Ce document est extrait du site web EUR-Lex
Document C:2022:066:FULL
Official Journal of the European Union, C 066, 8 February 2022
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 066, 8 Feabhra 2022
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 066, 8 Feabhra 2022
|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 66/01 |
Fógra ón gCoimisiún — Clár oibre bliantúil 2022 an Aontais um chaighdeánú Eorpach |
|
|
2022/C 66/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10432 – PTTGC / ALLNEX) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 66/03 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2022/C 66/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 66/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10574 - ADVENT / CALDIC) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 66/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10570 - ADVENT / PERMIRA / MCAFEE) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/1 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Clár oibre bliantúil 2022 an Aontais um chaighdeánú Eorpach
(2022/C 66/01)
Faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le Caighdeánú Eorpach (1), is gá don Choimisiún “clár oibre bliantúil an Aontais um chaighdeánú Eorpach” a ghlacadh.
Sainaithnítear san Fhógra seo ón gCoimisiún na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí inseachadta caighdeánúcháin Eorpaigh a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a iarraidh le haghaidh 2022, mar aon le cuspóirí agus beartais shonracha maidir leis na caighdeáin agus na táirgí inseachadta sin (féach Iarscríbhinn).
Tá an ghníomhaíocht seo maidir le caighdeánú AE leabaithe i mbeartais an Aontais. Tacaíonn sí le cur chun feidhme beartas amhail:
|
— |
an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach; |
|
— |
an margadh aonair; |
|
— |
an margadh aonair digiteach; |
|
— |
an margadh aonair do sheirbhísí; |
|
— |
an clár spáis; |
|
— |
na margaí inmheánacha do gháis in-athnuaite agus nádúrtha agus do hidrigin; |
|
— |
an éifeachtúlacht fuinnimh agus an aeráid; agus |
|
— |
an trádáil idirnáisiúnta. |
Tacaíonn caighdeáin leis na beartais sin chun a áirithiú go bhfuil táirgí agus seirbhísí an Aontais iomaíoch ar fud an domhain, gur léiriú ar an úrscothacht iad maidir le ceisteanna sábháilteachta, slándála, sláinte, agus comhshaoil, agus go rannchuidíonn siad leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.
Glacann an Coimisiún an Fógra seo mar aon le Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Chaighdeánú.
Sainaithnítear sa Teachtaireacht tosaíochtaí caighdeánaithe (“nithe práinneacha”). Sna réimsí sin, tá géarghá le caighdeáin agus táirgí inseachadta caighdeánúcháin chun cuspóirí beartais an Aontais maidir le margadh aonair glas, digiteach agus athléimneach a bhaint amach. Cuimsíonn clár oibre bliantúil seo an Aontais na tosaíochtaí caighdeánúcháin sin, lena n-áirítear:
|
— |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana chun riachtanais a shainaithint a mhéid a bhaineann le hathbhreithnithe nó forbairt caighdeán nua chun cuspóirí Mhargadh Glas na hEorpa agus Dheich mBliana Digiteach na hEorpa a chomhlíonadh agus tacú le hathléimneacht mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh. |
|
— |
Táirgeadh vacsaíní COVID-19 agus leigheasra |
|
— |
Amhábhair chriticiúla do cheallraí agus ceallraí dramhaíola |
|
— |
Athléimneacht an bhonneagair in aghaidh an athraithe aeráide agus stroighin ísealcharbóin |
|
— |
Teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna hidrigine |
|
— |
Iompar agus stóráil hidrigine |
|
— |
Caighdeáin maidir le sliseanna a dheimhniú ó thaobh na slándála, na barántúlachta, agus na hiontaofachta de |
|
— |
Conarthaí cliste le haghaidh spásanna sonraí |
Sa bhreis ar na nithe práinneacha a leagtar síos sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Chaighdeánú, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo, tá gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí inseachadta caighdeánúcháin Eorpaigh a fhorbairt agus a athbhreithniú, gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo agus atá oiriúnach chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais.
Go hidirnáisiúnta, leanfaidh an Coimisiún den chomhar maidir le caighdeánú leis na Stáit Aontaithe i nGrúpa Oibre 1 – Caighdeáin Teicneolaíochta na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM agus comhoibreoidh sé maidir le caighdeáin theicniúla laistigh den “Ghrúpa Seacht” (G7). Tacaíonn an Coimisiún freisin le hobair an Ardáin Eorpaigh Il-gheallsealbhóirí um TFC a mhéid a bhaineann lena chuid oibre sainaitheantais i dtaca le riachtanais chaighdeánúcháin tríd an bPlean Rollach le haghaidh caighdeánú TFC (2).
I gcás gach comhaontaithe shaorthrádála a chaibidlíonn an Coimisiún, cuirfidh sé ar son an caighdeánú a bheith mar chuid ríthábhachtach den chaibidil i ndáil le bacainní teicniúla ar thrádáil.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(2) https://joinup.ec.europa.eu/collection/rolling-plan-ict-standardisation/rolling-plan-2021
IARSCRÍBHINN
|
Nithe práinneacha caighdeánaithe a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Chaighdeánú |
||||
|
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha/táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha/táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha |
|
1 |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana chun riachtanais a shainaithint le haghaidh athbhreithnithe nó forbairt ar chaighdeáin nua chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Deich mBliana Digiteacha na hEorpa a chomhlíonadh agus tacú le hathléimneacht mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh. |
An Comhaontú Glas don Eoraip, (COM/2019/640 final) Compás Digiteach 2030:an modh Eorpach le haghaidh na Deich mBliana Digiteacha, COM/2021/118 final Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta:Margadh aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa, COM(2021) 350 final |
Modheolaíocht, an chéad chleachtadh scagtha agus sampla de na caighdeáin atá ann cheana a fhorbairt chun athbhreithniú a dhéanamh orthu i bhfianaise na gcuspóirí a leagadh amach maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Deich mBliana Digiteacha na hEorpa agus margadh aonair athléimneach. |
Cur le cuspóirí an Choimisiúin Eorpaigh, gan aon ghlanastaíocht gás ceaptha teasa a bheith ann faoi 2050, cuir i gcás, nó é a chur ar chumas 75 % de chuideachtaí an Aontais úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha, amhail néalríomhaireacht, intleacht shaorga nó mórshonraí. |
|
2 |
Táirgeadh vacsaíní agus cógas leighis in aghaidh COVID-19 |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle Seasamh le chéile chun COVID-19 a chloí COM/2021/35 final |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun sraith chaighdeánach sonraí a bhunú atá le háireamh san fhoirm ina sonraítear torthaí thástálacha COVID-19. Féachaint an bhféadfaí caighdeáin a bhunú maidir le hearraí aon úsáide a bhfuil gá leo chun vacsaíní agus teiripí a tháirgeadh chun idir-inoibritheacht na bpríomh-chomhpháirteanna táirgthe a fheabhsú agus an riosca go gcuirfí isteach ar tháirgeadh i gcás ganntanas na n-ábhar sin a íoslaghdú |
Táirgeadh agus soláthairtí vacsaíní agus cógas leighis in aghaidh COVID-19 a mhéadú, mar aon le faisnéis ina leith. |
|
3 |
Amhábhair chriticiúla le haghaidh ceallraí agus ceallraí dramhaíola |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 COM (2020) 798 final agus 2020/0353(COD) |
Na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus ceallraí dramhaíola. Bainfidh an t-athbhreithniú leis na nithe seo a leanas: athchúrsáil agus ullmhú atá éifeachtúil ó thaobh ábhair de agus ar ardchaighdeán chun príomhshruthanna dramhaíola a athúsáid (dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, lena n-áirítear painéil fhótavoltacha), ceallraí dramhaíola, feithiclí a bhfuil a ré caite agus muilte gaoithe dramhaíola. Ceanglais cháilíochta uile-Aontais maidir le hamhábhair thánaisteacha. |
Beidh na caighdeáin ina gcuidiú chun luacháil a dhéanamh ar amhábhair i dtáirgí dramhaíola trí athchúrsáil a dhéanamh ar earraí, ceallraí, cuir i gcás, agus tríd an ngá atá le hamhábhair nua i bhfeidhmeanna criticiúla a laghdú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir le hathléimneacht an Aontais a neartú tríd an riosca a bhaineann le soláthar amhábhar a mhaolú. |
|
4 |
Athléimneacht an bhonneagair agus na stroighne ísealcharbóin in aghaidh an athraithe aeráide |
COM(2021)82 Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide – pointe 2.3.2 agus COM(2020) 662 maidir le Rabharta Athchóirithe don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol daoine a fheabhsú – |
Athbhreithniú a dhéanamh ar réimse níos leithne caighdeán maidir le sócmhainní (lena n-áirítear sócmhainní nach mbaineann le bonneagar), ar sócmhainní iad atá leochaileach do thionchair aeráide, de réir eolas úrscothach – chun a n-athléimneacht ó thaobh na haeráide de a fheabhsú. Caighdeáin a fhorbairt lena dtacaítear le réitigh theicniúla maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide, chun a n-úsáid a éascú agus chun dlús a chur lena nglacadh ar fud an Aontais. |
Athléimneacht an stoic bhonneagair atá ann cheana agus mórthionscadail bhonneagair nua in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú. Ós rud é gur cuid riachtanach d’earnáil na tógála í stroighin, déanfar measúnú maidir lena hacmhainneacht a bheith ina táirge foirgníochta ísealcharbóin – agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á chomhlíonadh go hiomlán. |
|
5 |
Teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna hidrigine |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin (athmhúnlú) COM/2021/804 final |
Caighdeáin Eorpacha maidir le cáilíocht, teicneolaíocht agus sábháilteacht a fhorbairt – chun tacú le margadh aonair hidrigine a chur ar fáil. |
Feabhas a chur ar sholáthar pointí luchtaithe agus ar a gcothabháil. |
|
6 |
Iompar agus stóráil hidrigine |
Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn COM/2021/557 final Togra le haghaidh Rialachán maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar fuinnimh tras-Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 COM/2020/824 final Treoir (AE) 2019/692 lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide |
Caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le cáilíocht agus sábháilteacht gáis a athbhreithniú agus/nó caighdeáin nua a fhorbairt – rud atá ábhartha maidir le hinstealladh isteach san eangach gháis agus úsáidí deiridh eile, agus maidir le cáilíocht breoslaí hidrigin-bhunaithe. |
Méadú ar mhodhanna iompair agus stórála hidrigine a chumasú agus a chur chun cinn, agus sábháilteacht agus éifeachtúlacht oibríochtúil na líonraí gáis á n-áirithiú agus bacainní neamhaireacha á seachaint ag an am céanna. |
|
7 |
Caighdeáin maidir le deimhniúchán sliseanna i dtéarmaí slándála, barántúlachta, iontaofachta |
Deich mBliana Digiteacha na hEorpa: spriocanna digiteacha 2030 Compás Digiteach 2030:an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha |
Caighdeáin a fhorbairt chun tacú le deimhniúchán sliseanna lena áirithiú go bhfuil siad slán, barántúil agus iontaofa. |
A áirithiú go mbeidh ceanglais iontaoibhe agus chibearshlándála ann maidir le gléasanna cliste, córais chliste agus ardáin nascachta chliste a bheidh ann amach anseo, ar gá dóibh brath ar ardleictreonaic agus ar ghnéithe na bunteicneolaíochta den chuid is mó. Leis na caighdeáin sin, tacófar le deimhniúchán na sliseanna sin i dtaca le hiontaoibh agus slándáil agus cumhdófar an slabhra luacha go dtí go ndéanfar táirgí deiridh a chomhtháthú. |
|
8 |
Conarthaí cliste le haghaidh spásanna sonraí |
An Gníomh sonraí (lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar Threoir 96/9/CE maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí) Rialachán lena mbunaítear creat maidir le húsáid sonraí san Aontas Féach tionscnaimh fhoilsithe in: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13045-Data-Act-&-amended-rules-on-the-legal-protection-of-databases_en |
Caighdeáin a fhorbairt lena gcomhlíontar ceanglais riachtanacha áirithe maidir le conarthaí cliste, mar a leagtar amach sa Ghníomh Sonraí atá ar na bacáin. Maidir le conradh cliste a chomhlíonann an caighdeán, ní mór a thoimhdiú go gcomhlíonann sé na buncheanglais. |
A áirithiú go mbeidh na conarthaí cliste a úsáidtear le haghaidh comhroinnt sonraí iontaofa agus idir-inoibritheach, ionas gur féidir iad a úsáid chun tacú le malartú agus comhthiomsú sonraí. San Eoraip, ní ar ardáin mhóra teicneolaíochta atá sonraí dírithe ach scaiptear iad go fóill i gcuid mhaith áiteanna. Faoina Straitéis Sonraí, cuidíonn an tAontas Eorpach le cuideachtaí sonraí a chomhthiomsú, e.g. chun oiliúint a chur ar algartaim mheaisínfhoghlama agus feidhmchláir i gcúram sláinte, iompar agus fuinneamh. |
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha a fhorbairt agus a athbhreithniú, rud is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais |
||||||||||||||||||||||
|
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha/táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpach/táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha |
||||||||||||||||||
|
9 |
Seirbhísí ardmhonaraíochta |
Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach i dtaca le reachtaíocht ábhartha earnála agus COM(2020) 66 Straitéis Eorpach maidir le sonraí |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun tacú le soláthar seirbhísí agus sonraí a bhaineann le róbait, le bainistiú an tslabhra soláthair tionsclaíoch agus le cothabháil thuarthach innealra líonra. |
Soláthar seirbhísí trasteorann sa mhargadh aonair a fheabhsú agus tacú le trédhearcacht idirbheart sa slabhra soláthair. |
||||||||||||||||||
|
10 |
Seirbhísí foirgníochta |
Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun tacú le soláthar seirbhísí trasteorann i réimsí na tógála e.g. seirbhísí ailtireachta agus innealtóireachta mar aon le seirbhísí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh. |
Feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trasteorann sa mhargadh aonair. |
||||||||||||||||||
|
11 |
Seirbhísí poist |
Treoir 97/67/CE maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú; Treoir 2002/39/CE maidir le seirbhísí poist an Chomhphobail a oscailt a thuilleadh don iomaíocht; Treoir 2008/6/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán agus Rialachán (AE) 2018/644 maidir le seirbhísí beartseachadta trasteorann |
Caighdeáin Eorpacha nó táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú agus/nó caighdeáin nua Eorpacha nó táirgí nua inseachadta caighdeánaithe Eorpacha a fhorbairt i réimsí amhail cáilíocht na seirbhíse agus an digitiú. |
Caighdeán na seirbhíse a fheabhsú agus idir-inoibritheacht idir líonraí náisiúnta agus seirbhís éifeachtúil uilíoch laistigh den mhargadh aonair a chur chun cinn. |
||||||||||||||||||
|
12 |
Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear TFC |
Treoir (AE) 2019/882 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí agus Treoir (AE) 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí |
Caighdeáin a fhorbairt maidir leis na ceanglais inrochtaineachta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882, amhail:
Caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt maidir leis na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach agus le haghaidh na n-áiteanna ina soláthraítear na seirbhísí. |
Úsáid táirgí agus seirbhísí TFC ag daoine atá faoi mhíchumas a éascú – amhail teirminéil féinseirbhíse, feidhmchláir, suíomhanna gréasáin/ardáin, seirbhísí ar líne agus cumarsáid ar líne leis na seirbhísí éigeandála agus seirbhísí eile a thagann faoi raon feidhme na treorach. |
||||||||||||||||||
|
13 |
Bainistiú an spástráchta agus glacadh sonraí spáis ar an margadh |
Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le bainistiú an spástráchta. Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun tacú le glacadh sonraí agus seirbhísí spáis arna soláthar ag Clár Spáis an Aontais Eorpaigh (Galileo, EGNOS, Copernicus, SSA, GOVSATCOM) i measc úsáideoirí agus sa mhargadh. |
Chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Áirítear orthu sin gluaisteáin uathrialaitheacha agus nasctha, iarnróid, eitlíocht, aerfheithiclí gan foireann, trealamh speisialaithe úsáideoirí. |
||||||||||||||||||
|
14 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Feidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir |
Airteagail 6 agus 7 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh |
Caighdeán bailíochtaithe tástála nó caighdeáin bhailíochtaithe tástála a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir. Leis an gcaighdeán, déanfar a mheas an gcomhlíonann na córais braiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE. |
Measúnuithe ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a fheabhsú trí mheastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na córais braiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE. Le caighdeán nó caighdeáin, beifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as an modh faireacháin sin agus, dá bhrí sin, measúnú feabhsaithe ar cháilíocht an aeir a dhéanamh. |
||||||||||||||||||
|
15 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – measúnuithe bunaithe ar shamhaltú |
Airteagail 6 agus 7 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/50/CE |
Caighdeáin a fhorbairt lena n-áiritheofar go mbeidh measúnuithe bunaithe ar shamhaltú ar cháilíocht an aeir oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide, agus go mbeidh siad de cháilíocht leordhóthanach chun faisnéis iontaofa a ghiniúint maidir le comhchruinnithe truailleán aeir san aer comhthimpeallach. |
A áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear maidir le truailliú aeir sách ionadaíoch agus inchomparáide ar fud an Aontais. |
||||||||||||||||||
|
16 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – modhanna tomhais chun faireachán a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach |
