Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0546

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/546 ón gCoimisiún an 12 Márta 2026 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le meaisíní pacáistithe, trucailí tír-raoin ghairbh, innealra próiseála bia, craenacha, suiteálacha cábla-bhealaigh, innealra talmhaíochta agus foraoiseachta, ardaitheoirí, uirlisí tarrthála, uirlisí láimhe, trealamh i bhfeidhmeanna iarnróid, trealamh tacaíochta ar talamh d’aerárthaí, innealra crécharta agus feithiclí bailithe dramhaíola, agus lena gceartaítear an Cinneadh sin

C/2026/1587

IO L, 2026/546, 13.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/546/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/546/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/546

13.3.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/546 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2026

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le meaisíní pacáistithe, trucailí tír-raoin ghairbh, innealra próiseála bia, craenacha, suiteálacha cábla-bhealaigh, innealra talmhaíochta agus foraoiseachta, ardaitheoirí, uirlisí tarrthála, uirlisí láimhe, trealamh i bhfeidhmeanna iarnróid, trealamh tacaíochta ar talamh d’aerárthaí, innealra crécharta agus feithiclí bailithe dramhaíola, agus lena gceartaítear an Cinneadh sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an t-innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

(2)

Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (‘an chéad iarraidh’) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus an obair ar na caighdeáin sin a chur i gcrích, chun athruithe a chur san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Thairis sin, le litir M/471 an 29 Meitheamh 2010, chuir an Coimisiún iarraidh eile faoi bhráid CEN (‘an dara hiarraidh’), caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus an obair ar na caighdeáin sin a chur i gcrích, chun leasuithe agus breiseanna a chur san áireamh a tugadh isteach le Treoir 2009/127/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ar leasuithe agus breiseanna iad a bhaineann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le cosaint an chomhshaoil nach mór a chomhlíonadh, go sonrach, le hinnealra leata lotnaidicíde freisin.

(4)

Ar bhonn na chéad iarrata, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas lena gcumhdaítear forálacha sábháilteachta: EN 415-2:2025 maidir le meaisíní pacáistithe, EN 1459-4:2020+A1:2025 maidir le trucailí tír-raoin ghairbh, EN 15180:2025 maidir le hinnealra próiseála bia, EN 17076:2020+A1:2025 maidir le craenacha túir, EN 17639:2025 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun ábhar agus daoine atá ainmnithe go speisialta a iompar, agus EN 17923:2025 maidir le trealamh le haghaidh saothrú fíniúnacha agus fíonóireachta.

(5)

Ar bhonn na chéad iarrata, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (5): EN 81-43:2009 maidir le hardaitheoirí, EN 415-8:2008 maidir le meaisíní pacáistithe, EN 1459-1:2017 maidir le trucailí tír-raoin ghairbh, EN 13001-3-1:2012+A2:2018 maidir le craenacha, EN 13204:2016 maidir le huirlisí tarrthála cumhachtaithe le húsáid ag seirbhís dóiteán agus tarrthála, EN 13852-1:2013 maidir le craenacha amach ón gcósta, EN 14439:2006+A2:2009 maidir le craenacha túir, EN 15895:2011+A1:2018 maidir le huirlisí láimhe feistithe agus marcála crua a ghníomhraítear le púdar, agus EN 15954-2:2013 mar aon le EN 15955-2:2013 maidir le trealamh áirithe i bhfeidhmeanna iarnróid. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 415-8:2025, EN 1459-1:2025, EN 13001-3-1:2025, EN 13204:2025, EN 13852-1:2025, EN 14439:2025, EN 15895:2025 agus EN 15955-2:2025.

(6)

Thairis sin, ar bhonn na chéad iarrata, rinne CEN leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE)2023/1586: EN 1459-5:2020 maidir le trucailí tír-raoin ghairbh, EN 12312-15:2006+A1:2009 maidir le trealamh tacaíochta ar talamh d’aerárthaí, EN 12965:2019 maidir le tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, EN 12999:2020 maidir le craenacha lódála, agus EN 13155:2003+A2:2009 maidir le feistis ardaithe craenach. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe chomhdhlúite EN 1459-5:2020+A1:2025, EN 12312-15:2020+A2:2025, EN 12965:2019+A1:2025, EN 12999:2020+A1:2025 agus EN 13155:2020+A1:2025.

