí a dhoiciméadú go córasach agus trí thaifead a dhéanamh ar na dúshláin, ar na bearta éifeachtacha, ar na cleachtais agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón méid sin. Áirithítear le cuspóir 2 go ndéanfar an t-eolas sin a chomhroinnt, a chur chun cinn agus a mhalartú ar mhaithe le Stáit eile is Páirtithe in APMBC agus leis na Ballstáit, agus leis an bpobal idirnáisiúnta i gcoitinne.

2.1.   Acmhainneacht náisiúnta a fhothú i suas le cúig Stát Afracacha chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC a chomhlíonadh

Déanfaidh UNIDIR maoirseacht ar sholáthar cúnaimh fothaithe acmhainneachta náisiúnta inscne-fhreagrúil do suas le cúig Stát Afracacha is Páirtithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

tá sé léirithe acu go bhfuil a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 beagnach comhlíonta acu; agus

le cinntí arna ndéanamh ag Cruinnithe de chuid na Stát is Páirtithe, tugadh síntí dóibh.

Oibreoidh UNIDIR go dlúth le APMBC-ISU agus le Toscaireachtaí an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic chun acmhainneacht náisiúnta na hAfraice a fhothú. I bhfianaise na Stát is spriocthairbhithe agus na gcineálacha gníomhaíochtaí atá beartaithe ina n-iarrataí ar shíneadh agus sna pleananna uathu, oibreoidh UNIDIR le hoibreoir straitéiseach gníomhaíochta mianach neamhrialtasach a bhfuil oibríochtaí agus láithreachtaí aige cheana nó a bhí ann le déanaí sna tíortha spriocdhírithe, an Grúpa Comhairleach Mianach. Cuideoidh sé sin lena áirithiú gur féidir tús a chur go tapa le fothú acmhainneachta le haghaidh gníomhaíochtaí suirbhéireachta agus dímhianúcháin, gan gá le hacmhainní teoranta a úsáid chun láithreacht nua intíre a bhunú. Leagtar béim anseo ar thíortha comhpháirtíochta a chumasú úinéireacht náisiúnta iomlán a bheith acu ar iarrachtaí chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe.

2.1.1.   Torthaí

Comhlíonann suas le dhá stát Afracacha a n-oibleagáidí maidir le hAirteagal 5 APMBC agus cuireann siad isteach dearbhú deonach maidir le dímhianú a chur i gcrích trí thacaíocht na gníomhaíochta sin.

Tá dul chun cinn á dhéanamh ag trí Stát Afracacha eile maidir le hoibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC a chomhlíonadh.

Soláthrófar faisnéis ábhartha i dtuarascálacha bliantúla a thíolacfar faoi Airteagal 7 APMBC agus sna hiarrataí ar shíneadh a sheolfar chuig Coiste Airteagal 5.

Beidh an dul chun cinn éagsúil ó Stát amháin go Stát eile, faoi thionchar cásanna slándála (e.g. rochtain ar limistéir éillithe), úinéireacht, agus cúnamh comhlántach a sholáthraíonn foinsí eile. Féadfar a áireamh leis sin Stát Afracach amháin is Páirtithe in APMBC nó níos mó a bheith in ann a dhearbhú go bhfuil oibleagáidí Airteagal 5 curtha i gcrích, agus is féidir le stáit eile talamh a scaoileadh agus a dhearbhú go bhfuil cúigí nó limistéir ‘saor ó mhianaigh’, spriocanna eatramhacha eile, a leagtar amach in Airteagal 5 maidir le síntí (8) agus pleananna náisiúnta, a chomhlíonadh, agus bealaí inchreidte sainaitheanta a bheith acu i dtreo cur i gcrích (9). Beidh acmhainneacht náisiúnta neartaithe ag Stáit is tairbhithe uile na gníomhaíochta chun oibleagáidí Airteagal 5 atá fós le comhlíonadh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe.

2.1.2.   Tairbhithe & spriocanna

Is iad na príomhthairbhithe agus na Stáit spriocdhírithe cúig Stát Afracacha a chuir pleananna oibre mionsonraithe, costáilte agus ilbhliantúla ar fáil in iarrataí ar shíneadh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC a chomhlíonadh, ach a fuair leibhéil ísle cúnaimh idirnáisiúnta: Guine Bissau, an Mháratáin, an tSeineagáil, an tSúdáin Theas agus an tSiombáib. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2025, chuaigh UNIDIR i dteagmháil leis na Stáit sin a d’fhéadfadh a bheith ina dtairbhithe chun iad a chur ar an eolas agus chun léirithe spéise a lorg sa ghníomhaíocht seo atá beartaithe (10). Faoi dheireadh mhí na Nollag 2025, fuair an Institiúid cúig fhreagra dhearfacha (11). Is iad na tairbhithe deiridh iad na daoine, pobail agus daoine aonair, lena n-áirítear mná, fir, cailíní agus buachaillí, a bhíonn thíos le tionchair dhíreacha agus indíreacha, dhiúltacha agus inscneacha mianach talún frithphearsanra sna tíortha sin san Afraic.