Airteagal 4(1), Airteagal (8) agus Airteagal (13) de Threoir 2004/107/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi a bhaineann le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach |
Caighdeáin a fhorbairt maidir leis na modhanna tagartha chun tiúchain de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach a thomhas. |
A áirithiú go bhfuil an anailís ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach beacht, iontaofa agus inchomparáide go leordhóthanach ar fud an Aontais. |
||||||||||||||||||
|
17 |
Astaíochtaí tionsclaíocha |
Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun sampláil agus anailís ar shubstaintí truaillitheacha ábhartha agus tomhais na bparaiméadar próisis a áirithiú, chomh maith le dearbhú cáilíochta i gcás córais tomhais uathoibrithe agus na modhanna tomhais tagartha chun na córais sin a chalabrú. |
Truailliú a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha a laghdú agus, a mhéid is féidir, é a dhíothú. |
||||||||||||||||||
|
18 |
Dramhaíl plaisteach sórtáilte agus plaistigh athchúrsáilte |
Gníomhaíocht Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach COM(2018)28 Gníomhaíochtaí chun borradh a chur faoi ábhar athchúrsáilte: – caighdeáin cháilíochta a fhorbairt maidir le dramhaíl plaisteach sórtáilte agus plaistigh athchúrsáilte i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú |
Caighdeáin nua Eorpacha agus táirgí nua inseachadta caighdeánaithe Eorpacha a fhorbairt agus caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nós imeachta agus bonneagair maidir le plaisteach a athchúrsáil – chun tacú le cáilíocht shlabhra luacha athchúrsála na bplaisteach. Leis na caighdeáin sin, ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le hin-athchúrsáilteacht táirgí plaisteacha, cáilíocht na dramhaíola plaisteach sórtáilte agus cáilíocht na bplaisteach athchúrsáilte, agus an fheidhm atá ceaptha ina leith i dtáirgí tar éis a n-athchúrsáilte á cur san áireamh. |
Plaistigh athchúrsáilte a sholáthar, ar plaistigh iad a chomhlíonann riachtanais brandaí táirgí agus monaróirí maidir le soláthar iontaofa mórmhéide ábhar a bhfuil sonraíochtaí cáilíochta leanúnach acu. |
||||||||||||||||||
|
19 |
Ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce óil |
TREOIR (AE) 2020/2184 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha lena chaitheamh ag an duine (athmhúnlú) |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíseacha chun substaintí a bhíonn ag aistriú ó ábhair a chinneadh agus modhanna chun ábhar deiridh a thagann i dteagmháil le huisce óil a thástáil. |
Cáilíocht an uisce óil agus an tsláinte phoiblí a chosaint. Na hábhair a thagann i dteagmháil le huisce óil, is féidir tionchar a bheith acu ar cháilíocht an uisce sin (e.g. trí láisteadh substaintí). Ní mór modhanna anailíse agus tástála a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh na hábhair deiridh a thagann i dteagmháil le huisce óil sábháilte. |
||||||||||||||||||
|
20 |
Cóireáil fuíolluisce |
Treoir ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (91/271/CEE) agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 568/2014 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 574/2014 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2019/1020 |
Caighdeán reatha EN 12566 a athbhreithniú: Córais bheaga cóireála fuíolluisce le haghaidh suas le 50 PT i seacht gcuid. |
Cosaint an chomhshaoil a fheabhsú agus rioscaí sláinte a laghdú. |
||||||||||||||||||
|
21 |
Cuisneáin nádúrtha |
Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 |
Caighdeán nua a fhorbairt maidir leis na ceanglais mar aon le próiseas anailíse riosca maidir le córais chuisniúcháin a oibrítear le cuisneáin inadhainte agus a úsáidtear in iompar de bhóthar earraí atá íogair ó thaobh teochta de. EN 378-1, EN 378-2 agus EN 378-3 a athbhreithniú agus cuid 5 iomlán nua ar aicmiú sábháilteachta agus ar fhaisnéis maidir le cuisneáin a chruthú. |
A áirithiú go mbeidh glacadh níos éasca agus níos mó ar chuisneáin nádúrtha san earnáil chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, rud a laghdódh tionchar na bhfearas sin ar an gcomhshaol. Go hindíreach, leis sin is féidir cuideachtaí an Aontais san earnáil sin a dhéanamh níos iomaíche. |
||||||||||||||||||
|
22 |
Táirgí leasacháin |
Rialachán (AE) 2019/1009 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus C (2020)612 ón gCoimisiún lena gcuirtear Cinneadh maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le táirgí leasacháin AE a thacaíonn le Rialachán (AE) 2019/1009 |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt, táirgí inseachadta caighdeánaithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus clár oibre an Choimisiúin a oiriúnú lena gcuirtear Cinneadh C(2020)612 chun feidhme chun caighdeáin atá tráthúil agus úrscothach a sholáthar. |
Leasacháin a chur ar fáil ar an margadh aonair agus coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos chun leasacháin atá déanta as na hábhair athchúrsáilte nó ábhair orgánacha sin a chur ar fáil ar an margadh aonair ina iomláine. |
||||||||||||||||||
|
23 |
Sábháilteacht bia - cothú ainmhithe |
Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíseacha i réimse an chothaithe ainmhithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
Tá sé ríthábhachtach modhanna caighdeánaithe anailíse a bhunú chun (i) cur i bhfeidhm agus rialú aonfhoirmeach na reachtaíochta Eorpaí a ráthú i ngach Ballstát den Aontas agus (ii) leibhéal ard sábháilteachta beatha agus bia a ráthú. |
||||||||||||||||||
|
24 |
Sábháilteachta bia - éilleáin i mbia |
Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíse i réimse na reachtaíochta maidir le sábháilteacht bia a mhéid a bhaineann le héilleáin (amhail aicriolaimíd, sárchlóráit, fúráin, 3-monachlóraprópáin dé-ól, agus eistir ghlicidile) a phróiseáil i mbia. |
Tá sé ríthábhachtach modhanna caighdeánaithe anailíse a bhunú chun (i) cur i bhfeidhm agus rialú aonfhoirmeach na reachtaíochta Eorpaí a ráthú i ngach Ballstát den Aontas agus (ii) leibhéal ard sábháilteachta bia a ráthú. |
||||||||||||||||||
|
25 |
Sábháilteachta bia - miotail i mbia |
Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíse i réimse na reachtaíochta maidir le sábháilteacht bia a mhéid a bhaineann le miotail (amhail nicil, cróimiam VI) i mbia |
Tá sé ríthábhachtach modhanna caighdeánaithe anailíse a bhunú chun (i) cur i bhfeidhm agus rialú aonfhoirmeach na reachtaíochta Eorpaí a ráthú i ngach Ballstát den Aontas agus (ii) leibhéal ard sábháilteachta bia a ráthú. |
||||||||||||||||||
|
26 |
Sábháilteacht bia - míceatocsainí agus tocsainí plandaí i mbia |
Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíse i réimse na reachtaíochta maidir le sábháilteacht bia a mhéid a bhaineann le míceatocsainí agus tocsainí planda i mbia |
Tá sé ríthábhachtach modhanna caighdeánaithe anailíse a bhunú chun (i) cur i bhfeidhm agus rialú aonfhoirmeach na reachtaíochta Eorpaí a ráthú i ngach Ballstát den Aontas agus (ii) leibhéal ard sábháilteachta bia a ráthú. |
||||||||||||||||||
|
27 |
Longa a iompraíonn gáis leachtaithe i mbulc agus longa a úsáideann gás mar thiomántán a chosaint |
Treoir 2014/90/AE maidir le trealamh muirí |
Caighdeán nua Eorpacha a fhorbairt chun córais fhostaithe púdar ceimiceáin thirim agus córais ghaolmhara múchta dóiteáin a thástáil, chun longa a iompraíonn gáis leachtaithe i mbulc agus longa a úsáideann gás mar thiomántán a chosaint. |
Sábháilteacht mhuirí a fheabhsú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ar a treoirlínte maidir le córais fhosaithe múchta dóiteáin púdar ceimiceáin thirim a fhormheas chun longa a iompraíonn gáis leachtaithe i mbulc a chosaint. Ach go dtí seo, níl aon chaighdeán bailíochtaithe tástála ann maidir le tástáil dóiteáin scairde agus/nó tástáil dóiteáin tráidire cábla. Trí chaighdeán den sórt sin a fhorbairt, i ndlúthchomhar le ISO, ba cheart feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí, ní hamháin i gcás tancaeir gáis ach i gcás longa paisinéirí a thiomáintear le gás freisin. |
||||||||||||||||||
|
28 |
Sonraí a bhaineann leis an aeráid |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide COM/2021/82 final agus COM(2020) 66 Straitéis Eorpach maidir le sonraí |
Caighdeáin a fhorbairt lena n-áiritheofar go ndéanfar sonraí ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon a thaifeadadh, a bhailiú agus a roinnt ar bhealach cuimsitheach aonfhoirmeach. |
Feabhas a chur ar chruinneas an mheasúnaithe riosca aeráide trí shonraí a chur ar fáil lena ndéantar caillteanas de dheasca tubaiste a chainníochtú. |
||||||||||||||||||
|
29 |
Measúnú dinimiciúil saolré chun meastachán a dhéanamh ar aistrithe carbóin i dtáirgí foirgníochta |
COM (2021) 572 Straitéis Foraoise an Aontais Roinn 2.1. agus COM (2021) 800 Timthriallta inbhuanaithe carbóin. Roinn 3.1. |
Creat caighdeánaithe maidir le measúnú dinimiciúil saolré a fhorbairt chun cuntas níos cruinne a dhéanamh d’aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i dtáirgí foirgníochta. |
Is é an príomhchuspóir an dul chun cinn a rinneadh i measúnú dinimiciúil saolré a léiriú ar bhealach níos fearr chun aitheantas a thabhairt do stóráil carbóin i gcaighdeáin i gcás táirgí foirgníochta, go príomha nuair a bhíonn tosca tréithrithe am-spleácha á n-úsáid, ar tosca iad a chuirtear i bhfeidhm maidir le fardal dinimiciúil saolré. |
||||||||||||||||||
|
30 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - ríomhairí |
Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le ríomhairí agus freastalaithe agus caighdeáin nua a fhorbairt, trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh úrscothacht aitheanta. |
Ídiú fuinnimh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí a laghdú. |
||||||||||||||||||
|
31 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fearais chócaireachta |
Rialachán (AE) Uimh. 66/2014 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh oighinn bhaile, iartaí agus cochaill sorn |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chócaireachta agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh fearas cócaireachta a laghdú. |
||||||||||||||||||
|
32 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - taispeáintí leictreonacha |
Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE)2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le taispeáintí leictreonacha a chumhdaíonn feidhm ionchódaithe ardraoin dhinimiciúil (HDR) agus leibhéil ghléine os cionn 4k (nó HD), agus caighdeáin nua a fhorbairt, lena leagtar síos modh sonrach tástála maidir le hiompraíocht ABC, agus lena n-oiriúnaítear modhanna fíoraithe maidir le hábhar breiseán plaisteach. |
Ídiú fuinnimh na dtaispeáintí leictreonacha a laghdú (teilifíseáin, monatóirí), lena gcumhdaítear HDR agus leibhéil ghléine os cionn 4k (nó HD), trí mhodh sonrach tástála a leagan síos maidir le ABC agus trí mhodhanna fíoraithe a chur in oiriúint d’ábhar breiseán plaisteach. |
||||||||||||||||||
|
33 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - foinsí solais |
Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE)2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt lena gcumhdaítear nósanna imeachta agus modhanna chun na paraiméadair is gá a thomhas maidir leis na nithe seo a leanas:
soilse le haghaidh soilsiú sráide. |
Ídiú fuinnimh foinsí solais a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 41.9 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||||||||||
|
34 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - téitheoirí spáis áitiúla |
Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1186 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis áitiúla agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh a laghdú agus an tionchar atá ag téitheoirí spáis áitiúla ar an gcomhshaol a theorannú a thuilleadh. |
||||||||||||||||||
|
35 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fearais chuisniúcháin |
Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún |
|
Ídiú fuinnimh fearas cuisniúcháin a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 10 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||||||||||
|
36 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu |
Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE)2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu, agus caighdeáin nua a fhorbairt, lena gcumhdaítear modhanna agus ríomhanna chun na paraiméadair riachtanacha a thomhas. |
Ídiú fuinnimh fearas cuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 48 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||||||||||
|
37 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - folúsghlantóirí |
Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le folúsghlantóirí agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomas a trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh folúsghlantóirí le linn a gcéim úsáide a laghdú. |
||||||||||||||||||
|
38 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - téitheoirí spáis |
Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste. |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí agus caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú le tomhas na bparaiméadar táirgí ábhartha. Trí mhodhanna tomhais atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, lena gcuirtear san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh, leibhéal cumhachta na fuaime agus ceanglais astaíochtaí ocsaídí nítrigine a chaighdeánú le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí |
||||||||||||||||||
|
39 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - téitheoirí uisce |
Rialachán (AE) Uimh. 814/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí uisce, umar stórála uisce the agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste. |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh, leibhéal cumhachta na fuaime agus ceanglais astaíochtaí ocsaídí nítrigine a chaighdeánú le haghaidh téitheoirí uisce, agus ceanglais maidir le caillteanais sheasta ag umair stórála uisce the. Ba cheart go gcuideodh sé sin feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí. |
||||||||||||||||||
|
40 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fóin chliste agus táibléad |
Rialachán PLAN/2020/9213 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fóin chliste agus táibléid agus, Rialachán Tarmligthe PLAN/2020/9217 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fóin chliste agus táibléid |
Caighdeáin nua a fhorbairt maidir le fóin chliste, chun tacú le tomhas agus ríomh na bparaiméadar táirgí aonair ábhartha – trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Na tionchair a bhíonn ag fóin chliste agus táibléid ar an gcomhshaol a laghdú |
||||||||||||||||||
|
41 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) |
Rialachán PLAN/2020/7002 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) agus, Rialachán Tarmligthe PLAN/2020/7007 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) |
Caighdeáin nua a fhorbairt maidir le táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais), chun tacú le tomhas agus ríomh na bparaiméadar táirgí aonair ábhartha – trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Na tionchair a bhíonn ag táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) ar an gcomhshaol a laghdú |
||||||||||||||||||
|
42 |
Éicidhearthóireacht aerchóiritheoirí agus teaschaidéil aer go haer |
Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an 6 Márta 2012 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus gaothráin chompoird arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le aerchóiritheoirí agus teaschaidéil aer go haer, agus caighdeáin nua a fhorbairt, trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirfí san áireamh úrscothacht aithneanta. |
Ídiú fuinnimh na n-aerchóiritheoirí agus na dteaschaidéal aer go haer a laghdú le linn a gcéim úsáide, chomh maith lena leibhéal cumhachta fuaime. |
||||||||||||||||||
|
43 |
Éicidhearthóireacht mótar leictreach |
Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana mar aon leis na heilimintí seo a leanas:
|
Modhanna tástála in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtacha agus cleachtadh-ábhartha a sholáthar chun ídiú fuinnimh mótar leictreach a thomhas. D’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||||||||||
|
44 |
Éicidhearthóireacht - trealamh tí agus oifige leictreach agus leictreonach |
Dréacht-togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOIMISIÚN (AE).../... lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú cumhachta an mhóid mhúchta, an mhóid fuireachais agus an mhóid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún – PLAN/2016/444 |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le trealamh tí agus oifige leictreach agus leictreonach agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
An modh fuireachais a laghdú agus ídiú fuinnimh an mhóid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus leictreonach a mhéadú. |
||||||||||||||||||
|
45 |
Éicidhearthóireacht - soláthairtí cumhachta seachtracha |
Rialachán (AE) 2019/1782 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le soláthairtí seachtracha cumhachta de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 278/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le soláthairtí cumhachta seachtraí agus caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú le tomhas na bparaiméadar táirgí ábhartha. Trí mhodhanna tomhais atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, lena gcuirtear san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh soláthairtí seachtracha cumhachta a chaighdeánú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||||||||||
|
46 |
Éicidhearthóireacht - gaothráin thionsclaíocha |
Rialachán (AE) Uimh. 327/2011 ón gCoimisiún an 30 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh gaothráin mhótarthiomáinte ag a bhfuil cumhacht ionchuir leictrigh idir 125 W agus 500 kW arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 agus le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt chun cur chuige táirgí leathnaithe a chumasú, go háirithe trí líon leordhóthanach pointí oibriúcháin a shainiú mar aon le modh idirshuímh/ríomha agus/nó cuar saintréithe. Modhanna tomhais díreacha a chomhlánú le modhanna iomchuí ríomha/idirshuímh agus a mbailíocht a chainníochtú. Modhanna maidir le gaothráin imshruthaithe agus gaothráin mhóra chompoird agus gaothráin mhóra e.g. trí eachtarshuíomh ó shamhlacha scálaithe. |
