This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C:2018:267I:FULL
Official Journal of the European Union, C 267 I, 30 July 2018
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 267 I, 30 Iúil 2018
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 267 I, 30 Iúil 2018
|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
61 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2018/C 267 I/01 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 267 I a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin
Parlaimint na hEorpa An Chomhairle An Coimisiún Eorpach
|
30.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ráitis: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (an chéad léamh) — Glacadh an ghnímh reachtaigh
(2018/C 267 I/01)
Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh agus an dáta ar glacadh cuntais dheireanacha an Aontais:
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún – i gcomhar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa – féilire pragmatach maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh a leagan amach.
Sa chomhthéacs sin, dearbhaíonn an Coimisiún go bhféachfaidh sé le cuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais don bhliain airgeadais 2017 a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2018 ar choinníoll go dtarchuireann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na torthaí ar fad a bhaineann le hiontaofacht na gcuntas sin de chuid an Aontais, agus cuntais chomhdhlúite uile na n-eintiteas, faoin 15 Bealtaine 2018, chomh maith lena dréacht-tuarascáil bhliantúil faoin 15 Meitheamh 2018.
Ina theannta sin, dearbhaíonn an Coimisiún go bhféachfaidh sé lena fhreagraí a chur ar fáil do thuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa don bhliain airgeadais 2017 faoin 15 Lúnasa 2018 ar choinníoll go dtarchuireann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a dréachtbharúlacha chuig an gCoimisiún faoin 1 Meitheamh 2018.
RÁITIS ÓN GCOIMISIÚN
Ráiteas maidir le hAirteagal 38 Faisnéis faoi fhaighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú:
Tabharfaidh an Coimisiún, trí líonraí ina mbeidh na Ballstáit, tacaíocht do chomhroinnt dea-chleachtas i ndáil le foilsiú faisnéise faoi fhaighteoirí cistí ón Aontas a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Tabharfaidh an Coimisiún san áireamh go hiomchuí na ceachtanna atá foghlamtha agus é ag ullmhú an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.
Ráiteas ón gCoimisiún faoi CAI (tacar amháin rialacha)
Tá an Coimisiún ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dul chun cinn a dhéanamh i dtaca leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do tréimhse tar éis 2020 i dtreo tacar amháin rialacha a bheith ann maidir leis an aon chineál amháin oibríochtaí, cibé caoi a gcuirtear na hoibríochtaí chun feidhme.
Dearbhú ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 234(1) maidir le cistí Iontaobhais téamacha a chruthú
D’ainneoin na himní a chuir an Coimisiún in iúl le linn na hidirbheartaíochta, leagtar síos in Airteagal 234(10) den Rialachán Airgeadais nach mór aon chinneadh Cistí Iontaobhais téamacha de chuid AE a bhunú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun a bhformheas a fháil. Measann an Coimisiún go bhfuil an cineál sin cinnidh faoi raon feidhme Airteagal 317 CFAE ó bhaineann sé le cur chun feidhme buiséadach. An rialú sin ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a bhfuil sé molta go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é, ní fhoráiltear maidir leis i Rialachán (AE) 182/2011 (1), agus bheadh sé ag teacht salach ar Airteagal 291 CFAE agus ar an Rialachán seo araon. Dá bhrí sin, tá a chearta forchoimeádta ag an gCoimisiún.
Ráiteas ón gCoimisiún ar Airteagal 247 Tuairisciú comhtháite maidir le hairgeadas agus cuntasacht:
Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall tuar fadtéarmach na sreabh isteach agus amach le linn na gcúig bliana amach romhainn a sholáthar laistigh den nós imeachta buiséadach, maille leis an Litir Leasúcháin a ghabhann leis an Dréachtbhuiséad.
Ráiteas maidir le hAirteagal 266 Forálacha sonracha a bhaineann le tionscadail tógála:
Cuirfidh an Coimisiún agus SEGS Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, i gcomhthéacs an doiciméid oibre dá dtagraítear in Airteagal 266, faoi aon díolachán agus aon éadáil foirgnimh, lena n-áirítear iad siúd atá faoin tairseach a leagtar síos san Airteagal sin.
Ráiteas ón gCoimisiún faoi athbhreithnithe a dhéanfar ar an Rialachán Airgeadais amach anseo (measúnú tionchair)
Tugann an Coimisiún le fios go bhfuil na rialacha ginearálta agus an bosca uirlisí chun na cláir chaiteachais a chur chun feidhme le fáil sa Rialachán Airgeadais. Dá bhrí sin níl aon tionchar díreach eacnamaíoch, comhshaoil ná sóisialta a thagann as athbhreithnithe ar an reachtaíocht ar fiú iad a anailísiú i measúnú tionchair. Bíonn breisluach leis na measúnuithe tionchair nuair a dhéantar roghanna beartais maidir le cláir chaiteachais shonracha nach mór a bheith i gcomhréir leis an gcreat rialála atá le fáil sa Rialachán Airgeadais. Deimhníonn an Coimisiún go ndéanfar na measúnuithe tionchair nach mór a dhéanamh nuair a bheifear ag ullmhú na gclár sin.
