Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC06722

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2025/1105

IO C, C/2025/6722, 17.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6722/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6722/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6722

17.12.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/6722)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Volailles de Janzé’

Uimh. AE: PGI-FR-0168-AM01 — 2.10.2025

1.   Ainm an táirge

‘Volailles de Janzé’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC)

Tásc geografach faoi chosaint (TGFC)

Tásc geografach (TG)

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

an Fhrainc

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Aireacht Talmhaíochta agus Bhiafhlaithis

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an TGFC ‘Volailles de Janzé’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:

(a)

níl athrú ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint i gceist leis;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar chur ar an margadh an táirge i gceist leis.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

1.   Údarás inniúil an Bhallstáit

Cuireadh an roinn dar teideal ‘An t-údarás inniúil sa Bhallstát’ isteach, ar roinn í ina dtugtar mionsonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité – INAO), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Grúpa is iarratasóir

Tugadh uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an Association du Poulet de Janzé [Comhlachas sicíní Janzé], a thugann oibreoirí an TGFC seo le chéile, cothrom le dáta.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

3.   Cineál an táirge

Rinneadh an roinn a bhaineann leis an gcineál táirge, a sainíodh roimhe seo de réir a aicme, a scriosadh ón tsonraíocht táirge.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

4.   Tuairisc ar an táirge

I gcás táirgí a chumhdaítear leis an TGFC, déantar foráil leis an leasú ar an tsonraíocht maidir le táirgeadh na dtáirgí breise seo a leanas:

sicín dubh;

cábún buí;

cábún éanlaithe guine.

Cuireadh sicín dubh agus cábún buí isteach chun tuairisc a thabhairt ar na tréithchineálacha atá údaraithe le haghaidh an TGFC agus sin amháin. Mar sin féin, cuireadh sicín dubh san áireamh sa chatagóir ‘sicín’ agus cuireadh cábún buí sa chatagóir ‘cábún’, a bhí luaite cheana sa doiciméad aonair. Ní dhéanann cur isteach na dtáirgí sin sa tsonraíocht difear don phointe sin den doiciméad aonair. Níor cuireadh ach cábún éanlaithe guine leis an doiciméad aonair.

Forlíontar an roinn le tuairisc ar an bhfeinitíopa le haghaidh gach ceann de na speicis agus le tuairisc orgánaileipteach is coiteann do na speicis uile.

Cuireadh domhainreo éanlaithe clóis san áireamh sna modhanna margaíochta údaraithe.

Ceadaíodh gearrthacha i gcás na speiceas uile dá bhforáiltear sa tsonraíocht. Sonraíodh a saintréithe. Féadfaidh siad teacht ó chonablaigh a bhfuil fabhtanna beaga orthu, ach ní mór na píosaí a roghnaítear critéir chur i láthair Aicme A a chomhlíonadh, agus ní mór meáchan íosta nach lú ná 90 % den mheáchan a shonraítear le haghaidh éanlaith chlóis a dhíoltar ina n-iomláine a bheith ag na píosaí óna dtógtar na gearrthacha.

Rinneadh raon feidhme na sonraíochta táirge a leathnú chun gibléid a chur san áireamh. Is iad na gibléid lena mbaineann an t-ae, an eagaois agus an croí.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar geografach

Ní dhearnadh aon athrú ar shainiú an limistéir gheografaigh. Ní dhearnadh ach athruithe eagarthóireachta; ar mhaithe le hiontaofacht, leagadh amach an limistéar geografach mar liosta bardas agus roinn amháin (Ille-et-Vilaine) agus glactar leis na bardais agus an roinn sin mar limistéar iomlán.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

6.   Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar

Tugadh an fhianaise inrianaitheachta cothrom le dáta agus leagadh amach í i dtábla achomair. Baineadh fáinniú éanlaithe clóis.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

7.   Tuairisc ar an modh táirgthe

Foroinn 5.1, ‘Tréithchineálacha agus tréithchineálacha hibrideacha a úsáidtear’

San fhoroinn sin, rinneadh tagairt do na feinitíopaí i gcás gach speiceas. Aithníodh na tréithchineálacha agus na tréithchineálacha hibrideacha mar thréithchineálacha láidre a fhásann go mall.

