Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0519

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/519 ón gCoimisiún an 10 Márta 2026 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 a mhéid a bhaineann le minicíocht an tuairiscithe agus leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú

C/2026/1498

IO L, 2026/519, 11.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/519/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/519/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/519

11.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/519 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2026

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 a mhéid a bhaineann le minicíocht an tuairiscithe agus leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 45j(2), an tríú fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’/‘MREL’) a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE. De bhun na leasuithe sin, níor cheart do na húdaráis réitigh an ICDI/MREL a chinneadh d’eintitis leachtaithe, ach amháin i gcás inar gá ICDI/MREL a shocrú ar mó é ná méid ar leor é chun caillteanais a ionsú chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an riosca tógálachta don chóras airgeadais, lena n-áirítear maidir le hacmhainn mhaoiniúcháin scéimeanna ráthaithe taiscí. Ina theannta sin, le Treoir (AE) 2024/1174 méadaíodh an líon cásanna lena gceadaítear d’údaráis réitigh an ICDI/MREL a chinneadh ar bhonn comhdhlúite. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún (3) a leasú chun go mbeidh an fhaisnéis atá le tarchur chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) ag teacht leis na hathruithe sin ar an gcreat ICDI/MREL.

(2)

Faoi láthair, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622, ceanglaítear ar údaráis réitigh faisnéis a bhaineann le socrú ICDI/MREL a tharchur chuig ÚBE ar bhonn bliantúil. Ina dhiaidh sin, cuireann ÚBE an fhaisnéis sin le faisnéis maidir le comhdhéanamh na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe a fuarthas de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún (4) chun a thuarascáil maidir le ICDI/MREL a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 45l de Threoir 2014/59/AE, tuarascáil a bhfuil minicíocht leathbhliantúil aici faoi láthair. I gcás cinntí ICDI/MREL a ghlacann údaráis réitigh tar éis an dáta tagartha ábhartha, fágann tuairisciú bliantúil na faisnéise a dhéantar faoi láthair maidir le ICDI/MREL a shocrú nach ndéanann ÚBE na cinntí sin a tharchur ná a mheasúnú, agus nach léirítear iad ina thuarascálacha, go dtí an bhliain dár gcionn, rud a chruthaíonn mí-ailíniú leis an bhfaisnéis níos nuashonraithe maidir le comhdhéanamh na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe.

(3)

Chun feabhas a chur ar chumas ÚBE faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an ICDI/MREL arna shocrú ag na húdaráis réitigh agus ar chomhlíontacht na n-institiúidí i dtaca leis na ceanglais ICDI/MREL, ba cheart a cheangal ar na húdaráis réitigh tuairisciú do ÚBE níos minice maidir le cinntí ICDI/MREL. Chun ailíniú a áirithiú leis na tuarascálacha maidir le ICDI/MREL arna n-ullmhú ag ÚBE, ba cheart do na húdaráis réitigh an fhaisnéis sin a thuairisciú 2 uair sa bhliain.

(4)

Chun measúnú ÚBE a éascú ar an gcaoi ar iompair údaráis réitigh iad féin le teann discréide agus an ICDI/MREL á shocrú acu, go háirithe maidir leis an rogha atá ar fáil faoi Airteagal 45b(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE, ba cheart teimpléad M 20.00 – Tuairisciú maidir le cinntí ICDI/MREL (Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/622) agus na treoracha comhfhreagracha a choigeartú chun a cheangal go n-áireofar an fhaisnéis sin maidir le feidhmiú na rogha sin.

(5)

D’iarr ÚBE comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(6)

Is chuig údaráis réitigh a dhírítear na leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/622 agus níl athruithe móra i dtéarmaí substainteacha i gceist leo. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ní dhearna ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann, ós rud é go mbeadh sé díréireach i ndáil le raon feidhme agus tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ÚBE faoi bhráid an Choimisiúin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 2

‘Ceanglas tuairiscithe simplithe le haghaidh institiúidí atá faoi réir tarscaoiltí’;

(b)

scriostar mír 2;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás grúpaí atá faoi réir ICDI/MREL ar bhonn comhdhlúite de bhun Airteagal 45e, Airteagal 45f(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, agus Airteagal 45f(4), pointe (b), de Threoir 2014/59/AE, tíolacfaidh na húdaráis seo a leanas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 ar an mbealach seo a leanas:’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Tréimhsí tuairisciúcháin agus dátaí tíolactha

Déanfaidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a tharchur mar a leanas:

(a)

i gcás an ICDI/MREL is infheidhme ón 30 Meitheamh, faoin 16 Meán Fómhair den bhliain sin;

(b)

i gcás an ICDI/MREL is infheidhme ón 31 Nollaig, faoin 18 Márta den bhliain dár gcionn.’