(7)

Ar bhonn an dara hiarraidh, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 17744:2025 maidir le hinnealra talmhaíochta agus foraoiseachta ina bhfuil glantóirí deannaigh i dtaca leis an riosca éilleáin comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann le linn úsáide a íoslaghdú.

(8)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an iarraidh ábhartha.

(9)

Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas na cuspóirí sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ar cuspóirí iad a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE: EN 415-8:2025, EN 1459-1:2025, EN 1459-4:2020+A1:2025, EN 1459-5:2020+A1:2025, EN 12312-15:2020+A2:2025, EN 12965:2019+A1:2025, EN 12999:2020+A1:2025, EN 13001-3-1:2025, EN 13155:2020+A1:2025, EN 13204:2025, EN 13852-1:2025, EN 14439:2025, EN 15180:2025, EN 15895:2025, EN 15955-2:2025, EN 17076:2020+A1:2025, EN 17639:2025, EN 17744:2025 agus EN 17923:2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin sin agus do na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2006/42/CE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-43:2025, EN 415-2:2025, EN 415-8:2025, EN 1459-1:2025, EN 1459-4:2020+A1:2025, EN 1459-5:2020+A1:2025, EN 12312-15:2020+A2:2025, EN 12965:2019+A1:2025, EN 12999:2020+A1:2025, EN 13001-3-1:2025, EN 13155:2020+A1:2025, EN 13204:2025, EN 13852-1:2025, EN 14439:2025, EN 15180:2025, EN 15895:2025, EN 15955-2:2025, EN 17076:2020+A1:2025, EN 17639:2025, EN 17744:2025 agus EN 17923:2025 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(11)

Is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 81-43:2009, EN 415-8:2008, EN 1459-1:2017, EN 1459-5:2020, EN 12312-15:2006+A1:2009, EN 12965:2019, EN 12999:2020, EN 13001-3-1:2012+A2:2018, EN 13155:2003+A2:2009, EN 13204:2016, EN 13852-1:2013, EN 14439:2006+A2:2009, EN 15895:2011+A1:2018, EN 15954-2:2013 agus EN 15955-2:2013 a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586.

(12)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a n-innealra a oiriúnú, ar innealra é a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 81-43:2009, EN 415-8:2008, EN 1459-1:2017, EN 1459-5:2020, EN 12312-15:2006+A1:2009, EN 12965:2019, EN 12999:2020, EN 13001-3-1:2012+A2:2018, EN 13155:2003+A2:2009, EN 13204:2016, EN 13852-1:2013, EN 14439:2006+A2:2009, EN 15895:2011+A1:2018, EN 15954-2:2013 nó EN 15955-2:2013, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

(13)

I gcaighdeán comhchuibhithe EN 474-1:2022 ina bhfuil forálacha sábháilteachta ginearálta maidir le hinnealra crécharta agus ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, tá easnamh eagarthóireachta a théann chun dochair do mhonaróirí a bhféadfadh sé go mbeadh coincheapa maidir le huasteorainneacha lóid atá sábháilte iontu féin curtha chun feidhme acu, agus i bhfianaise an mhéid sin, measann an Coimisiún gur gá aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin. Is é sin, ní mór na luachanna i gclásail 4.12.7.2 agus 4.12.7.3 a shonrú ar bhealach níos cruinne ionas gur féidir na luachanna iomchuí a chur i bhfeidhm chun críoch toimhde comhréireachta.