Tabhair faoi deara go bhféadfaí Stáit Afracacha eile is Páirtithe in APMBC a chur le liosta na dtairbhithe agus na spriocanna, ag brath ar riachtanais agus ar na hacmhainní atá ar fáil. Féadfaidh UNIDIR, i gcomhar le SEGS de chuid an Aontais, dul i dteagmháil le deontóirí eile chun raon feidhme geografach na gníomhaíochta a mhéadú.

2.1.3.   Gníomhaíochtaí agus aschuir

Déantar foráil leis an ngníomhaíocht do shraith ‘croíghníomhaíochtaí’ chun acmhainneacht náisiúnta a fhothú i ngach Stát is sprioc agus is tairbhí agus chun a chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 de APMBC a chomhlíonadh; agus ‘roghchlár’ de ghníomhaíochtaí agus de thacaíocht (roghnacha), ag brath ar thosaíochtaí na dtairbhithe agus ar na hacmhainní atá ar fáil.

Áirítear an méid seo a leanas ar na ‘croíghníomhaíochtaí’ agus ar na haschuir chomhfhreagracha:

Cruinniú a eagrú ar an leibhéal náisiúnta chun athbhreithniú comhpháirteach a dhéanamh ar an iarraidh ar shíneadh agus ar an bplean náisiúnta, chun príomhthosaíochtaí a shainaithint, agus chun féachaint an bhféadfadh ‘idirphlé cur chuige aonair’ a bheith úsáideach, i gcomhar le APMBC-ISU;

Uirlis tosaíochta a úsáid chun torthaí atá faoi úinéireacht náisiúnta a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi chur chuige aonair agus/nó faoi iarrataí ar chúnamh idirnáisiúnta; agus

Rannchuidiú le tuarascálacha bliantúla faoi Airteagal 7 a ullmhú agus le faisnéis a sholáthar maidir le dímhianú (nuashonruithe bliantúla maidir le hAirteagal 5), i gcomhar le APMBC-ISU.

Eagróidh UNIDIR, i gcomhar le comhpháirtí cur chun feidhme UNIDIR maidir le gníomhaíocht oibríochtúil mianach MAG, i gcomhar le APMBC-ISU, agus ag obair le Toscaireacht intíre an Aontais, cruinniú comhpháirteach tosaigh intíre leis an údarás náisiúnta gníomhaíochta mianach chun tacú le gach Stát is tairbhí. Ag an gcruinniú intíre sin, déanfar athbhreithniú ar an iarraidh ar shíneadh Airteagal 5 agus ar an bplean gníomhaíochta, úsáidfear uirlis tosaíochta UNIDIR chun príomhthosaíochtaí agus seicheamhú na dtosaíochtaí sin a shainaithint, agus fiosrófar an bhféadfadh idirphlé náisiúnta geallsealbhóirí ar an leibhéal caipitil cuidiú le dul chun cinn a dhéanamh. Príomhthoradh an chruinnithe agus úsáid uirlis UNIDIR is ea tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí tosaíochta agus iad a sheicheamhú mar chuid de chonair i dtreo Airteagal 5 a thabhairt chun críche. Is féidir leis a bheith ina bhonn eolais d’idirphlé náisiúnta le geallsealbhóirí agus, más gá, d’iarrataí eile ar chúnamh idirnáisiúnta.

Beidh faisnéis arna giniúint ag na cruinnithe athbhreithnithe comhpháirteacha tosaigh sin agus trí úsáid a bhaint as an uirlis tosaíochta mar bhonn eolais freisin do thaighde agus do tháirgí atá le foilsiú faoin ngníomhaíocht seo, agus ar an gcaoi sin méadófar eolas agus feasacht na spriocphobal (féach 2.2.3).

‘Roghchlár’ de ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs, lena n-áirítear:

Suirbhéanna (i.e. suirbhéanna neamhtheicniúla agus teicniúla, NTS, agus TS), lena n-áirítear limistéir ghuaiseacha ‘amhrasta’ agus ‘deimhnithe’ a dhí-chomhiomlánú agus a shoiléiriú;

Limistéir ina bhfuil mianaigh a dhímhianú, trí mhodheolaíochtaí iomchuí a úsáid (e.g. modheolaíochtaí láimhe, meicniúla nó measctha), agus tuairisciú ar dhul chun cinn;

Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta d’údaráis náisiúnta sna réimsí seo a leanas:

Bainistiú Faisnéise;

Caighdeáin náisiúnta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inarb ábhartha nó inar gá; agus

Oideachas maidir le rioscaí ordanáis phléascaigh agus idirchaidreamh pobail, i gcás inarb ábhartha.

Déanfar gach gníomhaíocht oibríochtúil chomhthéacs-shonrach a chur chun feidhme agus déanfar faireachán agus meastóireacht orthu i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Ghníomhaíocht Mianach (CIGM) arna bhformhuiniú ag na Náisiúin Aontaithe.

