Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum C:2021:018I:FULL
Official Journal of the European Union, C 018I, 18 January 2021
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 018I, 18 Eanáir 2021
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 018I, 18 Eanáir 2021
|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 018I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA |
|
|
2021/C 18 I/01 |
||
|
2021/C 18 I/02 |
|
GA |
|
II Faisnéis
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA
|
18.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 18/1 |
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach
Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2021
(2021/C 18 I/01)
I ndiaidh paindéim nach bhfacthas a leithéid cheana, tá cruthaithe ag an Aontas agus ag a shaoránaigh go bhfuil teacht aniar iontu. Leis an mborradh atá arís faoin gcoróinvíreas ar fud na hEorpa, áfach, is léir an géarghá atá ann go leanfaidh na Ballstáit agus institiúidí an Aontais de ghníomhú le cáiréis, dlúthpháirtíocht, aire agus comhordú chun an ghéarchéim seo a bhainistiú agus a chur dínn. Nuair a bhí athruithe reachtacha ag teastáil chun beatha agus slite beatha a chosaint, léirigh an Eoraip an diongbháilteacht agus an inniúlacht inti gníomhú go tapa de mheon na fíor-dhlúthpháirtíochta Eorpaí. Tá gníomhaíocht ollmhór déanta ag an Aontas chun éifeachtaí socheacnamaíocha na paindéime a chomhrac, le Creat Airgeadais Ilbhliantúil glactha aige ar fiú EUR 1 074 thrilliún é agus ciste téarnaimh "NextGenerationEU" ar fiú EUR 750 billiún é. Leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh fáil fhorleathan ar vacsaíní COVID-19 ag gach duine atá ina ngá.
Beidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leag institiúidí an Aontais amach ag tús an téarma oifige seo - Eoraip shóisialta a bheidh níos sláintiúla, níos glaise, níos digití, níos cothroime, nach bhfágfaidh aon duine ar gcúl – fós mar threoir againn dár gcinntí agus dár ngníomhaíochtaí ionas go mbeidh ár sochaithe agus ár ngeilleagair níos athléimní ná riamh. Táimid tiomanta i gcónaí na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme, an fhéiniúlacht Eorpach a neartú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá sna Conarthaí.
Léirítear sa Dearbhú Comhpháirteach do 2021, ina dtarraingítear as Clár Oibre an Choimisiúin don bhliain romhainn amach, an rún daingean comhchoiteann againn na hathruithe praiticiúla is mian le saoránaigh Eorpacha a thabhairt dóibh. Anois an t-am le himeacht ó straitéis go cur chun feidhme. Leis an Dearbhú Comhpháirteach seo tarraingítear aird pholaitiúil ar thograí reachtacha tábhachtacha (1) a thíolaic an Coimisiún Eorpach cheana féin nó a thíolacfaidh sé faoi fhómhar 2021. Déanfaidh na trí institiúid gach dícheall is féidir lena áirithiú go ndéanfar a oiread dul chun cinn is féidir idir seo agus deireadh na bliana. Meabhraítear dóibh na torthaí dearfacha a d'eascair as measúnuithe tionchair maidir le feabhas a chur ar cháilíocht reachtaíocht an Aontais agus go ngabhfaidh, mar riail ghinearálta, measúnú tionchair leis na tionscnaimh a chuimsítear sa Dearbhú Comhpháirteach as a dtiocfaidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta.
