Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1353

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1353 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 maidir le triomadóirí rothlaim tí i ndáil le faisnéis faoi indeisitheacht agus lena soiléirítear gnéithe de na modhanna tomhais agus ríofa, den bhileog faisnéise faoin táirge, den doiciméadacht theicniúil agus den nós imeachta fíorúcháin

C/2025/3986

IO L, 2025/1353, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1353/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1353/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1353

20.11.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1353 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 maidir le triomadóirí rothlaim tí i ndáil le faisnéis faoi indeisitheacht agus lena soiléirítear gnéithe de na modhanna tomhais agus ríofa, den bhileog faisnéise faoin táirge, den doiciméadacht theicniúil agus den nós imeachta fíorúcháin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún (2), leagtar síos ceanglais chomhchuibhithe maidir le triomadóirí rothlaim tí a lipéadú, lena gcumasaítear do chustaiméirí cinntí ceannaigh eolasacha a dhéanamh ar bhonn éifeachtúlacht fuinnimh agus faisnéis fhorlíontach faoi na fearais. Sonraítear freisin in Airteagal 3 den Rialachán sin ábhar agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge agus an doiciméadacht theicniúil agus ceanglaítear ar sholáthróirí na paraiméadair ábhartha a chur isteach sa Bhunachar Sonraí Táirgí Eorpach le haghaidh Lipéadú Fuinnimh.

(2)

Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an laghdú mór atá tar éis teacht ar shaolré triomadóirí rothlaim tí le 15 bliana anuas, rud a spreag méadú ar an ráta táirgthe chun an saolré níos giorra a chúiteamh. Má sholáthraítear faisnéis maidir le hindeisitheacht triomadóirí rothlaim trí innéacs indeisitheachta, féadfar roinnt tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a ghiniúint trí thomhaltóirí a spreagadh chun táirgí níos indeisithe a roghnú. Ba cheart an t-innéacs indeisitheachta a ríomh ar bhonn paraiméadair atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a éasca atá sé triomadóir rothlaim tí a dheisiú.

(3)

Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, ba cheart lipéad agus bileog faisnéise faoin táirge ina bhfuil faisnéis indeisitheachta a bheith ag gabháil le haon triomadóir rothlaim tí a chuirtear ar an margadh. Chun a áirithiú go dtabharfar an t-innéacs indeisitheachta isteach go rianúil, d’fhéadfadh soláthróirí lipéid a sholáthar lena n-áirítear an fhaisnéis indeisitheachta roimh an sprioc-am éigeantach, an 1 Eanáir 2027, seachas lipéid gan an fhaisnéis indeisitheachta orthu.

(4)

Ós rud é nach bhfuil athscálú ar an lipéad i gceist le cur chun feidhme innéacs indeisitheachta, ba cheart a cheadú do dhéileálaithe, tar éis an 1 Eanáir 2027, triomadóirí rothlaim tí a cuireadh ar an margadh roimh an dáta sin a dhíol, gan teorainn ama, ar triomadóirí iad ar a bhfuil lipéid nach n-áirítear an t-innéacs indeisitheachta.

(5)

Chun indeisitheacht triomadóirí rothlaim tí a fheabhsú, ba cheart eilimint bhreise a áireamh san athbhreithniú dá bhforáiltear le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534, is é sin an measúnú ar an bhféidearthacht ó thaobh teaschaidéil a áireamh i measc na bpáirteanna tosaíochta a chuirfí san áireamh agus an t-innéacs indeisitheachta á ríomh.

(6)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart sainmhínithe ábhartha maidir leis an innéacs indeisitheachta agus an meánchion taise deiridh a chur isteach.

(7)

Chun cuidiú le tomhaltóirí a bheith ar an eolas nuair a dhéanann siad roghanna faoi mhéid indeisitheachta agus cothabhála na dtriomadóirí rothlaim tí, ba cheart an aicme indeisitheachta ábhartha a áireamh sna lipéid fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim tí comhdhlúthadáin agus neamh-chomhdhlúthadáin araon, sa raon ó A go E, i gcás ina gcomhfhreagraíonn A, an aicme is airde, do thriomadóirí rothlaim tí ag a bhfuil na hinnéacsanna indeisitheachta is fearr agus ina gcomhfhreagraíonn E, an aicme is ísle, do thriomadóirí rothlaim tí a bhfuil na hinnéacsanna indeisitheachta is measa acu.

(8)

Ba cheart an téarma ‘picteagram’ a chur in ionad an téarma ‘logo’ sa tuairisc ar an lipéad a sholáthraítear in Iarscríbhinn III, chun bheith comhsheasmhach le gníomhartha tarmligthe eile maidir le lipéadú fuinnimh. Thairis sin, ba cheart an tagairt d’Éicilipéad an AE a scriosadh ó Iarscríbhinn III, ós rud é nach ndámhtar Éicilipéad an AE a thuilleadh.

(9)

Ba cheart modh a shainiú chun innéacs indeisitheachta na dtriomadóirí rothlaim tí a ríomh, lenar féidir aicme indeisitheachta a shannadh do gach múnla de thriomadóirí rothlaim tí.

(10)

Ba cheart an t-innéacs indeisitheachta a ríomh trí fhoirmle atá bunaithe ar pharaiméadair scórála shonracha a measadh a bheith ábhartha chun éascaíocht an deisiúcháin a chinneadh le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí. Is iad na paraiméadair scórála sin an doimhneacht díchóimeála, an cineál ceanglóirí, an cineál uirlisí agus an fhaisnéis deisiúcháin.

(11)

Cé is moite den fhaisnéis deisiúcháin, nach mór a mheasúnú ar leibhéal an táirge, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na trí pharaiméadar scórála eile ar leibhéal na páirte den triomadóir rothlaim tí atá le hionadú. Ar an gcúis sin, roghnaíodh páirteanna tosaíochta agus cuireadh san áireamh iad i bhfoirmle gach paraiméadair scórála, maille le meán ualaithe a léiríonn ábharthacht gach páirte tosaíochta i dtéarmaí díolachán agus rátaí teipe.

(12)

An tuairisc ar na céimeanna díchóimeála a úsáidtear chun paraiméadar scórála na doimhneachta díchóimeála a ríomh, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis deisiúcháin agus cothabhála atá le soláthar do dheisitheoirí gairmiúla.

(13)

Is iomchuí go mbainfear den fhaisnéis atá le soláthar i ndoiciméadacht theicniúil an táirge na sonraí maidir leis an modh a úsáidtear chun meánchion taise deiridh an éiceachláir a ríomh, ar sonraí iad a leagadh síos ar dtús in Iarscríbhinn IV, pointe 1(g), a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534. Tugadh faoi deara gur minic a bhíonn fo-éifeachtaí diúltacha neamh-inmhianaithe ag gabháil le luach 0 % a fháil sa mheánchion taise deiridh, i dtéarmaí damáiste teasa do theicstílí de dheasca ró-thomhaltas fuinnimh atá ró-thirim agus iomarcach, rudaí atá le seachaint. Ina ionad sin, is iad na modhanna tomhais agus ríofa dá bhforáiltear sna caighdeáin chomhchuibhithe ba cheart a úsáid chun an paraiméadar sin a ríomh toisc go soláthraítear lamháltais iomchuí leo.

(14)

Chun a áirithiú go mbíonn tomhaltóirí ar an eolas agus iad i mbun roghanna agus chun tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh, ba cheart faisnéis maidir leis an innéacs indeisitheachta agus na scóir pháirteacha le haghaidh gach ceann de na paraiméadair scórála a bheith mar chuid den bhileog faisnéise faoin táirge. Chun ualach riaracháin ar sholáthróirí nach bhfuil gá leis a sheachaint, is iad na hathruithe ar ollscór an innéacs indeisitheachta táirge amháin ba cheart a mheas a bheith bainteach le hábhar chun samhail nua a shainiú. Os a choinne sin, i gcás athruithe ar ríomhanna páirteacha na bparaiméadar scórála nach n-athraíonn an t-ollinnéacs indeisitheachta, meastar nach mbaineann siad le hábhar.