Úsáidfear uirlis tosaíochta UNIDIR chun na gníomhaíochtaí comhthéacs-shonracha atá le soláthar faoin ngníomhaíocht seo a shainaithint, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

iarrataí ar shíneadh maidir le hAirteagal 5 agus cinntí ó Chruinniú na Stát is Páirtithe;

tosaíochtaí arna sainaithint sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta mionsonraithe costáilte;

leibhéal agus méid na húinéireachta náisiúnta a léiríonn an Spriocstát;

na hacmhainní atá ar fáil;

measúnú ar aon chúnamh eile a d’fhéadfadh a bheith faighte ag an Stát nó atá beartaithe (ag deontóirí eile); agus

an dóchúlacht go mbainfidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón ngníomhaíocht torthaí/iarmhairtí rathúla amach.

I ngach cás, beidh na gníomhaíochtaí comhthéacs-bhunaithe agus is féidir iad a mhéadú nó a laghdú chun freagairt d’acmhainní agus d’fhad na gníomhaíochta.

Cé gurb é an comhthéacs náisiúnta a chinnfidh an meascán de ghníomhaíochtaí oibríochtúla, léiríonn taithí UNIDIR agus an fhaisnéis atá ar fáil ó chomhpháirtithe oibríochtúla gníomhaíochta mianach san Afraic go bhféadfaí an dá phacáiste chomhthéacs-shonracha gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích faoin ngníomhaíocht seo.

Sampla 1. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar roghchlár na ngníomhaíochtaí oibríochtúla atá le cur i gcrích ag MAG i dtír ina bhfuil leibhéal íseal éilliúcháin ach atá casta ó thaobh na hoibríochta de:

suirbhéanna neamhtheicniúla a dhéanamh;

oiliúint agus an acmhainneacht pearsanra a threisiú maidir le suirbhéanna teicniúla agus dímhianú;

oibríochtaí suirbhéireachta agus dímhianúcháin maidir le cealú, laghdú agus dímhianú talún; agus

caighdeáin náisiúnta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Thabharfaí tosaíocht do limistéir tíre inar chuir dímhianú ar chumas an Stáit bogadh go cinntitheach i dtreo oibleagáidí Airteagal 5 de APMBC a chomhlíonadh. Thabharfaí tosaíocht freisin do ghníomhaíochtaí lena dtreisítear ar bhealach inbhuanaithe acmhainneachtaí na n-údarás náisiúnta maidir le pleanáil, tuairisciú, lena n-áirítear bainistiú faisnéise, chomh maith le bainistiú riosca iarmharaigh.

Sampla 2. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar roghchlár na ngníomhaíochtaí oibríochtúla atá le cur i gcrích ag MAG i dtír ina bhfuil leibhéal éilliúcháin, a gcaithfear aghaidh a thabhairt air, atá sainaitheanta go soiléir ach atá fíordhlúth:

suirbhéanna teicniúla a dhéanamh;

oiliúint agus an acmhainneacht pearsanra a threisiú chun tacú leis an acmhainneacht suirbhéanna teicniúla agus dímhianú a dhéanamh;

sócmhainní láimhe agus teicniúla iomchuí a chur in úsáid; agus

oibríochtaí spriocdhírithe dímhianúcháin ar limistéir ghuaiseacha dheimhnithe.

Thabharfaí tosaíocht don mhóiminteam a choinneáil ar bun maidir le dul chun cinn i leith chur chun feidhme Airteagal 5 de APMBC, laghdú riosca pobail, chomh maith leis an gconair i dtreo cur i gcrích a chosaint, agus iarrachtaí leanúnacha an údaráis náisiúnta agus, b’fhéidir, comhpháirtithe idirnáisiúnta eile an údaráis sin, á gcomhlánú ag an am céanna.

2.2.   Malartú eolais agus taithí a chur chun cinn agus tacú leis maidir le hacmhainneacht náisiúnta na hAfraice a fhothú chun oibleagáidí APMBC a chur chun feidhme

Déanfaidh UNIDIR taighde agus, i gcomhar lena chomhpháirtithe, baileoidh sé faisnéis agus déanfaidh sé anailís uirthi, lena n-áirítear sonraí maidir le dúshláin, bearta éifeachtacha, agus ceachtanna a foghlaimíodh, chun a chur ar chumas Stát Afracach is Páirtithe an riosca a bhaineann le mianaigh thalún frithphearsanra ina dtír a laghdú chun cuidiú le cuspóir 2 a bhaint amach. Fiosrófar san anailís freisin na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le cur chuige inscne-fhreagrúil agus cuimsitheach a chur chun feidhme. Bunóidh UNIDIR creat láidir faireacháin, meastóireachta agus foghlama chun an fhaisnéis agus na sonraí sin a bhailiú agus a chur ar fáil do phríomhpháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le gníomhaíocht mianach agus don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne. Leagtar béim anseo ar é a chur ar chumas Stáit na hAfraice agus na mór-roinne freagracht a ghlacadh as oibleagáidí a chomhlíonadh agus gealltanas a thabhairt maidir le freagrachtaí comhroinnte agus iad ag obair i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh.