Modhanna tástála in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtacha agus cleachtadh-ábhartha a sholáthar chun ídiú fuinnimh gaothrán tionsclaíoch a thomhas. D’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||||||||||
|
47 |
Éicidhearthóireacht - tiomántáin luais inathraithe |
Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana mar aon leis na heilimintí seo a leanas:
|
Modhanna tástála in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtacha agus ábhartha chun ídiú fuinnimh/caillteanais fuinnimh na dtiomántán luais inathraithe a thomhas. D’fhonn rátaí caillteanais fuinnimh a laghdú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||||||||||
|
48 |
Idir-inoibritheacht an chórais iarnróid |
Treoir(AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (athmhúnlú) agus COM(2020) 66 Straitéis Eorpach maidir le sonraí. |
Caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus caighdeáin nua a fhorbairt a bhaineann leis an méid seo a leanas, ach ní hamháin sin:
Féachaint ar na sonraí a nascadh le sonraí soghluaisteachta Eorpacha trí shonraí iompair agus soghluaisteachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chomhthiomsú agus a chomhroinnt. |
Tacú leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht agus ailtireacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear digitiú (le haghaidh oibríochtaí traenach éifeachtúla agus tairbhí le haghaidh úsáideoirí), uathoibriú agus cibearshlándáil. |
||||||||||||||||||
|
49 |
Feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro |
Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IVDR) |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le dearadh agus monarú na nithe seo a leanas:
Beidh feidhm ag na caighdeáin maidir le dearadh agus monarú, bainistiú riosca agus na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar urraitheoirí – lena n-áirítear na cinn a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
Feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair maidir le feistí leighis a áirithiú, trí ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Ba cheart go ndéileálfaí leis na gnáthcheisteanna sábháilteachta a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin, agus ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta d’othair, d’úsáideoirí agus do dhaoine eile a áirithiú. |
||||||||||||||||||
|
50 |
Oibríochtaí sábháilte ag córais aerárthaí gan foireann |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1058 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le dhá aicme nua de chórais aerárthaí gan foireann a thabhairt isteach |
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt chun go gcumhdófar na ceanglais lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann a oibriú. Baineann siad sin leis na gnéithe agus na feidhmiúlachtaí sonracha is gá chun na rioscaí a bhaineann le sábháilteacht na heitilte, le príobháideachas, le cosaint sonraí pearsanta, le slándáil nó leis an gcomhshaol a mhaolú. |
A áirithiú go n-oibreoidh córais aerárthaí gan foireann go sábháilte agus go mbeidh riosca íseal ag baint leo, ionas nach gá dóibh a bheith faoi réir nósanna imeachta caighdeánacha comhlíonta aerloingseoireachta. |
||||||||||||||||||
|
51 |
Sábháilteacht bréagán |
Treoir 2009/48/CE maidir le sábháilteacht bréagán |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach maidir le sábháilteacht bréagán agus maidir le ceimiceáin i mbréagáin. |
Aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta sa mhargadh bréagán a d’ardaigh saincheisteanna maidir le sábháilteacht agus a chruthaigh níos mó imní do thomhaltóirí. |
||||||||||||||||||
|
52 |
Ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí áirithe le haghaidh leanaí |
Treoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt agus caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú chun sábháilteacht táirgí áirithe le haghaidh leanaí (seachas bréagáin) a áirithiú, lena léirítear forbairtí úrscothacha |
Ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chur ar fáil trí shábháilteacht táirgí leanaí a neartú, agus na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí agus ceanglais na reachtaíochta á gcur san áireamh. |
||||||||||||||||||
|
53 |
Córais chosanta in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
Treoir 2014/34/AE maidir le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (ATEX) |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt agus caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun sláinte agus sábháilteacht trealaimh agus córas cosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach a áirithiú. Leagtar na ceanglais amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. |
A áirithiú go mbeidh innealra agus trealamh eile ag a bhfuil foinse fhéideartha adhainte agus atá ceaptha a bheith suiteáilte i limistéir phléascacha á gcosaint go leordhóthanach ar an mbaol go ndéanfaí pléascadh. Nó, ina éagmais sin, go ndéanfar aon phléascadh a mhaolú go leordhóthanach. |
||||||||||||||||||
|
54 |
Earraí piriteicniúla |
Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) |
Obair chaighdeánaithe chun sábháilteacht earraí piriteicniúla a mhéadú: na caighdeáin reatha maidir le hearraí piriteicniúla a thabhairt cothrom le dáta chun na ceanglais i dTreoir reatha 2013/29/AE agus na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht a léiriú. |
Sábháilteacht na n-earraí piriteicniúla agus cáilíocht na measúnuithe comhréireachta ar na hairteagail sin a mhéadú – trí na caighdeáin atá ann cheana sa réimse sin a ailíniú leis na ceanglais reatha reachtaíochta agus sábháilteachta, agus leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí. |
||||||||||||||||||
|
55 |
Suiteálacha cábla-bhealaigh |
Rialachán (AE) 2016/424 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh |
Caighdeáin a fhorbairt nó a athbhreithniú chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a sholáthar maidir le (i) suiteálacha cábla-bhealaigh, a mbonneagar, a bhfochórais agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh agus a thógáil agus (ii) suiteálacha cábla-bhealaigh a oibriú. |
Feabhas a chur ar shábháilteacht suiteálacha cábla-bhealaigh. |
||||||||||||||||||
|
56 |
Táirgí foirgníochta |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le táirgí foirgníochta agus COM(2020) 662 maidir le Rabharta Athchóirithe don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol daoine a fheabhsú |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna agus critéir mheasúnaithe le haghaidh táirgí foirgníochta, go háirithe na modhanna agus critéir sin a thacaíonn le hathchóiriú na bhfoirgneamh- agus atá le húsáid mar shonraíochtaí teicniúla caighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. |
A áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh aonair le haghaidh táirgí foirgníochta go rianúil agus go ndéantar ár bhfoirgnimh a ghlasú. |
||||||||||||||||||
|
57 |
Ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta in ardaitheoirí |
Treoir 2014/33/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí , Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1220 ón gCoimisiún |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt, táirgí inseachadta caighdeánaithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus clár oibre an Choimisiúin a oiriúnú lena gcuirtear Cinneadh (AE) 2021/76 agus Cinneadh (AE) 2021/1220 chun feidhme chun caighdeáin atá tráthúil agus úrscothach a sholáthar. |
Ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht maoine, agus iomaíocht chóir a ráthú ar mhargadh an Aontais. |
||||||||||||||||||
|
58 |
Trealamh meáite ar bord |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1213 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe lena n-áirithítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta agus maidir le comhoiriúnacht trealaimh meáite ar bord |
Caighdeán a fhorbairt chun faisnéis ar threalamh meáite ar bord a tharchur idir trucail agus leantóir, trí nasc de chuid na gCóras Cliste Comhoibríoch Iompair. Leis an gcaighdeán nua, ní mór sraith feidhme na cumarsáide idir na feithiclí éagsúla sa chónasc trucailí a fhorbairt, bunaithe ar nasc gan sreang idir stáisiúin de chuid na gCóras Cliste Comhoibríoch Iompair sa mhótarfheithicil agus na stáisiúin atá sna leantóirí nó sna leathleantóirí, i gcomhréir le caighdeáin EN 302 663, EN 302 636-4-1 agus EN 302 636-5. |
Tacú le modh caighdeánaithe chun feithiclí nó cónaisc feithiclí a d’fhéadfadh a bheith ró-ualaithe a sheiceáil, chun damáiste iomarcach do na bóithre a chosc agus chun so-ionramháilteacht a áirithiú. |
||||||||||||||||||
|
59 |
Brú-threalamh |
Treoir 2014/68/AE an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha agus caighdeáin nua a fhorbairt |
Sábháilteacht a fheabhsú agus rochtain ar an margadh a éascú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Fágfaidh sé sin go mbeidh cuideachtaí an Aontais níos iomaíche sa mhargadh domhanda. |
||||||||||||||||||
|
60 |
Fearais gháis |
Rialachán (AE) 2016/426 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse na bhfearas a dhónn breoslaí gásacha. Beidh an obair ag freagairt do na nithe seo a leanas:
|
Sláinte agus sábháilteacht a áirithiú chomh maith le húsáid réasúnach fuinnimh (éifeachtúlacht fuinnimh) d’fhearais a dhónn breoslaí gásacha. |
||||||||||||||||||
|
61 |
Árthaí brú simplí |
TREOIR 2014/29/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh |
Na caighdeáin atá ann cheana sa tsraith EN 286 a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Sábháilteacht a fheabhsú agus rochtain ar an margadh a éascú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Fágfaidh sé sin go mbeidh cuideachtaí an Aontais níos iomaíche sa mhargadh domhanda. |
||||||||||||||||||
|
62 |
Uirlisí meáite agus tomhais |
Treoir 2014/31/AE maidir le hUirlisí Neamh-uathoibríocha Meáite Treoir 2014/32/AE maidir le hUirlisí Meáite |
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse na n-uirlisí meáite agus tomhais. |
Is ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, leis an tsláinte phoiblí, leis an tsábháilteacht agus leis an ord, le cosaint an chomhshaoil, le cosaint tomhaltóirí, le cánacha agus dleachtanna a ghearradh agus le cóirthrádáil a dhéantar na cúraimí sin. Féadfaidh siad a éileamh go n-úsáidfear ionstraimí tomhais a rialaítear go dlíthiúil. |
||||||||||||||||||
|
63 |
Córais intleachta saorga atá sábháilte agus iontaofa |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/e4c43528-ccfc-11ea-adf7-01aa75ed71a1/language-en |
Lena leagtar síos rialacha maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, iad a chur i seirbhís agus a úsáid san Aontas, lena dtugtar aghaidh ar cheanglais a bhaineann lena sábháilteacht agus lena n-iontaofacht, lena n-áirítear bainistiú riosca, cáilíocht sonraí, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil. |
A áirithiú go bhféadfaidh córais intleachta saorga a bheith sábháilte agus iontaofa, go ndéanfar faireachán iomchuí orthu feadh a saolré, go n-urramófar luachanna bunúsacha agus cearta an duine a aithnítear san Aontas agus go neartófar iomaíochas na hEorpa leo. |
||||||||||||||||||
|
64 |
Soláthar poiblí |
Treoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, airteagal 22. agus COM(2020) 66 Straitéis Eorpach maidir le sonraí.COM(2020) 66 A European strategy for data. |
Táirgí inseachadta caighdeánaithe a fhorbairt le haghaidh saolré an ríomhsholáthair ó cheann go ceann, chun idir-inoibritheacht trasteorann a áirithiú agus chun tacú le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha le haghaidh na riarachán poiblí |
Tá sé d’aidhm ag na caighdeáin idir-inoibritheacht idir ceannaitheoirí agus soláthraithe soláthair phoiblí a éascú, go háirithe ar leibhéal trasteorann. Tá sé ríthábhachtach an idir-inoibritheacht a bhaint amach chun an margadh aonair san Eoraip a chruthú. |
||||||||||||||||||
|
65 |
Cibearshlándáil trealaimh raidió |
Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh |
Caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú le ceanglais áirithe chibearshlándála maidir le trealamh raidió sonrach |
Cibearshlándáil trealaimh raidió áirithe a fheabhsú. |
||||||||||||||||||
|
66 |
sonrascú leictreonach |
Treoir 2014/55/AE maidir le sonrascú leictreonach, Airteagal 3, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017. |
An caighdeán Eorpach maidir le sonrascú leictreonach a nuashonrú nó a athbhreithniú, chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh agus chun idir-inoibritheacht iomlán agus leanúnach maidir le sonrascú leictreonach sa soláthar poiblí a áirithiú. |
Glacadh sonrascú leictreonach sa soláthar poiblí a chur chun cinn agus iarrachtaí chun glacadh an ríomhsholáthair a chur chun cinn a chomhlánú. |
||||||||||||||||||
|
67 |
Pasanna digiteacha le haghaidh táirgí agus seirbhísí |
Tionscnamh Reachtaíochta maidir le BeartasTáirgí Inbhuanaithe |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt lena dtugtar aghaidh ar cheanglais a bhaineann le hiontaofacht, slándáil, trédhearcacht pasanna digiteacha le haghaidh táirgí agus seirbhísí |
Is é an cuspóir an bonn a sholáthar chun ardfheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí uile a áirithiú agus, a mhéid is féidir agus is ábhartha, seirbhísí ar mhargadh an Aontais a áirithiú le sreabhadh faisnéise feabhsaithe trí phasanna digiteacha. |
||||||||||||||||||
|
68 |
Cód Mearfhreagartha le haghaidh íocaíochtaí ar an toirt ag an bPointe Idirghníomhaíochta |
COM(2020) 592 maidir le Straitéis Íocaíochtaí Miondíola don Aontas |
Caighdeán a fhorbairt maidir le cód mearfhreagartha lenar féidir íocaíochtaí ar an toirt a thionscnamh agus a ghlacadh (íocaíochtaí laistigh de Bhallstát amháin agus íocaíochtaí trasteorann araon), trí ghléas leictreonach (e.g. fón póca) a úsáid, i gcásanna éagsúla, amhail i ngnáthionaid díolta, sa ríomhthráchtáil, idir daoine aonair, idir gnólachtaí, ó ghnólachtaí go tomhaltóirí, sonraisc, etc. |
Tacú le hidir-inoibritheacht trasteorann na réiteach íocaíochta ar an toirt agus teacht chun cinn réiteach uile-Eorpach íocaíochta ar an toirt, chomh maith le glacadh na réiteach sin. |
||||||||||||||||||
|
69 |
Caighdeáin a thacaíonn le bonneagar seirbhísí blocshlabhra |
Deich mBliana Digiteacha na hEorpa: spriocanna digiteacha 2030 Compás Digiteach 2030:an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha |
Caighdeáin a fhorbairt a thacóidh le cur i bhfeidhm foriomlán an bhonneagair um sheirbhísí blocshlabhra agus le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte ar fud an Aontais. |
Tacú le Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blochshlabhra atá glas, slán, idir-inoibritheach agus i gcomhréir iomlán le luachanna an Aontais agus le creat dlíthiúil an Aontais, rud a dhéanfaidh soláthar seirbhísí poiblí trasteorann agus náisiúnta/áitiúil níos éifeachtúla agus níos iontaofa agus a chuirfidh samhlacha nua gnó chun cinn. |
||||||||||||||||||
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/25 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10432 – PTTGC / ALLNEX)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 66/02)
An 6 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10432. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/26 |
Rátaí malairte an euro (1)
7 Feabhra 2022
(2022/C 66/03)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,1447 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
131,59 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4443 |
|
GBP |
punt steirling |
0,84685 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,4483 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0571 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
143,40 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,0658 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,222 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
353,48 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,5432 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9461 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
15,5235 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6097 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4546 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,9202 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7278 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,5389 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 371,76 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,7000 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2807 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5200 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 478,97 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7909 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,978 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
86,5824 |
|
THB |
baht na Téalainne |
37,735 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
6,0541 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
23,5750 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
85,5345 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/27 |
NÓTA FAISNÉISE
Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (1): Faisnéis faoi bhearta a ghlac na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 4, 6, 7, 9, 11, 12, 22 agus 23
(2022/C 66/04)
Leagtar amach in Airteagail 6, 7, 9, 11, 12, 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán” anseo thíos) gur cheart bearta a dhéanann na Ballstáit agus an Rialachán á chur chun feidhme acu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Thairis sin, chinn an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis bhreise faoi bhearta arna bhforchur ag na Ballstáit faoi Airteagal 4 a fhoilsiú freisin chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag onnmhaireoirí ar fhaisnéis chuimsitheach faoi na rialuithe is infheidhme ar fud an Aontais.
1. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 4(3) DEN RIALACHÁN (CEANGLAS ÚDARÚCHÁIN MAIDIR LE hONNMHAIRIÚ ÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE NACH LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN I)
Féadfaidh Ballstát, agus Airteagal 4(3) á chur i bhfeidhm aige, cur i bhfeidhm Airteagal 4(1) a leathnú chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a chumhdach, i gcás ina mbeidh forais amhrais ag an onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Le hAirteagal 4(4) den Rialachán, maidir leis na Ballstáit a fhorchuireann ceanglas údarúcháin i leith onnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I, agus Airteagal 4(3) á chur i bhfeidhm acu, ceanglaítear orthu na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis sin, i gcás inarb iomchuí. Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit agus ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Leagtar amach go díreach ina dhiaidh sin na bearta mionsonraithe ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith.
|
Ballstát |
An bhfuil reachtaíocht náisiúnta glactha ag an mBallstát lena bhforchuirtear ceanglais údarúcháin maidir le hAirteagal 4(3) a chur i bhfeidhm? |
|
AN BHEILG |
TÁ i bpáirt |
|
AN BHULGÁIR |
NÍL |
|
POBLACHT NA SEICE |
NÍL |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
NÍL |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
NÍL |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
TÁ |
|
AN IODÁIL |
NÍL |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
TÁ |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
TÁ |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
NÍL |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
TÁ |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
1.1. An Bheilg
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth, sa Réigiún Pléimeannach agus sa Réigiún Vallúnach, chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Airteagal 5 d’Fhoraithne Rialtas Fhlóndras an 14 Márta 2014 lena rialaítear onnmhairiú, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide agus cúnamh teicniúil a sholáthar (Iris Oifigiúil na Beilge an 2 Bealtaine 2014); Airteagal 4 d’Fhoraithne Rialtas na Vallúine an 6 Feabhra 2014 lena rialaítear onnmhairiú, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochta (Iris Oifigiúil na Beilge an 19 Feabhra 2014)).
1.2. An Chróit
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Gníomh um Rialú ítimí dé-úsáide (OG 80/11 i 68/2013)).
1.3. An Laitvia
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Airteagal 5(7) agus Airteagal 17(1) den Dlí maidir le Saorchúrsaíocht Earraí Straitéiseacha an 21 Meitheamh 2007; Pointe 31 de Nósanna Imeachta Rialachán 657 (20 Deireadh Fómhair 2010) chun Ceadúnas d’Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo a Eisiúint, nó Diúltú dá Eisiúint, agus Doiciméid Eile a Bhaineann le Saorchúrsaíocht Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo).
1.4. Lucsamburg
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 45(1)).
1.5. An Ungáir
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Mír 7. d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 13 ó 2011 maidir le “húdarú trádála eachtraí ítimí dé-úsáide”)
1.6. An Ísiltír
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Airteagal 2 den Acht um Sheirbhísí Straitéiseacha (Wet Strategische diensten) agus Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Fhoraithne maidir le hearraí straitéiseacha (Besluit Strategische goederen)).
1.7. An Ostair
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Airteagal 5 den Chéad Rialachán maidir le Trádáil Eachtrach 2011 (Erste Außenwirtschaftsverordnung 2011), BGBl. II Uimh. 343/2011, a foilsíodh an 28 Deireadh Fómhair 2011).
1.8. An Fhionlainn
Beidh údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe a onnmhairiú i gcás ina mbeidh forais amhrais ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí sin ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
(Mír 4(4) de dhlí 562/1996)
2. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 6(3) DEN RIALACHÁN (RIALUITHE BRÓICÉIREACHTA A LEATHNÚ)
Ceanglaíonn Airteagal 6(3) i gcomhar le hAirteagal 6(5) den Rialachán ar an gCoimisiún bearta a dhéanann na Ballstáit chun cur i bhfeidhm Airteagal 6(1) a leathnú chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus chun ítimí dé-úsáide le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chumhdach.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit agus ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Leagtar amach go díreach ina dhiaidh sin na bearta mionsonraithe ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith.
|
Ballstát |
An bhfuil cur i bhfeidhm na rialuithe bróicéireachta a leagtar amach in Airteagal 6(1) leathnaithe i ndáil le hAirteagal 6(3)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
TÁ |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
TÁ |
|
AN SPÁINN |
TÁ |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
TÁ |
|
AN IODÁIL |
TÁ |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
TÁ |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
TÁ |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
TÁ |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
TÁ |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
2.1. An Bhulgáir
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán, agus le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Airteagal 34, mír 4 den Ghníomh um Rialú Onnmhairiúcháin maidir le Táirgí a Bhaineann le Cosaint agus Ítimí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, Iris Stáit Uimh. 26/29 Márta 2011, éifeachtach ón 30 Meitheamh 2012).
2.2. Poblacht na Seice
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, nó go bhfuil ítimí dé-úsáide ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí deiridh míleata dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Mír 3 de Ghníomh Uimh. 594/2004 Coll. ‘Cur i bhFeidhm an Chórais Comhphobail chun Onnmhairiú, Aistriú, Bróicéireacht agus Idirthuras Ítimí Dé-Úsáide a Rialú (arna leasú)).
2.3. An Eastóin
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide a bhfuil saintréithe earraí straitéiseacha acu ar chúiseanna a n-úsáide deiridh nó a n-úsáideora deiridh, slándála poiblí nó chearta an duine, cé nach bhfuil siad curtha ar liosta na n-earraí straitéiseacha.
(Mír 6 (7) den Ghníomh um Earraí Straitéiseacha).
2.4. An Ghréig
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí deiridh míleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Mír 3.2.3 de “Cinneadh Aireachta Uimh. 121837/e3/21837/28-9-2009”).
2.5. An Spáinn
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus 4(2) den Rialachán.
(Airteagal 2.3.b) d’Fhoraithne Ríoga 679/2014, an 1 Lúnasa 2014 maidir le rialú na trádála seachtraí in ábhar cosanta, ábhar eile agus earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide).
2.6. An Chróit
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Gníomh um Rialú ítimí dé-úsáide (OG 80/11 i 68/2013)).
2.7. An Iodáil
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó in Airteagal 4(2) den Rialachán;
(Airteagal 9 den Fhoraithne Reachtach Uimh. 221/2017 an 15 Nollaig 2017, atá i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2018).
2.8. An Laitvia
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó in Airteagal 4(2) den Rialachán;
(Airteagal 5(7) den Dlí maidir le Saorchúrsaíocht Earraí Straitéiseacha an 21 Meitheamh 2007; Pointe 31 de Nósanna Imeachta Rialachán 657 (20 Deireadh Fómhair 2010) chun Ceadúnas d’Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo a Eisiúint, nó Diúltú dá Eisiúint, agus Doiciméid Eile a Bhaineann le Saorchúrsaíocht Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo).
2.9. Lucsamburg
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, agus le haghaidh úsáidí deiridh míleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 42(1)).
2.10. An Ungáir
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear i Airteagal 4(2) den Rialachán, agus ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán.
(Mír 17.1. d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 13 de 2011 maidir le “húdarú trádála eachtraí ítimí dé-úsáide”).
2.11. An Ísiltír
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán agus ítimí dé-úsáide, nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Airteagal 4 den Acht um Sheirbhísí Straitéiseacha (Wet Strategische diensten)).
Beidh údarú de dhíth freisin le haghaidh bróicéireacht 37 substaint cheimiceacha i gcás inarb í an Iaráic an ceann scríbe, gan beann ar an gcoinsíní nó úsáideoir deiridh sonrach.
(Foraithne um Earraí Dé-Úsáide chuig an Iaráic – Regeling goederen voor tweeërlei gebruik Irak).
2.12. An Ostair
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide más rud é go gcuireann an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí atá i gceist ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Airteagal 15.1 den Acht um Thrádáil Eachtrach (Außenwirtschaftsgesetz 2011, BGBl. I Uimh. 26/2011)).
2.13. An Rómáin
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán más rud é go bhfuil na hítimí atá i gceist ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2) den Rialachán.
(Airteagal 14(2) d’Ordú Éigeandála Uimh. 119 an 23 Nollaig 2010 (GEO Uimh. 119/2010) maidir leis an “gcóras rialaithe le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le hítimí dé-úsáide”).
2.14. An Fhionlainn
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, más rud é gur chuir an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán, agus le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, más rud é gur chuir an t-údarás inniúil an bróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin
(Míreanna 3(2) agus 4(1) de Dhlí 562/1996).
3. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 6(4) DEN RIALACHÁN (RIALUITHE BRÓICÉIREACHTA A LEATHNÚ)
Ceanglaítear le hAirteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 6(5) den Rialachán ar an gCoimisiún bearta a fhoilsiú, ar bearta iad a dhéanann na Ballstáit lena bhforchuirtear ceanglas údarúcháin maidir le bróicéireacht ítimí dé-úsáide, má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí sin ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit agus ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Leagtar amach go díreach ina dhiaidh sin na bearta mionsonraithe ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith.
|
Ballstát |
An bhfuil rialuithe bróicéireachta leathnaithe i ndáil le hAirteagal 6(4)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
TÁ |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
TÁ |
|
AN SPÁINN |
TÁ |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
TÁ |
|
AN IODÁIL |
TÁ |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
TÁ |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
TÁ |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
TÁ |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
TÁ |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
3.1. An Bhulgáir
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Airteagal 47 den Ghníomh um Rialú Onnmhairiúcháin maidir le Táirgí a Bhaineann le Cosaint agus Ítimí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide (arna Fhógairt in Iris Stáit Uimh. 26/29 Márta 2011)).
3.2. Poblacht na Seice
Má tá forais amhrais ag bróicéirgo bhfuil ítimí dé-úsáide ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, tabharfaidh an bróicéir fógra don údarás inniúil, a fhéadfaidh cinneadh a dhéanamh ceanglas údarúcháin a fhorchur.
(Mír 3(4) de Ghníomh Uimh. 594/2004 Coll. “Cur i bhFeidhm an Chórais Comhphobail chun Onnmhairiú, Aistriú, Bróicéireacht agus Idirthuras Ítimí Dé-Úsáide a Rialú”).
3.3. An Eastóin
Má tá forais amhrais ag bróicéirgo bhfuil ítimí dé-úsáide ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, tabharfaidh an bróicéir fógra faoi sin don Choimisiún um Earraí Straitéiseacha (SGC), do na húdaráis phóilíneachta nó do na húdaráis slándála láithreach. I ndiaidh fógra den sórt sin a thabhairt, féadfaidh an SGC cinneadh a dhéanamh ceanglas údarúcháin a fhorchur.
(Mír 77 den Ghníomh um Earraí Straitéiseacha).
3.4. An Ghréig
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Mír 3.2.2 de Chinneadh Aireachta Uimh. 121837/e3/21837/28-9-2009).
3.5. An Spáinn
Má tá forais amhrais ag bróicéir maidir leis na hítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheartaíonn sé seirbhísí bróicéireachta ina leith, go bhfuil siad ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh aon cheann de na húsáidí agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2), ní mór dó fógra a thabhairt don údarás inniúil, a dhéanfaidh cinneadh faoi cibé a bhfuil nó nach bhfuil seirbhísí bróicéireachta den sórt sin faoi réir údarúcháin.
(Airteagal 2.3.c) den Fhoraithne Ríoga 679/2014, an 1 Lúnasa 2014 maidir le rialú na trádála seachtraí in ábhar cosanta, ábhar eile agus earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide).
3.6. An Chróit
Má tá forais amhrais ag bróicéir maidir le hítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, go bhfuil siad ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2) den Rialachán, tabharfaidh an bróicéir fógra don údarás inniúil, a fhéadfaidh cinneadh a dhéanamh ceanglas údarúcháin a fhorchur.
(Mír 3 den Gníomh um Rialú ítimí dé-úsáide (IO 80/11 i 68/2013)).
3.7. An Iodáil
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán má tá forais amhrais ag an mbróicéir ar an eolas go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Airteagal 9 den Fhoraithne Reachtach Uimh. 221/2017 an 15 Nollaig 2017, atá i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2018).
3.8. An Laitvia
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
Airteagal 5(7) agus Airteagal 17(1) den Dlí maidir le Saorchúrsaíocht Earraí Straitéiseacha an 21 Meitheamh 2007; Pointe 31 de Nósanna Imeachta Rialachán 657 (20 Deireadh Fómhair 2010) chun Ceadúnas d’Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo a Eisiúint, nó Diúltú dá Eisiúint, agus Doiciméid Eile a Bhaineann le Saorchúrsaíocht Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo).