Aontaíonn na trí institiúid le tús áite a thabhairt do na tionscnaimh seo a leanas, chun a oiread is féidir a bhaint amach roimh dheireadh 2021 agus na forais a chur síos ar a mbunófar claochlú agus téarnamh na hEorpa agus lena gcothófar athléimneacht na todhchaí:
|
1. |
An Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go mbeidh an t-aistriú aeráide cóir agus nach bhfágfar aon duine ar gcúl, lena gcuirfear ar a chumas don Aontas an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus lena n-áiritheofar go ndéanfar dul chun cinn uaillmhianach ionsar na sprice sin faoi 2030, agus an bhithéagsúlacht á caomhnú, an dífhoraoisiú a aisiompú, ionas go mbeidh an tsoghluaisteacht níos cliste agus níos inbhuanaithe agus ar an gcaoi sin ár n-acmhainní nádúrtha a dhaingniú; |
|
2. |
Deacáid Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, oibreoimid chun margadh aonair fíor-dhea-fheidhmiúil a chruthú le haghaidh seirbhísí digiteacha laistigh de theorainneacha sábháilte agus eiticiúla, ceapfar creat le haghaidh intleacht shaorga iontaofa, déanfar ceannas na hEorpa a thabhairt ar aghaidh le spriocanna digiteacha do 2030 agus forbrófar geilleagar sonraí bríomhar, déanfar creat uile-Aontais a fhorbairt don ríomh-shainaitheantas poiblí slán, neartófar an príobháideachas sa chumarsáid leictreonach, déanfar inniúlachtaí agus athléimneacht cibearshlándála an Aontais a fhorbairt, go háirithe maidir le cúrsaí airgeadais, agus cánachas digiteach cothrom á shaothrú againn ag an am céanna; leanfaimid den digitiú a bhrú chun cinn, go háirithe maidir le hoideachas, oiliúint agus sláinte agus i ndáil le ceannasacht dhigiteach agus acmhainneacht nuálach na hEorpa chomh maith; |
|
3. |
Chun geilleagar a sholáthar a oibríonn ar son na ndaoine, lena n-áiritheofar, go mbeidh an téarnamh chun leas na sochaí ar fad, tríd an margadh aonair a dhoimhniú agus ár dtionscail a neartú, agus gach dícheall á dhéanamh ar mhaithe le cothroime shóisialta agus rathúnas, iarmhairtí diúltacha na géarchéime a mhaolú ar son grúpaí sóisialta leochaileacha, ár dtiomantas a athnuachan d'earnáil chultúrtha bhríomhar agus atá láidir go heacnamaíoch. Ag an am céanna, an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, athléimneacht agus inbhuaine bhainc agus mhargaí caipitil na hEorpa a neartú, tuilleadh trédhearcachta a áirithiú i dtaca le cánachas ar ghnólachtaí ilnáisiúnta; agus an iomaíocht chóir a áirithiú laistigh den Aontas agus os comhair an domhain mhóir; |
|
4. |
Chun an Eoraip a dhéanamh níos láidre ar domhan, neartóimid ceannaireacht fhreagrach agus comhpháirtíocht láidir na hEorpa; táimid faoi réir freisin le fuinneamh athnuaite a chur lenár gcaidreamh trasatlantach. Cuirimid chun cinn rialacha trádála idirnáisiúnta a dhéantar a fhorfheidhmiú mar is ceart agus a thugann cothrom na Féinne; |
|
5. |
Chun Eoraip atá saor agus sábháilte a chur chun cinn, oibreoimid chun teacht ar chomhaontú nua maidir le tearmann agus imirce, lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar chúrsaí imirce ar bhealach cuimsitheach, agus chun rialú éifeachtach ar ár dteorainneacha seachtracha a áirithiú; an tsaorghluaiseacht a chosaint trí chreat Schengen a neartú; feabhas a chur ar fhreagairt na hEorpa ar ghéarchéimeanna sláinte. Gníomhóimid go cinntitheach chun scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta agus mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a chosc; |
|
6. |
Chun ár ndaonlathas a chaomhnú agus a neartú agus ár gcomhluachanna Eorpacha a chosaint, leanfaimid d'acmhainneacht na hEorpa a neartú i ndáil leis an smacht reachta agus cearta agus saoirsí bunúsacha a chumhdach agus a chaomhnú agus saoránaigh a chosaint ar bhagairtí agus coireanna atá ag teacht chun cinn. Cuirfimid feabhas ar na rialacha maidir le páirtithe polaitíochta agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus maidir le fógraíocht pholaitiúil. Áiritheoimid comhar níos mó maidir le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla agus glacfaimid bearta nua chun an comhionannas idir fir agus mná san áit oibre a shaothrú. |
Fairis sin, meabhraítear dúinn ár ngealltanas:
|
— |
An treochlár ionsar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach a chur chun feidhme; |
|
— |
Oibriú ar son Eoraip a bheidh saor ó idirdhealú agus ina mbeidh cearta agus deiseanna comhionanna ag cách; |
|
— |
Beartais athnuaite a shaothrú maidir le méadú agus comharsanacht, chomh maith le straitéis chuimsitheach leis an Afraic; |
|
— |
Dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, chomh maith le córas cánach atá fónta cothrom a áirithiú; |
|
— |
Dul i gcomhairle leis na saoránaigh ionas go mbeidh guth níos láidre acu maidir le todhchaí na hEorpa lena n-áirítear tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá ar na bioráin. |
Oibreoidh na trí institiúid le chéile ar gach togra atá ar feitheamh, faoi threoir phrionsabail an bhreisluacha Eorpaigh, na coimhdeachta agus na comhréireachta. Leanfaimid ar aghaidh d'intinn dhaingean agus go hinniúil ionas go mbeidh an Eoraip in ann an beart a dhéanamh dá saoránaigh nuair is mó agus san áit is mó a theastaíonn.