Lena chois sin, leanfaidh an Coimisiún den chleachtas atá aige comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe a reáchtáil leis na páirtithe leasmhara uile agus leis an bpobal i gcoitinne. Ar bharr thorthaí na gcomhairliúchán sin, léireoidh an Coimisiún sa mheabhrán míniúcháin a ghabhfaidh le hathbhreithnithe a dhéanfar conas a chuir sé san áireamh na measúnuithe ábhartha ar chláir lena gcuirtear chun feidhme rialacha nó uirlisí dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais a bhfuil sé beartaithe aige é a mhodhnú.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 272(8)
Measann an Coimisiún nach gá, i gcás ina ndéanfaidh grúpa gníomhaíochta áitiúil na cúraimí a leagtar amach i bpointí (a) go (g) sa chéad fhomhír d’Airteagal 34(3) de Rialachán Uimh. 1303/2013 arna leasú leis an Rialachán seo, nach gá an grúpa gníomhaíochta áitiúil a bheith ainmnithe mar chomhlacht idirmheánach. Mar sin féin, sna cásanna sin, is faoin údarás bainistíochta a bheidh sé incháilitheacht oibríochtaí a fhíorú sula bhformheasfar iad, mura mbeidh an cúram sin tarmligthe go foirmiúil chuig an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil. Sa chás sin, ní mór an grúpa gníomhaíochta áitiúil a bheith ainmnithe mar ghrúpa gníomhaíochta áitiúil agus an cúram sin a dhéanamh faoi fhreagracht deiridh an údaráis bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 123(6) de Rialachán Uimh. 1303/2013 i gcás na gCistí agus CEMI nó i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán 1305/2013 i gcás CETFT.
Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach faoi phointe (a) d’Airteagal 272(14)
Deimhníonn an Coimisiún go leanfaidh na rialacha maidir le bainistiú agus rialú, mar a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 40 de Rialachán Uimh. 1303/2013 iad, rialacha is infheidhme tráth shíniú na gcomhaontuithe cistiúcháin, go leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Uimh. 1303/2013 a bunaíodh le comhaontú cistiúcháin a síníodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá an maolú sin cumhdaithe cheana sa chreat dlíthiúil le hAirteagal 40(2a) de Rialachán Uimh. 1303/2013 agus cumhdaíonn sé saolré iomlán na n ionstraimí sin, lena n-áirítear aon leasú ar an gcomhaontú cistiúcháin tosaigh, rud ar féidir ranníocaíochtaí breise a bheith i gceist leis.
Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach faoi phointe (a) d’Airteagal 272(16)
Is oth leis an gCoimisiún go ndearnadh modhnú ar Airteagal 42(3) de Rialachán Uimh. 1303/2013 ó bheidh méadú ar na suimeanna as Buiséad AE a íocfar isteach i gcuntais eascró. Aon chaiteachas incháilithe nár úsáideadh le linn na clárthréimhse agus a íocadh isteach i gcuntas eascró, tá sé intuigthe as go ndearnadh eisceacht shuntasach i leith na rialacha maidir leis an mbeartas comhtháthaithe ó tá sé ag teacht salach ar an mbunphrionsabal gur cheart tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe a chur chun feidhme agus a chur san áireamh a luaithe a dhúntar cláir. Sa bhreis air sin, tagann ceisteanna praiticiúla cur chun feidhme as sin a bhaineann go háirithe le tuairisciú agus iniúchadh suimeanna a íoctar isteach i gcuntais eascró.
Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach faoi phointe (a) agus pointe (e) d’Airteagal 272(26)
Tá an Coimisiún á rá arís nach mór d’údaráis bhainistíochta, cibé athruithe reachtacha a dhéanfar – mar a leagtar amach in Airteagal 33 den Airteagal seo – ar fhorálacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí a ghineann glanioncaim tar éis a gcríochnaithe, nach mór dóibh, de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, socruithe iomchuí a dhéanamh chun nach ndéanfar na hoibríochtaí sin a rómhaoiniú, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh Státchabhair á tabhairt do na hoibríochtaí sin nó ina ngineann siad coigiltí i leith costais oibriúcháin. Is amhlaidh a bheadh an scéal go háirithe i gcás oibríochtaí lena mbaineann costas incháilithe iomlán os cionn EUR 1 000 000, mura mbeadh an tairbhí ina FBM.
Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 273
Leagtar síos na rialacha maidir le státchabhair “de minimis” i Rialacháin arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 108(4) CFAE de bhun na gcumhachtaí arna dtabhairt dó ag an gComhairle faoi Airteagal 109 CFAE (trí Rialachán 2015/1588 ón gComhairle).
Meastar nach ndéanann na bearta nach bhfuil os cionn na huasteorann sna Rialacháin de minimis (i bhformhór na gcásanna EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais thar thréimhse trí bliana), nach ndéanann siad aon difear don trádáil idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, féadfar iad a chur i bhfeidhm gan teacht in aghaidh an choisc ar státchabhair a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE.
Tá sé d’aidhm leis an riail de minimus, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir simpliú agus saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a sheachaint, i gcás ina mbeidh acmhainneachtaí airgeadais éagsúla ag na Ballstáit chun a ngeilleagar a fhóirdheonú. Tá méid na cabhrach de minimis socraithe ar leibhéal ar féidir glacadh leis nach mbeidh aon éifeacht ag an gcabhair ar thrádáil idir na Ballstáit faoina bhun.
I láthair na huaire níl an Coimisiún ag smaoineamh ar athruithe a dhéanamh ar na rialacha de minimis chun freastal ar chásanna eacnamaíocha thar a bheith tromchúiseach. Os a choinne sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a lua go ndearna sé roimhe seo bearta eisceachtúla a chur ar bun chun gur féidir státchabhair a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar na mBallstát. Mar shampla, mar fhreagra ar éifeachtaí na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar, ghlac sé an “Creat Sealadach”, a bhí i bhfeidhm ó Nollaig 2009 go Nollaig 2011 agus lenarbh fhéidir, inter alia, cabhair suas le EUR 500 000 a thabhairt in aghaidh an ghnóthais. Forchoimeádann an Coimisiún an ceart na bearta sin a dhéanamh más gá faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).