Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05516

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2025/869

IO C, C/2025/5516, 15.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5516/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5516/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5516

15.10.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/5516)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Ciliegia di Lari’

Uimhir thagartha AE: PGI-IT-02855-AM01 — 23.7.2025

1.   Ainm an táirge

Ciliegia di Lari

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC

ATFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíon

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Iodáil

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ainm

Aireacht Talmhaíochta, Biafhlaithis agus Foraoiseachta

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe de réir bhrí Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 toisc nach gcuimsítear leo athrú ar an ainm, nach bhfuil an baol ann go gcuirfear an nasc ar neamhní leo agus nach bhfuil srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leo.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Ceannteideal

Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair: leasuithe ar shaintréithe an táirge

Tuairisc

In Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair, leasaíodh an tuairisc ar dhath na gcraicne:

Leasaíodh an téacs ionas go léifear mar a leanas é:

‘(...) le craicne a bhfuil dath idir buí, dúdhearg agus dubh orthu (...).’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair: cineálacha nua a chur isteach

Tuairisc

In Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, cuireadh iad seo a leanas le liosta na gcineálacha:

‘Sweet Stephany, Arianna, Broox, Kassandra, Royal Tyoga.’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair: leasú ar an íosmhéid

Tuairisc

In Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, athraíodh an t-íosmhéid go 20 mm

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair: teorainn lamháltais a chur isteach

Tuairisc

In Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, cuireadh an téacs seo a leanas isteach maidir le tréithe sláinte agus aeistéitiúla an toraidh:

‘Glactar le lamháltas 5 % do na saintréithe seo.’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 5 den tsonraíocht táirge: leasú ar an dlús plandaithe uasta agus ar an uastáirgeacht

Tuairisc

In Airteagal 5 den tsonraíocht táirge, athraíodh an dlús plandaithe uasta agus an uastáirgeacht go 1 500 planda/heicteár agus 150 i gcéadta cileagram/heicteár.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 6 den tsonraíocht táirge agus pointe 5 den doiciméad aonair: saintréithe datha an táirge a thabhairt cothrom le dáta

Tuairisc

I gcomhréir leis na leasuithe ar Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus ar phointe 3.2 den doiciméad aonair, in Airteagal 6 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 5 den doiciméad aonair, rinneadh saintréithe datha na gcraicne a thabhairt cothrom le dáta agus cuireadh an téacs seo a leanas isteach:

‘(...) idir buí, dúdhearg agus dubh orthu (...)’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.5 den doiciméad aonair: athscríobh ar an tuairisc ar an bpacáistíocht

Tuairisc

Rinneadh an chéad mhír d’Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.5 den doiciméad aonair a athscríobh, agus coinníollacha maidir le miondíol torthaí neamhphacáilte a chur isteach, mar a leanas:

‘Féadfar “Ciliegia di Lari” atá beartaithe lena tomhailt úr a chur ar an margadh agus é pacáistithe in ábhair éagsúla atá oiriúnach le haghaidh teagmháil le bia.

Féadfar torthaí neamhphacáistithe a dhíol ar mhiondíol ó choimeádáin atá inrochtana ag an bpobal agus a shainaithnítear leis an bhfaisnéis lipéadaithe uile a leagtar síos i sonraíocht an táirge.’

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

‘Ciliegia di Lari’

Uimhir thagartha AE: PGI-IT-02855-AM01 — 23.7.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Ciliegia di Lari

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Iodáil

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

0809 — Aibreoga, silíní, péitseoga (lena n-áirítear neachtairíní), plumaí agus airní, iad úr

