Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1819

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 155/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1819]

IO L, 2025/1819, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1819/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1819/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1819

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 155/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1819]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2515 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir leis an bhfearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2025 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 18qzg (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1484 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘18qzh.

32024 R 2515: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2515 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir leis an bhfearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2025 (IO L, 2024/2515, 26.9.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2515 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d ’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2515, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2515/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1819/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top