(15)

Chun nach gcothófaí údar mearbhaill do sholáthróirí agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ba cheart soiléiriú a thabhairt maidir le hinneachar na doiciméadachta teicniúla, lena n-áirítear an fhaisnéis indeisitheachta ábhartha.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Forálacha leasaitheacha

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘1.   Áiritheoidh soláthróirí an méid seo a leanas:

(a)

ón 1 Márta 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026:

(i)

soláthraítear lipéad clóite do gach triomadóir rothlaim tí ina bhfuil an fhaisnéis agus san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III agus, i gcás triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, i gcomhréir le hIarscríbhinn X;

(ii)

cuirtear luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V, isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí;

(b)

ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026:

(i)

cuirtear a bhfuil sa doiciméadacht theicniúil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, isteach sa bhunachar sonraí táirgí;

(ii)

cuirtear lipéad leictreonach san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus ar a bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí;

(iii)

cuirtear bileog faisnéise leictreonach faoin táirge, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí;

(iv)

i gcás ina n-iarrfaidh an déileálaí go sonrach é, go gcuirtear ar fáil i bhfoirm chlóite an bhileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh:

(i)

soláthraítear lipéad clóite do gach triomadóir rothlaim tí san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IIIa agus, i gcás triomadóirí rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin, i gcomhréir le hIarscríbhinn X;

(ii)

cuirtear luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn Va, isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí;

(iii)

déantar inneachar na doiciméadachta teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1(h) agus 1(i) den Iarscríbhinn sin, a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí;

(iv)

cuirtear lipéad leictreonach san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIa, agus ar a bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí;

(v)

cuirtear bileog faisnéise leictreonach faoin táirge, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Va, ar fáil do dhéileálaithe le haghaidh gach múnla de thriomadóir rothlaim tí;

(vi)

i gcás ina n-iarrfaidh an déileálaí go sonrach é, go gcuirtear ar fáil i bhfoirm chlóite an bhileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Va;

(d)

ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh:

(i)

aon fhógra amhairc a bhaineann le múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, sonraítear ann an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII;

(ii)

aon ábhar cur chun cinn teicniúil a bhaineann le múnla sonrach de thriomadóir rothlaim tí, lena n-áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, ina dtugtar tuairisc ar a pharaiméadair theicniúla shonracha, sonraítear ann aicme éifeachtúlachta fuinnimh an mhúnla sin agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.’

;

(b)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.   De mhaolú ar mhír 1, pointí (a) agus (b), le linn na tréimhse, ón 24 Samhain 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026, féadfaidh soláthróirí na oibleagáidí atá orthu, agus a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), a chomhlíonadh ar an mbealach a leagtar amach i mír 1, pointe (c).’

;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

go mbeidh an lipéad arna sholáthar ag soláthróirí i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointí (a)(i) nó (c)(i), ar gach triomadóir rothlaim tí ag an díolphointe, lena n-áirítear ag aontaí trádála, agus an lipéad á thaispeáint le haghaidh fearais ionsuite sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe, agus le haghaidh gach fearais eile sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe ar an taobh amuigh ar aghaidh nó ar bharr an triomadóra rothlaim tí;’;

(3)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin lena n-áirítear, más iomchuí, dréacht-togra, faoi bhráid an Fhóraim Éicidhearthóireachta faoin 1 Eanáir 2030.

Déanfar measúnú san athbhreithniú ar na heilimintí seo a leanas go háirithe:

(a)

an poitéinseal feabhsúcháin maidir le tomhaltas fuinnimh, feidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil na dtriomadóirí rothlaim tí;

(b)

éifeachtacht na mbeart atá ann cheana maidir le spreagadh a thabhairt d’úsáideoirí deiridh fearais atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainne de a cheannach agus cláir atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainne de a úsáid;

(c)

an fhéidearthacht chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh;

(d)

a iomchuí atá sé an teaschaidéal a áireamh i liosta na bpáirteanna tosaíochta chun an t-innéacs indeisitheachta a ríomh.’;

(b)

scriostar mír 2;

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 9 ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh agus beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (1a) de réir mar a leagtar amach ann.’;

(5)

Déantar Iarscríbhinní I, II, agus III a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn IIIa;

(7)

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(8)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn Va;

(9)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(10)

déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIa;

(11)

Leasaítear Iarscríbhinní VII, VIII, IX, agus X, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2534, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2534/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

‘(27)

ciallaíonn ‘meánchion taise deiridh’ an meánchion taise deiridh le haghaidh an éiceachláir ag lánualach agus ag ualach páirteach;

(28)

ciallaíonn ‘páirt spártha’ páirt ar leithligh ar féidir léi teacht in ionad páirte a bhfuil an fheidhm chéanna nó feidhm chomhchosúil aici i dtriomadóir rothlaim tí;

(29)

ciallaíonn ‘páirt tosaíochta’ páirt spártha a úsáidtear i ríomhanna an innéacs indeisitheachta a leagtar amach i Roinn 5 d’Iarscríbhinn IV;

(30)

ciallaíonn ‘príomhchlár ciorcad priontáilte’ an clár trína ndéantar bainistiú, go díreach nó go hindíreach, ar na comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha atá comhtháite san fhearas;

(31)

ciallaíonn ‘díchóimeáil’ próiseas trína scartar táirge ina bpáirteanna nó ina gcomhpháirteanna ar bhealach ina bhféadfaí é a athchóimeáil agus é a dhéanamh oibríochtúil ina dhiaidh sin;

(32)

ciallaíonn ‘ceanglóir’ gaireas crua-earraí nó substaint lena nasctar nó lena ndaingnítear dhá réad nó dhá pháirt nó dhá phíosa nó níos mó go meicniúil, go maighnéadach nó ar bhealaí eile, lena n-áirítear gaireas crua-earraí a bhfuil feidhm leictreach leis de bhreis air sin;

(33)

ciallaíonn ‘ceanglóir in-athúsáidte’ ceanglóir is féidir a athúsáid go hiomlán san athchóimeáil chun na críche céanna agus nach ndéanann aon damáiste don táirge ná don cheanglóir féin le linn an díchóimeála nó an phróisis athchóimeála ar bhealach a fhágann nach féidir iad a athúsáid níos mó ná uair amháin;

(34)

ciallaíonn ‘ceanglóir inbhainte’ ceanglóir nach ceanglóir in-athúsáide é, ach nach ndéanann damáiste don táirge nó go bhfágfar iarmhar lena gcoisctear athchóimeáil;

(35)

ciallaíonn ‘ceanglóir athsholáthartha’ ceanglóir inbhainte a sholáthraítear leis an bpáirt spártha a bhfuil sé beartaithe aige a nascadh nó a dhaingniú; measfar gur ceanglóirí athsholáthartha iad greamacháin má sholáthraítear an pháirt spártha dóibh i gcainníocht atá leordhóthanach i gcomhair na hathchóimeála;

(36)

ciallaíonn ‘céim’ oibríocht a chríochnaíonn nuair a bhaintear páirt (nó cuach) nó le hathrú uirlise, lena n-áirítear aon pháirt a chur in áit seachas an suíomh tosaigh ina raibh sí agus nuair a bhíonn díscor páirteach nó díphlugáil i gceist leis an mbaint;

(37)

ciallaíonn ‘uirlis atá ar fáil ar bhonn tráchtála’ uirlis atá ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne ach nach uirlis bhunúsach ná uirlis dhílseánach í;

