This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D3081
Commission Decision (EU) 2024/3081 of 4 December 2024 on transparency measures concerning meetings held between Members of the Commission and interest representatives, and repealing Decision 2014/839/EU, Euratom
Cinneadh (AE) 2024/3081 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le bearta trédhearcachta a bhaineann le cruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí den Choimisiún agus ionadaithe sainleasa, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/839/AE, Euratom
Cinneadh (AE) 2024/3081 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 maidir le bearta trédhearcachta a bhaineann le cruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí den Choimisiún agus ionadaithe sainleasa, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/839/AE, Euratom
C/2024/11500
IO L, 2024/3081, 5.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3081/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/3081 |
5.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3081 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Nollaig 2024
maidir le bearta trédhearcachta a bhaineann le cruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí den Choimisiún agus ionadaithe sainleasa, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/839/AE, Euratom
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 249 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní mór do na hinstitiúidí, trí mhodhanna iomchuí, an deis a thabhairt do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais agus ceanglaítear orthu idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta a choimeád ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, agus le hAirteagal 11(3) CAE, ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle go forleathan sula ndéanfaidh sé gníomhartha reachtacha a mholadh. |
(2) |
Chun na gcríoch sin, buaileann Comhaltaí den Choimisiún agus comhaltaí a gComhaireachtaí go tráthrialta le hionadaithe sainleasa chun cur ar a gcumas a dtuairimí a chur in iúl maidir le cinntí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh agus feabhas a chur ar cháilíocht na cinnteoireachta trí bhealaí a sholáthar chun tuairimí agus saineolas seachtrach a thabhairt. |
(3) |
Chun muinín shaoránaigh an Aontais as dlisteanacht phróisis pholaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais a choinneáil, ba cheart teagmháil a dhéanamh le hionadaithe sainleasa ar bhealach trédhearcach. Chuige sin, tá an Coimisiún tiomanta ionadaíocht sainleasa eiticiúil agus thrédhearcach a chur chun cinn trí bhíthin an chláir trédhearcachta éigeantaigh (1). |
(4) |
De bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Chinneadh C/2018/0700 (2) ón gCoimisiún maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí den Choimisiún Eorpach, ní bhuailfidh Comhaltaí den Choimisiúin agus a gcomhaltaí Comhaireachta ach leis na hionadaithe sainleasa sin atá cláraithe sa chlár trédhearcachta a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh agus cuirfidh siad faisnéis faoi na cruinnithe sin ar fáil go poiblí. |
(5) |
I bhfianaise na taithí dearfaí a fuarthas agus faisnéis á foilsiú faoi chruinnithe arna dtionól ag Comhaltaí den Choimisiún nó ag comhaltaí dá gComhaireacht le hionadaithe sainleasa maidir le saincheisteanna a bhaineann le cinnteoireacht agus cur chun feidhme beartais san Aontas, ba cheart an cleachtas maidir le faisnéis a chur ar fáil go poiblí faoi chruinnithe den sórt sin a choinneáil ar bun. Cé nach bhfuil aon ghá le bearta breise maidir le rannpháirtíocht Chomhaltaí den Choimisiún agus chomhaltaí a gComhaireachtaí in imeachtaí poiblí, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin san fhearann poiblí cheana féin, ba cheart do Chomhaltaí den Choimisiún leanúint d’fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir leis na cruinnithe uile a bhíonn acu nó ag comhaltaí a gComhaireachtaí le hionadaithe sainleasa. |
(6) |
