EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Breithiúnais i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí tuismitheoirí: dlínse, aithint agus forghníomhú (IIa na Bruiséile)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is ionstraim dlí aonair é Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, ar a dtugtar “Rialachán IIa na Bruiséile”, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le lánúineacha idirnáisiúnta díospóidí a réiteach, a bhaineann le níos mó ná tír amháin, maidir lena gcolscaradh agus coimirce a leanaí.

Leagtar amach ann:

  • rialacha lena ndearbhaítear cén chúirt atá freagrach as déileáil lena gcúrsaí pósta agus lena bhfreagracht tuismitheora i ndíospóidí a bhaineann le níos mó ná tír amháin;
  • rialacha lena ndéantar níos fusa é breithiúnais a eisítear i mBallstát amháin den Aontas Eorpach (AE) a aithint agus a fhorfheidhmiú i gceann eile;
  • nós imeachta chun cásanna a réiteach i gcás go bhfuadaíonn tuismitheoir leanbh ó Bhallstát AE amháin agus go dtugann sé nó sí go Ballstát eile AE é nó í.

dhéileáiltear ann le cúrsaí substainteacha um dhlí teaghlaigh. Is faoi fhreagracht na mBallstát aonair atá na cúrsaí sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le cásanna an dlí shibhialta a bhaineann le níos mó ná tír amháin maidir le:

  • colscaradh
  • idirscaradh dleathach
  • neamhniú pósta;
  • gné ar bith maidir le freagracht tuismitheora (amhail cearta coimeádta agus rochtana).

Is é ceann de na príomhchuspóirí ann seasamh le ceart linbh teagmháil a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí, fiú má tá siad idirscartha nó ina gcónaí i mBallstáit éagsúla.

Níl feidhm ag an rialachán maidir le cásanna a bhaineann le:

  • forais do cholscaradh nó an dlí is infheidhme i gcásanna colscartha
  • ceisteanna a bhaineann le colscaradh amhail cothabháil
  • atharthacht a dhearbhú agus dúshlán a chur ina coinne
  • breithiúnais maidir le huchtú agus na bearta ullmhúcháin lena mbaineann
  • uchtú a neamhniú nó a chúlghairm
  • céadainmneacha agus sloinnte linbh
  • spleáchas leanaí óna dtuismitheoirí nó óna gcaomhnóirí
  • iontaobhais agus oidhreacht
  • bearta a dhéanamh mar fhreagairt ar chionta coiriúla a dhéanann leanaí.

Cúrsaí pósta

Níl riail ghinearálta ar bith ann maidir le cúrsaí pósta. Chun an Ballstát a dhearbhú ina bhfuil an ceart ag na cúirteanna rialú a dhéanamh maidir le cás, ina ionad sin leagtar amach 7 bhforas mhalartacha sa rialachán maidir le dlínse bunaithe ar náisiúntacht na gcéilí nó ar an áit a gcónaíonn siad de ghnáth.

Freagracht tuismitheora

Baineann sé leis an méid a leanas:

  • cearta coimeádta agus cearta rochtana
  • caomhnóireacht, coimircíocht agus socruithe dlí comhchosúla
  • ainmniú agus feidhmeanna duine nó comhlachta ar bith atá freagrach as an leanbh nó as maoin an linbh, nó a ndéanann ionadaíocht ar son an linbh nó a chuidíonn leis an leanbh
  • an leanbh a chur i dteaghlach altrama nó i gcúram institiúideach
  • bearta chun an leanbh a chosaint, lena gcumhdaítear riarachán, caomhnú nó úsáid a mhaoine nó a maoine.

Is faoi dhlínse na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an leanbh de ghnáth a thagann cúrsaí dá leithéid de ghnáth. Murar féidir cén áit a gcónaíonn an leanbh de ghnáth a dhearbhú (amhail i gcás teifeach), glacfaidh an Ballstát ina bhfuil an leanbh i láthair an dlínse go huathoibríoch.

Fuadach linbh

Leagtar síos rialacha sa rialachán chomh maith chun cásanna ina ndéantar leanaí a thógáil nó a choinneáil go neamhdhleathach a réiteach.

Beidh an dlínse fós ag cúirteanna an Bhallstáit ina raibh cónaí ar an leanbh de ghnáth sular fuadaíodh é nó í go dtí go mbeidh cónaí ar an leanbh go príomha i mBallstát eile.

