Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0516

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/516 ón gCoimisiún an 10 Márta 2026 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 a mhéid a bhaineann le tiúchan tújóin i mbláthola sáiste Spáinní

C/2026/1501

IO L, 2026/516, 11.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/516/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/516/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/516

11.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/516 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2026

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 a mhéid a bhaineann le tiúchan tújóin i mbláthola sáiste Spáinní

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Údaraíodh an tsubstaint bláthola sáiste Spáinní ó Salvia officinalis ssp. Lavandulifolia (Vahl) Gams mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 ón gCoimisiún (2) ar feadh 10 mbliana.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403, tagraítear go hearráideach do thiúchan tújóin i mbláthola sáiste Spáinní ag a bhfuil luach ‘0,001 %’, ach de réir na tuairime eolaíche ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an 17 Meán Fómhair 2024 (3), níor braitheadh tiúchan tújóin i mbláthola sáiste Spáinní le crómatagrafaíocht gháis/mais-speictriméadracht (teorainn braite 0,001 %).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 a cheartú dá réir.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403, san iontráil a bhaineann leis an mbreiseán beathaithe bláthola sáiste Spáinní, sa tríú colún ‘Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse’, faoin gceannteideal ‘Sonraíochtaí:’, in ionad na fleisce ‘—Tújón: 0,001 %’ cuirtear ‘—Tújón: ≤ 0,001 %’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 maidir le bláthola sáiste Spáinní ó Salvia officinalis ssp. lavandulifolia (Vahl) Gams agus bláthola labhandair ó Lavandula angustifolia Mill. a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2025/1403, 17.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1403/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2024:22(10), e9015, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9015.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/516/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top