3.9. Lucsamburg
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 42(2)).
3.10. An Ungáir
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Mír 17 (2) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 13 de 2011 “maidir le húdarú trádála eachtraí ítimí dé-úsáide”).
3.11. An Ísiltír
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide atá liostaithe nuair a bheidh na hítimí ceaptha nó nuair a d’fhéadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Airteagal 4(5) den Acht um Sheirbhísí Straitéiseacha (Wet Strategische diensten)).
3.12. An Ostair
Má tá forais amhrais ag bróicéir go bhfuil ítimí dé-úsáide ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, tabharfaidh an bróicéir fógra don údarás inniúil, a fhéadfaidh cinneadh a dhéanamh ceanglas údarúcháin a fhorchur.
(Airteagal 5 den Chéad Rialachán maidir le Trádáil Eachtrach 2011 (Erste Außenwirtschaftsverordnung 2011), BGBl. II Uimh. 343/2011, a foilsíodh an 28 Deireadh Fómhair 2011).
3.13. An Rómáin
Beidh údarú de dhíth le haghaidh bróicéireacht ítimí dé-úsáide má tá forais amhrais ag an mbróicéir go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán.
(Mír 3 d’Airteagal 14 d’Ordú Éigeandála Uimh. 119 an 23 Nollaig 2010 (GEO Uimh. 119/2010) maidir leis an gcóras rialaithe le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le hítimí dé-úsáide).
3.14. An Fhionlainn
Má tá forais amhrais ag bróicéirgo bhfuil ítimí dé-úsáide ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, le haghaidh aon cheann de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán, ttabharfaidh an bróicéir fógra don údarás inniúil, a fhéadfaidh cinneadh a dhéanamh ceanglas údarúcháin a fhorchur.
(Mír 3.2, 4.4 de dhlí 562/1996).
4. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 7(3) DEN RIALACHÁN (RIALUITHE IDIRTHURAIS A LEATHNÚ)
Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) i gcomhar le hAirteagal 7(4) den Rialachán ar an gCoimisiún bearta a fhoilsiú, ar bearta iad a dhéanann na Ballstáit chun cur i bhfeidhm Airteagal 7(1) a leathnú chun ítimí dé-úsáide neamhliostaithe le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus chun ítimí dé-úsáide le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear i Airteagal 4(2) a chumhdach.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
An bhfuil na forálacha maidir le rialú idirthurais a leagtar amach in Airteagal 7(1) leathnaithe i ndáil le hAirteagal 7(3)? |
|
AN BHEILG |
TÁ, go páirteach |
|
AN BHULGÁIR |
NÍL |
|
POBLACHT NA SEICE |
TÁ |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
TÁ |
|
AN SPÁINN |
TÁ |
|
AN FHRAINC |
TÁ |
|
AN CHRÓIT |
TÁ |
|
AN IODÁIL |
TÁ |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
TÁ |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
TÁ |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
TÁ |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
TÁ |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
4.1. An Bheilg
Féadfaidh na húdaráis inniúla sa Réigiún Pléimeannach agus sa Réigiún Vallúnach toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-Aontais, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh na húdaráis inniúla sa Réigiún Pléimeannach agus sa Réigiún Vallúnach toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 6 agus Airteagal 7 d’Fhoraithne Rialtas Fhlóndras an 14 Márta 2014 lena rialaítear onnmhairiú, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide agus cúnamh teicniúil a sholáthar (Iris Oifigiúil na Beilge an 2 Bealtaine 2014); Airteagal 5 agus Airteagal 6 d’Fhoraithne Rialtas na Vallúine an 6 Feabhra 2014 lena rialaítear onnmhairiú, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochta (Iris Oifigiúil na Beilge an 19 Feabhra 2014).
4.2. Poblacht na Seice
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Mír 3b de Ghníomh Uimh. 594/2004 Coll. “Cur i bhFeidhm an Chórais Comhphobail chun Onnmhairiú, Aistriú, Bróicéireacht agus Idirthuras Ítimí Dé-Úsáide a Rialú” (1)).
4.3. An Eastóin
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Míreanna 3, 6 agus 7 den Ghníomh um Earraí Straitéiseacha (SGA)).
4.4. An Ghréig
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Mír. 3.3.3. de Chinneadh Aireachta Uimh. 121837/e3/21837/28-9-2009).
4.5. An Spáinn
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 11 d’Acht 53/2007 an 28 Nollaig, maidir le rialú na trádála seachtraí in ábhar cosanta agus dé-úsáide).
4.6. An Fhrainc
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 3(I) d’Fhoraithne Uimh.°2020-74 an 31 Eanáir 2020, arna leasú le Foraithne Uimh.°2020-1481 an 30 Samhain 2020).
4.7. An Chróit
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Gníomh um Rialú ítimí dé-úsáide (IO 80/11 i 68/2013)).
4.8. An Iodáil
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 7 den Fhoraithne Reachtach Uimh.° 221/2017 an 15 Nollaig 2017, atá i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2018).
4.9. An Laitvia
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 5(7) den Dlí maidir le Saorchúrsaíocht Earraí Straitéiseacha an 21 Meitheamh 2007; Pointe 31 de Nósanna Imeachta Rialachán 657 (20 Deireadh Fómhair 2010) chun Ceadúnas d’Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo a Eisiúint, nó Diúltú dá Eisiúint, agus Doiciméid Eile a Bhaineann le Saorchúrsaíocht Earraí a bhfuil Tábhacht Straitéiseach leo).
4.10. Lucsamburg
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 43(2))
Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le hidirthuras earraí dé-úsáide a sheoltar gan trasloingsiú ná athrú ar an modh iompair (ní mheasfar aon trasloingsiú ná athrú iompair mar scaoileadh, chun an lastas na n-earraí i long nó in aerárthach a dhaingniú, ar choinníoll go gcuirtear earraí den sórt sin ar bord na loinge céanna nó an aerárthaigh chéanna arís), ná maidir le hidirthuras ítimí dé-úsáide a bhfuil údarú onnmhairiúcháin ginearálta ón Aontas Eorpach ann ina leith cheana féin.
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 43(3)).
4.11. An Ungáir
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Mír 18 d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 13 de 2011 maidir le “húdarú trádála eachtraí ítimí dé-úsáide”).
4.12. An Ísiltír
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 4a(1) agus Airteagal 2 den Fhoraithne maidir le hEarraí Straitéiseacha – Besluit strategische goederen)).
4.13. An Ostair
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 15 den Acht um Thrádáil Eachtrach 2011 (Außenwirtschaftsgesetz 2011, BGBl. I Uimh. 26/2011)).
4.14. An Rómáin
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Airteagal 15(2) d’Ordú Éigeandála Uimh. 119 an 23 Nollaig 2010 (GEO Uimh. 119/2010).
4.15. An Fhionlainn
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamhliostaithe, neamh-AE más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Féadfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc a chur ar idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE, más rud é go bhfuil na hítimí ceaptha nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid deiridh mhíleata agus cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 4(2).
(Mír 3.3 agus 4.1 de dhlí 562/1996)
5. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 9 DEN RIALACHÁN (RIALUITHE A LEATHNÚ CHUN ÍTIMÍ NEAMHLIOSTAITHE A CHUMHDACH AR CHÚISEANNA SLÁNDÁLA POIBLÍ, LENA nÁIRÍTEAR GNÍOMHARTHA SCEIMHLITHEOIREACHTA A CHOSC, NÓ CHUN CEISTEANNA CHEARTA AN DUINE A CHUR SAN ÁIREAMH)
Ceanglaítear le hAirteagal 9(4) den Rialachán ar an gCoimisiún bearta a fhoilsiú, ar bearta iad a dhéanann na Ballstáit chun ceanglas údarúcháin a thoirmeasc nó a fhorchur ar onnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I ar chúiseanna slándála poiblí, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
An bhfuil rialuithe breise curtha chun feidhme maidir le hearraí neamhliostaithe ar chúiseanna slándála poiblí, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh, i ndáil le hAirteagal 9(1)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
TÁ |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
TÁ |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
TÁ |
|
AN GHRÉIG |
NÍL |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
TÁ |
|
AN CHRÓIT |
NÍL |
|
AN IODÁIL |
NÍL |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
TÁ |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
NÍL |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
TÁ |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
NÍL |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
5.1. An Bhulgáir
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe, le gníomh de chuid Chomhairle na nAirí, ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Airteagal 34(1), mír 3 den Ghníomh um Rialú Onnmhairiúcháin maidir le Táirgí a Bhaineann le Cosaint agus Ítimí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, Iris Stáit Uimh. 26/29 Márta 2011).
5.2. Poblacht na Seice
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe, le hOrdú Rialtais, ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Mír 3(1)(d) de Ghníomh Uimh. 594/2004 Coll).
5.3. An Ghearmáin
a. Cuid I Roinn B de Liosta Rialaithe Onnmhairiúcháin na Gearmáine
Tá onnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán faoi réir údarú más rud é go liostaítear na hítimí i gCuid I Roinn B de Liosta Rialaithe Onnmhairiúcháin na Gearmáine.
(Roinn 8 (1) Uimh. 2 den Reacht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsverordnung - AWV)).
Áirítear na hítimí seo a leanas i gCuid I B de Liosta um Rialú Onnmhairiúcháin na Gearmáine:
|
– 2B909 |
Meaisíní sreabhfhoirmiúcháin agus meaisíní a bhfuil an fheidhm shreabhfhoirmiúcháin agus an fheidhm ghuairnefhoirmiúcháin curtha le chéile iontu, seachas na meaisíní sin a rialaítear le 2B009, 2B109 nó 2B209 faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas acu, agus na comhpháirteanna uile seo atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
||||||||||||||||||||
|
– 2B952 |
Trealamhar féidir é a úsáid i láimhseáil substaintí bitheolaíocha, seachas na substaintí a rialaítear le 2B352 faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, más í an Iaráin, an Chóiré Thuaidh nó an tSiria an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe:
|
||||||||||||||||||||
|
– 2B993 |
Trealamh chun forleaganacha miotalacha le haghaidh foshraitheanna neamhleictreonacha a dheascadh mar a leanas, agus na comhpháirteanna agus na gabhálais atá saindeartha lena aghaidh, más í an Iaráin an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe:
|
||||||||||||||||||||
|
– 5A902 |
Córais, trealamh agus comhpháirteanna faireachais le haghaidh TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) le haghaidh líonraí poiblí, nach sonraítear le hítim 5D001(e) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, i gcás ina mbeidh an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II Roinn A Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||
|
–5A911 |
Stáisiúin bhunáite le haghaidh “radachumarsáid thruncáilte” dhigiteach más í an tSúdáin nó an tSúdáin Theas an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. Nóta teicniúil: Nós imeachta cumarsáide raidió ceallaigh ag a bhfuil síntiúsóirí soghluaiste dá sanntar truncaí minicíochta le haghaidh na cumarsáide is ea “radachumarsáid thruncáilte”. Úsáideann “radachumarsáid thruncáilte” dhigiteach (e.g. TETRA, radachumarsáid thruncáilte thrastíre) modhnú digiteach. |
||||||||||||||||||||
|
–5D902 |
“Bogearraí” nach sonraítear le hítim 5D001(e) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, i gcás ina mbeidh an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II Roinn A Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||
|
–5A911 |
“Bogearraí” atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh, a rialaítear le hítim 5A911, a “úsáid”, más í an tSúdáin nó an tSúdáin Theas an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–5E902 |
“Teicneolaíocht” nach sonraítear le hítim 5E001(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht le haghaidh “forbairt”, “táirgeadh” agus “úsáid” suiteálacha, feidhmeanna nó saintréithe feidhmíochta a rialaítear le hiontráil 5A902, nó “bogearraí” a rialaítear le hiontráil 5D902, i gcás ina mbeidh an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn A, Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821. |
||||||||||||||||||||
|
–6A908 |
Córais loingseoireachta nó faireachais radar-bhunaithe le haghaidh rialú tráchta soithigh nó aeir, nach rialaítear le hítimí 6A008 nó 6A108 faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/821 arna leasú, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, más í an Iaráin an tír cheannaigh nó an tír cinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–6D908 |
“Bogearraí” atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun an trealamh a rialaítear le 6A908 a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”, más í an Iaráin an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–9A904 |
|
||||||||||||||||||||
|
–9A991 |
Feithiclí talún nach gcumhdaítear le Cuid I A den Liosta um Rialú Onnmhairiúcháin, mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||
|
–9A992 |
Trucailí, mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||
|
–9A993 |
Héileacaptair, córais aistrithe cumhachta héileacaptar, innill tuirbíní gáis agus aonaid cumhachta chúntacha (APUnna) lena n-úsáid i héileacaptair, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, más í Cúba, an Iaráin, an Libia, Maenmar, an Chóiré Thuaidh, an tSomáil nó an tSiria an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–9A994 |
Aonaid chumhachta aerfhuaraithe (aerinnill) ag a bhfuil toilleadh ciúbach 100 cm3 nó níos mó agus 600 cm3 nó níos lú, ar féidir iad a úsáid in “aerfheithiclí” gan foireann, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, más í an Iaráin an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–9D904 |
“Bogearraí” atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun ítimí a shonraítear in 9A904 a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”, i gcás ina mbeidh an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II Roinn A Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821. |
||||||||||||||||||||
|
–9D904 |
“Teicneolaíocht” de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, seachas mar a shonraítear in 5E001.b.2., 9E001 agus 9E002 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, arna leasú, chun ítimí a shonraítear in 9A904 nó “bogearraí” a shonraítear in 9D904 a “fhorbairt”, a “tháirgeadh” nó a “úsáid”, más rud é go bhfuil an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II Roinn A Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821. |
||||||||||||||||||||
|
–9E991 |
“Teicneolaíocht” de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, chun trealamh a rialaítear le 9A993 a “fhorbairt” nó a “tháirgeadh”, más í Cúba, an Iaráin, an Libia, Maenmar, an Chóiré Thuaidh nó an tSiria an tír cheannaigh nó an tír chinn scríbe. |
||||||||||||||||||||
|
–9E992 |
“Teicneolaíocht” de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, seachas teicneolaíocht a rialaítear le 9E101(b) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/821, arna leasú, chun “aerárthaí gan foireann” (“UAVanna”) a “tháirgeadh”, más rud é go bhfuil an ceann scríbe lasmuigh de chríoch custaim an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II Roinn A Cuid 2 de Rialachán (AE) 2021/821. |
b. Roinn 9 den Reacht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsverordnung - AWV)
Beidh údarú de dhíth chun ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I a onnmhairiú, más rud é gur chuir BAFA in iúl don onnmhaireoir go bhfuil na hítimí i dtrácht ceaptha, nó go bhféadfaidís a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, chun suiteáil núicléach a thógáil nó a oibriú de réir bhrí Chatagóir 0 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 nó lena n-ionchorprú i suiteáil den sórt sin, agus más í an Ailgéir, an Iaráic, an Iaráin, Iosrael, an Iordáin, an Libia, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, an Phacastáin nó an tSiria an tír chinn scríbe. Más rud é go bhfuil a fhios ag onnmhaireoir go bhfuil na hítimí ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh na húsáide thuasluaite, ní mór dó fógra a thabhairt do BAFA. Cinnfidh BAFA cibé acu a chuirfidh sé an t-onnmhairiú lena mbaineann faoi réir údarú nó nach gcuirfidh. Ní bheidh feidhm ag an Roinn sin sa réimse a rialaítear le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/821.