Foroinn 5.2 ‘Modh tógála agus bainistiú tógála’

Socraíodh luachanna le haghaidh dlús uasta agus líonta uasta in aghaidh an fhoirgnimh, le haghaidh limistéar clóis íosta in aghaidh an ainmhí, agus le haghaidh aoiseanna uasta chun rochtain a fháil ar an gclós. Maidir le cábún agus cábún éanlaithe guine, laghdaíonn an dlús laistigh agus ar na clóis le linn na tréimhse tógála. Rinneadh na soiléirithe sin ar an tsonraíocht tráth an chláraithe mar TGFC.

Coinníodh na luachanna socraithe le haghaidh an dlúis uasta agus le haghaidh an líon uasta in aghaidh an fhoirgnimh de réir aoise, le haghaidh na limistéir chlóis íosta in aghaidh an ainmhí agus le haghaidh na n-aoiseanna uasta ó thaobh rochtain ar an gclós agus le haghaidh na na n-aoiseanna íosta nuair a mharaítear iad. Cuireadh na luachanna sin isteach le haghaidh cábún éanlaithe guine agus tá athrú déanta orthu i gcás turcaithe. Rinneadh na soiléirithe sin ar an tsonraíocht tar éis an chláraithe mar TGFC.

Foroinn 5.3, ‘Saintréithe foirgneamh’

Rinneadh saintréithe na bhfoirgneamh agus a bhfearas a mhionsonrú, agus sonraíodh na hachair dhromchla. Sonraíodh an oibleagáid chun faraí a shuiteáil sna foirgnimh.

Foroinn 5.4, ‘Airíonna an chlóis’

Tá tuairisc déanta ar an gclós a úsáidtear chun go mbeidh na hainmhithe in ann dul amach faoin aer. Ní mór é a chumhdach le féar agus scáth a bheith ann den chuid is mó. Tarraingíodh aird ar an tábhacht a bhaineann le fálta; féadfar an ceanglas maidir le fad íosta 120 m d’fhálta a bheith ag gach clós a fhritháireamh le ceithre chrann leithlisithe in aghaidh gach 10 m ina bhfuil fál.

Foroinn 5.5, ‘Cothú’

Cuireadh liosta catagóirí ceadaithe amhábhar isteach.

Soiléiríodh cion na ngránach ag na céimeanna éagsúla tógála agus cion uasta saille na beatha. Cuireadh isteach an oibleagáid bainne gan bhearradh a dháileadh i bhfoirm leachtach ar chábúin agus ar chábúin éanlaithe guine.

Foroinn 5.6, ‘Aois mharaithe’

De bhreis ar aois mharaithe íosta, tá fad uasta na ngabháltas ó shuíomh an tseamlais sonraithe anois. Ar theacht chuig an seamlas dóibh, ní mór am scíthe 30 nóiméad ar a laghad a bheith ag an éanlaith chlóis.

Foroinn 5.7. ‘Marú – Gearradh – Pacáistiú éanlaithe clóis, gearrthacha agus gibléad – Domhainreo’

Sonraíodh meáchan íosta na gconablach dí-innithe, agus na gconablach cóirithe i gcás ina gceadaítear sin, i gcás gach speiceas.

Tá roinnt forálacha leagtha síos chun gearradh conablach tar éis a maraithe a rialáil.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

8.   Gnéithe lena dtugtar údar leis an nasc leis an timpeallacht gheografach

Rinneadh na tosca a thugann bonn cirt don nasc leis an timpeallacht gheografach a athscríobh, rud a fhágann gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir saintréithe sonracha an limistéir gheografaigh, an táirge agus an nasc cúisíoch. Níl aon athrú ar na heilimintí is bunús leis an nasc leis an timpeallacht gheografach. Tá siad fós bunaithe ar thréithchineálacha agus hibridí a oireann do chlóis faoin aer, ar thábhacht agus ar chlú na feirmeoireachta éanlaithe clóis sa limistéar geografach, ar na tosca daonna faoinar tháinig an fheirmeoireacht thraidisiúnta stoic chun cinn agus, chomh maith leis sin, ar shaintréithe na timpeallachta a chuidíonn le feirmeoireacht saor-raoin. Scriosadh an iliomad léaráidí agus tagairtí stairiúla.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