Táimid tiomanta an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar is ceart.
Déanfaimidne, mar Uachtaráin ar Pharlaimint na hEorpa, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar an gCoimisiún Eorpach, faireachán rialta ar chur chun feidhme tráthúil éifeachtúil an Dearbhaithe Chomhpháirtigh seo.
Съставено в Брюксел на десети декември две хиляди и двадесета година.
Hecho en Bruselas, el diez de diciembre de dos mil veinte.
V Bruselu dne desátého prosince dva tisíce dvacet.
Udfærdiget i Bruxelles den tiende december to tusind og tyve.
Geschehen zu Brüssel am zehnten Dezember zweitausendzwanzig.
Kahe tuhande kahekümnenda aasta detsembrikuu kümnendal päeval Brüsselis.
Έγινε στις Βρυξέλλες, στις δέκα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι.
Done at Brussels on the tenth day of December in the year two thousand and twenty.
Fait à Bruxelles, le dix décembre deux mille vingt.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an deichiú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle fiche.
Sastavljeno u Bruxellesu desetog prosinca godine dvije tisuće dvadesete.
Fatto a Bruxelles, addì dieci dicembre duemilaventi.
Briselē, divi tūkstoši divdesmitā gada desmitajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai dvidešimtų metų gruodžio dešimtą dieną Briuselyje.
Kelt Brüsszelben, a kétezer-huszadik év december havának tizedik napján.
Magħmul fi Brussell, fl-għaxar jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u għoxrin.
Gedaan te Brussel, tien december tweeduizend twintig.
Sporządzono w Brukseli dnia dziesiątego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego.
Feito em Bruxelas, em dez de dezembro de dois mil e vinte.
Întocmit la Bruxelles la zece decembrie două mii douăzeci.
V Bruseli desiateho decembra dvetisícdvadsať.
V Bruslju, dne desetega decembra leta dva tisoč dvajset.
Tehty Brysselissä kymmenentenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentä.
Som skedde i Bryssel den tionde december år tjugohundratjugo.