;

(4)

cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(5)

cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/59/oj.

(2)  Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L, 2024/1174, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1174/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a thuairisciú (IO L 131, 16.4.2021, lch. 123, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/622/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L 168, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/763/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

M 20.00 – Tuairisciú ar chinntí maidir le ICDI/MREL


INSTITIÚID

SONRAÍ AN CHLÁIR CHOMHARDAITHE A ÚSÁIDTEAR CHUN ICDI/MREL A CHALABRÚ

CÓD EINTITIS

CINEÁL CÓID

CÓD EINTITIS RÉITIGH

CINEÁL CÓID

IMLÍNE CHOMHDHLÚTHAITHE

CINEÁL INSTITIÚIDE

ICDI/MREL INMHEÁNACH NÓ SEACHTRACH?

TARSCAOILEADH

CÚIS AN TARSCAOILTE

STRAITÉIS AGUS UIRLISÍ RÉITIGH

CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE AGUS CEANGLAS MAOLÁIN CHOMHCHEANGAILTE MAR % DE MHÉID IOMLÁN NA NEAMHCHOSANTA AR RIOSCA (MINCR/TREA)

DÁTA TAGARTHA

ROIMH AN RÉITEACH

STRAITÉIS RÉITIGH

PRÍOMHUIRLIS RÉITIGH (STRAITÉIS TOSAÍOCHTA)

UIRLIS RÉITIGH THÁNAISTEACH (STRAITÉIS TOSAÍOCHTA)

PRÍOMHUIRLIS RÉITIGH (STRAITÉIS MHALARTACH)

UIRLIS RÉITIGH THÁNAISTEACH (STRAITÉIS MHALARTACH)

CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE

CEANGLAS MAOLÁIN CHOMHCHEANGAILTE A ÚSÁIDTEAR DON CHALABRÚ

 

MINCR/TREA

IDCD/TLOF

TNCI/TEM

AR DÍOBH SIN: CAIPITEAL MAOLÁNACH FRITH-THIMTHRIALLACH

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

0090

0100

0110

0120

0130

0140

0150

0170

0180

0190

0200

0210

0220

0230

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


CINNEADH MAIDIR LE ICDI/MREL

 

DÁTA AN CHINNIDH

DÁTA AN CHOMHLÍONTA

 

 

 

 

FO-ORDÚ IOMLÁN MAR % DE MINCR/TREA

FO-ORDÚ IOMLÁN MAR % DE TNCI/TEM

LAMHÁLTAS FIACHAIS SHINSEARAIGH

LAMHÁLTAS DE MINIMIS

CEANGLAS LAGHDAITHE MAIDIR LE hIOMLÁN NA nDLITEANAS AGUS NA gCISTÍ DÍLSE (IDCD/TLOF)

CEANGLAS MAR % DE MINCR/TREA

AR DÍOBH SIN: FÉADFAR É A CHOMHLÍONADH LE RÁTHAÍOCHTAÍ

CEANGLAS MAR % DE THOMHAS NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE (TNCI/TEM)

AR DÍOBH SIN: FÉADFAR É A CHOMHLÍONADH LE RÁTHAÍOCHTAÍ

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN P1 SAINORDAITHEACH

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN P2 LÁNROGHNACH

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN P1 SAINORDAITHEACH

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN P2 LÁNROGHNACH

0270

0280

0290

0300

0310

0320

0330

0340

0350

0360

0370

0380

0381

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


COIGEARTUITHE

IDIRTHRÉIMHSE

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID IONSÚCHÁIN CAILLTEANAIS A CHALABRÚ