0809 29 — Eile

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

Tagraíonn an tásc geografach faoi chosaint ‘Ciliegia di Lari’ do thorthaí an tsilín mhilis Prunus avium L, ar den fhine Rosaceae iad. Cumhdaítear ann réimse leathan cineálacha, idir cineál an bhia íogair agus cineál an bhia chrua a bhfuil cnag ann, na craicne lonracha agus iad idir buí go dúdhearg go dubh. Tá cineálacha éagsúla áitiúla ann freisin (Roselli, G., Mariotti, P., Il germoplasma del ciliegio [Geirmphlasma an chrainn silíní] – 1. Provincia di Pisa, ARSIA e CNR Istituto sulla Propagazione delle Specie Legnose, Firenze, 1999) a leathnaíonn an raon atá ar fáil do thomhaltóirí agus a chuireann tuilleadh saintréithe ar fáil. Is iad na cineálacha sin:

Adriana, Big star, Bigarreau Moreau, Bigarreau Burlat, Bigarreau Napoleon, Black star, Celeste, Durone di Vignola, Early bigi, Early Korvik, Early star, Folfer, Ferrovia, Giorgia, Grace star, Isabella, Kordia, Kossara, Lala star, Lapins, Lory strong, New star, Prime Giant, Regina, Rita, Rocket, Sabrina, Samba, Sandra, Sylvia, SMS 280, Stella, Summer charm, Sunburst, Sweet Early, Sweet Heart, Van, Vera, Frisco, Royal Helen, Red Pacific, Nimba, Marysa, Durone giallo, Bella di Pistoia, Durone nero I, Sweet Stephany, Arianna, Broox, Kassandra agus Royal Tyoga.

Saothróga áitiúla agus traidisiúnta: Crognolo, Cuore, Del Paretaio, Di Giardino, Di Nello, Di Guglielmo, Gambolungo, Marchiana, Morella, Papalina, Orlando, Precoce di Cevoli, Siso agus Usigliano.

Saintréithe cáilíochta:

Blas atá milis agus torthúil go nádúrtha;

Torthaí a bhfuil na gais ceangailte leo;

Méid siúcra nach lú ná 14° Brix.

Méid:

Ní mór méid 20 mm ar a laghad a bheith i dtorthaí atá beartaithe lena dtomhailt úr, cé is moite de thorthaí de chineálacha áitiúla nó traidisiúnta, arb é 13 mm an t-íosmhéid dóibh.

Saintréithe a bhaineann le sláinte agus saintréithe aeistéitiúla na dtorthaí:

iomlán agus gan damáiste;

glan, saor ó aon ábhar eachtrach sofheicthe;

bíonn siad sláintiúil, saor ó mhúscán agus iarmhair táirgí sláinte plandaí sofheicthe;

saor ó lotnaidí.

Glactar le lamháltas 5 % i meáchan an toraidh i gcás na saintréithe sin.

Ní gá gais a bheith ar shilíní atá beartaithe go heisiach lena bpróiseáil. Ceadaítear torthaí atá slán go páirteach freisin agus níl feidhm ag srianta méide, gan dochar do na ceanglais eile a leagtar síos sa tsonraíocht. Is féidir tagairt a dhéanamh do thorthaí den sórt sin mar TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’, ach ní fhéadfar iad a dhíol mar sin leis an tomhaltóir deiridh.

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór ‘Ciliegia di Lari’ a fhás sa limistéar a shainítear i bpointe 4.

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

‘Is féidir “Ciliegia di Lari” atá beartaithe lena ithe úr a chur ar an margadh agus é pacáistithe in ábhair éagsúla atá oiriúnach le haghaidh teagmháil le bia.

Is féidir torthaí neamhphacáistithe a dhíol ar mhiondíol ó choimeádáin atá inrochtana ag an bpobal agus a shainaithnítear leis an bhfaisnéis lipéadaithe uile atá leagtha síos sa tsonraíocht.

Silíní atá beartaithe lena bpróiseáil agus nach féidir a chur ar fáil don tomhaltóir deiridh mar thorthaí úra, is féidir iad a dhíol i mbulc i bpacáistíocht nó i gcoimeádáin a cheadaítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm. Chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear de réir dlí, ní mór na focail “Ciliegia di Lari TGFC le haghaidh próiseála” a bheith ar thaobh amháin ar a laghad den phacáistíocht nó den choimeádán i gcarachtair sholéite.’