(1) Faoin nGnáthnós Imeachta Reachtach
|
18.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 18/5 |
Conclúidí Comhpháirteacha ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le
Cuspóirí Beartais agus Tosaíochtaí do 2020-2024
(2021/C 18 I/02)
Don téarma reachtach go dtí 2024, comhaontaíonn na trí Institiúid clár oibre uaillmhianach polaitiúil agus reachtach a chur ar fáil don téarnamh agus don bheocht athnuaite. Is clár oibre dearfach é seo le go mbeidh Aontas níos athléimní ag iarraidh téarnamh as éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus deiseanna an chlaochlaithe aeráide agus an chlaochlaithe dhigitigh á dtapú agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa á fheabhsú ag an am céanna. Ionas go mbeidh an tAontas agus a chomhpháirtithe ar chonair an téarnaimh agus chun iad a ullmhú do na haistrithe sin, tabharfaimid tús áite do na cuspóirí seo a leanas sna ceithre bliana amach romhainn:
|
1. |
Déanfaimid ár seacht ndícheall téarnamh iomlán as paindéim COVID-19 a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl leis. Leanfaimid de bheith ag cosaint beatha agus slite beatha, tacóimid le foirne leighis agus áiritheoimid go mbeidh fáil ar earraí leighis laistigh den Aontas agus thar lear, agus tabharfaimid tús áite d'fhorbairt agus imscaradh vacsaíne ar fud an domhain. Leanfaimid dár gcuid iarrachtaí a dhíriú ar bhearta chun éifeachtaí na géarchéime eacnamaíche a mhaolú. Bainfimid úsáid as ár mbuiséad ilbhliantúil uaillmhianach, arna threisiú le NextGenerationEU, chun an téarnamh agus geilleagar na todhchaí a chumhachtú agus a mhúnlú agus an treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach á chur chun feidhme. Déanfaimid an margadh aonair a dhoimhniú chun tacú le téarnamh láidir agus Eoraip níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a chruthú. Tabharfaimid aghaidh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim sláinte agus ar na leochaileachtaí a nochtadh léi, le comhar níos uaillmhianaí maidir le réimse na sláinte agus leis an gcosaint shibhialta, ag cur Aontas Sláinte na hEorpa ar bun, agus inniúlachtaí náisiúnta á n-urramú ag an am céanna. |
|
2. |
Chomh maith leis an bpaindéim a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, géaróimid ar ár gcuid oibre Aontas na chéad ghlúine eile a thógáil. Chuige sin, tabharfaimid tús áite do ghníomhaíochtaí lena gcuirfear dlús leis an aistriú chuig sochaí a bheidh níos cothroime, níos sláintiúla, níos glaise agus níos digití san Aontas agus ar bhonn domhanda. Cuirfimid borradh faoin taighde agus forbairt atá á ndéanamh againn agus faoinár n-acmhainneacht nuálaíochta le dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, go háirithe i bpríomhréimsí amhail earnáil an fhuinnimh, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus intleacht shaorga iontaofa. |
|
3. |
Is príomhthosaíocht fós í ceannaireacht dhomhanda an Aontais i gcomhrac an athraithe aeráide toisc go bhfuil laghduithe móra ar astaíochtaí agus úsáid níos éifeachtúla acmhainní i ngach earnáil den gheilleagar éirithe práinneach. Ag an am céanna, tá deiseanna ollmhóra ag baint leis an aistriú glas don fhás eacnamaíoch agus do chruthú post, agus cuirtear feabhas ar ár n-athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide leis. Sna ceithre bliana amach romhainn, saothróimid na spriocanna atá againn aeráidneodracht a bheith ann faoi 2050, aistriú a bheidh cothrom go sóisialta a dhéanamh chuig geilleagar ciorclach iomaíoch, inbhuanaithe, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. |
|
4. |