(38)

ciallaíonn ‘uirlis bhunúsach’ scriúire le haghaidh cinn sliotánacha, scriúire le haghaidh scriúnna cros-chuais, scriúire le haghaidh cinn de chuas heicsea-mhaotháiníneach, eochair heicseagánach le haghaidh soicéid, rinse teaglama, greamairí teaglama, greamairí teaglama le haghaidh baint sreinge agus rocáil teirminéil, greamairí leath shoc-chiorclacha, gearrthóirí trasnánacha, greamairí ilghreamanna, greamairí glasála, luamhán bogtha, pionsúirín, gloine formhéadúcháin, uirlis slaite agus piocóid;

(39)

ciallaíonn ‘uirlis dhílseánach’ uirlis nach bhfuil ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne nó uirlis nach bhfuil aon phaitinn is infheidhme ar fáil ar cheadúnas ina leith faoi théarmaí réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha;

(40)

ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ oibreoir nó gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála gairmiúla le haghaidh triomadóirí rothlaim tí’;

(2)

cuirtear an Roinn 4 seo a leanas le hIarscríbhinn II:

‘4.   AICME INDEISITHEACHTA

Cinnfear aicme indeisitheachta triomadóra rothlaim tí ar bhonn an innéacs indeisitheachta mar atá leagtha amach i dTábla 3a. Cinnfear an t-innéacs indeisitheachta i gcomhréir le Roinn 5 d’Iarscríbhinn IV.

Tábla 3a

Aicme indeisitheachta

 

Aicme indeisitheachta

 

Innéacs Indeisitheachta (R)

 

A (is mó indeisithe)

 

R > 9,00

 

B

 

7,00 ≤ R ≤ 9,00

 

C

 

5,00 ≤ R < 7,00

 

D

 

3,00 ≤ R < 5,00

 

E (is lú is indeisithe)

 

R < 3,00’

(3)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i Roinn A, leasaítear pointe 1.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe V:

‘V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí VII agus VIII:

‘VII

aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VIII

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;’;

(iii)

scriostar pointe 1.2;

(b)

i Roinn B, leasaítear pointe 1.1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe V:

‘V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe VII:

‘VII

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;’;

(iii)

scriostar pointe 1.2.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN IIIa

LIPÉAD AR A bhFUIL FAISNÉIS INDEISITHEACHTA

A.   Lipéad le haghaidh triomadóirí rothlaim comhdhlúthadáin ar a bhfuil picteagram na haicme indeisitheachta

1.   LIPÉAD LE hAghaidh TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM COMHDHLÚTHADÁIN AR A BHFUIL PICTEAGRAM NA hAicme INDEISITHEACHTA

Fíor 4a

Image 1

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

I

cód QR;

II

trádmharc;

III

aitheantóir múnla;

IV

scála aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ó A go G;

V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

VI

meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV; i gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, an meántomhaltas ualaithe fuinnimh (gás agus leictreachas) in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VII

aicme indeisitheachta arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VIII

aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

IX

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;’;

X

toilleadh rátaithe, in kg, don éiceachlár agus ualach iomlán ann;

XI

fad an éiceachláir agus ualach iomlán ann in uaireanta an chloig agus nóiméid [u:nóim] arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire;

XII

uimhir an Rialacháin seo, is é sin ‘2023/2534’.

2.   DEARADH LIPÉID LE hAghaidh TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM COMHDHLÚTHADÁIN AR A BHFUIL PICTEAGRAM NA hAicme INDEISITHEACHTA

Fíor 4b

Image 2

I gcás ina mbeidh:

(a)

beidh an lipéad 96 mm ar leithead agus 192 mm ar airde ar a laghad. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid níos mó, mar sin féin beidh a inneachar i gcomhréir leis na sonraíochtaí i bhFíor 4b;

(b)

beidh an cúlra 100 % bán;

(c)

Verdana a bheidh sa chló-aghaidh;

(d)

beidh toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí ar an lipéad mar a léirítear i ndearaí an lipéid san Iarscríbhinn seo;

(e)

úsáidfear na dathanna CMYK – cian, maigeanta, buí agus dubh, agus an sampla seo á leanúint: 0,70,100,0: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(f)

comhlíonfaidh an lipéad gach ceann de na ceanglais seo a leanas (tagraíonn na huimhreacha d’Fhíor 4b).

Image 3

beidh dathanna lógó an Aontais mar a leanas:

an cúlra: 100,80,0,0;

na réaltaí: 0,0,100,0;

Image 4

beidh dath an lógó fuinnimh: 100,80,0,0;

Image 5

beidh an cód QR 100 % dubh;

Image 6

beidh an trádmharc 100 % dubh agus i gCló Trom 9 pt;

Image 7

beidh an t-aitheantóir múnla 100 % dubh agus i nGnáthchló 9 pt;

Image 8

beidh an scála A go G mar a leanas:

(a)

beidh na litreacha sna saigheada 100 % bán agus i gCló Trom 16 pt agus beidh siad láraithe ar ais ag 4,5 mm ón taobh clé de na saigheada;

(b)

beidh dathanna cúlra na saighead mar a leanas:

(i)

Aicme-A: 100,0,100,0;

(ii)

Aicme-B: 70,0,100,0;

(iii)

Aicme-C: 30,0,100,0;

(iv)

Aicme-D: 0,0,100,0;

(v)

Aicme-E: 0,30,100,0;

(vi)

Aicme-F: 0,70,100,0;

(vii)

Aicme-G: 0,100,100,0;

Image 9

beidh na roinnteoirí inmheánacha 80 mm ar leithead agus beidh meáchan 0,5 pt iontu. Beidh dath 100 % dubh ar na roinnteoirí;

Image 10

beidh saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % dubh. Beidh an litir laistigh de shaighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % bán agus i gCló Trom 26 pt, agus déanfar í a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead. Déanfar saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an tsaighead chomhfhreagrach sa scála A go G a shuíomh sa chaoi go mbeidh a mbarra ailínithe;

Image 11

is i gCló Trom 28 pt a bheidh luach an tomhaltais ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin; beidh ‘kWh/’ i nGnáthchló 18 pt; beidh an uimhir ‘100’ sa deilbhín a sheasann do 100 timthriall triomúcháin i nGnáthchló 14 pt. Beidh an téacs láraithe sa cholún agus 100 % dubh;

Image 12

beidh na picteagraim mar a thaispeántar i ndearadh an lipéid agus mar a leanas:

(a)

beidh meáchan 1,2 pt ag línte na bpicteagram agus beidh siad sin agus na téacsanna (uimhreacha agus aonaid) 100 % dubh;

(b)

déanfar scálaí A go D den phicteagram éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin agus den phicteagram astaíochta fuaimthorainn aeriompartha a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(c)

beidh uimhir an phicteagraim éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin i gCló Trom 9 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(d)

déanfar scálaí A go E de phicteagram na haicme indeisitheachta a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(e)

beidh uimhir an phicteagraim astaíochta fuaimthorainn aeriompartha i gCló Trom 12 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(f)

beidh an uimhir a bhaineann le picteagram an toillte rátaithe i gCló Trom 16 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 12 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe thíos faoin bpicteagram;

(g)

beidh an picteagram a bhaineann le huimhir fhad an éiceachláir i gCló Trom 16 pt agus beidh an uimhir sin láraithe thíos faoin bpicteagram;

Image 13

beidh uimhir an rialacháin 100 % dubh agus i nGnáthchló 6 pt.