Cruinnithe nach dtionóltar faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí cumhdaithe, mar a shainmhínítear in Airteagail 3 agus 4 den Chomhaontú Idirinstitiúideach, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo. Go háirithe, níor cheart cruinnithe le hionadaithe institiúidí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, ar léiriú iad ar ghnáthchúrsa an chaidrimh idirinstitiúidigh, a chumhdach leis an gCinneadh seo. Cruinnithe le hionadaithe ó údaráis phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear a mbuanionadaíochtaí agus a n-ambasáidí, ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo toisc go saothraíonn na húdaráis sin an leas ginearálta agus go rannchuidíonn siad le hobair an Choimisiúin faoi phrionsabal an chomhair dhílis. Cruinnithe le comhlachais agus líonraí údarás poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo, ar choinníoll go ngníomhaíonn na comhlachais agus na líonraí sin go heisiach thar ceann na n-údarás poiblí ábhartha. Chun caidreamh idirnáisiúnta an Aontais a chosaint, níor cheart cruinnithe le hionadaithe ó údaráis phoiblí tríú tíortha, lena n-áirítear a misin taidhleoireachta agus a n-ambasáidí, nó eagraíochtaí idir-rialtasacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí agus comhlachtaí a thagann uathu, a chumhdach leis an gCinneadh seo. |
(7) |
Chun cineál sonrach an idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta, dá bhforáiltear in Airteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a urramú, chomh maith le cineál sonrach an idirphlé le heaglaisí agus le comhlachais nó pobail reiligiúnacha nó le heagraíochtaí fealsúnacha agus neamhchreidmheacha dá dtagraítear in Airteagal 17 CFAE, níor cheart cruinnithe a thionóltar sna comhthéacsanna sin a chumhdach leis an gCinneadh seo. |
(8) |
I bhfianaise ról sonrach na bpáirtithe polaitiúla a aithnítear in Airteagal 10(4) CAE, níor cheart cruinnithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla a chumhdach leis an gCinneadh seo ach oiread. |
(9) |
I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, cruinnithe spontáineacha, cruinnithe de chineál príobháideach nó sóisialta amháin agus cruinnithe a tharlaíonn i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin arna bhunú le CAE nó le CFAE nó le gníomhartha dlí an Aontais, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo. Ina theannta sin, níor cheart teagmhálacha le daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh i gcáil bhuanphearsanta agus nach bhfuil i gcomhar le daoine eile a chumhdach leis an gCinneadh seo. |
(10) |
Cruinnithe a reáchtáiltear faoi chuimsiú comhairle dlí agus comhairle ghairmiúil eile a sholáthar, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo. Cruinnithe arna n-eagrú chun aighneachtaí a dhéanamh mar pháirtí nó mar thríú páirtí faoi chuimsiú nós imeachta dlíthiúil nó riaracháin arna bhunú le dlí an Aontais nó leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an Aontas, nó chun aighneachtaí a dhéanamh atá bunaithe ar chaidreamh conarthach le haon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí nó bunaithe ar chomhaontú deontais arna mhaoiniú le cistí ón Aontas, nó chun aighneachtaí a dhéanamh mar fhreagairt ar iarrataí díreacha sonracha ó aon cheann d’institiúidí an Aontais, óna n-ionadaithe nó óna bhfoireann, ar fhaisnéis fhíorasach, ar shonraí nó ar shaineolas, níor cheart iad a chumhdach leis an gCinneadh seo. |
(11) |
Chun tuilleadh trédhearcachta a fheabhsú maidir le hionadaíocht sainleasa agus chun deis a thabhairt do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi ábhar na malartuithe arna reáchtáil idir an Coimisiún agus ionadaithe sainleasa, ba cheart do Chomhaltaí den Choimisiún miontuairiscí poiblí a chur ar fáil faoi na cruinnithe uile a thionólann siad nó a thionólann comhaltaí a gComhaireachta le hionadaithe sainleasa. |
(12) |
