Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AG0015(02)

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 15/2025 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2015/2302, (AE) 2019/2161 agus (AE) 2020/1828 tar éis deireadh a bheith curtha leis an gClár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne

IO C, C/2025/6678, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6678/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6678/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6678

12.12.2025

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 15/2025 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2015/2302, (AE) 2019/2161 agus (AE) 2020/1828 tar éis deireadh a bheith curtha leis an gClár Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne

(C/2025/6678)

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 17 Deireadh Fómhair 2023, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí (1).

2.

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (an gnáthnós imeachta reachtach).

3.

Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim uaidh an 14 Feabhra 2024. (2)

4.

I bParlaimint na hEorpa, is é an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (IMCO) an príomhchoiste. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh (3) ag an seisiún iomlánach an 13 Márta 2024.

5.

Cuireadh an togra agus an measúnú tionchair ábhartha i láthair ag an gcruinniú a bhí ag an Meitheal um Chosaint agus Faisnéis na dTomhaltóirí an 28 Samhain 2023, faoi Uachtaránacht na Spáinne. Lean an Mheitheal den scrúdú ar an togra le linn 17 gcruinniú breise faoi Uachtaránacht na Beilge, na hUngáire agus na Polainne.

6.

Ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Meán Fómhair 2024, thug Coiste na mBuanionadaithe sainordú (4) don Uachtaránacht le dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Ar an mbonn sin, chuathas i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh.

7.

Tionóladh na cruinnithe tríthaobhacha polaitiúla an 20 Feabhra, an 19 Bealtaine agus an 26 Meitheamh 2025. Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach foriomlán ag an gcruinniú tríthaobhach deireanach.

8.

An 16 Iúil 2025, rinne Coiste na mBuanionadaithe anailís ar an téacs comhréitigh críochnaitheach agus dhearbhaigh sé gur aontaigh sé leis. (5)

9.

An 25 Meán Fómhair 2025, vótáil Coiste IMCO Pharlaimint na hEorpa i bhfabhar an téacs a comhaontaíodh. An 2 Deireadh Fómhair 2025, sheol Cathaoirleach Choiste IMCO litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe inar cuireadh in iúl, má dhéanann an Chomhairle an seasamh uaithi a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa mar a comhaontaíodh, faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch, go molfaidh sí don suí iomlánach go nglacfaí leis an seasamh ón gComhairle gan leasú ar an dara léamh i bParlaimint na hEorpa. Comhfhreagraíonn an téacs atá i gceangal leis an litir don téacs lenar thacaigh Coiste na mBuanionadaithe an 16 Iúil 2025.

II.   CUSPÓIR

10.

Is é is cuspóir don togra an creat um réiteach malartach díospóidí (RMD) a chur in oiriúint do mhargaí digiteacha, feabhas a chur ar úsáid RMD i ndíospóidí trasteorann agus nósanna imeachta RMD a shimpliú chun tairbhe na ngníomhaithe uile. Ina theannta sin, féachann an togra le hoibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

11.

Tá na príomhghnéithe seo a leanas sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú ina leith:

12.

Tá leathnú an raon feidhme ábhartha teoranta do dhíospóidí a eascraíonn as cásanna conarthacha ach lena n-áirítear na céimeanna roimh thabhairt i gcrích an chonartha (mar shampla fógraíocht agus soláthar faisnéise) agus tar éis fhoirceannadh an chonartha (mar shampla úsáid ábhair dhigitigh). Scriosadh an leathnú atá beartaithe ar an raon feidhme chuig díospóidí a eascraíonn as oibleagáidí neamhchonarthacha.

13.

Tá leathnú an raoin feidhme gheografaigh chuig trádálaithe tríú tír faoi choinníoll an mhéid seo a leanas: comhiarraidh ar an nós imeachta RMD a bheith déanta ag an trádálaí agus an tomhaltóir agus (ii) a ngníomhaíochtaí a bheith á stiúradh ag an trádálaí i dtreo tomhaltóirí san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a leagan síos maidir le rannpháirtíocht trádálaithe tríú tír i nósanna imeachta RMD.

14.

Oiriúnaítear na sainmhínithe chun raon feidhme modhnaithe na Treorach RMD a léiriú. Tugtar isteach sainmhíniú ar an díospóid trádálaithe tríú tír.

15.

