EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Gréasán Eorpach um Chinedhíothú

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2002/494/CGB – gréasán de phointí teagmhála maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus saincheisteanna coireanna cogaidh

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Bunaítear gréasán pointí teagmhála náisiúnta (ceann i ngach tír AE) d’fhonn comhar a fheabhsú chun cinedhíothú* a chomhrac, coireanna in aghaidh na daonnachta*, agus coireanna cogaidh*.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Bunaítear pointí teagmhála náisiúnta chun faisnéis a mhalartú ar imscrúduithe ar choireanna den sórt sin i ngach tír AE. Ní mór na sonraí maidir le gach pointe teagmhála a sheoladh chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an AE, a chuireann an fhaisnéis ar aghaidh ansin chuig na pointí teagmhála náisiúnta i dtíortha AE eile.
  • Tugann pointí teagmhála náisiúnta faisnéis dá chéile a bhaineann le himscrúduithe faoi chinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh arna n-iarraidh ó phointí teagmhála náisiúnta eile.
  • Tugann Comhairle AE faisnéis bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí an ghréasáin de phointí teagmhála.
  • Buaileann an gréasán le chéile faoi dhó sa bhliain ag cruinnithe arna dtionól ag Uachtarán Chomhairle AE chun comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí leanúnacha chun daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad nó go raibh siad páirteach i gcinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2002.

CÚLRA

Dhaingnigh gach tír AE Reacht na Róimhe an 17 Iúil 1998 lenar bunaíodh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) d’fhonn cásanna lena mbaineann cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a éisteacht.

Mar sin féin, tá sé de chúram ar údaráis náisiúnta den chuid is mó cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Is é sin an fáth a dteastaíonn comhar níos fearr idir údaráis náisiúnta d’fhonn a áirithiú go ndéantar na coireanna sin a chomhrac go rathúil.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Cinedhíothú: gníomhartha a dhéantar agus é beartaithe grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch, nó reiligiúnach a scriosadh, go hiomlán nó i bpáirt.

* Coireanna in aghaidh na daonnachta: gníomhartha a dhéantar mar chuid d’ionsaí forleathan agus córasach dírithe ar phobail shibhialta.

* Coireanna cogaidh: gníomhartha a dhéantar a sháraíonn dlí cogaidh (e.g. Coinbhinsiúin na Ginéive). I measc na samplaí tá an drochíde a fhaigheann príosúnaigh chogaidh, gialla a mharú, nó cathrach, bailte nó sráidbhailte a scriosadh d’aon turas.

GNÍOMH

Cinneadh 2002/494/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena mbunaítear gréasán Eorpach de phointí teagmhála maidir le daoine atá freagrach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh (IO L 167, 26.6.2002, lgh 1–2)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2003/335/CGB ón gComhairle an 8 Bealtaine 2003 maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 118, 14.5.2003, lgh. 12-14)

Nuashonraithe 26.11.2015

Top