(Roinn 9 den Reacht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsverordnung - AWV)).
c. Roinn 6 den Acht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsgesetz - AWG)
Faoi Roinn 6 den Acht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsgesetz - AWG), is féidir idirbhearta, idirbhearta agus caingne dlíthiúla a shrianadh, nó is féidir oibleagáidí le gníomhú a fhorchur le hacht riaracháin, d’fhonn dainséar a sheachaint, a bhaineann le cás aonair, maidir leis na leasa e.g. leasa slándála fíor-riachtanacha Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, cómhaireachtáil shíochánta idir náisiúin, caidreamh eachtrach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ord nó slándáil phoiblí Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.
5.4. An Eastóin
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe, le cinneadh den Choimisiún um Earraí Straitéiseacha, ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Roinn 2 (11) agus 6 (2) den Ghníomh um Earraí Straitéiseacha).
5.5. Éire
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Roinn 12(2) d’Ionstraim Reachtúil 443 de 2009, an tOrdú um Onnmhairí (Ítimí Dé-Úsáide) a Rialú 2009, arna leasú).
5.6. An Fhrainc
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh. (Foraithne Uimh. 2010-292).
Glacadh rialuithe náisiúnta ar onnmhairiú ítimí dé-úsáide, mar a leagtar amach sna horduithe seo a leanas: Ordú ón Aire an 31 Iúil 2014 maidir le honnmhairiú héileacaptar áirithe agus a bpáirteanna spártha chuig tríú tíortha (Arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Fraince an 8 Lúnasa 2014) agus Ordú ón Aire an 31 Iúil 2014 maidir le honnmhairiú deorgháis agus oibreán smachtaithe círéibe chuig tríú tíortha (Arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Fraince an 8 Lúnasa 2014).
5.7. An Laitvia
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ag an gCoiste um Rialú Earraí Straitéiseacha ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
Tá liosta náisiúnta d’ítimí nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán i bhfeidhm.
|
– 10A901 |
Airm a úsáideann armlón i gcásáil nach armlón lárlámhaigh é (armlón imeall-lámhaigh), comhpháirteanna agus armlón saindeartha. |
|
– 10A902 |
Trealamh a bhaineann le haerárthaí, páirteanna spártha agus comhpháirteanna. Ní infheidhme an rialú ach maidir le trealamh, páirteanna spártha agus comhpháirteanna aerárthaigh is féidir a úsáid le haghaidh aerárthaí sibhialta agus míleata araon. |
|
– 10A903 |
Aerghunnaí ag a bhfuil fuinneamh is mó ná 12 J. |
|
– 10A906 |
Treoracha radhairc agus comhpháirteanna d’airm oíche. |
|
– 10A907 |
Mianaigh frithphearsanra. |
|
– 10D901 |
Bogearraí atá forbartha le haghaidh seirbhísí faisnéise agus atá saindeartha chun faisnéis a bhaint as ríomhairí, líonraí nó córais faisnéise eile faoi cheilte, nó an fhaisnéis sin a mhilleadh nó a athrú iontu amhlaidh. |
|
– 10E902 |
Cúnamh míleata agus cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí míleata. |
(Rialachán Uimh. 645 an 25 Meán Fómhair 2007 – “Rialachán maidir leis an Liosta Náisiúnta Earraí agus Seirbhísí Straitéiseacha”, Airteagal 3(1) den Dlí maidir le Saorchúrsaíocht Earraí Straitéiseacha an 21 Meitheamh 2007).
5.8. Lucsamburg
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
Maidir leis an onnmhaireoir a bhfuil a fhios aige nó a bhfuil amhras air go ndéantar nó gur dócha go ndéanfar díobháil leis an onnmhairiú sin nó leis na táirgí sin do shlándáil náisiúnta nó eachtrach thír Ard-Diúcacht Lucsamburg nó do chosaint chearta an duine, cuirfidh an t-onnmhaireoir sin na hAirí atá freagrach as Trádáil Eachtrach agus as Gnóthaí Eachtracha ar an eolas, a chuirfidh an t-onnmhaireoir nó a ionadaí údaraithe ar an eolas faoin ngá nó a mhalairt maidir leis an údarú a iarraidh.
(Dlí an 27 Meitheamh 2018, Airteagal 45 (2)).
5.9. An Ísiltír
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ag an Aire Gnóthaí Eachtracha ar chúiseanna slándála poiblí, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a chosc, nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Airteagal 4 den Fhoraithne maidir le hEarraí Straitéiseacha – Besluit strategische goederen).
Glacadh rialuithe náisiúnta maidir le honnmhairiú ítimí ar mhaithe le brú faoi chois inmheánach agus bróicéireacht seirbhísí chuig an tSiria agus maidir le honnmhairiú ítimí ar mhaithe le brú faoi chois inmheánach chuig an Éigipt agus chuig an Úcráin.
(Foraithne um Earraí Dé-Úsáide – Regeling goederen voor tweeërlei gebruik).
Forchuireadh ceanglais údarúcháin maidir le honnmhairiú 37 shubstaint cheimiceacha chuig an Iaráic, gan beann ar an gcoinsíní nó ar an úsáideoir deiridh ar leithligh.
(Foraithne um Earraí Dé-Úsáide chuig an Iaráic – Regeling goederen voor tweeërlei gebruik Irak).
5.10. An Ostair
Féadfaidh onnmhairiú nó idirthuras ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Airteagal 20 den Acht um Thrádáil Eachtrach 2011 (Außenwirtschaftsgesetz 2011, BGBl. I Uimh. 26/2011)).
5.11. An Rómáin
Féadfaidh onnmhairiú ítimí dé-úsáide, nach liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán, a bheith faoi réir údarú nó toirmiscthe ar chúiseanna slándála poiblí nó chun ceisteanna chearta an duine a chur san áireamh.
(Airteagal 7 d’Ordú Éigeandála Uimh. 119 an 23 Nollaig 2010 (GEO Uimh. 119/2010) maidir leis an gcóras rialaithe le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le hítimí dé-úsáide).
6. FAISNÉIS ARNA SOLÁTHAR AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 11(5) DEN RIALACHÁN (AISTRITHE LAISTIGH DEN CHOMHPHOBAL)
Leagtar síos le hAirteagal 11(5) maidir leis na Ballstáit a fhorchuireann ceanglas údarúcháin maidir le haistriú ítimí óna gcríoch go Ballstát eile ar ítimí iad nach liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán (liostaítear in Iarscríbhinn IV ítimí nach dtairbhíonn de shaoirse gluaiseachta sa mhargadh aonair), nach mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas, agus nach mór don Choimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú faoi seach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
An bhfuil bearta sonracha déanta chun síneadh a chur le rialuithe maidir le haistriú laistigh den Aontas i ndáil le hAirteagal 11(2)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
TÁ |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
TÁ |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
TÁ |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
NÍL |
|
AN IODÁIL |
NÍL |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
NÍL |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
TÁ |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
NÍL |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
NÍL |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
TÁ |
|
AN FHIONLAINN |
NÍL |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
6.1. An Bhulgáir
Chuir an Bhulgáir síneadh le rialuithe maidir le haistriú laistigh den Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 11(2) den Rialachán agus thug ceanglas isteach maidir le tuilleadh faisnéise a sholáthar do na húdaráis inniúla maidir le haistrithe áirithe laistigh den Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 11(8) den Rialachán.
(Airteagal 51, mír 8 agus mír 9 den Ghníomh um Rialú Onnmhairiúcháin maidir le Táirgí a Bhaineann le Cosaint agus Ítimí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, Iris Stáit Uimh. 26/29 Márta 2011, éifeachtach ón 30 Meitheamh 2012).
6.2. Poblacht na Seice
Le Gníomh Uimh. 594/2004 Coll., cuirtear síneadh le rialuithe i ndáil le haistrithe laistigh den Aontas ó Phoblacht na Seice mar a leagtar amach in Airteagal 11(2) den Rialachán.
6.3. An Ghearmáin
Le Roinn 11 den Reacht maidir le Trádáil Eachtrach agus Íocaíochtaí (Aussenwirtschaftsverordnung - AWV), cuirtear síneadh le rialuithe i ndáil le haistrithe laistigh den Aontas ón nGearmáin mar a leagtar amach in Airteagal 11(2) den Rialachán.
6.4. An Eastóin
Leis an nGníomh um Earraí Straitéiseacha §3(6), cuirtear síneadh le rialuithe i ndáil le haistrithe laistigh den Aontas mar a leagtar síos in Airteagal 11(2) den Rialachán.
6.5. An Ghréig
Le Roinn 3.4 de Chinneadh Aireachta Uimh. 121837/E3/21837 an 28 Meán Fómhair 2009, cuirtear síneadh le rialuithe i ndáil le haistrithe laistigh den Aontas ón nGréig mar a leagtar amach in Airteagal 11(2) den Rialachán.
6.6. Lucsamburg
Féadfar ceanglas údarúcháin a fhorchur maidir le haistriú ítimí dé-úsáide, seachas na hítimí dé-úsáide sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán, ó chríoch Ard-Diúcacht Lucsamburg go Ballstát eile sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) den Rialachán.
(Dlí an 27 Meitheamh 2018 maidir le rialú onnmhairiúcháin, Airteagal 44).
6.7. An Ungáir
Le mír 16 d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 13 de 2011 “maidir le húdarú trádála eachtraí ítimí dé-úsáide”, glactar ceanglas ceadúnúcháin maidir le hítimí dé-úsáide a liostaítear le haghaidh a n-aistrithe laistigh den Aontas má tá feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11(2) den Rialachán.
6.8. An Ísiltír
Féadfar ceanglas údarúcháin maidir le haistrithe laistigh den Aontas a fhorchur i gcásanna aonair i ndáil le hítimí dé-úsáide.
(Airteagal 4a(2) den Fhoraithne maidir le hEarraí Straitéiseacha – Besluit strategische goederen).
6.9. An tSlóvaic
Le mír 23(2) de Ghníomh Uimh. 39/2011 Coll., cuirtear síneadh le rialuithe i ndáil le haistrithe laistigh den Aontas ó Phoblacht na Slóvaice, mar a leagtar amach in Airteagal 11(2) den Rialachán.
7. FAISNÉIS ARNA SOLÁTHAR AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 11(8) DEN RIALACHÁN (AISTRITHE LAISTIGH DEN CHOMHPHOBAL)
Leagtar síos le hAirteagal 11(8) go bhféadfaidh Ballstát a cheangal, maidir le hítimí a aistriú óna chríoch go Ballstát eile ar ítimí iad a liostaítear i gCatagóir 5, Cuid 2 d’Iarscríbhinn I, nach liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán iad, go soláthrófar tuilleadh faisnéise a bhaineann leis na hítimí sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
An bhfuil bearta sonracha déanta chun síneadh a chur le rialuithe maidir le haistriú laistigh den Aontas i ndáil le hAirteagal 11(8)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
NÍL |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
NÍL |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
NÍL |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
NÍL |
|
AN IODÁIL |
NÍL |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
NÍL |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
TÁ |
|
AN UNGÁIR |
NÍL |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
NÍL |
|
AN OSTAIR |
NÍL |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
NÍL |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
NÍL |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
7.1. An Bhulgáir
Maidir le hítimí aistriú ó Phoblacht na Bulgáire go críoch Ballstát eile ar ítimí dé-úsáide iad a liostaítear i gCatagóir 5, Cuid 2 d’Iarscríbhinn I agus nach liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán, féadfaidh an Coimisiún Idiraireachta tuilleadh faisnéise a bhaineann leis na hítimí a cheangal ón duine a dhéanann an t-aistriú.
(Airteagal 51 (9) den Ghníomh um Rialú Onnmhairiúcháín maidir le Táirgí a Bhaineann le Cosaint agus Ítimí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide, Iris Stáit Uimh. 26/29 Márta 2011, éifeachtach ón 30 Meitheamh 2012).
7.2. Lucsamburg
Maidir le hítimí aistriú ó Ard-Diúcacht Lucsamburg go críoch Ballstát eile ar ítimí dé-úsáide iad a liostaítear i gCatagóir 5, Cuid 2 d’Iarscríbhinn I agus nach liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán, soláthrófar an fhaisnéis bhreise seo a leanas faoi chuimsiú an iarratais údarúcháin:
|
1. |
Léiriú ar thagairt tráchtála na hítime, tuairisc ghinearálta uirthi agus ar na gnéithe ginearálta a bhaineann léi; |
|
2. |
Cur i láthair na seirbhísí cripteolaíochta atá le soláthar; |
|
3. |
Cur i láthair chur chun feidhme na n-algartam; |
|
4. |
Cur i láthair na norm nó na gcaighdeán slándála; |
|
5. |
Cur i láthair an chineáil sonraí a bhaineann leis an tseirbhís; |
|
6. |
Doiciméad a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla na hítime (in 12 phointe) |
(Rialachán an Ard-Diúic an 14 Nollaig 2018, Airteagal 10(1), mír 1 fomhír 2° agus mír 2 fomhír 4°, agus Iarscríbhinn 15).
8. FAISNÉIS ARNA SOLÁTHAR AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 12(6)(B) DEN RIALACHÁN (ÚDARUITHE NÁISIÚNTA GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN)
Le hAirteagal 12(6)(b) den Rialachán, ceanglaítear ar an gCoimisiún bearta a fhoilsiú ar bearta iad a dhéanann na Ballstáit i ndáil le haon údarú náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin a eisítear nó a mhodhnaítear.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
A bhfuil do Bhallstát tar éis aon údarú náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin a eisiúint nó a mhodhnú i ndáil le hAirteagal 12(6)? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
NÍL |
|
POBLACHT NA SEICE |
NÍL |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
TÁ |
|
AN EASTÓIN |
NÍL |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
TÁ |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
TÁ |
|
AN CHRÓIT |
TÁ (ach NÍL sé in úsáid) |
|
AN IODÁIL |
TÁ |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
NÍL |
|
AN LIOTUÁIN |
NÍL |
|
LUCSAMBURG |
NÍL |
|
AN UNGÁIR |
NÍL |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
TÁ |
|
AN OSTAIR |
TÁ |
|
AN PHOLAINN |
NÍL |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
NÍL |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
TÁ (ach NÍL sé in úsáid) |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
8.1. An Ghearmáin
Tá sé Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin i bhfeidhm sa Ghearmáin:
|
1 |
Údarú Ginearálta Uimh. 12 maidir le hearraí áirithe dé-úsáide faoi thairseach áirithe luacha a onnmhairiú; |
|
2 |
Údarú Ginearálta Uimh. 13 maidir le hearraí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú in imthosca áirithe; |
|
3 |
Údarú Ginearálta Uimh. 14 maidir le comhlaí agus caidéal; |
|
4 |
Údarú Ginearálta Uimh. 15 maidir le hítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú i ndiaidh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach (Brexit); |
|
5 |
Údarú Ginearálta Uimh. 16 maidir le hítimí teileachumarsáide agus slándála sonraí a onnmhairiú; |
|
6 |
Údarú Ginearálta Uimh. 17 maidir le hathróirí minicíochta a onnmhairiú. |
8.2. An Ghréig
Tá feidhm ag Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú chuig na cinn scríbe a leanas: An Airgintín, Poblacht na Cóiré, Cónaidhm na Rúise, an Úcráin, an Tuirc agus an Afraic Theas.
(Cinneadh Aireachta Uimh. 125263/e3/25263/6-2-2007).