(14)

Caighdeán comhchuibhithe EN 1501-5:2021, maidir le sábháilteacht gaireas ardaithe le haghaidh feithiclí bailithe dramhaíola, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, rinne an Coimisiún measúnú breise air, in éineacht leis an nGrúpa Saineolaithe maidir le hInnealra, an 7 Samhain 2025. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 1501-5:2021 na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.1.7., 1.2.1. agus 1.5.11. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE. Is é sin, a mhéid a bhaineann le pointe 1.1.7. den Iarscríbhinn sin, ní áirithítear le caighdeán comhchuibhithe EN 1501-5:2021, nuair is é t-innealra féin is cúis le timpeallacht ghuaiseach, go soláthraítear modhanna leordhóthanacha chun a áirithiú go gcosnaítear an t-oibreoir ar aon ghuais intuartha, go háirithe an t-oibreoir a bheith dulta i bhfostú sa mheicníocht ardaithe le linn cúraimí intuartha amhail ábhar scoilte a ghlanadh nó dramhaíl rómhór a lódáil de láimh, go háirithe agus an t-innealra i mód uathoibríoch. A mhéid a bhaineann le pointe 1.2.1. den Iarscríbhinn sin, ní áirithítear le caighdeán comhchuibhithe EN 1501-5:2021 sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe, is é sin, go háirithe, nach mbíonn dálaí contúirte ann i gcás earráid dhaonna atá measartha intuartha le linn oibríochta, agus go mbíonn feidhm ag na codanna den chóras rialaithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhealach comhleanúnach maidir le cóimeáil iomlán innealra. A mhéid a bhaineann le pointe 1.5.11. den Iarscríbhinn sin, ní áirithítear le caighdeán comhchuibhithe EN 1501-5:2021 go ndéanfar innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcuirfidh radaíocht sheachtrach isteach ar a oibriú.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe EN 474-1:2022 agus EN 1501-5:2021 a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(16)

Braitheadh earráid sa srian i ró 622a, Cuid a Trí, pointe 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, a mhéid a bhaineann leis na focail ‘amhail crainn arda’ a úsáidtear mar shampla sa srian sin. Ba cheart an earráid sin a cheartú le héifeacht chúlghabhálach.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú agus a cheartú dá réir sin.

(18)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘Na tagairtí do na caighdeáin a liostaítear i gCuid a Trí, pointe 2, rónna 24a, 121, 126a, 266, 324a, 343, 405, 495, 495a, 502a, 513a, 622a, 671a agus 681a d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear iad nó coinnítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ceartú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586

Sa srian i ró 622a, Cuid a Trí, pointe 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, cuirfear na focail ‘amhail craobhacha arda’ in ionad na bhfocal ‘amhail crainn arda’.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 13 Eanáir 2026.

Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 20 Eanáir 2027.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/42/oj.

(3)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/37/oj).

(4)  Treoir 2009/127/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2006/42/CE maidir le hinnealra leata lotnaidicíde (IOL 310, 25.11.2009, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/127/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).


IARSCRÍBHINN

I gCuid a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 5, 18, 113, 115, 301, 365, 368, 372, 401, 403, 437, 457, 509, 511 agus 512;

(2)

scriostar rónna 24 agus 126;

(3)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

‘5 – a.

EN 81-43:2025

Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí - Ardaitheoirí speisialta chun earraí agus daoine a iompar amháin – Cuid 43: Ardaitheoirí le haghaidh craenacha’;

‘13a.

EN 415-2:2025

Sábháilteacht meaisíní pacáistithe – Cuid 2: Meaisíní pacáistithe le haghaidh coimeádáin dhochta réamhfhoirmithe’;

‘18a.

EN 415-8:2025

Sábháilteacht meaisíní pacáistithe – Cuid 8: Meaisíní fáiscithe’;

‘24a.

EN 474-1:2022

Innealra crécharta – Sábháilteacht – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

Srian: Chun críche toimhde comhréireachta maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo, in ionad an luacha i gclásal 4.12.7.2 ‘ag 125 % de R1 agus R2’ léifear ‘100 % ar a laghad nó suas le luach 125 % de R1 agus R2 a mhéid is féidir leis an meaisín tástáilte lód níos airde a bhaint amach go deimhin’, agus in ionad an luacha i gclásal 4.12.7.3 ‘ag 110 % de R1 agus R2’ léifear ‘100 % ar a laghad nó suas le luach 110 % de R1 agus R2 a mhéid is féidir leis an meaisín tástáilte lód níos airde a bhaint amach go deimhin”;

‘113a.

EN 1459-1:2025

Trucailí tír-raoin ghairbh – Ceanglais agus deimhniú sábháilteachta - Cuid 1: Trucailí a shroicheann airdí éagsúla’;

‘114a.