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID ATHCHAIPITLITHE A CHALABRÚ MAR % DE MINCR/TREA

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID ATHCHAIPITLITHE A CHALABRÚ MAR % DE TNCI/TEM

SPRIOC IDIRMHEÁNACH

COIGEARTUITHE AR P2

COIGEARTUITHE AR AN MAOLÁN MUINÍNE MARGAIDH

COIGEARTUITHE ATÁ MAR THORADH AR ATHRÚ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE TAR ÉIS AN RÉITIGH

COIGEARTUITHE ATÁ MAR THORADH AR ATHRÚ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE TAR ÉIS AN RÉITIGH

MAR % DE MINCR/TREA

MAR % DE TNCI/TEM

MAR % DE MINCR/TREA

MAR % DE TNCI/TEM

SUAS

SÍOS

SUAS

SUAS

SÍOS

SUAS

SÍOS

LEIBHÉAL ICDI/MREL

FO-ORDÚ

DÁTA CUR I bhFEIDHM

LEIBHÉAL ICDI/MREL

FO-ORDÚ

DÁTA CUR I bhFEIDHM

0390

0400

0410

0420

0430

0440

0450

0460

0470

0480

0490

0500

0510

0520

0530

0540

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

Treoracha chun tuairisciú maidir le Cinntí Icdi/Mrel a chomhlánú

CUID I:   TREORACHA GINEARÁLTA

1.

Cumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo na treoracha maidir le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 45j de Threoir 2014/59/AE maidir leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI/MREL) arna shocrú ag na húdaráis réitigh.

2.

Cuirfidh gach údarás réitigh, i gcomhar le húdaráis inniúla, an ICDI/MREL a shocraítear i ndáil le gach institiúid faoina dhlínse in iúl do ÚBE. I dtaca le grúpaí réitigh, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis ábhartha a tharchur le haghaidh mháthairghnóthas an Aontais ar bhonn comhdhlúite. Déanfaidh gach údarás réitigh an fhaisnéis a tharchur maidir leis an ICDI/MREL a shocraítear i ndáil le grúpaí réitigh agus fochuideachtaí.

3.

I dtaca le grúpaí arna mbunú laistigh den aontas baincéireachta nó a bhfuil fochuideachtaí acu laistigh de, tuairisceoidh an Bord Réitigh Aonair maidir le cinntí arna nglacadh i ndáil le gach eintiteas a thagann faoina dhlínse mar a shainítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

4.

I gcás ina bhfuair institiúid díolúine ó ICDI/MREL, cuirfear é sin in iúl i gcolún 0090, agus is féidir leis an údarás réitigh tuairisciú simplithe a roghnú agus gan ach an fhaisnéis i gcolúin 0010 go 0100 a thuairisciú.

5.

Tuairisceoidh na húdaráis réitigh na cinntí ICDI/MREL le haghaidh eintitis leachtaithe a shocraítear i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 45c(2a) de Threoir 2014/59/AE.

1.   Raon feidhme an fhógra

6.

Institiúidí (lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta, mar a shainítear in Airteagal 2(1), pointe (23), de Threoir 2014/59/AE), agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE atá faoi réir Airteagal 45(1) den Treoir sin, cé is moite d’institiúidí creidmheasa morgáiste arna maoiniú ag bannaí cumhdaithe atá díolmhaithe ón ICDI/MREL i gcomhréir le hAirteagal 45a de Threoir 2014/59/AE.

7.

Tarchuirfidh na húdaráis réitigh tacar iomlán na gcinntí ICDI/MREL is infheidhme ar gach dáta tagartha le haghaidh na n-institiúidí uile, gan beann ar dháta an chinnidh.

2.   Raon feidhme an chomhdhlúthaithe

8.

Tuairisceofar na sonraí foluiteacha ar bhonn aonair i ndáil le gach eintiteas laistigh de gach Ballstát, nó ar leibhéal aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an máthairghnóthas AE ar bhonn comhdhlúite, i gcás inarb ionann an imlíne chomhdhlúthaithe don mháthairghnóthas AE agus imlíne chomhdhlúthaithe an ghrúpa réitigh;

(b)

i gcás nach ionann é agus pointe (a), i ndáil le gach eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 45e de Threoir 2014/59/AE;

(c)

i gcás inarb infheidhme, i ndáil le máthairghnóthas ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 45f(4) pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó an tríú fomhír d’Airteagal 45f(1) den Treoir sin;

(d)

i gcás inarb infheidhme, i ndáil le fochuideachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE.