2.2.1.   Torthaí

Is é an chéad toradh eolas méadaithe ar chineálacha cur chuige praiticiúla chun Stáit Afracacha is Páirtithe a chumasú chun an riosca a bhaineann le mianaigh thalún frithphearsanra ina dtír a laghdú trína n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh. Is é an dara toradh feasacht mhéadaithe ar ról an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát maidir le tacú leis an Afraic a bheith saor ó thionchair mianach talún frithphearsanra.

2.2.2.   Tairbhithe & spriocanna

Is iad 193 Bhallstát na Náisiún Aontaithe, go háirithe Stáit Afracacha APMBC  (12) is Páirtithe agus Ballstáit an Aontais Afracaigh na príomhthairbhithe agus na príomhspriocanna. Tabharfaidh UNIDIR páirt freisin do struchtúir agus Toscaireachtaí an Aontais, eintitis ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus an pobal i gcoitinne, agus rachaidh gníomhaíochtaí agus táirgí chun tairbhe dóibh. Is iad na tairbhithe deiridh iad na daoine, pobail agus daoine aonair, lena n-áirítear mná, fir, cailíní agus buachaillí, a bhíonn thíos le tionchair dhíreacha agus indíreacha, dhiúltacha agus inscneacha mianach talún frithphearsanra sna tíortha sin san Afraic agus i réigiúin eile den domhan.

2.2.3.   Gníomhaíochtaí agus aschuir

Cuirfidh UNIDIR ceardlann aistrithe eolais amháin ar fáil do Stáit Afracacha is Páirtithe in APMBC agus tuarascáil ar phríomhthorthaí na gníomhaíochta agus ar an gceardlann aistrithe eolais. Mar chuid den ghníomhaíocht seo atá beartaithe, forbróidh an Institiúid creat faireacháin, meastóireachta agus foghlama agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí é. Forbróidh UNIDIR uirlis tosaíochta freisin, cuirfidh sé suas le 5 bhileog eolais ar fáil agus ullmhóidh agus foilseoidh sé suas le 8 mír nuachta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tairbhithe na hAfraice. Déanfaidh sé suas le 8 n-imeacht a chomhóstáil leis an Aontas freisin chun feasacht a mhúscailt maidir leis an ngníomhaíocht agus chun torthaí a chomhroinnt ar bhealach spriocdhírithe idir tairbhithe príomhúla agus tánaisteacha agus spriocphobail. Cuirtear faisnéis maidir le seicheamhú sealadach beartaithe na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sin ar fáil ina dhiaidh sin.

Le linn na chéad 6 mhí den ghníomhaíocht, déanfaidh UNIDIR an uirlis tosaíochta a fhorbairt agus a thástáil lena húsáid le stáit is tairbhithe, lena n-áirítear le linn na gcruinnithe athbhreithnithe comhpháirteacha tosaigh (féach 2.1.3 thuas). Le linn na gníomhaíochta, ullmhóidh UNIDIR, i gcomhar le MAG, 5 bhileog eolais – bileog amháin le haghaidh gach stáit is tairbhí san Afraic. I ngach bileog eolais, cuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na torthaí ar an úsáid a bhaineann an tír as uirlis tosaíochta UNIDIR agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta aici chun a hoibleagáidí faoi Airteagal 5 APMBC a chomhlíonadh. Is féidir le stáit is tairbhithe agus comhpháirtithe UNIDIR san Afraic, chomh maith leis an bpobal idirnáisiúnta um ghníomhaíocht mianach, na hábhair sin a úsáid chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5 a chomhlíonadh.

Thar na trí bliana den ghníomhaíocht sin, eagróidh agus comhóstálfaidh UNIDIR, i gcomhar leis an Aontas, dhá imeacht in aghaidh na bliana sa Ghinéiv chun dul chun cinn agus torthaí taighde na gníomhaíochta a chur i láthair do phobal gníomhaíochta mianach maidir le beartas agus cleachtas. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin imeachtaí ar an imeall le linn an chruinnithe idirsheisiúnaigh do Chruinniú na Stát is Páirtithe in APMBC, cruinniú bliantúil Stát is Páirtithe in APMBC, cruinnithe na Stiúrthóirí Náisiúnta Gníomhaíochta Mianach agus cruinnithe Chomhairleoirí na Náisiún Aontaithe, agus/nó imeacht neamhspleách. Comhordóidh UNIDIR le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC agus oibreoidh sé go dlúth leis chun a áirithiú go mbeidh siad ailínithe le cruinnithe de chur chuige saincheaptha a d’fhéadfadh a bheith ann agus go rannchuideoidh siad leo. Beidh imeacht deiridh na gníomhaíochta seo ar siúl le linn an chruinnithe idirsheisiúnaigh don Séú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na Stát is Páirtithe in APMBC in 2029. Ina theannta sin, déanfaidh UNIDIR, i gcomhar leis an Aontas, imeachtaí a eagrú agus a chomh-óstáil san Afraic sa chéad bhliain agus sa tríú bliain den ghníomhaíocht, i gcomhar leis an Aontas Afracach (AA) nó le heagraíocht fhoréigiúnach Afracach. Chun na príomh-shaincheisteanna a phléifear le linn na n-imeachtaí sin a chur chun cinn, déanfaidh UNIDIR míreanna nuachta a ullmhú agus a phostáil ar a shuíomh gréasáin. Leis na gníomhaíochtaí agus na haschuir sin, músclófar feasacht ar ról an Aontais maidir le comhar a chothú agus braistint na freagrachta comhroinnte a chruthú i measc páirtithe leasmhara atá ag obair i dtreo na hAfraice atá saor ó thionchair dhiúltacha mianach talún frithphearsanra.