B.   Lipéad le haghaidh triomadóirí rothlaim neamh-chomhdhlúthadáin ar a bhfuil picteagram na haicme indeisitheachta

1.   LIPÉAD LE hAghaidh TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM NEAMH-CHOMHDHLÚTHADÁIN AR A BHFUIL PICTEAGRAM NA hAicme INDEISITHEACHTA

Fíor 4c

Image 14

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

I

cód QR;

II

trádmharc;

III

aitheantóir múnla;

IV

scála aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ó A go G;

V

an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

VI

meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV; i gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, an meántomhaltas ualaithe fuinnimh (gás agus leictreachas) in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin in kWh, arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VII

aicme indeisitheachta arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

VIII

aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha de thimthriall triomúcháin an éiceachláir, in éineacht leis an bpicteagram ábhartha agus an luach ina dB(A), arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn IV;

IX

toilleadh rátaithe, in kg, don éiceachlár agus ualach iomlán ann;

X

fad an éiceachláir agus ualach iomlán ann in uaireanta an chloig agus nóiméid [u:nóim] arna shlánú go dtí an nóiméad is gaire;

XI

uimhir an Rialacháin seo, is é sin ‘2023/2534’.

2.   DEARADH LIPÉID LE hAghaidh TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM NEAMH-CHOMHDHLÚTHADÁIN AR A BHFUIL PICTEAGRAM NA hAicme INDEISITHEACHTA

Fíor 4d

Image 15

I gcás ina mbeidh:

(a)

beidh an lipéad 96 mm ar leithead agus 192 mm ar airde ar a laghad. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid níos mó, mar sin féin beidh a inneachar i gcomhréir leis na sonraíochtaí i bhFíor 4d;

(b)

beidh an cúlra 100 % bán;

(c)

Verdana a bheidh sa chló-aghaidh;

(d)

beidh toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí ar an lipéad mar a léirítear i ndearaí an lipéid san Iarscríbhinn seo;

(e)

úsáidfear na dathanna CMYK – cian, maigeanta, buí agus dubh, agus an sampla seo á leanúint: 0,70,100,0: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(f)

comhlíonfaidh an lipéad gach ceann de na ceanglais seo a leanas (tagraíonn na huimhreacha d’Fhíor 4d).

Image 16

beidh dathanna lógó an Aontais mar a leanas:

an cúlra: 100,80,0,0;

na réaltaí: 0,0,100,0;

Image 17

beidh dath an lógó fuinnimh: 100,80,0,0;

Image 18

beidh an cód QR 100 % dubh;

Image 19

beidh an trádmharc 100 % dubh agus i gCló Trom 9 pt;

Image 20

beidh an t-aitheantóir múnla 100 % dubh agus i nGnáthchló 9 pt;

Image 21

beidh an scála A go G mar a leanas:

(a)

beidh na litreacha sna saigheada 100 % bán agus i gCló Trom 16 pt agus beidh siad láraithe ar ais ag 4,5 mm ón taobh clé de na saigheada;

(b)

beidh dathanna cúlra na saighead mar a leanas:

(i)

Aicme-A: 100,0,100,0;

(ii)

Aicme-B: 70,0,100,0;

(iii)

Aicme-C: 30,0,100,0;

(iv)

Aicme-D: 0,0,100,0;

(v)

Aicme-E: 0,30,100,0;

(vi)

Aicme-F: 0,70,100,0;

(vii)

Aicme-G: 0,100,100,0;

Image 22

beidh na roinnteoirí inmheánacha 80 mm ar leithead agus beidh meáchan 0,5 pt iontu. Beidh dath 100 % dubh ar na roinnteoirí;

Image 23

beidh saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % dubh. Beidh an litir laistigh de shaighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh 100 % bán agus i gCló Trom 26 pt, agus déanfar í a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead. Déanfar saighead na haicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an tsaighead chomhfhreagrach sa scála A go G a shuíomh sa chaoi go mbeidh a mbarra ailínithe;

Image 24

is i gCló Trom 28 pt a bheidh luach an tomhaltais ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin; beidh ‘kWh/’ i nGnáthchló 18 pt; beidh an uimhir ‘100’ sa deilbhín a sheasann do 100 timthriall triomúcháin i nGnáthchló 14 pt. Beidh an téacs láraithe sa cholún agus 100 % dubh;

Image 25

beidh na picteagraim mar a thaispeántar i ndearadh an lipéid agus mar a leanas:

(a)

beidh meáchan 1,2 pt ag línte na bpicteagram agus beidh siad sin agus na téacsanna (uimhreacha agus aonaid) 100 % dubh;

(b)

déanfar scálaí A go D den phicteagram astaíochta fuaimthorainn aeriompartha a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(c)

déanfar scálaí A go E de phicteagram na haicme indeisitheachta a ailíniú ar ais ingearach ar thaobh na láimhe clé den deilbhín, in éineacht le litir na haicme is infheidhme i gCló Trom 12 pt agus na litreacha eile den chuid eile de na haicmí i nGnáthchló 8 pt;

(d)

beidh uimhir an phicteagraim astaíochta fuaimthorainn aeriompartha i gCló Trom 12 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 9 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe laistigh den phicteagram;

(e)

beidh an uimhir a bhaineann le picteagram an toillte rátaithe i gCló Trom 16 pt agus beidh an t-aonad i nGnáthchló 12 pt, agus beidh an uimhir agus an t-aonad in aice a chéile agus láraithe thíos faoin bpicteagram;

(f)

beidh an picteagram a bhaineann le huimhir fhad an éiceachláir i gCló Trom 16 pt agus beidh an uimhir sin láraithe thíos faoin bpicteagram;

Image 26

beidh uimhir an rialacháin 100 % dubh agus i nGnáthchló 6 pt.’


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an cheathrú mír:

‘Bainfear úsáid as an éiceachlár mar atá inaitheanta ar an roghnú cláir, ar an scáileán taispeána agus tríd an nasc líonra, ag brath ar na feidhmiúlachtaí a sholáthraíonn an triomadóir rothlaim tí, agus gan aon mhodhnú breise a dhéanamh ar an socrú maidir leis an gcion taise deiridh, chun EEI, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin, fad an chláir, agus na hastaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha a thomhas agus a ríomh. Déanfar an tomhaltas fuinnimh, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin agus fad an chláir a thomhas i gcomhthráth freisin.

Déanfar an tomhaltas ualaithe fuinnimh, fad ualaithe an chláir agus an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin a ríomh ar bhonn trí thimthriall triomúcháin ag ualach iomlán agus ceithre thimthriall triomúcháin ag ualach páirteach.’;

(b)

i Roinn 1, scriostar pointe (g);

(c)

cuirtear an Roinn 5 seo a leanas isteach:

‘5.   MODH CHUN INNÉACS INDEISITHEACHTA TRIOMADÓIRÍ ROTHLAIM TÍ A RÍOMH

Scór comhiomlánaithe normalaithe atá san Innéacs Indeisitheachta, mar luach ríofa arna dhíorthú ó cheithre pharaiméadar scórála, sna cásanna seo a leanas:

Is é SDD an scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’;

Is é SF an scór ‘Ceanglóirí (cineál)’;

Is é ST an scór ‘Uirlisí (cineál)’;

Is é SRI an scór ‘Faisnéis Deisiúcháin’.

Déanfar an tInnéacs Indeisitheachta (R) a ríomh mar seo a leanas:

Formula

agus é slánaithe go dtí dhá ionad deachúlacha.

Tá na scóir ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD ), ‘Ceanglóirí (cineál)’ (SF ) agus ‘Uirlisí (cineál)’ (ST ) bunaithe ar chomhiomlánú scóir leibhéil na bpáirteanna tosaíochta seo a leanas:

seasann WP don chaidéal uisce;

seasann B don imthaca druma;

seasann DB don chrios druma;

seasann D don doras;

seasann M don mhótar;

seasann MB don phríomhchlár ciorcad priontáilte;

seasann F don ghaothrán;

seasann MC don toilleoir mótair.