Tá sé de dhualgas ar thrádálaithe freagra a thabhairt ar iarraidh ó eintiteas RMD laistigh de thréimhse 20 lá oibre cibé acu a chomhaontaíonn siad nó nach gcomhaontaíonn siad páirt a ghlacadh sa phróiseas RMD. I gcás díospóidí casta nó imthosca eisceachtúla, is féidir an tréimhse sin a fhadú go 30 lá oibre. Tar éis don sprioc-am dul in éag, féadfaidh an t-eintiteas RMD, in éagmais freagra, a mheas gur ionann sin agus diúltú ón trádálaí páirt a ghlacadh agus féadfaidh sé an cás a dhúnadh. Leagfar síos sa reachtaíocht náisiúnta iarmhairtí mhainneachtain an trádálaí freagra a thabhairt. Thairis sin, díolmhaítear trádálaithe ón dualgas freagra a thabhairt i gcás, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ina bhfuil rannpháirtíocht an trádálaí éigeantach, nó inar féidir torthaí RMD a bhaint amach gan toiliú an trádálaí a bheith rannpháirteach, nó ina bhfuil gealltanas tugtha ag an trádálaí cheana féin a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta RMD.

16.

Tugtar isteach oibleagáid ar na Ballstáit bearta a bheith i bhfeidhm acu chun rannpháirtíocht trádálaithe agus tomhaltóirí i nósanna imeachta RMD a chur chun cinn. Agus na bearta sin á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar earnálacha ina bhfuil leibhéal íseal rannpháirtíochta trádálaithe agus líon ard gearán ó thomhaltóirí, mar shampla iompar nó turasóireacht, go háirithe i réimse na gceart aerphaisinéirí. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht éigeantach a thabhairt isteach sna hearnálacha sin.

17.

Sonraítear i bhforáil nua nach mór tomhaltóirí a chur ar an eolas roimh ré nuair a úsáidtear modhanna uathoibrithe i bpróisis chinnteoireachta RMD.

18.

Cuireadh cleachtais agus téarmaí tráchtála éagóracha san áireamh sna cleachtais a ndéanfaidh na heintitis RMD faisnéis a mhalartú go frithpháirteach ina leith leis na húdaráis inniúla i gcás gearáin arís agus arís eile ó thomhaltóirí. Ina theannta sin, tá sé d’oibleagáid ar eintitis RMD faisnéis teagmhála na n-údarás inniúil a chur ar fáil go poiblí.

19.

Rinneadh ceanglais tuairiscithe áirithe a shimpliú: Tá sé d’oibleagáid ar eintitis RMD a dtuarascálacha ar ghníomhaíochtaí a fhoilsiú gach 2 bhliain murab ionann is go bliantúil agus ní cheanglaítear orthu a thuilleadh tuairisciú a dhéanamh ar a gcomhar laistigh de líonraí RMD. Ar an taobh eile, comhaontaíodh na ceanglais tuairiscithe a choinneáil ar bun maidir le (i) éifeachtacht líonraí RMD, (ii) an oiliúint a chuirtear ar fáil don fhoireann agus (iii) measúnú ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag eintitis RMD feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht.

20.

Chomhaontaigh na comhreachtóirí oibleagáid a chur ar na húdaráis inniúla na seiceálacha is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo. Soiléirítear in aithris chothrománach gur cheart na hacmhainní leordhóthanacha daonna, ábhartha agus airgeadais a bheith ag eintitis RMD, ag údaráis inniúla agus ag pointí teagmhála RMD agus gur féidir leis na Ballstáit na foirmeacha iomchuí cistiúcháin a chinneadh chun na críche sin.

21.

Tá dáta thrasuí na Treorach socraithe ag 26 mhí tar éis a teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm 6 mhí ina dhiaidh sin, 32 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach.

IV.   CONCLÚIDÍ

22.

Tacaítear le haidhm an togra ón gCoimisiún sa seasamh ón gComhairle agus léirítear go hiomlán an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíocht á fáil ón gCoimisiún.

23.

Creideann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur léiriú cothrom é a seasamh ar an gcéad léamh ar thoradh na caibidlíochta agus, a luaithe a ghlacfar í, go rannchuideoidh an Treoir le réiteach díospóidí a éascú chomh maith le feasacht tomhaltóirí agus rannpháirtíocht trádálaithe a fheabhsú, rud a chuirfidh tuilleadh feabhais ar chosaint tomhaltóirí.

(1)  14434/23 + ADD 1-5.

(2)  6964/24.

(3)  10620/24.

(4)  13398/24.

(5)  11293/25.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6678/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top