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na tásca seo a leanas a bheith ar gach pacáistíocht:

(a)

CILIEGA DI LARI TGFC;

(b)

Lógó ‘Ciligia di Lari’ a thuairiscítear thíos;

(c)

lógó Eorpach TGFC sa réimse céanna radhairc ina bhfuil an lógó dá dtagraítear thuas, pointe (b);

(d)

Ainm, ainm gnó agus seoladh an phacálaí.

Ceadaítear freisin úsáid a bhaint as tásca ar tagairtí iad do chuideachtaí, d’ainmneacha, d’ainmneacha gnólachtaí, do thrádmharcanna príobháideacha agus do chuibhreannais, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach dócha go gcuirfidh siad an ceannaitheoir ná an tomhaltóir ar míthreoir.

I gcás na silíní atá beartaithe lena bpróiseáil, ní mór na focail ‘Ciliegia di Lari TGFC le haghaidh próiseála’ a bheith ar thaobh amháin ar a laghad den phacáistíocht nó den choimeádán i gcarachtair sholéite, chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear de réir dlí.

Is mar a leanas atá lógó TGFC ‘Ciliegia di Vignola’:

Image 1

Féadfaidh méid an lógó a bheith éagsúil de réir na pacáistíochta, ach ní mór comhréireanna na dtoisí caighdeánacha a choinneáil ar bun.

4.7.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cuimsíonn limistéar táirgthe an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Ciliegia di Lari’ críoch riaracháin na mbardas seo a leanas: Casciana Terme Lari, Terricciola agus Crespina Lorenzana.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc cúisíoch leis an tionscnamh geografach bunaithe ar

clú

cáilíocht ar leith

saintréithe eile

Achoimre ar an nasc

Tá an t-iarratas ar aitheantas ‘Ciliegia di Lari’ bunaithe ar chlú stairiúil agus ar cháilíocht an táirge. Tá sé seo i ngeall ar ghnéithe sonracha den limistéar geografach atá tairbheach do shaothrú crann silíní. Áirítear orthu sin an ithir agus an aeráid, tosca talmhaíochta, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha. Leis an idirghníomhaíocht idir na fachtóirí sin, rinneadh nasc idir clú an táirge agus an áit féin, a mhéid a ceanglaíodh é leis an ainm Lari.

D’fhág stair fhada tháirgeadh ‘Ciliegia di Lari’ gur cuireadh dlúthchaidreamh ar bun le tomhaltóirí. Is mór acu an tsaincháilíocht ar leith: milseacht nádúrtha. Glacann tomhaltóirí leis gur airde an praghas ag an díolphointe ná an praghas ar shilíní ó áiteanna eile.

Bhí an limistéar geografach críochaithe dá dtagraítear i bpointe 4 ina limistéar suntasach táirgthe silíní i gcónaí, mar a léirítear i staidéir agus suirbhéanna stairiúla a rinneadh le déanaí (M. Basso, S. Natali, 1959; Funghi A., 2004; údair éagsúla, arna chur in eagar ag R. Massai, 2013).

Is éard is saintréithe do limistéar táirgthe ‘Ciliegia di Lari’ ithreacha agus dálaí aeráide atá an-oiriúnach chun crainn silíní a shaothrú. Bíonn tionchar díreach ag na tosca seo ar cháilíocht an toraidh, rud a chuirtear i leith a mhilseachta nádúrtha (céimeanna Brix).

Is iad na huigeachtaí ithreach mar aon le patrúin teochta agus báistí an dá thoisc is saintréith do limistéar táirgthe ‘Ciliegia di Lari’ agus is féidir leo tionchar a imirt ar cháilíocht na dtorthaí: an mhilseacht arna sloinneadh i gcéimeanna Brix.