9.   Comhlacht cigireachta

Tá sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as cigireachtaí ar an leibhéal náisiúnta curtha ar fáil anois, i.e. an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Iomaíocht, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cosc Calaoise (DGCCRF). Is féidir ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin a aimsiú ar shuíomh gréasáin INAO agus i mbunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

10.   Lipéadú

Scriosadh an mhír atá ann faoi láthair agus cuireadh abairt ina hionad ina dtugtar tuairisc ar na heilimintí rialála éigeantacha a bhaineann go sonrach le tásca geografacha.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

11.   Ceanglais náisiúnta

Cuireadh an roinn seo i láthair i bhfoirm tábla ina dtaispeántar na príomhítimí atá le seiceáil agus na modhanna meastóireachta atá le húsáid.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Volailles de Janzé’

Uimh. AE: PGI-FR-0168-AM01 — 2.10.2025

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [an ATFC nó an TGFC]

‘Volailles de Janzé’

2.   Ballstát nó tríú tír

an Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

02 – FEOIL AGUS SCAIRTEACH FEOLA INITE

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Éin den ord Galliformes is ea ‘Volailles de Janzé’. Is le finte éagsúla iad agus áirítear leo roinnt cineálacha éin:

sicín, cábún;

éanlaith ghuine, cábún éanlaithe guine;

turcaí.

Maidir leis an éanlaith chlóis:

is ó thréithchineálacha a fhásann go mall a thagann sí, rud a fhágann go mbíonn tréimhse fhada tógála i gceist;

tógtar i bhfoirgnimh bheaga í, i ndlús íseal;

beathaítear í ar ghráin ghránaigh agus ar tháirgí díorthaithe, agus ní mór 70 % ar a laghad den chandam a bheith comhdhéanta de;

tógtar faoin aer í i gclós féarach faoi scáth, rud a spreagann rochtain.

Díoltar ‘Volailles de Janzé’ mar éin iomlána mar chonablaigh Aicme A amháin, nó mar ghearrthacha. Is saintréithe dá gcuid iad feoil theann agus conablach feolmhar. Bíonn na matáin dea-fhorbartha agus dáilte ar fud an chnámharlaigh.

Saintréith de chuid ‘Volailles de Janzé’ a dhíoltar mar éin iomlána is ea conablach gan aon fhabht maidir le cur i láthair. Go háirithe, ní ceadmhach an craiceann a bheith stróicthe, dóite, scríobtha ná marcáilte le rianta fola, agus ní mór é a bheith cluimhrithe go cúramach. Ní mór éanlaith chlóis dhí-innithe a dhí-inniú go hiomlán, cé is moite de na duáin, b’fhéidir.

Trí bhainne gan bhearradh a chur isteach le linn na 4 seachtaine deiridh den tógáil, tugtar feoil shúmhar do chonablaigh cábún agus cábún éanlaithe guine, ar feoil í atá lán le saill.

Cuirtear éin iomlána i láthair:

agus iad ‘réidh le cócaráil’ (éanlaith chluimhrithe dhí-innithe, gan an ceann agus an tarsas air nó gan bheith air);

agus iad ‘cóirithe’ (cluimhrithe, glanta, agus an ceann agus na crúba orthu, agus na gibléid iontu).

Féadfaidh gearrthacha agus gibléid ‘Volailles de Janzé’ teacht ó chonablaigh ina bhfuil meáchan nach lú ná 90 % den mheáchan atá socraithe do chonablaigh atá réidh le cócaráil. D’fhéadfadh fabhtanna beaga a bheith ar chonablaigh atá beartaithe lena ngearradh, ach ní mór na píosaí a roghnaítear a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le cur i láthair atá ann i gcás Aicme A.

Díoltar ‘Volailles de Janzé’ úr nó reoite.

Díoltar na gibléid (croí, eagaois agus ae) úr nó reoite.