CUID II:   TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

3.   M 20.00 – Tuairisciú maidir le cinntí ICDI/MREL

3.1   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha

Colún

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010

CÓD EINTITIS

Cód an eintitis a ndearnadh an cinneadh maidir le ICDI/MREL ina leith. I gcás institiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI (aitheantóir eintitis dhlítheanaigh) ina bhfuil 20 digit an cód a úsáidfear. I gcás eintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI (aitheantóir eintitis dhlítheanaigh) ina bhfuil 20 digit an cód a úsáidfear, nó, i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód comhsheasmhach leis an gcód arna thuairisciú le haghaidh na hinstitiúide céanna faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (2). Beidh luach ag an gcód i gcónaí. Is éard a bheidh sa chód sin an t-aitheantóir uathúil le haghaidh gach colúin don eintiteas ábhartha.

0020

CINEÁL CÓID

Déanfaidh an t-údarás tuairiscithe an cineál cóid a thuairiscítear i gcolún 0010 a aithint mar ‘Cód LEI’ nó mar ‘Cód neamh-LEI’. Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.

0030

CÓD EINTITIS RÉITIGH

Cód an eintitis réitigh lena mbaineann an t-eintiteas. Is é an cód céanna sin a bheidh ann agus a bheidh i gcolún 0010 más amhlaidh gur cinneadh grúpa an cinneadh a thuairiscítear. I gcás institiúidí, is é an cód alfa-uimhriúil LEI (aitheantóir eintitis dhlítheanaigh) ina bhfuil 20 digit an cód a úsáidfear. I gcás eintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI (aitheantóir eintitis dhlítheanaigh) ina bhfuil 20 digit an cód a úsáidfear, nó, i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, i gcás nach bhfuil sé sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód comhsheasmhach leis an gcód arna thuairisciú le haghaidh na hinstitiúide céanna faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624.

0040

CINEÁL CÓID

Déanfaidh an t-údarás tuairiscithe an cineál cóid a thuairiscítear i gcolún 0030 a aithint mar ‘Cód LEI’ nó mar ‘Cód neamh-LEI’. Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.

0050

IMLÍNE CHOMHDHLÚTHAITHE

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ar an ICDI/MREL de réir ceann amháin de na himlínte comhdhlúthaithe seo a leanas:

(a)

grúpa réitigh;

(b)

imlíne chomhdhlúthaithe ar leibhéal an mháthairghnóthais i gcomhréir le hAirteagal 45f(4), pointe (b), nó i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE;

(c)

imlíne chomhdhlúthaithe ar leibhéal na fochuideachta i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE;

(d)

imlíne chomhdhlúthaithe aonair

0060

CINEÁL INSTITIÚIDE

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi (ITS-D/G-SII) mar a shainítear in Airteagal 4(1), pointe (133), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(b)

eintiteas réitigh dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) de Threoir 2014/59/AE ar cuid de ghrúpa réitigh é a bhfuil sócmhainní iomlána os cionn EUR 100 billiún aige ar leibhéal an ghrúpa réitigh;

(c)

eintiteas réitigh dá dtagraítear in Airteagal 45c(6) de Threoir 2014/59/AE ar cuid de ghrúpa réitigh é a bhfuil sócmhainní iomlána faoi bhun EUR 100 billiún aige agus ar mheas an t-údarás réitigh gur measartha dócha go mbeadh riosca sistéimeach ag baint leis i gcás ina gclisfeadh air;

(d)

institiúid creidmheasa eile;

(e)

gnólacht infheistíochta;

(f)

aon eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), de Threoir 2014/59/AE.

0070

INMHEÁNACH NÓ SEACHTRACH

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

inmheánach: ICDI/MREL á chur i bhfeidhm maidir le heintitis nach eintitis réitigh iad féin de bhun Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE nó eintitis réitigh dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 45f(1) den Treoir sin nach bhfuil faoi réir Airteagal 45e(3) den Treoir sin.

(b)

seachtrach: ICDI/MREL á chur i bhfeidhm maidir le heintitis ar eintitis réitigh iad de bhun Airteagal 45e de Threoir 2014/59/AE.

 

-

0090

TARSCAOILEADH

Cuirfidh údaráis tuairiscithe in iúl cé acu a deonaíodh an tarscaoileadh ar bhonn na bhforálacha seo a leanas de Threoir 2014/59/AE nó nár deonaíodh aon tarscaoileadh:

(a)

Airteagal 45f(3);

(b)

Airteagal 45f(4);

(c)

Airteagal 45g;

(d)

Níor deonaíodh aon tarscaoileadh.

