Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0407

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/407 ón gComhairle an 17 Feabhra 2026 maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Eastóin

ST/5799/2026/INIT

IO L, 2026/407, 5.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/407/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/407/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/407

5.3.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/407 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2026

maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Eastóin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sheol an Coimisiún glao ar léirithe spéise chun cúnamh airgeadais a fháil faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (‘ionstraim SAFE’), inar iarradh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid táscach iasachta agus íosmhéid táscach iasachta. Faoin 29 Lúnasa 2025, chuir 19 mBallstát in iúl gur spéis leo cúnamh airgeadais a fháil faoi Rialachán (AE) 2025/1106.

(2)

An 9 Meán Fómhair 2025, thug an Coimisiún fógra do na Ballstáit iarrthacha faoi leithdháileadh sealadach na méideanna iasachta in aghaidh an Bhallstáit.

(3)

An 28 Samhain 2025, chuir an Eastóin iarraidh isteach, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2025/1106, ar chúnamh airgeadais (‘an iarraidh’) a raibh plean infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach (‘an plean’) ag gabháil léi.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh de réir na gcoinníollacha is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2025/1106, bhí réasúnú agus bunús cuí leis an bplean agus leagadh amach ann tuairisc ar na táirgí cosanta agus ar na táirgí eile chun críoch cosanta agus, i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an rannpháirtíocht atá beartaithe don Úcráin sna gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta atá beartaithe, nó ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun tairbhe na hÚcráine.

(6)

Chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2025/1106 maidir le hionstraim SAFE a úsáid. Go sonrach, áirithítear léi go ndéanfar gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta trí sholáthairtí comhoibríocha nó soláthairtí aonair. Tá ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas le bheith leis na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na bearta sin freisin: dlús a chur le coigeartú an tionscail cosanta i leith athruithe struchtúracha, feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta nó idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a áirithiú ar fud an Aontais.

(7)

Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil tuairisc san iarraidh ar na bearta atá beartaithe arb é is aidhm dóibh comhlíonadh Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2025/1106 agus na rialacha soláthair a leagtar amach sa Rialachán sin a áirithiú, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an comhlíonadh sin le háirithiú.

(8)

Mar thoradh air sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2025/1106, chinn an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin á gcomhlíonadh ag an iarraidh, go háirithe na coinníollacha sin dá bhforáiltear in Airteagal 4, Airteagal 7(2) agus Airteagal 16.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2025/1106, rinne an Coimisiún riachtanais mhaoiniúcháin reatha agus ionchasacha na hEastóine a mheas, mar aon leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin sin atá curtha isteach cheana nó atá beartaithe ag Ballstáit eile a chur isteach, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm san am céanna.

(10)

Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta faoi Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (3).

(11)

Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 (4) agus (AE, Euratom) 2020/2092 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2025/1106, ba cheart na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a leagan amach sa chomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích leis an Eastóin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deimhnítear leis seo go ndearna an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar chúnamh airgeadais faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh a thíolaic an Eastóin an 28 Samhain 2025 agus gur chinn sé go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106 á gcomhlíonadh ag an iarraidh, go háirithe iad siúd in Airteagal 4, Airteagal 7(2) agus Airteagal 16. Cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil don Eastóin dá réir sin.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Eastóin arb é atá inti uasmhéid EUR 2 343 897 000.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht iasachta ar fáil don Eastóin. EUR 351 584 550 a bheidh sa mhéid a chuirfear ar fáil mar íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin.

Airteagal 3

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hEastóine.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)   IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/oj).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/407/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top