Má tá aon cheann de na páirteanna tosaíochta i dtáirge níos mó ná uair amháin, ní chuirfear ach an ceann lena seachadtar an scór is ísle san áireamh agus na scóir maidir le ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD ), ‘Ceanglóirí (cineál) (SF ) agus ‘Uirlisí (cineál) (ST ) á ríomh. Mura bhfuil páirt tosaíochta amháin nó níos mó sa táirge, bainfear na páirteanna tosaíochta sin d’fhoirmle na bparaiméadar scórála ina bhfuil siad. Ina theannta sin, déanfar comhéifeachtaí na bpáirteanna tosaíochta atá fós i bhforimle gach paraiméadair scórála a roinnt ar chomhlánú 1 de shuim na gcomhéifeachtaí a chomhfhreagraíonn do na páirteanna tosaíochta nach bhfuil sa táirge, ionas go mbeidh suim na gcomhéifeachtaí atá fágtha i gcónaí cothrom le 1.

déanfar SDD , SF agus ST a ríomh ar bhonn na tuairisce ar na céimeanna díchóimeála, ar na ceanglóirí agus ar na huirlisí atá ag teastáil i gcás gach páirte tosaíochta.

Maidir leis an measúnú ar an innéacs indeisitheachta, go háirithe i gcás SDD , SF agus ST , cuirfear tús leis ar tháirge:

a choinnítear ar bun mar a cheanglaítear sa lámhleabhar úsáideora le haghaidh úsáid laethúil;

atá cóimeáilte go hiomlán;

atá ina seasamh, agus rochtain gan bhac ar fáil ar na taobhphainéil uile agus ar chlúdach an fhearais;

atá dícheangailte ó aon soláthar agus diúscairt.

Tar éis an mheasúnaithe, déanfar an táirge a athchóimeáil go hiomlán.

5.1.

Déanfar an scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD ) a ríomh mar seo a leanas:

Formula

Measúnú ar an Doimhneacht Díchóimeála (DD) ag leibhéal páirteach

Déanfar an scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (DDi ) le haghaidh gach páirte tosaíochta (DDWP , DDB , DDDB , DDD , DDM , DDMB , DDF , DDMC ) a shocrú ar bhonn líon na gcéimeanna is gá chun an pháirt tosaíochta a bhaint den táirge (DD) i leith mheánlíon na gcéimeanna díchóimeála (MDS) le haghaidh na páirte tosaíochta sin gan dochar a dhéanamh don táirge. Is mar a leanas atá MDS le haghaidh gach páirte tosaíochta:

caidéal uisce: 16,1 céim;

imthaca druma: 18,9 céim;

crios druma: 40,9 céim;

doras: 3 chéim;

mótar: 49,4 chéim;

ina bhfuil príomhchlár ciorcad priontáilte: 13,7 chéim;

gaothrán: 7,7 chéim;

toilleoir mótair: 24,9 chéim;

Déantar pointí sa raon 0 go 10 a shannadh do DDi le haghaidh gach páirte tosaíochta ar an gcaoi seo a leanas:

DDi  = 10 pt i gcás ina bhfuil DD ≤ 0,70 × MDS;

DDi  = 7 pt i gcás ina bhfuil 0,70 × MDS< DD ≤ 0,90 × MDS;

DDi  = 4 pt i gcás ina bhfuil 0,90 × MDS< DD ≤ 1,10 × MDS;

DDi  = 1 pt i gcás ina bhfuil 1,10 × MDS< DD ≤ 1,30 × MDS;

DDi  = 0 pt i gcás ina bhfuil DD > 1,30 × MDS.

Chun DD a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

bíonn an comhaireamh céime le haghaidh dhíchóimeáil gach páirte tosaíochta i gcrích nuair atá an spriocpháirt tosaíochta scartha agus inrochtana léi féin. Nuair is cuid de chóimeáil nó de chuach páirteanna í an spriocpháirt tosaíochta, agus nuair a fhágann sé sin nach mór an chóimeáil nó an chuach a bhaint i dtosach, bíonn deireadh leis an bpróiseas díchóimeála nuair atá an spriocpháirt tosaíochta scartha agus inrochtana léi féin;

ní mheastar gur páirteanna iad ceanglóirí;

más rud é, tar éis páirt tosaíochta a dhíchóimeáil, gur gá cuid de na céimeanna céanna a thabhairt chun páirt eile a dhíchóimeáil, féadfar tús a chur le céimeanna díchóimeála na páirte sin leis an gcéad chéim atá éagsúil le céimeanna díchóimeála na páirte tosaíochta. Mar sin féin, beidh mar luach DD le haghaidh na páirte sin líon iomlán na gcéimeanna arna ríomh i gcás táirge lánchóimeáilte;

i gcás inar gá il-uirlisí a úsáid go comhuaineach, áirítear úsáid gach uirlise mar chéim ar leithligh. Ní mheastar gur deireadh céime é breith ar uirlis, uirlis a chur síos agus ceanglóir a bhaint. Ní mheasfar gur uirlis í an lámh;

áirítear oibríochtaí a bhaineann le glanadh, baint rianta nó téamh mar chéimeanna;

déanfar DD a ríomh ar bhonn na tuairisce ar na céimeanna díchóimeála do gach páirt tosaíochta sa doiciméadacht theicniúil;

i gcás ina bhfuil gá le fógra nó údarú cianda sraithuimhreacha le haghaidh fheidhmiúlacht iomlán na páirte spártha, beidh nialas mar luach DDi.

5.2.

Ríomhtar an scór ‘Ceanglóirí (cineál)’ (SF ) mar seo a leanas:

Formula

Measúnú ceanglóirí (cineál) (F) ar leibhéal páirteanna

Déantar na scóir ‘Ceanglóirí (cineál)’ (Fi ) le haghaidh gach páirte tosaíochta (FWP , FB , FDB , FD , FM , FMB , FF , FMC ) a shannadh de réir leibhéal inbhainteachta agus in-athúsáidteachta na gceanglóirí a úsáidtear i gcóimeáil an ghairis. Déantar pointí sa raon 0 go 10 a shannadh do Fi le haghaidh gach páirte tosaíochta ar an gcaoi seo a leanas:

ceanglóirí in-athúsáidte Fi  = 10 pt;

ceanglóirí athsholáthartha gan aon chostas, Fi  = 7 pt;

ceanglóirí athsholáthartha ar chostais bhreise, Fi  = 4 pt;

ceanglóirí inbhainte Fi  = 0 pt.

Tá aithint na gcineálacha ceanglóirí bunaithe ar an tuairisc ar gach cineál ceanglóra le haghaidh an phróisis díchóimeála chun an pháirt tosaíochta shonrach a thugtar sa doiciméadacht theicniúil a bhaint.

I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla ceanglóirí le linn do pháirt tosaíochta a bheith á díchóimeáil, ba cheart an scór is ísle a bhreithniú.

5.3.

Déanfar an scór ‘Uirlisí (cineál)’ (ST ) a ríomh mar seo a leanas:

Formula

Measúnú uirlisí (cineál) (T) ar leibhéal páirteanna

Déantar na scóir ‘Uirlisí (cineál)’ (Ti ) le haghaidh gach páirte tosaíochta i (TWP , TB , TDB , TD , TM , TMB , TF , TMC ) a shannadh de réir chastacht agus infhaighteacht na n-uirlisí is gá lena hathsholáthar. Déantar pointí sa raon 0 go 10 a shannadh do Ti le haghaidh gach páirte tosaíochta ar an gcaoi seo a leanas:

más féidir athsholáthar a dhéanamh trí uirlisí bunúsacha nó gan uirlis, Ti  = 10 pt;

más féidir athsholáthar a dhéanamh trí uirlisí a sholáthraítear leis an bpáirt spártha, Ti  = 5 pt;

más féidir athsholáthar a dhéanamh trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála, Ti  = 0 pt.

Tá an measúnú ar an gcineál uirlisí bunaithe ar an bpróiseas díchóimeála chun an pháirt tosaíochta shonrach atá sa doiciméadacht theicniúil a bhaint.