0100

CÚIS AN TARSCAOILTE

I gcás inar tuairiscíodh rogha seachas ‘Níor deonaíodh’ i gcolún 0090, tabharfaidh údaráis tuairiscithe tuairisc ar an gcúis ar cuireadh an tarscaoileadh i bhfeidhm.

0110–0150

STRAITÉIS AGUS UIRLISÍ RÉITIGH

0110

STRAITÉIS RÉITIGH

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

pointe iontrála aonair;

(b)

ilphointe iontrála;

(c)

leachtú.

0120

PRÍOMHUIRLIS RÉITIGH (STRAITÉIS TOSAÍOCHTA)

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

tarrtháil inmheánach bainc oscailte;

(b)

droichead-institiúid;

(c)

deighilt sócmhainní;

(d)

díol gnólachta;

(e)

neamhbhainteach.

I gcás inar tuairiscíodh ‘leachtú’ i gcolún 0110, tuairisceofar Neamhbhainteach i gcolún 0120.

00130

UIRLIS RÉITIGH THÁNAISTEACH (STRAITÉIS TOSAÍOCHTA)

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

tarrtháil inmheánach bainc oscailte;

(b)

droichead-institiúid;

(c)

deighilt sócmhainní;

(d)

díol gnólachta;

(e)

neamhbhainteach.

I gcás inar tuairiscíodh ‘leachtú’ i gcolún 0110 nó i gcás nár leagadh amach aon straitéis mhalartach eile, tuairisceofar Neamhbhainteach sa cholún seo.

0140

PRÍOMHUIRLIS RÉITIGH (STRAITÉIS MHALARTACH)

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas (i gcás inarb infheidhme):

(a)

tarrtháil inmheánach bainc oscailte;

(b)

droichead-institiúid;

(c)

deighilt sócmhainní;

(d)

díol gnólachta;

(e)

neamhbhainteach.

I gcás inar tuairiscíodh ‘leachtú’ i gcolún 0110, tuairisceofar Neamhbhainteach sa cholún seo.

0150

UIRLIS RÉITIGH THÁNAISTEACH (STRAITÉIS MHALARTACH)

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ceann díobh seo a leanas:

(a)

tarrtháil inmheánach bainc oscailte;

(b)

droichead-institiúid;

(c)

deighilt sócmhainní;

(d)

díol gnólachta;

(e)

neamhbhainteach.

I gcás inar tuairiscíodh ‘leachtú’ i gcolún 0110, nó i gcás nár leagadh amach aon straitéis mhalartach eile, tuairisceofar Neamhbhainteach sa cholún seo.

0170–0190

CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE AGUS CEANGLAS MAOLÁIN COMHCHEANGAILTE MAR CHÉATADÁN DE MHÉID IOMLÁN NA NEAMHCHOSANTA AR RIOSCA (MINCR/TREA)

An fhaisnéis faoin gceanglas cistí dílse breise de bhun Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) arna húsáid mar ionchur chun ICDI/MREL a chalabrú, beidh sí bunaithe ar na ceanglais cistí dílse is déanaí atá ar fáil a chuireann an t-údarás inniúil in iúl an tráth a dhéantar ICDI/MREL a chalabrú. Sloinnfear na méideanna sin mar chéatadán de MINCR/TREA.

0170

CEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE

Ceanglas cistí dílse breise de bhun Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun ICDI/MREL a chalabrú nó mar a mheastar i gcomhréir le caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh faoi Airteagal 45c(4) de Threoir 2014/59/AE.

0180

CEANGLAS MAOLÁIN CHOMHCHEANGAILTE A ÚSÁIDTEAR DON CHALABRÚ

Ceanglas maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128(1), pointe (6), de Threoir 2013/36/AE. Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar an méid cistí dílse is gá chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach lena mbaineann a chomhlíonadh nó an méid a mheastar i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh faoi Airteagal 45c(4) de Threoir 2014/59/AE.

0190

AR DÍOBH SIN: CAIPITEAL MAOLÁNACH FRITH-THIMTHRIALLACH

Airteagal 128, pointe (2), Airteagal 130 agus Airteagail 135 go 140 de Threoir 2013/36/AE. Is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar an méid cistí dílse is gá chun na ceanglais maidir le caipiteal maolánach lena mbaineann a chomhlíonadh a úsáidtear chun ICDI/MREL a chalabrú.