Aithint

Faoin rialachán, ní mór do Bhallstát ar bith breithiúnais a aithint go huathoibríoch a thugtar i mBallstát eile maidir le cúrsaí pósta agus le cúrsaí freagrachta tuismitheora. Féadfar aithint a dhiúltach, mar shampla:

  • más léir go bhfuil an aithint contrártha leis an mbeartas poiblí
  • murar bhfuair an cosantóir an doiciméad ina dtionscnaítear imeachtaí in am chun cosaint dhleathach a eagrú (i gcásanna inar tugadh an breithiúnas i neamhláithreacht an chosantóra)
  • má tá an aithint contrártha le breithiúnas eile a tugadh idir na páirtithe céanna.

Maidir le breithiúnais a bhaineann le freagracht tuismitheoirí, féadfar aithint a dhiúltú chomh maith sna cásanna seo a leanas:

  • murar tugadh deis éisteachta don leanbh
  • ar iarratas duine a éilíonn go sáraíonn an breithiúnas a fhreagracht nó a freagracht tuismitheoirí, gur eisíodh an breithiúnas gan deis éisteachta a thabhairt don duine sin.

Forfheidhmiú

Is féidir breithiúnas maidir le feidhmiú freagrachta tuismitheora is infheidhmithe sa Bhallstát inar eisíodh é a fhorghníomhú i dtír eile AE nuair a dhearbhaítear go bhfuil sé infheidhmithe ansin ar iarratas duine ar bith ar suim leo an cás. Ní theastaíonn dearbhú ar bith, áfach, i leith breithiúnas lena ndeonaítear cearta rochtana nó i leith breithiúnas a bhaineann le filleadh linbh a dheimhnigh an breitheamh bunaidh de réir an rialacháin.

Comhar idir na húdaráis lárnacha i gcásanna um fhreagracht tuismitheora

Ainmníonn gach Ballstát údarás lárnach amháin (nó níos mó) ina gcuimseofar ina chuid dualgas:

  • cuidiú le tuismitheoirí atá ag iarraidh leanbh atá fuadaithe agus tugtha go dtí tír eile ag tuismitheoir eile a fháil ar ais
  • comhroinnt faisnéise maidir leis an dlí agus nósanna imeachta náisiúnta a chur chun cinn;
  • cuidiú le cúirteanna cumarsáid a dhéanamh lena chéile
  • cuidiú le tuismitheoirí nó le caomhnóirí a bhfuil aithint agus forghníomhú cinntí á lorg acu
  • féachaint le heasaontuithe idir tuismitheoirí nó caomhnóirí a réiteach trí mhodhanna malartacha amhail idirghabháil.

Tagann na húdaráis lárnacha le chéile go rialta mar chomhalta den Ghréasán Breithiúnach Eorpach i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála.

Comhaontuithe atá ann cheana

Mar riail ghinearálta, tá an rialachán curtha in aonad coinbhinsiún atá ann cheana maidir leis na cúrsaí céanna lena mbaineann 2 Bhallstát nó níos mó. I gcaidreamh idir na Ballstáit, tugtar tús áite dó thar choinbhinsiúin iltaobhacha áirithe:

Maidir le Coinbhinsiún na Háige an 19 Deireadh Fómhair 1996 i dtaca le freagracht tuismitheoirí agus le bearta chun leanaí a chosaint (féach an achoimre), tá feidhm iomlán ag an rialachán má tá cónaí de ghnáth ar an leanbh i dtír AE.

Díolúintí agus forálacha speisialta

Níl an Danmhairg ina páirtí sa rialachán agus mar sin níl sí faoina cheangal.

Baineann rialacha speisialta le:

  • caidreamh na Fionlainne agus na Sualainne leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an Iorua maidir le feidhmiú an Choinbhinsiúin Nordaigh maidir le Pósadh an 6 Feabhra 1931
  • an caidreamh idir an Suí Naofa agus an Phortaingéil, an Iodáil, an Spáinn agus Málta.

Aisghairm

Rinneadh Rialachán Iia na Bruiséile a athbhreithniú le Rialachán (AE) 2019/1111 (Rialachán IIa na Bruiséile (Athmhúnlú), a bheidh i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2022 (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Márta 2005.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lgh. 1–29).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2010/405/AE ón gComhairle an 12 Iúil 2010 lena n–údaraítear comhar feabhsaithe sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach (IO L 189, 22.7.2010, lgh. 12–13).

Rialachán (AE) Uimh. 2010/1259/AE ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach (IO L 343, 29.12.2010, lgh. 10–16).

Cinneadh 2012/714/AE ón gCoimisiún an 21 Samhain 2012 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Liotuáine i gcomhar feabhsaithe sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach (IO L 323, 22.11.2012, lgh. 18–19).

Cinneadh 2014/39/AE ón gComhairle an 27 Eanáir 2014lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Gréige i gcomhar feabhsaithe sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach (IO L 23, 28.1.2014, lgh. 41–42).

Nuashonraithe 03.09.2021

Top