Le géarchéim COVID-19, tá dlús curtha le hipir-nascacht agus le comhtháthú teicneolaíochtaí nua a mhúnlaíonn ár slí mhaireachtála agus a chlaochlaíonn an dóigh a mbímid ag foghlaim, ag obair, ag bualadh le chéile agus ag tomhailt. Nochtadh leis an ngéarchéim freisin na leochaileachtaí atá ag an Eoraip – ón gcibearshlándáil go saincheisteanna acmhainneachta agus easpa bonneagair leathanbhanda in a lán réigiún. Chun ár n-áit sa gheilleagar domhanda a neartú agus ár luachanna a chosaint, cruthóimid ár réitigh dhigiteacha féin agus bunóimid ceannasacht dhigiteach na hEorpa. Ní mór dúinn díriú lenár n-iarrachtaí ar rochtain ar shonraí agus ar chosaint sonraí araon, ar theicneolaíocht nuálach a fhorbairt agus ar ár mbonneagar a uasghrádú. Chun leas a bhaint as ala na huaire agus an Eoraip a chur ar chonair uaillmhianach ionsar tuilleadh digitithe, saineoimid spriocanna digiteacha soiléire do 2030 agus oibreoimid i gcomhar le chéile lena mbaint amach. Ní mar a chéile a bheidh éifeachtaí eacnamaíocha na géarchéime agus luas an téarnaimh do gach grúpa sa tsochaí agus i ngach réigiún san Aontas. Tá méadú tagtha ar an dífhostaíocht i ngeall ar an ngéarchéim, go háirithe i gcás daoine óga agus ban atá ag obair i gcineálacha leochaileacha fostaíochta. Sin é an chúis a nglacfaimid bearta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme a thuilleadh, go háirithe cearta oibrithe sa gheilleagar digiteach a choimirciú, deiseanna comhionanna a chur ar fáil do chách, creat le haghaidh íosphá leordhóthanach a fhorbairt, agus pá a dhéanamh níos trédhearcaí. |
|
5. |
Chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos athléimní agus níos láidre, neartóimid a bhunchlocha a thuilleadh. Áiritheoimid saorghluaiseacht trí fheidhmiú cuí Limistéar Schengen, déanfaimid an margadh aonair a fhorfheidhmiú, a dhoimhniú agus a athbheochan, tacóimid le cláir náisiúnta athchóirithe agus infheistíochta, agus spreagfaimid infheistíochtaí príobháideacha chun tús a chur leis an ngeilleagar. Saothróimid beartas tionsclaíoch Eorpach uaillmhianach chun go mbeidh ár dtionscal níos inbhuanaithe, níos glaise, níos iomaíche ar an leibhéal domhanda, agus níos athléimní. Ní mór dúinn ár n-airgeadra aonair a neartú, cobhsaíocht airgeadais níos fearr a áirithiú agus muid féin a chosaint ar choireanna airgeadais, ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach, ar sheachaint cánach agus ar sciúradh airgid. Is gá gnólachtaí agus daoine Eorpacha a chosaint ar iomaíocht éagórach ó thar lear. Leis sin a bhaint amach, tabharfaimid sraith iomchuí gníomhaíochtaí isteach maidir le cánachas agus tabharfaimid aghaidh ar na héifeachtaí saofa a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha áirithe ar ár margadh aonair. Chun ganntanais soláthair agus spleáchais a sheachaint maidir le hearraí atá ríthábhachtach do shábháilteacht ár saoránach nó d'fheidhmiú ár ngeilleagair, sainaithneoimid spleáchais straitéiseacha agus déanfaimid gníomhaíocht chun iad a laghdú. Neartóimid ár n-uathriail straitéiseach oscailte agus ár n-athléimneacht agus coinneoimid ár dtiomantas diongbháilte do thrádáil oscailte riailbhunaithe. |
|
6. |
Tá méadú ag teacht ar iarrachtaí na réimeas forlámhach bréagscéalta faoi phaindéim COVID-19 a scaipeadh agus an bonn a bhaint dár sochaithe daonlathacha. Beidh todhchaí ár nAontais ag brath ar an acmhainneacht atá againn ár gcomhluachanna a chosaint agus ár samhail dhaonlathach a neartú. Táimid go hiomlán tiomanta do phrionsabal an smachta reachta ar a bhfuil ár gcóras daonlathach bunaithe. Gníomhóimid go cinntitheach chun slándáil mhuintir na hEorpa a ráthú. Neartóimid freisin ár n-acmhainneacht chomhchoiteann freagairt ar an sceimhlitheoireacht agus ar bhagairtí hibrideacha, bagairtí agus coireanna trasearnála, trasteorann agus hibrideacha atá ag teacht chun cinn agus atá ann cheana. Is iad na daoine croí agus anam ár ndaonlathais. Tabharfaimid aghaidh ar shaincheisteanna práinneacha na sochaí a bhaineann leis an athrú déimeagrafach. Leanfaimid de bheith ag cosaint na hurraime do chearta bunúsacha agus don neamh-idirdhealú sa bhaile agus thar lear. Fearfaimid cogadh ar an gciníochas agus oibreoimid ar son Aontas an chomhionannais ina mbeidh cearta agus deiseanna comhionanna do chách. Cuirfimid bailchríoch ar ár gcuid oibre ar athchóiriú cuimsitheach ar ár gcóras imirce agus tearmainn chun cur chuige éifeachtúil daonnúil a áirithiú agus le go mbeimid inniúil do na dúshláin a bheidh ann amach anseo. |