Le linn an dara bliain, eagróidh agus comhóstálfaidh UNIDIR, i gcomhar leis an Aontas, ceardlann malartaithe faisnéise agus aistrithe eolais san Afraic, i gcomhar leis an Aontas Afracach nó le heagraíocht fhoréigiúnach Afracach, agus i ndlúthchomhar le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC. Déanfaidh UNIDIR taighde chun bonn eolais a chur faoin gceardlann. Déanfar é a dhearadh agus a eagrú trí úsáid a bhaint as modheolaíocht shonrach chun malartú eolais idir na saineolaithe lena mbaineann a éascú maidir le dúshláin, cleachtais éifeachtacha agus cineálacha cur chuige nuálacha chun oibriú i dtreo Airteagal 5 a thabhairt chun críche san Afraic. Tabharfar le chéile sa cheardlann 15 Stát Afracacha is Páirtithe in APMBC, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil oibleagáidí faoi Airteagal 5 curtha i gcrích acu le déanaí agus iad siúd atá ag iarraidh iad a chomhlíonadh. Sa tríú bliain, foilseoidh agus scaipfidh UNIDIR tuarascáil ina soláthrófar faisnéis arna giniúint leis an gceardlann sin lena húsáid ag páirtithe leasmhara eile chun cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh.

3.   Rannpháirtíocht leis an Aontas agus infheictheacht

Tá an ghníomhaíocht seo ceaptha chun sineirgí a ghiaráil le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí eile faoi stiúir an Aontais (mar shampla tionscadal Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC chun tacú le cur chun feidhme SRAAP (13), Chuibhreannas an Aontais Eorpaigh maidir le Neamhleathadh agus Dí-Armáil (14), agus/nó tionscadal sonrach eile arna gcistiú ag an Aontas). Cuirfidh sé deiseanna ar fáil don Aontas a phróifíl phoiblí agus a cheannaireacht i réimse an rialaithe gnáth-arm, an neamhleata agus na dí-armála daonnúla a chomhdhlúthú a thuilleadh ar leibhéil éagsúla. Comhoibreoidh UNIDIR le struchtúir an Aontais sa Bhruiséil agus rachaidh sé i mbun comhair le Seirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais, mar an príomh-idirghabhálaí, agus le Buantoscaireachtaí an Aontais chuig na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv agus i Nua-Eabhrac. Thairis sin, rachaidh UNIDIR i mbun plé le toscaireachtaí an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic agus oibreoidh sé leo, ag tosú le cruinnithe athbhreithnithe comhpháirteacha intíre tosaigh (féach 2.1.3 thuas), agus i Stáit a dhéanann eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha ábhartha de chuid na hAfraice a óstáil, chun acmhainneacht náisiúnta a fhothú. Chomh maith le táirgí i scríbhinn a fhoilsiú i gcomhréir le treoirlínte infheictheachta an Aontais (féach thíos freisin). Beidh an tAontas le feiceáil ag gach imeacht a eagrófar i gcomhar le UNIDIR, lena n-áirítear trí ráitis tosaigh agus/nó deiridh a thabhairt, modhnóireacht a dhéanamh, nó rannchuidiú mar shaineolaí. Measann UNIDIR gur deiseanna suaitheanta iad an cheardlann malartaithe eolais le linn an dara bliain agus an dá imeacht le linn an tríú bliain den ghníomhaíocht chun ról ceannasach an Aontais sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht agus san fhorbairt inbhuanaithe san Afraic a chur chun cinn.

Mura n-aontóidh an Coimisiún Eorpach a mhalairt nó mura n-iarrfaidh sé a mhalairt, déanfaidh UNIDIR gach beart is gá chun a phoibliú gur chistigh an tAontas an tionscadal, agus cuirfidh sé ról an Aontais sa ghníomhaíocht sin i dtábhacht. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht agus leis an Lámhleabhar Infheictheachta do Ghníomhaíocht Sheachtrach an Aontais Eorpaigh arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach (15). Bainfear úsáid as suaitheantas agus ráitis cistithe an Aontais chun infheictheacht an Aontais a aithint agus a áirithiú. Áiritheofar leis sin go mbeidh tacaíocht airgeadais an Aontais don ghníomhaíocht infheicthe, trédhearcach agus dea-bhrandáilte.