0200–0230

SONRAÍ AN CHLÁIR CHOMHARDAITHE A ÚSÁIDTEAR CHUN ICDI/MREL A CHALABRÚ

0200

DÁTA TAGARTHA

Dáta tagartha na sonraí arna dtuairisciú i gcolúin 0210 go 0230.

0210–0230

ROIMH AN RÉITEACH

Sonraí an chláir chomhardaithe a úsáidtear chun ICDI/MREL a chalabrú roimh an réiteach.

0210

MINCR/TREA

Méid iomlán na neamhchosanta ar riosca i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE agus le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0220

IOMLÁN NA nDLITEANAS AGUS NA gCISTÍ DÍLSE (IDCD/TLOF)

Suim dhliteanais agus chistí dílse uile an eintitis tuairiscithe. Maidir le díorthaigh, is éard a bheidh sa luach atá le húsáid suim shuíomhanna an ghlandliteanais, agus rialacha glanluachála stuamachta á gcur san áireamh.

Comhfhreagraíonn an ítim seo don fhaisnéis arna tuairisciú i ró 0600 de theimpléad Z 02.00 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624.

0230

TOMHAS NA NEAMHCHOSANTA IOMLÁINE (TNCI/TEM)

Tomhas na neamhchosanta iomláine i gcomhréir le hAirteagal 45(2), pointe (b) de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0270–0380

CINNEADH MAIDIR LE ICDI/MREL

0270

DÁTA AN CHINNIDH

An dáta a chinn an t-údarás réitigh an ICDI/MREL nó a ghlac sé cinneadh maidir le tarscaoileadh.

0280

DÁTA AN CHOMHLÍONTA

An dáta óna ndéanfaidh an institiúid an ICDI/MREL nó an cinneadh maidir le tarscaoileadh a chomhlíonadh.

0290

CEANGLAS MAR CHÉATADÁN DE MINCR/TREA

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe ICDI/MREL arna shloinneadh mar chéatadán de MINCR/TREA arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0300

AR DÍOBH SIN: FÉADFAR É A CHOMHLÍONADH LE RÁTHAÍOCHTAÍ

An chuid den cheanglas a thuairiscítear i gcolún 0290 agus a fhéadfar a chomhlíonadh, ach cead a fháil ón údarás réitigh ábhartha, trí ráthaíocht a chuirfidh an t-eintiteas réitigh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 45f(5) de Threoir 2014/59/AE, a sloinntear mar chéatadán de MINCR/TREA arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0310

CEANGLAS MAR CHÉATADÁN DE TNCI/TEM

ICDI/MREL an eintitis arna shloinneadh mar chéatadán de TNCI/TEM arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0320

AR DÍOBH SIN: FÉADFAR É A CHOMHLÍONADH LE RÁTHAÍOCHTAÍ

An chuid den cheanglas a thuairiscítear i gcolún 0310 agus a fhéadfar a chomhlíonadh, ach cead a fháil ón údarás réitigh ábhartha, trí ráthaíocht a chuirfidh an t-eintiteas réitigh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 45f(5) de Threoir 2014/59/AE, a sloinntear mar chéatadán de TNCI/TEM arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0330–0340

FO-ORDÚ IOMLÁN MAR CHÉATADÁN DE MINCR/TREA

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe leibhéil na gceanglas fo-ordúcháin arna sloinneadh mar chéatadán de MINCR/TREA (100 % i gcás ICDI/MREL inmheánach).

0350–0360

FO-ORDÚ IOMLÁN MAR CHÉATADÁN DE TNCI/TEM

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe leibhéil na gceanglas fo-ordúcháin arna sloinneadh mar chéatadán de TNCI/TEM (100 % i gcás ICDI/MREL inmheánach).

0330, 0350

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN SAINORDAITHEACH

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe leibhéil na gceanglas fo-ordúcháin i gcomhréir le hAirteagal 45c, míreanna (5) agus (6), agus Airteagal 45d(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, lena n-áirítear aon tionchar ó chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4) de Threoir 2014/59/AE.

0340, 0360

CEANGLAS FO-ORDÚCHÁIN LÁNROGHNACH

Tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe leibhéil na gceanglas fo-ordúcháin i gcomhréir le hAirteagal 45b, míreanna (5) nó (7) de Threoir 2014/59/AE.