Tá na saintréithe seo a leanas i ‘Volailles de Janzé’:

 

Am tógála íosta

Íosmheáchan dí-innithe gan ghibléid

Íosmheáchan cóirithe

Cearc

81 lá

1 000  g

1 300  g

Cábún

150 lá

2 500  g

2 900  g

Turcaí

140 lá

2 300  g

2 700  g

Éanlaith ghuine

94 lá

850 g

 

Cábún éanlaithe guine

150 lá

1 400  g

 

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Tugtar beatha do ‘Volailles de Janzé’ ar beatha í ina bhfuil:

50 % ar a laghad de ghránaigh sa chéim thosaigh suas le 29 lá, ach amháin turcaithe ar cion 30 % ar a laghad atá ann lena n-aghaidh;

70 % ar a laghad de ghránaigh le haghaidh éanlaith ghuine agus cábúin éanlaithe guine, 75 % le haghaidh sicíní agus cábúin sicín, agus 50 % le haghaidh turcaithe le linn na céime ramhraithe. Tá cion íosta na ngránach socraithe ag 75 % le haghaidh turcaithe ó 64 lá;

80 % ar a laghad de ghránaigh agus 5 % de bhainne gan bhearradh i bhfoirm leachtach ar a laghad ar feadh na 4 seachtaine deiridh ar a laghad le haghaidh cábún agus cábúin éanlaithe guine.

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na foirgnimh agus na clóis ina dtógtar ‘Volailles de Janzé’ a bheith suite sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Tá na ranna agus na bardais seo a leanas sa limistéar:

Roinn Ille-et-Vilaine: ina iomláine;

Roinn Côtes d’Armor: na bardais Aucaleuc, Bobital, Beaussais-sur-mer, Brusvily, Calorguen, Caulnes, Les Champs-Géraux, La Chapelle-Blanche, Dinan, Evran, Gomené, Guenroc, Guitté, Le Hinglé, Illifaut, Lancieux, Langrolay-sur-Rance, Lanvallay, Laurenan, Loscouët-sur-Meu, Merdrignac, Mérillac, Pleslin-Trigavou, Pleudihen-sur-Rance, Plouasne, Plouër-sur-Rance, Plumaudan, Plumaugat, Quévert, le Quiou, Saint-André-des-Eaux, Saint-Carné, Saint-Hélen, Saint-Jacut-de-la-mer, Saint-Jouan-de-l’Isle, Saint-Judoce, Saint-Juvat, Saint-Launeuc, Saint-Maden, Saint-Samson-sur-Rance, Saint-Vran, Taden, Tréfumel, Trélivan, Tréméreuc, Trémorel, Trévron, La Vicomté-sur-Rance;

Roinn Loire-Atlantique: bardais Avessac, Chateaubriant, Conquereuil, Derval, Fégréac, Fercé, Guéméné-Penfao, Jans, Lusanger, Marsac-sur-Don, Massérac, Mouais, Noyal-sur-Brutz, Plessé, Pierric, Rougé, Ruffigné, Saint-Aubin-des-Châteaux, Saint Nicolas-de-Redon, Saint-Vincent-des-Landes, Sion-les-Mines, Soudan, Soulvache, Villepot;

Roinn Maine-et-Loire: bardais Armaillé, Bouillé-Ménard, Bourg-L’Evèque, Carbay, Ombrée-d’Anjou;

Roinn Manche: bardais Aucey-la-Plaine, Beauvoir, Grandparigny, Hamelin, Huisnes-sur-mer, Lapenty, Les Loges-Marchis, Macey, Le Mesnillard, Montjoie-Saint-Martin, Le Mont-Saint-Michel, Moulimes, Pontorson, Sacey, Saint-Aubin-de-Terregatte, Saint-Brice-de-Landelles, Saint-Hilaire-du-Harcouët, Saint-James, Saint-Laurent-de-Terregatte, Saint-Senier-de-Beuvron, Servon, Tanis, Vessey;