I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla uirlisí ag teastáil chun páirt tosaíochta a dhíchóimeáil, déanfar an scór is ísle a mheas.

5.4.

Measúnú ar Fhaisnéis Deisiúcháin (RI) ar leibhéal an táirge

Déanfar an scór ‘Faisnéise Deisiúcháin’ (SRI ) le haghaidh na faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil i bpointe 5(1)(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 a ríomh ar leibhéal an táirge mar a leanas:

infhaighteacht na faisnéise deisiúcháin gan aon chostas do dheisitheoirí gairmiúla, SRI  = 10 pt;

infhaighteacht na faisnéise deisiúcháin le táille réasúnta agus comhréireach do dheisitheoirí gairmiúla, SRI  = 0 pt.

Measfar táille a bheith réasúnach más rud é nach ndíspreagann sí rochtain ar fhaisnéis deisiúcháin toisc nach gcuirtear san áireamh inti a mhéid a úsáideann an deisitheoir gairmiúil an fhaisnéis.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘De bhun Airteagal 3(1), pointe (a)(ii), go dtí an 31 Nollaig 2026 iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí táirgí an fhaisnéis mar a leagtar amach i dTábla 4. Mar sin féin. i gcomhréir le hAirteagal 3(1a), féadfaidh soláthróirí an fhaisnéis a cheanglaítear i dTábla 4a d’Iarscríbhinn Va a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí ón 24 Samhain 2025 in ionad na faisnéise a cheanglaítear i dTábla 4.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4:

Tábla 4

Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

Trádmharc  (1)  (3):

Aitheantóir múnla  (1):

Teicneolaíocht an triomadóra rothlaim

[leictreach aer-aeráilte, comhdhlúthadán teaschaidéil leictreach, gnáth-chomhdhlúthadán leictreach, gásadhainte]

Paraiméadair ghinearálta an táirge:

Paraiméadar

Luach

Paraiméadar

Luach

Toilleadh rátaithe (2) (kg)

x,x

Toisí (1)  (3) ina cm

Airde

x

Leithead

x

Doimhneacht

x

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) (2)

x,x

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh (2)

[A/B/C/D/E/F/G] (4)

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin (%) (2)

(más infheidhme)

xx

Aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin (más infheidhme) (2)

[A/B/C/D] (4)

Tomhaltas ualaithe fuinnimh ina kWh in aghaidh an timthrialla triomúcháin (8). Braithfidh an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas.

x,xx

 

 

Fad an chláir (2) (uaireanta:nóiméid)

Toilleadh rátaithe

x:xx

Saghas

[ionsuite/saorsheasamh]

Leath

x:xx

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha (2) (dB(A) maidir le 1 pW)

x

Aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha (2)

[A/B/C/D] (4)

An mód ‘as’ (más infheidhme) (W)

x,xx

An mód fuireachais (más infheidhme) (W)

x,xx

Tús moillithe (W) (más infheidhme)

x,xx

Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

x,xx

I gcás triomadóirí rothlaim tí atá feistithe le teaschaidéal, ainm ceimiceach nó córas ainmniúcháin an gháis cuisneáin a úsáidtear, ar córas é a nglactar leis sa tionscal, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (1)  (1)  (3).

 

Nasc gréasáin chuig faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha do dheisitheoirí gairmiúla agus úsáideoirí deiridh (1)  (3)  (5)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig treoracha deisiúcháin d’úsáideoirí deiridh (1)  (3)  (6)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig praghsanna réamhchánach táscacha (1)  (3)  (7)

https://xxx

Íosfhad na ráthaíochta tráchtála arna tairiscint ag an soláthróir (1)  (3) [míonna]

 

Faisnéis bhreise  (3)

 

Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún (3)  (2):


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/517/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj).

(1)  Ní mheasfar go mbeidh an ítim sin ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(2)  Le haghaidh an éiceachláir.

(3)  Ní mheasfar go mbeidh athruithe ar na hítimí sin ábhartha chun críoch Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(4)  Má ghineann an bunachar sonraí táirgí inneachar cinntitheach na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

(5)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc chuig an leathanach gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(6)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(7)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(8)  I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, arna ríomh mar an meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin i gcomhréir le Roinn 1, pointe (f), d’Iarscríbhinn IV den Rialachán sin, arna roinnt ar 100.’


IARSCRÍBHINN IV

‘IARSCRÍBHINN Va

Bileog faisnéise faoin táirge ina bhfuil faisnéis indeisitheachta

De bhun Airteagal 3(1), pointe (c)(ii), ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh déanfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 4a a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí. Mar sin féin. i gcomhréir le hAirteagal 3(1a) den Rialachán seo, féadfaidh soláthróirí an fhaisnéis a cheanglaítear i dTábla 4a d’Iarscríbhinn Va a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí ón 24 Samhain 2025 in ionad na faisnéise a cheanglaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Léireofar go soiléir sa lámhleabhar úsáideora nó i litríocht eile a sholáthraítear leis an táirge an nasc chuig an múnla sa bhunachar sonraí táirgí mar Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainní (URL) atá inléite ag an duine nó mar chód QR nó tríd an uimhir chlárúcháin táirge a sholáthar.

Tábla 4a

Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

Trádmharc  (1)  (3):

Aitheantóir múnla  (1):

Teicneolaíocht an triomadóra rothlaim

[leictreach aer-aeráilte, comhdhlúthadán teaschaidéil leictreach, gnáth-chomhdhlúthadán leictreach, gásadhainte]

Paraiméadair ghinearálta an táirge:

Paraiméadar

Luach

Paraiméadar

Luach

Toilleadh rátaithe (2) (kg)

x,x

Toisí (1)  (3) ina cm

Airde

x

Leithead

x

Doimhneacht

x

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) (2)

x,x

Aicme éifeachtúlachta fuinnimh (2)

[A/B/C/D/E/F/G] (4)

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin (%) (2)

(más infheidhme)

xx

Aicme éifeachtúlachta comhdhlúthúcháin (más infheidhme) (2)

[A/B/C/D] (4)

Tomhaltas ualaithe fuinnimh ina kWh in aghaidh an timthrialla triomúcháin (8). Braithfidh an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas.

x,xx

 

 

Fad an chláir (2) (uaireanta:nóiméid)

Toilleadh rátaithe

x:xx

Saghas

[ionsuite/saorsheasamh]

Leath

x:xx

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha (2) (dB(A) maidir le 1 pW)

x

Aicme na hastaíochta fuaimthorainn aeriompartha (2)

[A/B/C/D] (4)

An mód ‘as’ (más infheidhme) (W)

x,xx

An mód fuireachais (más infheidhme) (W)

x,xx

Tús moillithe (W) (más infheidhme)

x,xx

Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

x,xx

I gcás triomadóirí rothlaim tí atá feistithe le teaschaidéal, ainm ceimiceach nó córas ainmniúcháin an gháis cuisneáin a úsáidtear, ar córas é a nglactar leis sa tionscal, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (1)  (1)  (3).

 

Faisnéis Deisiúcháin:

Aicme Indeisitheachta (bunaithe ar an innéacs thíos)

[A/B/C/D/E] (4)

Innéacs Indeisitheachta (1)

x,xx

An scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD ) (1)  (3)

x,xx

An scór ‘Ceanglóirí (cineál)’ (SF ) (1)  (3)

x,xx

An scór ‘Uirlisí (cineál)’ (SF ) (1)  (3)

x,xx

An scór ‘Faisnéis Deisiúcháin’ (SRI ) (1)  (3)

x,xx

Nasc gréasáin chuig faisnéis maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha do dheisitheoirí gairmiúla agus úsáideoirí deiridh (1)  (3)  (5)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig treoracha deisiúcháin d’úsáideoirí deiridh (1)  (3)  (6)

https://xxx

Nasc gréasáin chuig praghsanna réamhchánach táscacha (1)  (3)  (7)

https://xxx

Íosfhad na ráthaíochta tráchtála arna tairiscint ag an soláthróir (1)  (3) [míonna]

 

Faisnéis bhreise  (5)

 

Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún (5)  (2):


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/517/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj).