4.   Comhar agus comhpháirtíochtaí

Is é UNIDIR an eagraíocht a chuireann an ghníomhaíocht seo chun feidhme. Oibreoidh UNIDIR i gcomhar leis na Ballstáit, lena n-áirítear Stáit Afracacha APMBC is Páirtithe agus comhaltaí den Aontas Afracach (AA), Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC, comhphobail eacnamaíocha réigiúnacha an Aontais Afracaigh agus na hAfraice, eintitis eile de chuid na Náisiún Aontaithe (mar shampla Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála, an tSeirbhís Gníomhaíochta Mianach, an Clár Forbartha, agus Oifigí Tíre, chomh maith le comhaltaí eile de Ghrúpa Comhordaithe Idirghníomhaireachta na Náisiún Aontaithe um Ghníomhaíocht Mianach), eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Rachaidh UNIDIR i mbun comhair, comhordóidh sé agus comhoibreoidh sé go dlúth, go háirithe le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC, chun an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go mbeidh a ghníomhaíochtaí agus a thorthaí mar bhonn eolais do thionscadal Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, nó go gcuirfidh sé leis, agus go gcruthóidh sé agus go n-uasmhéadóidh sé sineirgí agus comhlántachtaí leis an tionscadal sin chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor (SRAAP). Agus an dá eagraíocht/eintiteas lonnaithe sa Ghinéiv, tionólfar cruinnithe rialta idir UNIDIR agus Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme APMBC chun gníomhaíochtaí agus imeachtaí a chomhordú. Iarrfaidh UNIDIR ar an Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme páirt a ghlacadh sna himeachtaí uile a eagraítear agus a chomhóstáiltear leis an Aontas, agus an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme a choinneáil ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí agus aschuir na gníomhaíochta.

4.1.   Formhaoirseacht UNIDIR ar chomhpháirtithe

Rachaidh UNIDIR i gcomhar le hoibreoirí neamhrialtasacha gníomhaíochta mianach ón líonra comhpháirtithe atá aige cheana lena bhfuil comhaontuithe comhair aige (i.e. meabhráin tuisceana) agus a bhfuil oibríochtaí acu i dtíortha is tairbhithe san Afraic, mar chomhpháirtithe cur chun feidhme chun gníomhaíochtaí a chur i gcrích faoi 2.1.3, agus chun cuidiú le cuspóir 1 a bhaint amach. Comhlíonann UNIDIR rialacha agus rialacháin na Náisiún Aontaithe maidir le comhpháirtithe cur chun feidhme a bhainistiú agus cuireann sé i bhfeidhm iad (16). Tá an córas agus na próisis i bhfeidhm aige chun bainistiú agus oibriú go héifeachtach agus go héifeachtúil leis na comhpháirtithe oibríochtúla sin i dtíortha na hAfraice. Áirítear leis sin caighdeáin chun cur chuige rioscabhunaithe atá dírithe ar thorthaí a chur chun feidhme maidir le dícheall cuí, roghnú, faireachán feidhmíochta, meastóireacht agus maoirseacht airgeadais.

5.   Fad a mhairfidh an ghníomhaíocht

Meastar go mairfidh cur chun feidhme na gníomhaíochta 36 mhí.