A bhuíochas leis na hacmhainní uisce is féidir leo a stóráil de ghnáth, tugann saintréithe fisiciúla ithreacha talmhaíochta an limistéir, arb iad gaineamh, siolta agus cré atá iontu, deis do shaothróirí crainn a bheith acu a bhfuil forbairt chothrom mhaith acu ar fud na dtrí chéim fheineolaíocha: bláthú, téachtadh agus aibiú na dtorthaí. Tá na céimeanna sin ríthábhachtach chun torthaí a tháirgeadh agus an tiúchan siúcra is fearr is féidir a bheith iontu (céimeanna Brix).

Tá go leor tosca ar saintréithe de phatrúin teochta agus báistí an limistéir táirgthe iad, tosca atá tairbheach maidir le silíní atá milis go nádúrtha a tháirgeadh, gan aon toisc dhiúltach ag gabháil leo. Ní gnách go mbíonn sioc déanach sa limistéar, ar rud é a d’fhéadfadh bac a chur ar bhláthú. Bíonn báisteach mheasartha ann in éineacht le teochtaí éadroma an earraigh, rud a chinntíonn go mbíonn an bláthú agus an téachtadh torthaí is fearr ar bith ann. Mar an gcéanna, mar gheall ar an mbáisteach neamhrialta le linn na céime deiridh den aibiú, is beag fadhb a bhíonn ann maidir le silíní a bheith ag scoilteadh.

Leis an tuiscint ar shaothrú na silíní a d’fhorbair feirmeoirí an limistéir thar thréimhse fhada, tá siad ábalta an tairbhe is mó a bhaint as saintréithe nádúrtha na talún a mheaitseáil le hacmhainneacht na gcineálacha éagsúla: an meascán fíor-riachtanach chun torthaí ardchaighdeáin a tháirgeadh.

Is leathan an raon cineálacha a cheadaítear le haghaidh ‘Ciliegia di Lari’ agus sin mar thoradh ar an gcothromaíocht a d’aimsigh na táirgeoirí idir an cumas dul in oiriúint don chomhshaol agus sásamh custaiméirí a bhaint amach, i bhfocail eile: an tsineirge fhónta rathúil idir na silíní, an comhshaol agus na hacmhainní daonna.

Téann an raon cineálacha idir cineál na feola íogair agus cineál na feola crua a bhfuil cnag ann, le craicne lonracha agus iad idir buí go dearg dorcha go dubh. Is saintréith eile den raon í cuimsiú cineálacha áitiúla éagsúla (Roselli, G., Mariotti, P., Il germoplasma del ciliegio [geirmphlasma an chrainn silíní] – 1. Provincia di Pisa, ARSIA e CNR Istituto sulla Propagazione delle Specie Legnose, Firenze, 1999) a leathnaíonn an raon atá ar fáil do thomhaltóirí agus a chuireann tuilleadh saintréithe ar fáil.

‘Ciliegia di Lari’ sna meáin

I measc na bhfoilseachán ina luaitear ‘Ciliegia di Lari’ tá: L’Italia del biologico [An Iodáil Orgánach], 2002, leathanach 86, Guida Touring Club italiano; Elena Tedeschi, Toscana inconsueta. Appunti ed itinerari per viaggiare oltre [An Tuscáin nach bhfuil aithne uirthi, nótaí agus cúrsaí taistil i gcomhair turais ar chúl éaga], 2017, goWare; Frutta e Ortaggi in Italia [Torthaí agus glasraí úra san Iodáil], 2005, Guida Touring Club italiano.

Dea-cháil san am atá caite agus san am i láthair. Nuachtscannán arna dháileadh go náisiúnta sna pictiúrlanna— La settimana INCOM, Uimh. 01925, ‘An Iodáil, Lari (Pisa): an ceathrú féile silíní, 26 Bealtaine 1960, an chuideachta scannán INCOM a rinne, arna thabhairt ar láimh ag Luce Instituto ina dhiaidh sin. Taispeánann an eipeasóid gur cuid de gnáthstór focal agus de chaint tráchtála ó shin i leith é an t-ainm ‘Ciliegia di Lari’.