(1)  Ní mheasfar go mbeidh an ítim sin ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(2)  Le haghaidh an éiceachláir.

(3)  Ní mheasfar go mbeidh athruithe ar na hítimí sin ábhartha chun críoch Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/1369.

(4)  Má ghineann an bunachar sonraí táirgí inneachar cinntitheach na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

(5)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc chuig an leathanach gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(6)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(7)  Is é an oibleagáid atá ar na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ar a mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 5(1)(f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

(8)  I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, arna ríomh mar an meántomhaltas ualaithe fuinnimh in aghaidh an 100 timthriall triomúcháin i gcomhréir le Roinn 1, pointe (f), d’Iarscríbhinn IV den Rialachán sin, arna roinnt ar 100.


IARSCRÍBHINN V

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás triomadóirí rothlaim leictreacha tí, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b)(i):’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

na luachanna le haghaidh na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 5 don éiceachlár, a meastar gurb iad na luachanna fógartha iad chun críoch an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.’;

(2)

i dtábla 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheanntáisc:

Tábla 5

Paraiméadair theicniúla fhógartha le haghaidh triomadóirí rothlaim tí leictreacha’;

(3)

i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, áireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b)(i) an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointí (a) go (f) den Iarscríbhinn seo, agus an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 6 don éiceachlár. Meastar gurb iad na luachanna i dTábla 6 na luachanna fógartha chun críoch an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX.’.

(4)

leasaítear Tábla 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheanntáisc:

Tábla 6

Paraiméadair theicniúla fhógartha le haghaidh triomadóirí rothlaim tí gásadhainte ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú ró maidir le hídiú gáis an éiceachláir agus ualach páirteach ann:

‘Tomhaltas gáis an ‘éiceachláir’ agus ualach páirteach ann (Egdry,½ )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX’

(c)

in ionad an deichiú ró, an aonú ró déag agus an dóú ró déag maidir le fad an chláir le haghaidh an éiceachláir cuirtear an méid seo a leanas:

‘Fad an chláir don éiceachlár le hualach iomlán (Tdry )

u:nóim

X:XX

Fad an chláir don éiceachlár agus ualach páirteach ann (Tdry½ )

u:nóim

X:XX

Fad ualaithe an chláir don éiceachlár (Tt )

u:nóim

X:XX’

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

‘3.

I gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis atá san áireamh sa doiciméadacht theicniúil do thriomadóir rothlaim tí áirithe sin:

(a)

ó mhúnla ag a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna is ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil a sholáthrófar ach a tháirgeann soláthróir eile,

(b)

trí ríomh ar bhonn deartha nó eachtarshuímh ó mhúnla eile den soláthróir céanna nó de sholáthróir difriúil,

áireofar sa doiciméadacht theicniúil mionsonraí an ríomha, an measúnú a rinne na soláthróirí chun cruinneas an ríomha a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céannachta idir múnlaí na soláthróirí éagsúla.’.


IARSCRÍBHINN VI

‘IARSCRÍBHINN VIa

DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL INA bhFUIL FAISNÉIS INDEISITHEACHTA

1.   

I gcás triomadóirí rothlaim leictreacha tí, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c)(iii):

(a)

tuairisc ghinearálta ar an múnla lenar féidir é a shainaithint go haonchiallach agus go héasca;

(b)

tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáideadh;

(c)

réamhchúraimí sonracha atá le déanamh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

(d)

sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

(e)

coinníollacha tástála, i gcás nach leordhóthanach an tuairisc a thugtar orthu sna tagairtí a sholáthraítear de bhun phointe (b) den roinn seo;

(f)

múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

(g)

na luachanna le haghaidh na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 6a don éiceachlár, a meastar gurb iad na luachanna fógartha iad chun críoch an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IX;

(h)

tuairisc ar na céimeanna díchóimeála le haghaidh gach páirt a liostaítear i Roinn 5 d’Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear na huirlisí agus na ceanglóirí a bhfuil gá leo ag gach céim, más ann dóibh;

(i)

an fhaisnéis deisiúcháin agus cothabhála a leagtar síos i bpointe 5(3)(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533.

Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthraítear de bhun phointí (a) go (g) na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil atá le hiontráil sa bhunachar sonraí táirgí ag an soláthróir, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.

Tábla 6a

Paraiméadair theicniúla fhógartha le haghaidh triomadóirí rothlaim tí leictreacha

Paraiméadar

Aonad

Luach

Toilleadh rátaithe don éiceachlár, ag eatraimh 0,5 kg (c)

kg

X,X

Tomhaltas fuinnimh an éiceachláir le hualach iomlán (Edry)

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh an éiceachláir agus ualach páirteach ann (Edry,½)

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas ualaithe fuinnimh an éiceachláir (EtC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh caighdeánach an éiceachláir (SEC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI)

X,X

Fad an chláir don éiceachlár le hualach iomlán (Tdry )

u:nóim

X:XX

Fad an chláir don éiceachlár agus ualach páirteach ann (Tdry½ )

u:nóim

X:XX

Fad ualaithe an chláir don éiceachlár (Tt )

u:nóim

X:XX

Meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir le hualach iomlán (Cdry ) (más infheidhme)

%

XX

Meánéifeachtúlacht comhdhlúthúcháin an éiceachláir agus ualach páirteach ann (Cdry½ ) (más infheidhme)

%

XX

Éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin ualaithe an éiceachláir (Ct ) (más infheidhme)

%

XX

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha le linn an éiceachláir

dB(A) maidir le 1 pW

X

Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta i mód fuireachais (Psm ) (más infheidhme)

W

X,XX

An áirítear taispeáint faisnéise le ‘mód fuireachais’?

Áirítear/Ní áirítear

Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ más é fuireachas líonraithe an coinníoll tástála (Pnsm) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód ‘tús moillithe’ (Pds ) (más infheidhme)

W

X,XX

Innéacs Indeisitheachta

X,XX

2.   

I gcás triomadóirí rothlaim gásadhainte, áireofar sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c)(iii) an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointí (a) go (f), (h) agus (i) den Iarscríbhinn seo, agus an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 6b don éiceachlár. Meastar gurb iad na luachanna i dTábla 6b na luachanna fógartha chun críoch an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX.

Is éard a bheidh san fhaisnéis a sholáthraítear de bhun na chéad fhomhíre den phointe seo, seachas pointí (h) agus (i), na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil atá le hiontráil sa bhunachar sonraí ag an soláthróir, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.

Tábla 6b

Paraiméadair theicniúla fhógartha le haghaidh triomadóirí rothlaim tí gásadhainte

Paraiméadar

Aonad

Luach

Toilleadh rátaithe don éiceachlár, ag eatraimh 0,5 kg (c)

kg

X,X

Tomhaltas gáis an éiceachláir le hualach iomlán (Egdry )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas gáis an ‘éiceachláir’ agus ualach páirteach ann (Egdry,½ )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Ídiú leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach iomlán

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Ídiú leictreachais cúnta an éiceachláir le hualach páirteach

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas ualaithe fuinnimh an éiceachláir (EtC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Tomhaltas fuinnimh caighdeánach an éiceachláir (SEC )

kWh/timthriall triomúcháin

X,XX

Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI)

X,X

Fad an chláir don éiceachlár le hualach iomlán (Tdry )

u:nóim

X:XX

Fad an chláir don éiceachlár agus ualach páirteach ann (Tdry½ )

u:nóim

X:XX

Fad ualaithe an chláir don éiceachlár (Tt )

u:nóim

X:XX

Astaíocht fuaimthorainn aeriompartha le linn an éiceachláir

dB(A) re 1 pW

X

Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta i mód fuireachais (Psm ) (más infheidhme)

W

X,XX

An áirítear taispeáint faisnéise le ‘mód fuireachais’?