Roinn Mayenne: bardais Ballots, Brains-sur-les-Marches, Brecé, Carelles, Châtillon-sur-Colmont, Colombiers-du-Plessis, Congrier, Désertines, la Dorée, Ernée, Fontaine-Couverte, Fougerolles-du-Plessis, Gorron, Hercé, Landivy, Larchamp, Lesbois, Levaré, Montaudin, Montenay, Pontmain, Renazé, La Pellerine, La Roë, La Rouaudière, Saint-Aignan-sur-Roë, Saint-Aubin-Fosse-Louvain, Saint-Berthevin-la-Tannière, Saint-Denis-de-Gastines, Saint-Ellier-du-Maine, Saint-Erblon, Saint-Mars-sur-Colmont, Saint-Mars-sur-la-Futaie, Saint-Michel-de-la-Roë, Saint-Saturnin-du-Limet, Senonnes, Vautorte, Vieuvy;

Roinn Morbihan: bardais Allaire, Augan, Beiganne, Beignon, Brignac, Campénéac, Carentoir, Concoret, Cournon, Les Fougerêts, La Gacilly, Guer, Gourhel, Loyat, Mauron, Monteneuf, Montertelot, Néant-sur-Yvel, Peillac, Ploërmel (seachas críoch iar-bhardas Monterrein), Porcaro, Réminiac, Rieux, Saint-Brieuc-de-Mauron, Saint-Gorgon, Saint-Jacut-les-Pins, Saint-Jean-la-Poterie, Saint-Léry, Saint-Malo-de-Beignon, Saint-Martin-sur-Oust, Saint-Perreux, Saint-Vincent-sur-Oust, Taupont, Tréal, Tréhorenteuc.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir ‘Volailles de Janzé’ agus a áit tionscnaimh bunaithe ar shaintréithe sonracha na héanlaithe clóis a thógtar faoin aer i gclóis atá líneáilte le crainn agus a chumhdaítear le fásra den chuid is mó, agus aiste bhia acu atá lán le gránach, ar shaineolas na bhfeirmeoirí a bhaineann leis an modh feirmeoireachta agus ar a cháil.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tá limistéar geografach an TGFC ‘Volailles de Janzé’ suite ar an gcuid thoir den Mhasaíf Armarcach, thart ar logán inmheánach arb í abhantrach Rennes í. Tá líon mór aibhneacha i ngleannta cúnga. Bíonn bogthaise leanúnach ann, cé go mbíonn an fhrasaíocht iomlán 660 mm in aghaidh na bliana ar an meán. Ní théann an raon teochta thar 10 °C. Ós rud é go bhfuil an limistéar ar imeall na hEorpa, is féidir leis na gaotha a bheith láidir uaireanta, go háirithe san fhómhar agus sa gheimhreadh. Bíonn báisteach ann go tráthrialta mar gheall ar ghaireacht an aigéin. Sa limistéar geografach, ós rud é go n-athraíonn acmhainneacht agranamaíoch na hithreach ó áit go háit, is í an fheirmeoireacht mheasctha barr agus an fheirmeoireacht beostoic, mar aon le feirmeoireacht déiríochta, is mó atá ann. Tá an talamh is torthúla tiomnaithe do bharra gránach agus farae, agus soláthraíonn na limistéir eile talamh féarach d’ainmhithe.

Tairgeann fálta foscadh ó na gaotha láidre agus tugann siad cosaint do bharra agus bíonn tírdhreach glas ann dá mbarr. Is taiscumair bhithéagsúlachta freisin iad na fálta a sholáthraíonn gnáthóg don fhiadhúlra.

Cuireann an aeráid aigéanach agus láithreacht na bhfálta sin ar a cumas don éanlaith chlóis an clós a úsáid i gcaitheamh na bliana. Tá rochtain ag an éanlaith chlóis ar fhéar agus ar ghrean (clocha beaga) sa chlós. Cumasaíonn an grean forbairt na heagaoise agus díleá níos fearr trí bheatha ionghafa agus gránaigh a mheilt.