0370

LAMHÁLTAS FIACHAIS SHINSEARAIGH

I gcás ITS-Danna/G-SIInna, tuairisceoidh na húdaráis tuairiscithe an sciar dliteanas a cheadaítear a cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe suas le méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de MINCR/TREA arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92, míreanna (3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0380

LAMHÁLTAS DE MINIMIS

Maidir le ITS-Danna/G-SIInna, tuairisceoidh údaráis tuairiscithe sciar na ndliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus is ceadmhach a rangú faoi dhócmhainneacht pari passu nó faoi bhun dhliteanais incháilithe na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 72b(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe na hinstitiúide.

0381

CEANGLAS LAGHDAITHE MAIDIR LE hIOMLÁN NA nDLITEANAS AGUS NA gCISTÍ DÍLSE (IDCD/TLOF)

Discréid ar fáil faoi Airteagal 45b(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE arna sloinneadh mar chéatadán de IDCD/TLOF.

0390–0480

COIGEARTUITHE

0390–0400

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID IONSÚCHÁIN CAILLTEANAIS A CHALABRÚ MAR CHÉATADÁIN DE MINCR/TREA AGUS DE TNCI/TEM

Coigeartuithe ar an méid ionsúcháin caillteanais de bhun an dara fomhír d’Airteagal 45c(2a) de Threoir 2014/59/AE arna sloinneadh mar chéatadán de MINCR/TREA agus de TNCI/TEM.

0410–0460

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID ATHCHAIPITLIÚCHÁIN A CHALABRÚ MAR CHÉATADÁN DE MINCR/TREA

Coigeartuithe ar an méid athchaipitliúcháin de bhun Airteagal 45c(3), an chéad fhomhír, phointe (a)(ii), nó Airteagal 45c(7), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), de Threoir 2014/59/AE arna sloinneadh mar chéatadán de MINCR/TREA.

0410–0420

COIGEARTUITHE AR AN gCEANGLAS CISTÍ DÍLSE BREISE

Cuir isteach aon choigeartú ar cheanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE de bhun Airteagal 45c(3), an cúigiú fomhír, pointe (b), nó Airteagal 45c(7), an cúigiú fomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE.

0430–0440

COIGEARTUITHE A BHAINEANN LEIS AN MAOLÁN MUINÍNE MARGAIDH

Coigeartuithe de bhun Airteagal 45c(3), an séú fomhír, nó de bhun Airteagal 45c(7), an séú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

0450–0460

COIGEARTUITHE ATÁ MAR THORADH AR ATHRÚ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE TAR ÉIS AN RÉITIGH

Coigeartuithe de bhun Airteagal 45c(3), an cúigiú fomhír, pointe (а), nó 45c(7), an cúigiú fomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

0470–0480

COIGEARTUITHE CHUN AN MÉID ATHCHAIPITLIÚCHÁIN A CHALABRÚ MAR CHÉATADÁN DE TNCI/TEM

Coigeartuithe ar an méid athchaipitliúcháin mar thoradh ar athruithe ar an gclár comhardaithe tar éis an réitigh de bhun Airteagal 45c(3), an chéad fhomhír, phointe (b)(ii), nó Airteagal 45c(7), an chéad fhomhír, pointe (b)(ii), de Threoir 2014/59/AE arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid na neamhchosanta iomláine.

0410, 0430, 0450, 0470

SUAS

0420, 0440, 0460, 0480

SÍOS

0490–0540

IDIRTHRÉIMHSE

Léireoidh na húdaráis tuairiscithe aon sprioc idirmheánach a d’fhéadfadh a bheith socraithe acu le haghaidh na mblianta tar éis an dáta tuairiscithe. Déanfar an sprioc a shloinneadh mar chéatadán de MINCR/TREA agus mar chéatadán de TNCI/TEM araon.

0490, 0520

LEIBHÉAL ICDI/MREL

Léireoidh na húdaráis tuairiscithe an leibhéal iomlán ICDI/MREL a chomhlíonfaidh na hinstitiúidí ar an dáta idirmheánach.

0500, 0530

FO-ORDÚ

Léireoidh na húdaráis tuairiscithe an leibhéal iomlán fo-ordaithe a chomhlíonfaidh na hinstitiúidí ar an dáta idirmheánach.

0510, 0540

DÁTA CUR I BHFEIDHM

Léireoidh na húdaráis tuairiscithe dátaí aistrithe na conaire i dtreo ICDI/MREL a chomhlíonadh.’


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha le haghaidh soláthair faisnéise chun críoch pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1624/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/519/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top