Áirítear/Ní áirítear

Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ más é fuireachas líonraithe an coinníoll tástála (Pnsm ) (más infheidhme)

W

X,XX

Ídiú cumhachta sa mhód ‘tús moillithe’ (Pds ) (i gcás inarb infheidhme)

W

X,XX

Innéacs Indeisitheachta

X,XX

3.   

I gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis atá san áireamh sa doiciméadacht theicniúil do thriomadóir rothlaim tí áirithe sin:

(a)

ó mhúnla ag a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna is ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil a sholáthrófar ach a tháirgeann soláthróir eile,

(b)

trí ríomh ar bhonn deartha nó eachtarshuímh ó mhúnla eile den soláthróir céanna nó de sholáthróir difriúil,

áireofar sa doiciméadacht theicniúil mionsonraí an ríomha, an measúnú a rinne na soláthróirí chun cruinneas an ríomha a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céannachta idir múnlaí na soláthróirí éagsúla.


IARSCRÍBHINN VII

Leasaítear Iarscríbhinní VII, VIII, IX agus X a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2:

‘1.

I bhfógraí amhairc, chun críocha comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (d)(i), agus in Airteagal 4, pointe (c), a áirithiú, déanfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad a thaispeáint mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.

2.

In ábhar fógraíochta teicniúil, chun comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (d)(ii), agus in Airteagal 4, pointe (d), a áirithiú, léireofar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

An lipéad iomchuí a chuirfidh soláthróirí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointí (b)(ii) nó (c)(iv), de réir mar is infheidhme, léireofar é ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge, más rud é go léirítear an praghas, agus i ngach cás eile i ngaireacht d’ainm nó do phictiúr an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an lipéad sofheicthe agus soléite go soiléir agus go mbeidh sé comhréireach leis an méid a shonraítear in Iarscríbhinn III nó IIIa, de réir mar is infheidhme. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe, agus sa chás sin comhlíonfaidh an íomhá a úsáidfear chun rochtain a fháil ar an lipéad na sonraíochtaí a leagtar síos i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo. Má chuirtear taispeáint neadaithe i bhfeidhm, beidh an lipéad le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an íomhá.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(b):

‘(b)

nascfaidh an íomhá leis an lipéad a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIa, de réir mar is infheidhme;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘4.

An bhileog leictreonach faisnéise faoin táirge a chuirfidh an soláthróir ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointí (b)(iii) nó (c)(v), de réir mar is infheidhme, léireofar é ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge, más rud é go léirítear an praghas, agus i ngach cás eile i ngaireacht d’ainm nó do phictiúr an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge sofheicthe agus soléite go soiléir. Féadfar an bhileog faisnéise faoin táirge a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe nó trí thagairt a dhéanamh don bhunachar sonraí táirgí, agus sa chás sin léireofar ‘Bileog faisnéise faoin táirge’ go soiléir soléite sa nasc a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Má úsáidtear taispeáint neadaithe, beidh an bhileog faisnéise faoin táirge le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an nasc.’;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

Ní bhaineann na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 8 ach le fíorú na luachanna fógartha ag údaráis na mBallstát agus ní úsáidfidh an soláthróir iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sin a dheimhniú sa doiciméadacht theicniúil nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó feidhmíocht níos fearr a chur in iúl ar aon bhealach.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(b)(iii):

‘(iii)

na luachanna cinntithe, is é sin luachanna na bparaiméadar ábhartha arna dtomhas sa tástáil agus na luachanna arna ríomh ó na tomhais sin, comhlíonann siad na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir bhailíochta a leagtar amach i dTábla 7;

(b)

na lamháltais fíorúcháin faoi seach a leagtar amach i dTábla 8.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

I gcás ina mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe (4)(b)(iii), roghnóidh údaráis na mBallstát trí aonad bhreise den mhúnla céanna le haghaidh tástála. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na trí aonad breise a roghnófar a bheith d’aon mhúnla coibhéiseach amháin nó níos mó. Maidir leis an innéacs indeisitheachta, mura mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 4(b)(iii), roghnóidh údaráis na mBallstát aonad bhreise amháin den mhúnla céanna le haghaidh tástála.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

‘8.

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na trí aonad dá dtagraítear i bpointe 6, go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna cinntithe na lamháltais fíoraithe faoi seach a leagtar amach i dTábla 8, seachas toradh na tástála indeisitheachta, áit a measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis an aonad breise dá dtagraítear i bpointe 6, go gcomhlíonann an luach cinntithe an lamháltas faoi seach a thugtar i dTábla 8.

9.

I gcás nach mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 8, measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo, seachas toradh an innéacs indeisitheachta, i gcás ina measfar nach gcomhlíonann an múnla an Rialachán seo.’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:

‘12.

Ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na critéir bhailíochta a leagtar amach i dTábla 7 agus na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 8 agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 1 go 9 i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo. I gcás na bparaiméadar a leagtar amach i dTáblaí 7 agus 8, ní chuirfear i bhfeidhm aon chritéar bailíochta ná lamháltas fíorúcháin eile, amhail na cinn sin a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó in aon mhodh tomhais eile.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7:

Tábla 7

Critéir bhailíochta

Paraiméadar

Critéir bhailíochta

Meánchion taise deiridh an éiceachlár μt

Déanfar an luach cinntithe a thomhas agus a ríomh agus beidh sé níos ísle ná 1,5 %.’

(g)

cuirtear isteach an Tábla 8 seo a leanas:

Tábla 8

lamháltais fíorúcháin

Paraiméadar

Na lamháltais fíorúcháin

Etirim agus Etirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Etirim agus Etirim½.

Egtirim agus Egtirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Egtirim agus Egtirim½.

Egtirim,a agus Egtirim½,a

Ní rachaidh an luach cinntithe thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Egtirim,a agus Egtirim½,a.

Ct

Ní bheidh an luach cinntithe (*1) níos lú ná 6 % faoi bhun luach Ct.

Ttirim agus Ttirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Ttirim agus Ttirim½.

Po

Ní rachaidh an luach arna chinneadh (*1) thar 0,10 W den luach fógartha.

Psm

Ní rachaidh luach cinntithe (*1) Psm thar 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Pds

Ní rachaidh luach cinntithe (*1) thar 10 % os cionn an luacha fhógartha más tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fhógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 2 dB(A) os cionn an luacha fhógartha maidir le 1 pW.

Innéacs indeisitheachta

Ní bheidh an luach cinntithe níos lú ná 4 % faoi bhun an luacha fhógartha.

(4)

leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘De réir na modhanna tomhais agus ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, i gcás triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin soláthrófar do gach druma atá ann lipéad a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III nó IIIa, de réir mar is infheidhme. Beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le gach ceann de na drumaí ar leithligh, seachas i gcás ina dtógtar na drumaí sa chásáil chéanna agus nach féidir leo feidhmiú san éiceachlár ach go comhuaineach. Sa chás deiridh sin, beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis an triomadóir rothlaim tí ina bhfuil níos mó ná druma amháin ina n-iomláine mar a leanas:’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘Áireofar ar an mbileog faisnéise faoin táirge, agus cuirfear i láthair go comhpháirteach inti, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinní V nó Va, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na ndrumaí uile a bhfuil feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo maidir leo. ‘Áireofar ar an doiciméadacht theicniúil, agus cuirfear i láthair go comhpháirteach inti, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinní VI nó VIa, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na ndrumaí uile a bhfuil feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo maidir leo.’.


(*1)  I gcás ina ndéantar trí aonad breise a thástáil i gcomhréir le pointe 6, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna arna chinneadh le haghaidh na dtrí aonad breise sin.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1353/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top