Tá an Cinneadh seo gan dochar d’fheidhmiú an chirt chun rochtain a fháil ar dhoiciméid na n-institiúidí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus d’fheidhmiú chearta an ábhair sonraí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tá sé gan dochar freisin do cheanglais trédhearcachta nó do ghealltanais níos fearr a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais nó as comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an gCinneadh seo bearta maidir le trédhearcacht na gcruinnithe a thionólann Comhaltaí den Choimisiún agus/nó comhaltaí dá gComhaireacht le hionadaithe sainleasa.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘ionadaí sainleasa’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa, comhlachas nó líonra foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, a ghabhann do ghníomhaíochtaí a dhéantar chun tionchar a imirt ar fhoirmliú nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; |
(b) |
ciallaíonn ‘cruinniú’ teagmháil a eagraítear ar thionscnamh ionadaí sainleasa nó Comhalta den Choimisiún agus/nó comhalta dá Chomhaireacht chun plé a dhéanamh ar shaincheist a bhaineann le beartas nó reachtaíocht a cheapadh nó a chur chun feidhme san Aontas, gan dochar d’Airteagal 3. |
Airteagal 3
Díolúintí
Leis an gCinneadh seo, ní chumhdófar na cruinnithe seo a leanas:
(a) |
cruinnithe spontáineacha, cruinnithe de chineál príobháideach nó sóisialta amháin agus cruinnithe a tharlaíonn i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin arna bhunú le CAE nó le CFAE nó le gníomhartha dlí an Aontais; |
(b) |
cruinnithe a tionóladh leo seo a leanas:
|
(c) |
cruinnithe a tionóladh faoi chuimsiú comhairle dlí agus comhairle ghairmiúil eile a sholáthar, más rud é:
|
(d) |
cruinnithe arna n-eagrú chun aighneachtaí a dhéanamh:
|
Airteagal 4
Faisnéis faoi chruinnithe
1. Cuirfidh comhaltaí den Choimisiún faisnéis ar fáil go poiblí faoi gach cruinniú a thionólfaidh siad féin agus/nó comhaltaí dá gComhaireacht le hionadaithe sainleasa, i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.
2. Is éard a bheidh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil go poiblí:
(a) |
dáta an chruinnithe; |
(b) |
láthair an chruinnithe; |
(c) |
ainm an Chomhalta den Choimisiúin agus/nó ainm chomhalta/chomhaltaí a Chomhaireacht; |
(d) |
Ainm/ainmneacha an ionadaí/na n-ionadaithe sainleasa; |
(e) |
ábhar an chruinnithe. |
Airteagal 5
Miontuairiscí ó chruinnithe
1. Scríobhfar miontuairiscí de gach cruinniú a thionólann Comhaltaí den Choimisiún agus/nó comhaltaí dá gComhaireacht le hionadaithe sainleasa.
2. Déanfaidh comhaltaí den Choimisiún miontuairiscí na gcruinnithe a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.
3. Déanfar miontuairiscí cruinnithe a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair lena n-áirítear:
(a) |
an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 4(2); |
(b) |
na príomhphointí a tarraingíodh anuas agus na seasaimh a cuireadh in iúl le linn an chruinnithe; |
(c) |
conclúidí ón gcruinniú, i gcás inarb infheidhme. |
Airteagal 6
Foilsiú
Gan dochar d’Airteagal 7, déanfar an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus doiciméad arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5(3) a fhoilsiú i bhformáid chaighdeánaithe ar shuíomhanna gréasáin Chomhaltaí den Choimisiún laistigh de thréimhse coicíse tar éis an chruinnithe.
Airteagal 7
Sonraí pearsanta daoine aonair a fhreastalaíonn ar chruinnithe
Ní dhéanfar sonraí pearsanta daoine aonair (ag gníomhú dóibh thar ceann ionadaithe sainleasa) nó baill foirne de chuid an Choimisiúin (seachas baill de na Comhaireachtaí agus baill foirne de chuid an Choimisiúin a bhfuil feidhmeanna bainistíochta acu) a fhreastalaíonn ar chruinnithe a chur ar fáil go poiblí.
Airteagal 8
Forálacha críochnaitheacha
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo in ionad Chinneadh 2014/839/AE, Euratom (5) ón gCoimisiún, a scoirfidh a éifeachtaí d’fheidhm a bheith acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
2. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1) (‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’).
(2) 2 Cinneadh ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (IO C 65, 21.2.2018, lch. 7).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(5) Cinneadh 2014/839/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IO L 343, 28.11.2014, lch. 22).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3081/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)