Sainiúlacht an táirge

Tagann ‘Volailles de Janzé’ ó thréithchineálacha crua a fhásann go mall. Ó thús chéim an ramhraithe, úsáideann siad clós inar féidir leo an talamh a phriocadh agus a scríobadh agus péisteanna talún á lorg acu. Tá an clós ceaptha chun an éanlaith chlóis a spreagadh chun dul amach a mhéid is féidir. Baineann roinnt buntáistí le crainn a phlandú sa chlós: de bhreis ar chosaint a thairiscint ar an ngaoth agus ar an ngrian, spreagann sé an éanlaith chlóis chun leathadh amach sa chlós. Cuidíonn sé leis na feirmeacha freisin oiriúnú don tírdhreach, laghdaíonn sé creimeadh agus cuireann sé bithéagsúlacht chun cinn.

Is táirgeoirí bainne iad an chuid is mó d’fheirmeoirí ‘Volailles de Janzé’ freisin. Go traidisiúnta bíonn bainne gan bhearradh i mbeatha na gcábún éanlaithe guine agus na gcábún le linn na céime méathaithe (ar feadh 4 seachtaine ar a laghad), agus is é sin 5 % de mheáchan na foirmle beatha.

Nasc cúisíoch

I roinnt doiciméad de chuid an 18ú haois, luaitear cáil Janzé as cáilíocht a éanlaithe clóis, ar thug an tUasal Jean-Baptiste Ogée tuairisc uirthi in 1780 ina fhoclóir maidir le cúige na Briotáine. Go stairiúil, measadh gurb í éanlaith chlóis a tógadh i réigiún Janzé an ceann deireanach de na cearca dubha a choilínigh Armarc tráth. In 1900, ba é an margadh seachtainiúil éanlaithe clóis beo in Janzé an margadh ba mhó in Ille-et-Vilaine. Chuir an línéir, ‘Le France’, Janzé poussin agus anlann mousquetaire ar an mbiachlár tráth chomóradh 100 bliain laoch Jules Verne, Phileas Fogg.

In 1978, sheol comhairle bhardasach Janzé plé maidir le bealaí chun teacht ar rogha mhalartach inchreidte ar tháirgeadh talmhaíochta, agus ar dhéiríocht go háirithe. Ar ndóigh, bhí forbairt na feirmeoireachta éanlaithe clóis saor-raoin in Janzé i gcroílár na díospóireachta. Mar thoradh ar fhuinneamh na bhfeirmeoirí, cruthaíodh earnáil a aithnítear anois.

Le 40 bliain anuas, mar gheall ar tháirgeadh éanlaithe clóis saor-raoin, cumasaíodh cuid mhór struchtúr talmhaíochta a choinneáil agus a fhorbairt. I gcuid mhór cásanna, tá sé tagtha chun bheith mar tháirgeadh príomhúil an ghabháltais. Tairbhíonn ‘Volailles de Janzé’ d’aeráid chineálta agus de thírdhreach glas ar nithe iad sin a sholáthraíonn cabhair maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcineál gníomhach. Tagann an éanlaith chlóis ó thréithchineálacha a fhásann go mall agus is féidir léi an clós a thaiscéaladh, agus í ag priocadh agus ag scríobadh na talún. Tugtar aird ar leith ar thaiscéaladh sa chlós a spreagadh trí fhálta a phlandú.

I gcás gach cineáil éanlaithe clóis, is féidir éanlaith chlóis a tháirgeadh le craiceann mínghráin, cnámha crua, agus conablaigh dea-chumhdaithe nach bhfuil róshailleach mar gheall ar chumasc na dtréithchineálacha agus na beatha ina bhfuil 70 % ar a laghad de ghránaigh. Trí bhainne gan bhearradh a sholáthar do chábúin agus do chábúin éanlaithe guine, áirithítear feoil shúmhar, atá lán le saill.

Ar thaobh na cumarsáide de, ó bhí 1993 ann, ar dtús in Janzé agus ansin in Rennes ó 2014, tháinig feirmeoirí le chéile gach bliain le haghaidh deireadh seachtaine ceiliúrtha agus comhroinnte, é dírithe ar a n-éanlaith chlóis; go stairiúil, tugadh ‘ Foire aux chapons ’ [aonach na gcábún] air ach, anois, tugtar ‘ Les Toqués de Janzé ’ [fanaicigh Janzé].

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-43d7a320-092e-4d4f-a971-4a1adca4e1db


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6722/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top