Fós sa lá atá inniu ann, déantar táirgeadh sa limistéar críochaithe a shamhlú le maitheas agus binneas. Dá bhrí sin, is torthaí iad atá inaitheanta ag tomhaltóirí ag díolphointí i slabhraí móra miondíola ina ndíoltar an táirge faoin ainm ‘Ciliegia di Lari’.

Fágann na tosca sin go léir gur aithin tomhaltóirí táirge an limistéir chríochaithe dá dtagraítear in Airteagal 3 thuas mar ‘Ciliegia di Lari’ riamh agus gur mar sin a aithníonn siad é go fóill.

Cúlra stairiúil

Mar atá ráite ag údair éagsúla, tá fréamhacha ársa le saothrú ‘Ciliegia di Lari’ i gcnoic Pisa. Cuireadh taithí na bhfeirmeoirí áitiúla ar aghaidh ó ghlúin go glúin, ar taithí í a bhfuil tacaíocht aici ó thaighde leanúnach agus ó chur i bhfeidhm teicnící saothraithe ar leith, agus ar dá toradh a réitíodh an bealach chun go mbeadh rath ar shaothrú ‘Ciliegia di Lari’ de réir a chéile, agus é mar chuid d’oidhreacht stairiúil, thraidisiúnta agus chultúrtha limistéir ina bhfuil Lari ar an bpríomhionad ó thaobh an chaomhnaithe agus na forbartha de.

Go stairiúil, leag doiciméid éagsúla béim ar chultúr agus ar thraidisiún na gcéadta bliain de shaothrú na silíní sna limistéir chríochaithe dá dtagraítear in Airteagal 3. Ón 18ú céad ar aghaidh, ba é an silín an rogha táirge sa mhargadh úd faoi stuara Lari, a bhí ar cheann de na margaí ba mhó agus ba mheasúla i gcúige Pisa suas go dtí na 1950idí. Bhí meas ag mórdhíoltóirí agus tomhaltóirí orthu, mar gheall ar an mblas álainn a bhí orthu agus mar gheall go dtagaidís in aibíocht go luath, tosca a chuir borradh breise faoin táirgeadh, mar a chuir an praghas maith a íocadh as na silíní sin freisin. (Tremolanti E., ‘Profilo storico delle cultivar di ciliegio con particolare riguardo al territorio larigiano’ [Próifíl stairiúil na saothróg silíní le tagairt speisialta do réigiún Lari], In Spunti di Natura economica: cenni di storia di cerealicoltura, panificazione, viticoltura e cultivar di ciliegio [Pointí de chineál eacnamaíoch: cuntas stairiúil achomair ar shaothrú gránach, arán a dhéanamh, fíonsaothrú agus saothróga silíní] CLD Libri, Calcinaia (Pi), 2010).

I bhfianaise thábhacht eacnamaíoch agus chultúrtha na silíní do Lari, in 1957 reáchtáladh an chéad ‘Fhéile Silíní’ in Lari a bhuí le tionscnamh a chuir roinnt daoine áitiúla ar bun. Gan dabht, tá sé ar cheann de na himeachtaí dá leithéid is seanbhunaithe agus is fearr aithne, agus freastalaíonn na céadta cuairteoirí air. Ó bhí 1957 ann, bhí suas le 66 ‘Fhéile Silíní’ ann gach bliain go dtí an lá atá inniu ann. Chomh maith lena fheiceálacht i réimse foilseachán, leis an leanúnachas sin, léirítear an tábhacht eacnamaíoch agus chultúrtha a bhaineann leis don limistéar inar táirgeadh é go stairiúil.

Is léir an meas ar an táirge mar chomhábhar freisin in oidis na milseog a bhíonn le feiceáil ar an idirlíon, ar na suíomhanna gréasáin popcuisine.it agus gazzettadelgusto.it mar shampla. Ina theannta sin, foilsíodh oidis i leabhair chócaireachta, amhail Il gelato a modo mio [Mo bhealach féin le huachtar reoite], Simone Bonini, Giunti 2016.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.gazzettaufficiale.it/eli/id/2025/06/25/25A03552/sg


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5516/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top