EN 1459-4:2020+A1:2025

Trucailí tír-raoin ghairbh - Ceanglais agus deimhniú sábháilteachta - Cuid 4: Ceanglais bhreise le haghaidh trucailí de shíneadh inathraithe lena láimhsítear ualaí crochta gan srian’;

‘115a.

EN 1459-5:2020+A1:2025

Trucailí tír-raoin ghairbh - Ceanglais agus deimhniú sábháilteachta - Cuid 5: Comhéadan forbhaill’;

‘126a.

EN 1501-5:2021

Feithiclí bailithe dramhaíola – Ceanglais ghinearálta agus ceanglais sábháilteachta – Cuid 5: Gairis ardaithe le haghaidh feithiclí bailithe dramhaíola

Srian: Ní thugtar le fios leis an gcaighdeán comhchuibhithe seo go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach: i bpointe 1.1.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear go ndéanfar innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go soláthrófar modhanna leordhóthanacha chun a áirithiú go mbeidh dálaí maithe oibre ag an oibreoir agus go gcosnófar é ar aon ghuais intuartha; i bpointe 1.2.1. den Iarscríbhinn sin, lena gceanglaítear go mbeidh feidhm ag sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe ar bhealach comhleanúnach maidir le cóimeáil iomlán innealra, go háirithe i gcás earráid dhaonna atá measartha intuartha le linn oibríochta, ionas nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh air sin; agus i bpointe 1.5.11. den Iarscríbhinn sin, lena gceanglaítear nach mór an t-innealra uile a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcuirfidh radaíocht sheachtrach isteach ar a oibriú.’;

‘301a.

EN 12312-15:2020+A2:2025

Trealamh tacaíochta ar an talamh le haghaidh aerárthaí – Ceanglais shonracha – Cuid 15: Tarracóirí bagáiste agus trealaimh’;

‘365a.

EN 12965:2019+A1:2025

Tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta – Seaftaí tiomána imeachta cumhachta (PTO) agus a ngardaí – Sábháilteacht’;

‘368a.

EN 12999:2020+A1:2025

Craenacha – Craenacha lódála’;

‘372a.

EN 13001-3-1:2025

Craenacha – Dearadh ginearálta – Cuid 3-1: Riochtaí teorann agus fianaise ar inniúlacht maidir le struchtúr cruach’;

‘401a.

EN 13155:2020+A1:2025

Craenacha – Sábháilteacht – Feistis ardaithe ualaí nach bhfuil daingnithe’;

‘403a.

EN 13204:2025

Uirlisí tarrthála cumhachtaithe le húsáid ag seirbhís dóiteáin agus tarrthála – Ceanglais sábháilteachta agus feidhmíochta’;

‘437a.

EN 13852-1:2025

Craenacha – Craenacha amach ón gcósta – Cuid 1: Craenacha uile-chuspóra amach ón gcósta’;

‘457a.

EN 14439:2025

Craenacha – Craenacha túir’;

‘494a.

EN 15180:2025

Innealra próiseála bia – Cionroinnteoirí bia – Ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais’;

‘509a.

EN 15895:2025

Uirlisí feistithe agus marcála crua a ghníomhraítear de láimh le púdar – Ceanglais sábháilteachta’;

‘512a.

EN 15955-2:2025

Feidhmeanna iarnróid – Bonneagar – Innill in-díghléasta, leantóirí agus trealamh gaolmhar – Cuid 2: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta’;

‘563a.

EN 17076:2020+A1:2025

Craenacha túir – Córais frith-imbhuailte – Ceanglais sábháilteachta’;

‘572 – a.

EN 17639:2025

Sábháilteacht innealra – Suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun ábhar agus daoine atá ainmnithe go speisialta a iompar – Ceanglais ghinearálta sábháilteachta’;

‘572b.

EN 17744:2025

Innealra talmhaíochta agus foraoiseachta – Ceanglais chomhshaoil maidir le glantóirí deannaigh’;

‘573 – a.

EN 17923:2025

Trealamh le haghaidh saothrú fíniúnacha agus fíonóireachta – Sábháilteacht – Caidéil Fómhair úrfhíona agus fíonchaor’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/546/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top