This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2082
Regulation (EU) 2025/2082 of the European Parliament and of the Council of 8 October 2025 amending Regulation (EU) 2018/1727 as regards the extension of the timeframe for the establishment of the Eurojust case management system
Rialachán (AE) 2025/2082 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun córas bainistithe cásanna Eurojust a bhunú
Rialachán (AE) 2025/2082 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun córas bainistithe cásanna Eurojust a bhunú
PE/33/2025/REV/1
IO L, 2025/2082, 15.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2082/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2082 |
15.10.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2082 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun córas bainistithe cásanna Eurojust a bhunú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 85 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus leagtar amach a cúraimí, inniúlachtaí agus feidhmeanna. |
|
(2) |
Chun na sonraí pearsanta oibríochtúla go léir a stóráil ar bhealach slán, bhunaigh Eurojust córas bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs. Tríd an gcóras bainistithe cásanna, déanann comhaltaí náisiúnta Eurojust an fhaisnéis uile a bhaineann le cásanna a mhalartú ar bhealach slán agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. De bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2018/1727, ní cheadaítear do Eurojust aon chomhad sonraí uathoibrithe eile a bhunú chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) 2018/1727 chun an creat dlíthiúil a sholáthar le haghaidh córas bainistithe cásanna nuachóirithe (‘an córas bainistithe cásanna nua’). Tá an córas bainistithe cásanna nua le feidhmiúlachtaí an Chláir Bhreithiúnaigh Eorpaigh Frithsceimhlitheoireachta a chomhtháthú agus a áirithiú agus feabhas a chur ar chumas Eurojust naisc a shainaithint idir imeachtaí breithiúnacha trasteorann i gcoinne daoine atá faoi dhrochamhras maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus faisnéis arna próiseáil ag Eurojust a bhaineann le cásanna eile de choireanna tromchúiseacha agus leas iomlán á bhaint as sásraí náisiúnta agus sásraí de chuid an Aontais atá ann cheana chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile. |
|
(4) |
Is é an 1 Nollaig 2025 an spriocdháta chun an córas bainistithe cásanna nua a chur ar bun (‘an spriocdháta’). Mar gheall ar thosca seachtracha agus castacht an aistrithe, áfach, ní bheidh Eurojust in ann an córas bainistithe cásanna nua a chur ar bun faoin spriocdháta. Dá bhrí sin, is gá ligean do Eurojust leanúint d’úsáid a bhaint as an gcóras bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs go dtí go gcuirfear ar bun an córas bainistithe cásanna nua. |
|
(5) |
Chun go mbeidh Eurojust in ann oibriú agus idir-inoibritheacht an chórais bainistithe cásanna nua a thástáil agus a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus na sonraí a aistriú ón gcóras bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs chuig an gcóras bainistithe cásanna nua, is gá síneadh a chur leis an spriocdháta. |
|
(6) |
Chun na sonraí ón gcóras bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs a aistriú chuig an gcóras bainistithe cásanna nua agus chun cruinneas na sonraí aistrithe a fhíorú, ba cheart Eurojust a bheith in ann an córas bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs a choinneáil ar bun tar éis don chóras bainistithe cásanna nua teacht chun bheith oibríochtúil, ach níor cheart a bheith in ann déanamh amhlaidh tar éis an 1 Nollaig 2027. Trí shíneadh 2 bhliain a chur leis an spriocdháta, ba cheart dóthain ama a thabhairt do Eurojust chun cur ar bun an chórais bainistithe cásanna nua a thabhairt chun críche, agus teorainn á cur ag an am céanna leis an tréimhse ar lena linn a cheadaítear, go heisceachtúil, dúbláil sonraí pearsanta oibríochtúla. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Aibreán 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1727
In Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1727, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
‘9. Féadfaidh Eurojust leanúint den chóras bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs a úsáid go dtí an 1 Nollaig 2027, mura rud é go mbeidh an córas bainistithe cásanna nua i bhfeidhm cheana féin, agus go mbeidh aistriú na sonraí ón gcóras bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs, agus an fíorú ar chruinneas na sonraí sin, curtha i gcrích roimh an dáta sin.’
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025.
(2) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta (IO L, 2023/2131, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2131/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2082/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)