6.   Eintiteas agus comhpháirtí cur chun feidhme

6.1.   Eolas faoi UNIDIR

Is institiúid uathrialach é UNIDIR faoi chuimsiú chóras na Náisiún Aontaithe a sholáthraíonn taighde neamhspleách, spás le haghaidh idirphlé, comhairle, uirlisí agus fothú acmhainneachta do Stáit agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le saincheisteanna criticiúla don tslándáil, don rialú arm, don dí-armáil, lena n-áirítear an dí-armáil dhaonnúil, agus don fhorbairt. Téann stair, taighde agus obair na hInstitiúide i dtreo dí-armáil dhaonnúil siar go dtí na 1990idí, roimh ghlacadh agus theacht i bhfeidhm APMBC (17). Fiche bliain ó shin, chomhoibrigh an tAontas le UNIDIR chun bonn eolais a chur faoina straitéisí maidir le gníomhaíocht mianach, fuílleach pléascach cogaidh, agus clársceidealú rialaithe mionarm agus arm éadrom (18). Le breis agus 10 mbliana anuas, d’oibrigh UNIDIR agus Clár Gnáth-Arm agus Armlóin (CAAP) go dlúth le comhpháirtithe réigiúnacha na hAfraice agus leis na Ballstáit chun tacú le fothú acmhainneachta agus le clársceidealú chun aghaidh a thabhairt ar airm aindleathacha agus chun an díobháil a dhéanann bagairtí pléascacha ar mhór-roinn na hAfraice a laghdú. Le blianta beaga anuas, dhírigh UNIDIR a iarrachtaí sa réimse sin ar uiliú agus cur chun feidhme éifeachtach conarthaí go ginearálta, lena n-áirítear APMBC, úsáid arm pléascach i limistéir a bhfuil daonra iontu, na bagairtí a bhaineann le mianaigh thalún sheiftithe (19), agus ról na hinscne i ngníomhaíocht éifeachtach mianach (20). Tá an Institiúid tiomanta do chur chun cinn na spriocanna agus na gcuspóirí a bhaineann le hinscne arna nglacadh ag na Náisiúin Aontaithe, agus tá sí tiomanta i gcónaí do rannchuidiú na mban sa dí-armáil a chur chun cinn, lena n-áirítear dí-armáil dhaonnúil, neamhleathadh, rialú arm, síocháin agus slándáil, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gclár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS). Coinníonn UNIDIR caidreamh agus comhar láidir iontaofa ar bun le Stáit na hAfraice, le rochtain uathúil ar leibhéil straitéiseacha agus oibríochtúla rialtais. Baineann sé tairbhe as comhpháirtíochtaí láidre seanbhunaithe le heagraíochtaí gníomhaíochta mianach atá ag feidhmiú ar fud na hAfraice. Aithnítear UNDIR as neodracht, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid taighde agus a chuid oibre chun an díobháil a dhéanann airm a laghdú. Dá bhrí sin, tá UNIDIR suite agus feistithe go hidéalach chun sprioc agus cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach.

6.2.   Eolas faoin nGrúpa Comhairleach Mianaigh (MAG)

Is eagraíocht dhomhanda dhaonnúil agus abhcóideachta é Grúpa Comhairleach Mianaigh (MAG) a aimsíonn, a bhaineann agus a scriosann mianaigh thalún, cnuasmhuinisin agus buamaí neamhphléasctha ó áiteanna atá thíos le coinbhleacht. Ó 1989 i leith, tá tacaíocht dhíreach tugtha leis an obair a dhéanann MAG do bhreis agus 22 mhilliún duine i mbreis agus 70 tír chun a saol agus a slite beatha a atógáil tar éis cogaidh. Meastar go bhfuil MAG ar cheann de na heagraíochtaí daonnúla gníomhaíochta mianach is mó ar domhan, agus bronnadh Duais Dhaonnúil Hilton air in 2025 agus bronnadh Duais Nobel na Síochána air go comhpháirteach in 1997. Oibríonn MAG i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta eile agus le comhpháirtithe áitiúla chun éifeachtúlacht, nuálaíocht, sábháilteacht agus táirgiúlacht a fheabhsú. Tá meabhrán tuisceana foirmiúil idir MAG agus UNIDIR, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha lena n-áirítear Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil, Suirbhé Mionarm, agus International Alert, agus is comhalta é freisin den Oifig Idirchaidrimh Eorpach um Chothú na Síochána.


(1)  Féach, mar shampla Anti-Personnel Mine Ban Convention – Extension Request process, Report by the Committee on Article 5 Implementation, 2023 [an Coinbhinsiún maidir le Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc - Próiseas maidir le hIarraidh ar Shíneadh, Tuarascáil ón gCoiste um Chur Chun Feidhme Airteagal 5, 2023], 21MSP-Committee-Art5-Extension-Request-Process.pdf.

(2)  Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029, APLC/CONF/2024/15, mír 14, lch. 18, 5RC-Final-Report-en.pdf.

(3)  Áirítear ar na Stáit sin is Páirtithe Angóla, Buircíne Fasó, Sead, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Eiritré, an Aetóip, Guine Bissau, an Mháratáin, Mailí, an Nígir, an Nigéir, an tSeineagáil, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSúdáin agus an tSiombáib.

(4)  Stádas chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Stáit is Páirtithe a bhfuil oibleagáidí fós orthu gan a bheith comhlíonta, an Cúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin, APLC/CONF/2024/12, an 13 Samhain 2024, APLC/CONF/2024/1.

(5)  Monatóir Mianach Talún 2024, Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc, An Ghinéiv: ICBL-CMC, Samhain 2024, Landmine-Monitor-2024-Final-Web.pdf; agus Monatóir Mianach Talún, an Ghinéiv: ICBL-CMC, Mí na Nollag 2025, Landmine-Monitor-2025-Final-Online.pdf.

(6)  An Coinbhinsiún maidir le Mianaigh Frithphearsanra a Chosc, an Cúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin, Siem Reap, an 25-29 Samhain 2024, Ráiteas ón Aontas maidir le Comhar Idirnáisiúnta agus Cúnamh, 5RC-8ei-Coop-zz-org-European-Union.pdf.

(7)  Féach sainordú UNIDIR: https://unidir.org/unidir-statute/. Féach freisin, Gníomhaíochtaí agus oibríochtaí UNIDIR, Céad Choiste Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, rún A/C.1/79/L.66, an 17 Deireadh Fómhair 2024. Féach freisin, Obair an Bhoird Chomhairligh um Ábhair Dhí-armála agus Bord Iontaobhaithe UNIDIR, Tuarascáil ón Ardrúnaí, A/80/240, 23 Iúil 2025, https://unidir.org/wp-content/uploads/2025/08/UNIDIR-2025-ABDM-Report.pdf.