|
7. |
Neartóimid ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda: tá comhar ríthábhachtach chun tionchar a imirt ar na forbairtí domhanda atá ag múnlú ár dtodhchaí agus chun sláinte ár bpláinéid a chothú. Is ar an ábhar sin a dhéanfaimid an t-ord domhanda riailbhunaithe iltaobhach a chur chun cinn agus a athchóiriú. Oibreoimid i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha agus leis na tíortha atá ar aon intinn linn, go háirithe le riarachán nua SAM, chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Saothróimid beartas athspreagtha maidir le méadú, tabharfaimid aird ar leith ar ár gcomhpháirtithe i gComharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt agus cothóimid comhpháirtíocht bhríomhar leis an Afraic. Cuirfimid feabhas ar ár gcumais chosanta ionas go mbeidh an Eoraip níos láidre mar chuid de chomhghuaillíocht thrasatlantach níos láidre. Oibreoimid ar son EDT láidir agus chothrom na Féinne, agus ár n-acmhainneacht freagairt ar chleachtais éagóracha agus ar easpa cómhalartachta á áirithiú ag an am céanna. |
Spreagfar agus stiúrfar ár ngníomhaíocht sna blianta amach romhainn leis na cuspóirí beartais agus na tosaíochtaí sin. Leabóimid réamhamharc straitéiseach inár gceapadh beartais chun tuiscint níos fearr a fháil ar na héifeachtaí a bheidh ag roghanna beartais an lae inniu amach anseo, chun go n-éireoidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus chun feabhas a chur ar ár gcumas tionchar a imirt ar fhorbairtí domhanda. Oibreoimid le chéile chun beart a dhéanamh dár saoránaigh. I ndáil leis an méid sin, cuirfimid bealaí ar fáil lena dtuairimí a chur in iúl agus beartais an Aontais á gceapadh, lena n-áirítear tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Beidh prionsabail an bhreisluacha Eorpaigh, na coimhdeachta agus na comhréireachta mar threoir againn agus bainfimid leas iomlán as an acmhainneacht a chuirtear ar fáil leis na Conarthaí.
Съставено в Брюксел на десети декември две хиляди и двадесета година.
Hecho en Bruselas, el diez de diciembre de dos mil veinte.
V Bruselu dne desátého prosince dva tisíce dvacet.
Udfærdiget i Bruxelles den tiende december to tusind og tyve.
Geschehen zu Brüssel am zehnten Dezember zweitausendzwanzig.
Kahe tuhande kahekümnenda aasta detsembrikuu kümnendal päeval Brüsselis.
Έγινε στις Βρυξέλλες, στις δέκα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι.
Done at Brussels on the tenth day of December in the year two thousand and twenty.
Fait à Bruxelles, le dix décembre deux mille vingt.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an deichiú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle fiche.
Sastavljeno u Bruxellesu desetog prosinca godine dvije tisuće dvadesete.
Fatto a Bruxelles, addì dieci dicembre duemilaventi.
Briselē, divi tūkstoši divdesmitā gada desmitajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai dvidešimtų metų gruodžio dešimtą dieną Briuselyje.
Kelt Brüsszelben, a kétezer-huszadik év december havának tizedik napján.
Magħmul fi Brussell, fl-għaxar jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u għoxrin.
Gedaan te Brussel, tien december tweeduizend twintig.
Sporządzono w Brukseli dnia dziesiątego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego.
Feito em Bruxelas, em dez de dezembro de dois mil e vinte.
Întocmit la Bruxelles la zece decembrie două mii douăzeci.
V Bruseli desiateho decembra dvetisícdvadsať.
V Bruslju, dne desetega decembra leta dva tisoč dvajset.
Tehty Brysselissä kymmenentenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentä.
Som skedde i Bryssel den tionde december år tjugohundratjugo.