8.3. An Fhrainc
Tá seacht nÚdarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin i bhfeidhm sa Fhrainc:
|
1 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hearraí tionsclaíocha, mar a shainmhínítear i bhforaithne an 18 Iúil 2002 a bhaineann le honnmhairiú earraí tionsclaíocha faoi réir rialú straitéiseach sa Chomhphobal Eorpach [mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince Uimh. 176 an 30 Iúil 2002 (téacs 11) agus arna leasú le foraithne an 21 Meitheamh 2004 a bhaineann le méadú an Aontais Eorpaigh mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 31 Iúil 2004 (téacs 5)]; |
|
2 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le táirgí ceimiceacha, mar a shainmhínítear i bhforaithne an 18 Iúil 2002 a bhaineann le honnmhairiú táirgí ceimiceacha dé-úsáide [mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince Uimh. 176 an 30 Iúil 2002 (téacs 12) agus arna leasú le foraithne an 21 Meitheamh 2004 a bhaineann le méadú an Aontais Eorpaigh mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 31 Iúil 2004 (téacs 6)]; |
|
3 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le graifíte, mar a shainmhínítear i bhforaithne an 18 Iúil 2002 a bhaineann le honnmhairiú graifít de cháilíocht núicléach [mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince Uimh. 176 an 30 Iúil 2002 (téacs 13) agus arna leasú le foraithne an 21 Meitheamh 2004 a bhaineann le méadú an Aontais Eorpaigh mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 31 Iúil 2004 (téacs 7)]; |
|
4 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le táirgí bitheolaíocha, mar a shainmhínítear i bhforaithne an 14 Bealtaine 2007 agus arna leasú le foraithne an 18 Márta 2010 a bhaineann le honnmhairiú dúl géiniteach agus orgánach géinmhodhnaithe áirithe [mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 20 Márta 2010]; |
|
5 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hítimí dé-úsáide áirithe d’fhórsaí armtha na Fraince i dtríú tíortha (Ordú ón Aire an 31 Iúil 2014, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Fraince an 8 Lúnasa 2014); |
|
6 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta maidir le honnmhairiú nó le haistriú ítimí dé-úsáide áirithe laistigh den Aontas le haghaidh taispeántais nó aonaigh (Ordú ón Aire an 31 Iúil 2014 arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Fraince an 8 Lúnasa 2014). |
|
7 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta maidir le honnmhairiú ítimí dé-úsáide áirithe chun aerárthaí sibhialta a dheisiú, a thugtar Údarú Náisiúnta Ginearálta maidir le “trealamh aerloingseoireachta” air freisin (Ordú ón Aire an 14 Eanáir 2019 arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince an 18 Eanáir 2019 (téacs 19). |
Leagtar na hítimí sonracha a chumhdaítear leis na húdaraithe amach sna foraitheanta ábhartha.
8.4. An Chróit
Féadfaidh an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin a eisiúint maidir le hítimí dé-úsáide a onnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán (Gníomh um Rialú Ítimí Dé-Úsáide (IO 80/11 i 68/2013)).
8.5. An Iodáil
Tá feidhm ag Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú chuig na cinn scríbe a leanas: Antartaice (bunáiteanna na hIodáile), an Airgintín, Poblacht na Cóiré, an Tuirc.
(Foraithne an 4 Lúnasa 2003 arna foilsiú in Iris Oifigiúil Uimh. 202 an 1 Meán Fómhair 2003).
8.6. An Ísiltír
Tá dhá Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin i bhfeidhm san Ísiltír:
|
1 |
Tá feidhm ag Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hítimí áirithe dé-úsáide a onnmhairiú chuig gach ceann scríbe, cé is moite de na tíortha seo a leanas:
(Údarú Náisiúnta Ginearálta NL002 - Nationale Algemene Uitvoervergunning NL002) |
||||
|
2 |
Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin maidir le hítimí le haghaidh slándáil faisnéise a onnmhairiú chuig gach ceann scríbe, cé is moite de na tíortha seo a leanas:
(Údarú Náisiúnta Ginearálta NL010 - Nationale Algemene Uitvoervergunning NL 010 (items voor informatiebeveiliging)) |
8.7. An Ostair
Tá ceithre Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin i bhfeidhm san Ostair:
|
1 |
AT001 maidir le hítimí dé-úsáide áirithe i gcás ina ndéanfar iad a ath-onnmhairiú go dtí an tír thionscnaimh gan mhodhnú, nó i gcás ina ndéanfar ítimí lena mbaineann an chainníocht agus an cháilíocht chéanna a onnmhairiú go dtí an tír thionscnaimh, nó i gcás ina ndéanfar teicneolaíocht a ath-onnmhairiú i dteannta breiseanna mionchúiseacha, agus iad ar fad laistigh de thrí mhí tar éis iad a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach; |
|
2 |
AT002 maidir le hearraí áirithe dé-úsáide faoi thairseach áirithe luacha a onnmhairiú; |
|
3 |
AT003 maidir le comhlaí agus le caidéil a shonraítear in iontrálacha 2B350g agus 2B350i go dtí cinn scríbe áirithe; |
|
4 |
AT004 maidir le hathróirí minicíochta a shonraítear in iontráil 3A225 agus bogearraí gaolmhara agus teicneolaíocht ghaolmhar. |
Leagtar mionsonraí na n-údaraithe sin amach in Airteagail 3 go dtí 3c den Chéad Reacht maidir le Trádáil Eachtrach, BGBl. II Uimh. 343/2011 an 28 Deireadh Fómhair 2011 arna leasú le hOrdanáis BGBl. II Uimh. 430/2015 an 17 Nollaig 2015. Is féidir coinníollacha maidir lena n-úsáid (clárú agus ceanglais fógartha) a fháil in Airteagal 16 den Reacht céanna.
8.8. An Fhionlainn
Féadfaidh an Aireacht Gnóthaí Eachtracha Údarú Náisiúnta Ginearálta Onnmhairiúcháin a eisiúint maidir le hítimí dé-úsáide a onnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán de bhun Roinn 3, Mír 1 de Ghníomh Dé-Úsáide Uimh. 562/1996 (arna leasú).
9. FAISNÉIS ARNA CUR AR FÁIL AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 22 DEN RIALACHÁN (OIFIGÍ CUSTAIM ARNA gCUMHACHTÚ GO SPEISIALTA)
Le hAirteagal 22, ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas má bhain siad úsáid as an rogha na foirmiúlachtaí custaim maidir le honnmhairiú ítimí dé-úsáide a chur i gcrích ag oifigí custaim arna gcumhachtú chuige sin agus ag na hoifigí sin amháin.
Tugtar forbhreathnú sa tábla thíos ar na bearta atá déanta ag na Ballstáit, mar a tugadh fógra don Choimisiún ina leith. Soláthraítear mionsonraí maidir leis na bearta ina dhiaidh sin.
|
Ballstát |
An bhfuil oifigí custaim sonracha ainmnithe, i ndáil le hAirteagal 22(1), ina bhféadfar foirmiúlachtaí custaim maidir le honnmhairiú ítimí dé-úsáide a chur i gcrích? |
|
AN BHEILG |
NÍL |
|
AN BHULGÁIR |
TÁ |
|
POBLACHT NA SEICE |
NÍL |
|
AN DANMHAIRG |
NÍL |
|
AN GHEARMÁIN |
NÍL |
|
AN EASTÓIN |
TÁ |
|
ÉIRE |
NÍL |
|
AN GHRÉIG |
NÍL |
|
AN SPÁINN |
NÍL |
|
AN FHRAINC |
NÍL |
|
AN CHRÓIT |
NÍL |
|
AN IODÁIL |
NÍL |
|
AN CHIPIR |
NÍL |
|
AN LAITVIA |
NÍL |
|
AN LIOTUÁIN |
TÁ |
|
LUCSAMBURG |
NÍL |
|
AN UNGÁIR |
NÍL |
|
MÁLTA |
NÍL |
|
AN ÍSILTÍR |
NÍL |
|
AN OSTAIR |
NÍL |
|
AN PHOLAINN |
TÁ |
|
AN PHORTAINGÉIL |
NÍL |
|
AN RÓMÁIN |
TÁ |
|
AN tSLÓIVÉIN |
NÍL |
|
AN tSLÓVAIC |
NÍL |
|
AN FHIONLAINN |
NÍL |
|
AN tSUALAINN |
NÍL |
9.1. An Bhulgáir
Rinne Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta Custaim oifigí custaim críochacha Phoblacht na Bulgáire le haghaidh hearraí straitéiseacha a fhormheas faoi Ordú ón Aireacht Airgeadais Uimh. 55/32-11385 an 14 Eanáir 2016 (Iris Oifigiúil 9/2016). Is féidir liosta a fháil ar an suíomh gréasáin a leanas de na hoifigí custaim sa Bhulgáir trína bhféadfaidh ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí críoch chustaim an Aontais a fhágáil nó teacht isteach inti:
http://www.mi.government.bg/en/themes/evropeisko-i-nacionalno-zakonodatelstvo-v-oblastta-na-eksportniya-kontrol-i-nerazprostranenieto-na-or-225-338.html
9.2. An Eastóin
Is féidir liosta a fháil ar an suíomh gréasáin a leanas de na hoifigí custaim san Eastóin trína bhféadfaidh ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí críoch chustaim an Aontais a fhágáil nó teacht isteach inti:
http://www.emta.ee/index.php?id=24795
9.3. An Liotuáin
Is féidir liosta a fháil ar an suíomh gréasáin a leanas de na hoifigí custaim sa Liotuáin trína bhféadfaidh ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí críoch chustaim an Aontais a fhágáil nó teacht isteach inti:
https://www.lrmuitine.lt/web/guest/verslui/apribojimai/bendra#en
9.4. An Pholainn
Is féidir liosta a fháil ar an suíomh gréasáin a leanas de na hoifigí custaim sa Pholainn trína bhféadfaidh ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí críoch chustaim an Aontais a fhágáil nó teacht isteach inti: http://isap.sejm.gov.pl/DetailsServlet?id=WDU20150000136&min=1
9.5. An Rómáin
Is féidir liosta a fháil ar an suíomh gréasáin a leanas de na hoifigí custaim sa Rómáin trína bhféadfaidh ítimí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí críoch chustaim an Aontais a fhágáil nó teacht isteach inti: https://www.customs.ro/agenti-economici/instruirea-operatorilor-economici/vamuirea-marfurilor/produse-strategice
10. FAISNÉIS ARNA SOLÁTHAR AG NA BALLSTÁIT I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAIL 23(1)(A) DEN RIALACHÁN (ÚDARÁIS NÁISIÚNTA A CHUMHACHTAÍTEAR CHUN NA NITHE A LEANAS A DHÉANAMH: ÚDARUITHE ONNMHAIRIÚCHÁIN A DHEONÚ LE hAGHAIDH ÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE; ÚDARUITHE A DHEONÚ FAOIN RIALACHÁN CHUN SEIRBHÍSÍ BRÓICÉIREACHTA AGUS CÚNAMH TEICNIÚIL A SHOLÁTHAR; IDIRTHURAS ÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE NEAMH-AE A THOIRMEASC FAOIN RIALACHÁN)
Le hAirteagal 23(1)(a) den Rialachán ceanglaítear ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú de na húdaráis a chumhachtaítear chun na nithe a leanas a dhéanamh:
|
— |
údaruithe onnmhairiúcháin a dheonú le haghaidh ítimí dé-úsáide; |
|
— |
údaruithe a dheonú faoin Rialachán chun seirbhísí bróicéireachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar; |
|
— |
idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-AE a thoirmeasc faoin Rialachán). |
10.1. An Bheilg
Le haghaidh Réigiún Phríomhchathair na Bruiséile (ceantair a bhfuil cóid poist 1000 go 1299 acu)
|
Service Public Régional de Bruxelles an Bhruiséil Idirnáisiúnta - |
|
Cellule licences - Cel vergunningen |
|
Mr Cataldo ALU |
|
City-Center |
|
Boulevard du Jardin Botanique 20 |
|
1035 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
Teil. +32 28003727 |
|
Facs +32 28003824 |
|
Ríomhphost: calu@sprb.brussels |
|
Suíomh gréasáin: http://international.brussels/qui-sommes-nous/#permits-unit |
Le haghaidh an Réigiúin Vallúnaigh (ceantair a bhfuil cóid poist 1300 go 1499 agus 4000 go 7999 acu)
|
Service public de Wallonie |
|
Direction Générale de l’Économie, de l’Emploi et de la Recherche |
|
Direction des Licences d’Armes |
|
Mr Michel Moreels |
|
Chaussée de Louvain 14 |
|
5000 Namur |
|
BELGIQUE |
|
Teil. +32 81649751 |
|
Facs +32 81649759/60 |
|
Ríomhphost: licences.dgo6@spw.wallonie.be |
|
Suíomh gréasáin: http://economie.wallonie.be/Licences_armes/Accueil.html |
Le haghaidh Réigiún Fhlóndras (ceantair a bhfuil cóid poist 1500 go 3999 agus 8000 go 9999 acu)
|
Flemish Department of Foreign Affairs |
|
Strategic Goods Control Unit |
|
Mr Michael Peeters |
|
Havenlaan 88, bus 80 |
|
1000 An Bhruiséil |
|
BELGIË |
|
Teil. +32 499589934 |
|
Ríomhphost: csg@buza.vlaanderen |
|
Suíomh gréasáin: www.fdfa.be/csg |
10.2. An Bhulgáir
|
Interministerial Commission for Export Control and Non-Proliferation of Weapons of Mass Destruction with the Minister for Economy |
|
1000 Sofia |
|
8, Slavyanska Str. |
|
AN BHULGÁIR |
|
Teil. +359 29407771, +359 29407786 |
|
Facs +359 29880727 |
|
Ríomhphost: ivan.penchev@mi.government.bg agus n.grahovska@mi.government.bg |
|
Suíomh gréasáin: www.exportcontrol.bg; http://www.mi.government.bg |
10.3. Poblacht na Seice
|
Ministry of Industry and Trade Licensing Office |
|
Na Františku 32 110 15 Prague 1 |
|
POBLACHT NA SEICE |
|
Teil. +420 224907638 |
|
Facs +420 224214558 nó +420 224221811 |
|
Ríomhphost: leitgeb@mpo.cz nó dual@mpo.cz |
|
Suíomh gréasáin: www.mpo.cz |
10.4. An Danmhairg
|
Exportcontrols |
|
Danish Business Authority |
|
Langelinie Allé 17 |
|
2100 Cóbanhávan |
|
AN DANMHAIRG |
|
Teil. +45 35291000 |
|
Facs +45 35466632 |
|
Ríomhphost: eksportkontrol@erst.dk |
|
Suíomh gréasáin: sa Bhéarla: www.exportcontrols.dk; sa Danmhairgis: www.eksportkontrol.dk |
10.5. An Ghearmáin
|
Federal Office for Economic Affairs and Export Control (Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle) |
|
Frankfurter Strasse 29-35 65760 Eschborn |
|
AN GHEARMÁIN |
|
Teil. +49 6196908-0 |
|
Facs +49 6196908-1800 |
|
Ríomhphost: ausfuhrkontrolle@bafa.bund.de |
|
Suíomh gréasáin: http://www.bafa.de/Ausfuhr |
10.6. An Eastóin
|
Strategic Goods Commission, Ministry of Foreign Affairs Islandi väljak 1 15049 Tallinn |
|
AN EASTÓIN |
|
Teil. +372 6377192 |
|
Facs +372 6377199 |
|
Ríomhphost: stratkom@vm.ee |
|
Suíomh gréasáin: sa Bhéarla: http://www.vm.ee/?q=en/taxonomy/term/58; |
|
san Eastóinis: http://www.vm.ee/?q=taxonomy/term/50 |
10.7. Éire
|
An tAonad Ceadúnúcháin agus Rialaithe Trádála |
|
An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta |
|
Lárionad Phort an Iarla |
|
Sráid Haiste Íochtarach |
|
Baile Átha Cliath 2 |
|
ÉIRE |
|
Teagmháil: David Martin, Niamh Guihen |
|
Teil. +353 16312328, +353 16312287 |
|
Ríomhphost: david.martin@dbei.gov.ie - niamh.guihen@dbei.gov.ie - |
|
exportcontrol@dbei.gov.ie |
|
Suíomh gréasáin: https://www.djei.ie/en/What-We-Do/Trade-Investment/Export-Licences/ |
10.8. An Ghréig
|
Ministry of Foreign Affairs |
|
General Secretariat of International Economic Relations and Openness |
|
B6 Directorate for Multilateral Economic Relations and Trade Policy |
|
Kornarou 1 Street |
|
10563 Athens |
|
An Ghréig |
|
Teil.+30 2103286036/49/51 |
|
Ríomhphost: andreopoulou.dimitra@mfa.gr; skourti.hara@mfa.gr; skourt.katerina@mfa.gr |
10.9. An Spáinn
Is iad Ardrúnaíocht na Trádála Eachtraí (Secretaría General de Comercio Exterior), an Roinn Custaim (Agencia Tributaria - Aduanas) agus Aireacht na hOifige Eachtraí (Ministerio de Asuntos Exteriores, Unión Europea y Cooperación) na húdaráis a chumhachtaítear chun ceadúnais a dheonú agus cinneadh a dhéanamh idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-Chomhphobail a thoirmeasc.