(8)  Féach https://www.apminebanconvention.org/en/implementation/article-5/extension-requests.

(9)  Féach, mar shampla, Pathways to Completion: Achieving A Common Goal Through Article 5 in Context, Mines Advisory Group [Conairí i dtreo Cur i gCrích: Sprioc Choiteann a bhaint amach trí Airteagal 5 i gComhthéacs, Grúpa Comhairleach Mianach], MAG, 2024, https://maginternational.org/media/filer_public/9c/d1/9cd17054-fb51-461b-ba81-16d962828267/pathways_to_completion-4.pdf.

(10)  Tar éis an chruinnithe a bhí ag CONOP, Meitheal de chuid an Aontais, an 15 Deireadh Fómhair 2025, agus ar chomhairle agus ar mholadh ó Sheirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais, sheol UNIDIR litreacha oifigiúla ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2025.

(11)  Cuireadh na litreacha freagartha oifigiúla agus na teachtaireachtaí oifigiúla ar fáil do Sheirbhís Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais. Chuaigh UNIDIR i dteagmháil freisin le séú tír bhreise i gcás nár mhian le ceann de na cúig phríomhstát spriocdhírithe tairbhe a bhaint as an ngníomhaíocht sin.

(12)  An Ailgéir, Angóla, Beinin, an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, an Bhurúin, Cabo Verde, Camarún, Poblacht na hAfraice Láir, Sead, Oileáin Chomóra, Poblacht an Chongó, an Cósta Eabhair, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Djibouti, an Eiritré, an Aetóip, an Ghabúin, an Ghaimbia, Gána, an Ghuine, Guine-Bissau, an Chéinia, Leosóta, an Libéir, Madagascar, an Mhaláiv, Mailí, an Mháratáin, Oileán Mhuirís, Mósaimbíc, an Namaib, an Nígir, an Nigéir, Ruanda, São Tomé agus Príncipe, an tSeineagáil, na Séiséil, Siarra Leon, an tSomáil, an Afraic Theas, an tSúdáin, an tSúdáin, Eswatini, an Tansáin, Tóga, an Túinéis, Uganda, an tSaimbia, an tSiombáib. Féach https://treaties.unoda.org/t/mine_ban/participants.

(13)  Cinneadh (CBES) 2025/781 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025, Iarscríbhinn, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L_202500781.

(14)  Cinneadh (CBES) 2025/889 ón gComhairle, an 12 Bealtaine 2025, Iarscríbhinn, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L_202500889.

(15)  Féach Communication and raising EU visibility: Guidance for external actions – 2022, [Cumarsáid agus infheictheacht an Aontais a mhéadú: Treoraíocht maidir le gníomhaíochtaí seachtracha – 2022] an 16 Meán Fómhair 2024, https://international-partnerships.ec.europa.eu/knowledge-hub/communicating-and-raising-eu-visibility-guidance-external-actions_en#visibility.

(16)  Rialacháin agus Rialacha Airgeadais na Náisiún Aontaithe (FFR), Feasachán ST/SGB/2018/3 ón Ardrúnaí, agus JIU/REP/2021/4.

(17)  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (2006) Disarmament as Humanitarian Action: From Perspective to Practice [An Dí-Armáil mar Ghníomhaíocht Dhaonnúil: ó Pheirspictíocht go Cleachtas], UNIDIR, an Ghinéiv, https://unidir.org/files/publication/pdfs/disarmament-as-humanitarian-action-from-perspective-to-practice-288.pdf.

(18)  Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (2006), European Action on Small Arms and Light Weapons and Explosive Remnants of War: Final Report [Gníomhaíocht Eorpach ar Mhionairm agus Airm Éadroma agus iarsmaí pléascacha cogaidh: Tuarascáil Chríochnaitheach], UNIDIR, an Ghinéiv, https://unidir.org/publication/european-action-on-small-arms-and-light-weapons-and-explosive-remnants-of-war-final-report/.

(19)  Áiríodh leis sin, mar shampla, tacaíocht a thabhairt d’Uachtaránacht na Gearmáine ar APMBC i ndáil leis an bpáipéar oibre maidir le mianaigh frithphearsanra de chineál seiftithe agus an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Mhianaigh Frithphearsanra, 21MSP-Uachtarán-Paper-Improvised-AP-Mines.pdf.

(20)  Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (2023),‘ Beyond Osló: Taking Stock of Gender and Diversity Mainstreaming in the Anti-Personnel Mine Ban Convention [I ndiaidh Osló: Breithniú a dhéanamh ar Phríomhshruthú Inscne agus Éagsúlachta sa Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Mhianaigh Frithphearsanra’, UNIDIR, an Ghinéiv.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/584/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top