|
Pointe teagmhála san Oifig Ceadúnúcháin: An tUasal. Ramón Muro Martínez. Fo-Ardstiúrthóir. |
|
Ministerio de Industria, Comercio y Turismo |
|
Paseo de la Castellana, 162, 7a 28046 Maidrid |
|
AN SPÁINN |
|
Teil. +34 913492587 |
|
Facs +34 913492470 |
|
Ríomhphost: rmuro@mincotur.es; sgdefensa.sscc@comercio.mineco.es |
|
Suíomh gréasáin: http://www.comercio.gob.es/es-ES/comercio-exterior/informacion-sectorial/material-de-defensa-y-de-doble-uso/Paginas/conceptos.aspx |
10.10. An Fhrainc
|
Ministère de l’Économie et des Finances |
|
Direction Générale des Enterprises |
|
Service des biens à double usage (SBDU) |
|
67, rue Barbès – BP 80001 |
|
94201 Ivry-sur-Seine Cedex |
|
AN FHRAINC |
|
Teil. +33 179843419 |
|
Ríomhphost: doublusage@finances.gouv.fr |
|
Suíomh gréasáin: https://www.entreprises.gouv.fr/biens-double-usage |
10.11. An Chróit
|
Ministry of Foreign and European Affairs |
|
Directorate for Economic Affairs and Development Coordination |
|
Export Control Division |
|
Trg N. Š. Zrinskog 7-8 |
|
10000 Zagreb |
|
An Chróit |
|
Pointe teagmhála: Vesna Focht, Silvija Šplajt |
|
Teil: +385 14598123, 122 |
|
Facs: +385 14597788 |
|
Ríomhphost: kontrola.izvoza@mvep.hr |
|
Suíomh gréasáin: http://gd.mvep.hr/hr/kontrola-izvoza/ |
10.12. An Iodáil
|
Ministry of Foreign Affairs and International Cooperation |
|
National Authority – UAMA (Unit for the Authorizations of Armament Materials) |
|
Viale Boston, 25 |
|
00144 Roma |
|
AN IODÁIL |
|
Teil. +39 0659932439 |
|
Facs +39 0659932103 |
|
Ríomhphost: uama.dualuse@esteri.it; uama.dualuse@cert.esteri.it; roberto.orlando@esteri.it |
|
Suíomh gréasáin: https://www.esteri.it/mae/it/ministero/struttura/uama/legislazione.html |
10.13. An Chipir
|
Ministry of Energy, Commerce and Industry 6, Andrea Araouzou 1421 Nicosia |
|
AN CHIPIR |
|
Teil. +357 22867100, 22867197 |
|
Facs +357 22375120, 22375443 |
|
Ríomhphost: pevgeniou@meci.gov.cy |
|
Suíomh gréasáin: http://www.meci.gov.cy/MECI/trade/ts.nsf |
10.14. An Laitvia
|
Control Committee for Strategic Goods |
|
Chairman of the Committee: Mr Andris Pelšs |
|
Executive Secretary: Mr Nauris Rumpe |
|
Ministry of Foreign Affairs |
|
3, K. Sráid Valdemara |
|
Ríge, LV-1395 |
|
AN LAITVIA |
|
Teil. +371 67016426 |
|
Ríomhphost: nauris.rumpe@mfa.gov.lv |
|
Suíomh gréasáin: https://www.mfa.gov.lv/tautiesiem-arzemes/aktualitates-tautiesiem/20440-strategiskas-nozimes-precu-kontrole?lang=lv-LV |
10.15. An Liotuáin
Údarás a chumhachtaítear chun údaruithe onnmhairiúcháin a dheonú le haghaidh ítimí dé-úsáide agus údaráis a chumhachtaítear chun údaruithe a dheonú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar:
|
Ministry of Economy and Innovation of the Republic of Lithuania |
|
Gedimino ave. 38/Vasario 16 st.2 LT-01104 Vilnius |
|
AN LIOTUÁIN |
|
Sonraí teagmhála: |
|
Export Policy Division |
|
Economic Development Department |
|
Teil. +370 70664680 |
|
Ríomhphost: vienaslangelis@eimin.lt |
|
Suíomh gréasáin: http://eimin.lrv.lt/lt/veiklos-sritys/eksportas/strateginiu-prekiu-kontrole |
Údarás a chumhachtaítear chun idirthuras ítimí dé-úsáide neamh-Chomhphobail a thoirmeasc:
|
Customs Department under the Ministry of Finance of the Republic of Lithuania |
|
A. Jaksto str. 1/25 LT-01105 Vilnius |
|
AN LIOTUÁIN |
|
Sonraí teagmhála: |
|
Customs Criminal Service |
|
Teil. +370 52616960 |
|
Ríomhphost: budetmd@lrmuitine.lt |
10.16. Lucsamburg
|
1) |
An tAire atá freagrach as Trádáil Eachtrach |
|
2) |
An tAire atá freagrach as Gnóthaí Eachtracha |
Seoladh Poist
|
Ministère de l’Economie |
|
Office du contrôle des exportations, importations et du transit (OCEIT) |
|
19-21, Boulevard Royal |
|
L-2449 Lucsamburg |
|
Teil. +352 226162 |
|
Ríomhphost oceit@eco.etat.lu |
10.17. An Ungáir
|
Government Office of the Capital City Budapest |
|
Department of Trade, Defence Industry, Export Control and Precious Metal Assay |
|
Export Control Unit |
|
Németvölgyi út 37-39. |
|
1124 Búdaipeist |
|
AN UNGÁIR |
|
Teil. +36 14585577 |
|
Facs +36 14585869 |
|
Ríomhphost: exportcontrol@bfkh.gov.hu |
|
Suíomh gréasáin: http://mkeh.gov.hu/haditechnika/kettos_felhasznalasu |
10.18. Málta
|
Commerce Department Mr Brian Montebello Trade Services |
|
MÁLTA |
|
Teil. +356 25690214 |
|
Facs +356 21240516 |
|
Ríomhphost: brian.montebello@gov.mt |
|
Suíomh gréasáin: https://commerce.gov.mt/en/Trade_Services/Imports%20and%20Exports/Pages/DUAL%20USE/DUAL-USE-TRADE-CONTROLS.aspx |
10.19. An Ísiltír
|
Ministry for Foreign Affairs |
|
Directorate-General for International Relations |
|
Department for Trade Policy and Economic Governance |
|
PO Box 20061 2500 EB The Hague |
|
AN ÍSILTÍR |
|
Teil. +31 703485954 |
|
Dutch Customs/Central Office for Import and Export PO Box 30003 9700 RD Groningen, |
|
AN ÍSILTÍR |
|
Teil. +31 881512400 |
|
Facs +31 881513182 |
|
Ríomhphost: DRN-CDIU.groningen@belastingdienst.nl |
|
Suíomh gréasáin: www.rijksoverheid.nl/exportcontrole |
10.20. An Ostair
|
Federal Ministry of Digital and Economic Affairs |
|
Division for Foreign Trade Administration |
|
Stubenring 1 1010 Vienna |
|
AN OSTAIR |
|
Teil.: +43 171100802335 |
|
Facs +43 171100808366 |
|
Ríomhphost: POST.III2_19@bmdw.gv.at |
|
Suíomh gréasáin: http://www.bmdw.gv.at/pawa |
10.21. An Pholainn
|
Ministry of Entrepreneurship and Technology |
|
Department for Trade in Strategic Goods and Technical Safety |
|
Pl. Trzech Krzyzy 3/5 00-507 Warszawa |
|
AN PHOLAINN |
|
Teil.: +48 222629665 |
|
Facs: +48 222629140 |
|
Ríomhphost: SekretariatDOT@mpit.gov.pl |
|
Suíomh gréasáin: https://www.gov.pl/web/przedsiebiorczosc-technologia/zezwolenia-na-obrot-produktami-podwojnego-zastosowania |
10.22. An Phortaingéil
|
Autoridade Tributária e Aduaneira |
|
Customs and Taxes Authority |
|
Rua da Alfândega, 5 |
|
1049-006 Lisboa |
|
AN PHORTAINGÉIL |
|
Stiúrthóir: Luísa Nobre; Oifigeach Ceadúnais: Maria Oliveira |
|
Teil. +351 218813843 |
|
Facs +351 218813986 |
|
Ríomhphost: dsl@at.gov..pt |
|
Suíomh gréasáin: http://www.dgaiec.min-financas.pt/pt/licenciamento/bens_tecnologias_duplo_uso/bens_tecnologias_duplo_uso.htm |
10.23. An Rómáin
|
Ministry of Foreign Affairs |
|
Department for Export Controls — ANCEX |
|
Str. Polonă nr. 8, sector 1 |
|
010501, Bucureşti |
|
AN RÓMÁIN |
|
Teil.: +40 374306950 |
|
Facs: +40 374306924 |
|
Ríomhphost: dancex@mae.ro ; dan.marian@mae.ro |
|
Suíomh gréasáin: www.ancex.ro |
10.24. An tSlóivéin
|
Ministry of Economic Development and Technology |
|
Kotnikova ulica 5 |
|
SI-1000 Ljubljana |
|
AN tSLÓIVÉIN |
|
Teil. +386 14003564 |
|
Facs +386 14003283 |
|
Ríomhphost: gp.mgrt@gov.si |
|
Suíomh gréasáin: https://www.gov.si/podrocja/podjetnistvo-in-gospodarstvo/mednarodno-gospodarsko-sodelovanje/ |
10.25. An tSlóvaic
Chun críocha Airteagal 9(6) (a) agus Airteagal 10(4) den Rialachán:
|
Ministry of Economy of the Slovak Republic |
|
Department of Trade Measures |
|
Mlynské nivy 44/a |
|
827 15 Bratislava 212 |
|
AN tSLÓVAIC |
|
Teil. +421 248544059 |
|
Facs +421 243423915 |
|
Ríomhphost: Monika.Maruniakova@mhsr.sk |
|
Suíomh gréasáin: www.economy.gov.sk |
Chun críche Airteagal 9(6)(b) den Rialachán:
|
Criminal Office of the Financial Administration |
|
Department of Drugs and Hazardous materials |
|
An tAonad Comhordúcháin |
|
Bajkalská 24 |
|
824 97 Bratislava |
|
AN tSLÓVAIC |
|
Teil.: +421 258251221 |
|
Ríomhphost: Jozef.Pullmann@financnasprava.sk |
10.26. An Fhionlainn
|
Ministry for Foreign Affairs of Finland |
|
Export Control Unit |
|
Merikasarminkatu 5F |
|
FI - 00160 HEILSINCÍ |
|
Seoladh poist: |
|
Bosca poist 176 |
|
FI-00023 RIALTAS |
|
AN FHIONLAINN |
|
Teil. +358 295350000 |
|
Ríomhphost:: vientivalvonta.um@formin.fi |
|
Suíomh gréasáin: http://formin.finland.fi/vientivalvonta |
10.27. An tSualainn
|
1. |
Inspectorate of Strategic Products (ISP) Inspektionen för strategiska produkter
Cumhachtaítear ISP chun údaruithe a dheonú i ngach cás seachas sna cásanna sin a liostaítear faoi 2 thíos |
|
2. |
Swedish Radiation Safety Authority (Strålsäkerhetsmyndigheten) Section of Nuclear Non-proliferation and Security.
Le hIarscríbhinn 1, Catagóir 0, a ghabhann leis an Rialachán, cumhachtaítear Údarás Sábháilteachta Radaíochta na Sualainne chun údaruithe maidir le hidirthuras táirgí a dheonú agus idirthuras na dtáirgí sin a thoirmeasc. |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/61 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10574 - ADVENT / CALDIC)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 66/05)
1.
An 31 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Advent International Corporation agus/nó a chleamhnaithe (“Advent”, na Stáit Aontaithe), |
|
— |
Caldic Holdco B.V. (“Caldic”, an Ísiltír). |
Gheobhaidh Advent rialú aonair ar Caldic ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is infheisteoir cothromais phríobháidigh é Advent atá lonnaithe i mBostún na Stát Aontaithe agus a dhíríonn ar bhunanna cothromais a fháil agus ar chistí infheistíochta a bhainistiú in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear na hearnálacha tionsclaíochta, teicneolaíochta, miondíola, earnáil na dtomhaltóirí agus na fóillíochta, an chúraim sláinte, agus seirbhísí gnó agus airgeadais, |
|
— |
Is soláthraí idirnáisiúnta eolaíochtaí beatha breisluacha agus tuaslagán ceimiceach é Caldic a fhreastalaíonn ar chustaiméirí in earnálacha na n-eolaíochtaí beatha agus na tionsclaíochta. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10574 - ADVENT / CALDIC
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 66/63 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10570 - ADVENT / PERMIRA / MCAFEE)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 66/06)
1.
An 31 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Permira Holdings Limited (“Permira”, an Ríocht Aontaithe), |
|
— |
Advent International Corporation (“Advent”, an Stáit Aontaithe), |
|
— |
McAfee Corp. (“McAfee”, na Stáit Aontaithe). |
Gheobhaidh Permira agus Advent rialú comhpháirteach ar McAfee de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
le haghaidh Permira: seirbhísí bainistíochta infheistíochta a sholáthar do roinnt cistí infheistíochta. Tá roinnt cuideachtaí punainne á rialú ag Permira, cuideachtaí atá gníomhach in earnálacha éagsúla ar fud réimse dlínsí; |
|
— |
le haghaidh Advent: bunanna cothromais a fháil agus cistí infheistíochta a bhainistiú in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear earnáil an chúraim sláinte, na hearnálacha tionsclaíochta, teicneolaíochta, miondíola, earnáil na dtomhaltóirí agus na fóillíochta, agus seirbhísí gnó agus airgeadais; |
|
— |
le haghaidh McAfee: réitigh ardslándála a sholáthar do chustaiméirí. Tá McAfee gníomhach i ndearadh agus i bhforbairt táirgí agus seirbhísí slándála, dírithe go háirithe ar a áirithiú go bhfuil cosaint ag gairis atá nasctha leis an idirlíon ar inneachar mailíseach. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10570 - ADVENT / PERMIRA / MCAFEE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).